Conradh na Gaeilge i Londain
Nuacht Mhall
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Be sure to visit the podcast's website and support the creator: podcasters.spotify.com
Author
Conradh na Gaeilge i Londain
Category
Podcast website
Latest episode
Oct 24, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
18 Meán Fómhair 2021 (Baile Átha Cliath) 18.09.2021 4:35
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an 18ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Rinne gníomhaithe den ghrúpa comhshaoil ‘Insulate Britain’ agóidí ar feadh an M25 i Londain ar an gCéadaoin, ag cruthú moilleanna tráchta i rith an lae. Gabhadh breis agus seachtó agóideoir as ucht an mótarbhealach gnóthach a bhlocáil. Tá an grúpa ag éileamh go ngeallfaidh an ria...
11 Meán Fómhair 2021 (Dún na nGall) 11.09.2021 4:44
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de Mheán Fómhair. Is mise Alanna Ní Ghallachóir Fógraíodh le linn na seachtaine go mbeidh cosc ar mhná ag imirt spóirt san Afganastán. De réir Údarás Cultúrtha na hAfganastáine, ní cheadófar do mhná spórt ar bith a imirt ar eagla go nochtfadh siad a gcorp. Dúirt Leascheannaire an Údaráis nach bhfuil spórt riachtana...
4 Meán Fómhair 2021 (An Clár) 04.09.2021 5:19
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Fuair ceithre dhuine dhéag ar a laghad bás i Nua-Eabhrac oíche Dé Céadaoin tar éis tulcaí mar gheall ar an stoirm thrópaiceach Ida. Bhí níos mó báistí ná mar a bhí riamh ann agus dá bharr sin dúnadh na stáisiúin traenach faoi thalamh. Fógraíodh staid éige...
28 Lúnasa 2021 (Tiobraid Árann) 28.08.2021 4:08
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh Bhuaigh Luimneach Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann ar an Domhnach don dara bliain as a chéile. Bhain siad bua amach i gcoinne Corcaí le trí cúl agus tríocha a dó cúilín, an scór b’airde a baineadh amach i gcluiche ceannais na hEireann riamh. D’fhr...
21 Lúnasa 2021 (Tír Eoghain) 21.08.2021 5:09
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Beagnach fiche bliain tar éis do na Stáit Aontaithe agus a gComhghuaillithe ionradh a dhéanamh ar an Afganastáin, tá an Talaban i réim an athuair. Thit Cabúl gan frithbheartaíocht an deireadh seachtaine seo caite, agus tá eagla go dtabharfaidh an réimeas nua isteach córa...
14 Lúnasa 2021 (Gaillimh) 14.08.2021 4:50
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 14 Lúnasa. Is mise Ella Hassett. Tá bonn óir Oilimpeach buaite ag Kellie Harrington na hÉireann i gcró na dornálaíochta sna cluichí Oilimpeacha. Fuair Harrington an ceann is fearr ar Beatriz Ferreira as an mBrasaíl sa gcomhrac ceannais 60kg i dTóiceó Dé Domhnaigh. Tá Harrington ar an tríú dornálaí as Éirinn a chroch bonn óir abha...
7 Lúnasa 2021 (Maigh Eo) 07.08.2021 4:50
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá na Cluichí Olimpeacha ar siúl i Tokyo fós, agus tá toradh an-maith bainte amach ag foireann na hÉireann. Tá bonn óir agus dhá bhonn cré-umha buaite acu, agus beidh Kellie Harrington ag iarraidh bonn óir a fháil i dtroid ceannais éadrom-mheáchan na mban a...
31 Iúil 2021 (Luimneach) 31.07.2021 4:50
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey. Thosaigh na Cluichí Oilimpeacha Dé hAoine seo caite leis an searmanas oscailte i dTóiceo. Tá roinnt comórtais nua curtha leis na Cluichí i mbliana; karate, clárscátáil agus surfáil san áireamh. Bhí tús neamhghnách ag na Cluichí mar briseadh stiúrthóir an tsearmanais...
24 Iúil 2021 (Baile Átha Cliath) 24.07.2021 4:28
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá rialtais údarásacha ag baint úsáid as teicneolaíocht a chruthaigh an comhlacht Iosraelach, Grúpa NSO, chun spiaireacht ar ghníomhaí ar son cearta an duine, iriseoirí, dlíodóirí agus polaiteoirí ar fud an domhain, de réir imscrúdú de chuid na meán an tseachtai...
17 Iúil 2021 (Gaillimh) 17.07.2021 4:16
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 17ú lá déag de mhí Iúil, 2021. Is mise Ella Hassett. Tar éis ceithre bliana agus beagnach céad is ochtó eagrán, críochnóidh an podchraoladh cáiliúil Motherfoclóir ag deireadh an tsamhraidh seo. Fógraíodh an nuacht ar Twitter oíche Dé Luain an tseachtain seo. Dúirt bunaitheoir an phodchraolta Darach Ó Séaghdha go bhfuil an grúpa f...
10 Iúil 2021 (An Clár) 10.07.2021 4:58
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tharla sciorradh talún i gcathair Atami sa tSeapáin an Satharn seo caite. Dhearbhaigh na húdaráis go bhfuair ceathrar bás agus go bhfuil na scórtha eile fós ar iarraidh. Tá na saighdiúirí agus na hoibrithe éigeandála ag cuardach tríd an láib agus an smionagar. Scrios a...
3 Iúil 2021 (Dún na nGall) 03.07.2021 4:48
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí Iúil. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá tonn teasa ag dul ar aghaidh i dTuaisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i gCeanada. Faoi Dhéardaoin, fuair 486 duine bás anabaí i gCeanada, mar gheall ar teas thar meán. Bhain an teocht 49.2 céim Celsius amach, teocht níos airde ná mar a bhí riamh ann, i gcúige Britis...
26 Meitheamh 2021 (Tír Eoghain) 26.06.2021 4:55
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá imní go bhfuil tríú tonn de phaindéim Covid-19 ar siúl agus líon cásanna an athraithigh Delta ag dul in airde sa Bhreatain. Meastar gurb iad ionfhabhtaithe i measc aosaigh óga a spreag an méadú seo, agus mar sin, moltar go nglacfaidh gach duine os cionn ocht mbliana dé...
19 Meitheamh 2021 (Tiobraid Árann) 19.06.2021 4:09
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. D’éirigh Edwin Poots as mar cheannaire an DUP ar an Aoine tar éis trí seachtaine sa phost. Ar an lá céanna vótáil tromlach mór de bhaill an DUP in aghaidh cinneadh Poots leanúint ar aghaidh le hathdhéanamh Feidhmeannas Stormont agus ainmniú Paul Giva...
12 Meitheamh 2021 (Maigh Eo) 12.06.2021 5:19
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá ceannairí polaitiúla thíortha daonlathacha saibhre an domhain, an G7, ag teacht le chéile an tseachtain seo le haghaidh cruinniú mullaigh eatarthu. Tá siad ag plé ceisteanna móra geopholaitiúla, go háirithe an phaind...
5 Meitheamh 2021 (Luimneach) 05.06.2021 4:53
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey. D’fhógair an Taoiseach, Micheál Martin plean téarnaimh geilleagrach an rialtais Dé Máirt. Is fiú níos mó ná trí bhilliún go leith euro an plean agus beidh sé ag dul i ngleic le réimse leathan ceisteanna. Tá sé dírithe ar na hoibrithe agus na gnólachtaí a bhí gortaithe ag an b...
29 Bealtaine 2021 (An Clár) 29.05.2021 5:23
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 29ú lá de mhí Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin. D’ordaigh Uachtarán na Bealarúise Alexander Lukashenko do eitilt de chuid Ryanair tuirlingt i Mionsc Dé Domhnaigh. Bhí an t-eitleán ar a shlí ón nGréig go dtí an Liotuáin nuair a fuair an píolóta an t-ordú. Bhí an gníomhaí de chuid an fhreasúra Roman Protasevich ar an...
22 Bealtaine 2021 (Dún na nGall) 22.05.2021 4:14
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Ghlac Comh-Aireacht Slándála Iosrael le sos comhraic chun deireadh a chur le coimhlint idir Iosrael agus míleataigh as Gaza. Dhaingnigh grúpaí armtha na Pailistíne an sos comhraic. Dúradh go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ón Aoine ag 2 a.m. Mhair an choimhlint aon lá déag go dtí seo, le 232 duine maraithe in Gaza agus dhá du...
15 Bealtaine 2021 (Tír Eoghain) 15.05.2021 3:55
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail. Fógraíodh i dtuarascáil chróinéara Dé Máirt go raibh deichniúir íospartach sléachta i mBaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste in 1971 go hiomlán neamhchiontach agus níorbh iad aon bhagairt ar na saighdiúirí a dhúnmharaigh iad. Tháinig an breithiúnas seo i ndiaidh feachtas fa...
8 Bealtaine 2021 (Gaillimh) 08.05.2021 4:46
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Ella Hassett. Tá an tOllamh Regina Uí Chollatáin ceaptha ina Cathaoirleach ar Bhord Fhoras na Gaeilge. Faoi láthair, tá sí ag obair mar Chathaoir agus Ollamh na Nua-Ghaeilge agus Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Chomh ma...
1 Bealtaine 2021 (Baile Átha Cliath) 01.05.2021 4:46
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú Lá Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. D’fhógair Céad-Aire Thuaisceart Éireann agus ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Arlene Foster, go n-éireoidh sí as. Tháinig an fógra tar éis glaonna móra ón bpáirtí iomaíocht cheannaireachta a reáchtáil. Bhí Foster i gceannas ar an DUP ar feadh breis agus cúig bliana. Le déanaí, c...
24 Aibreán 2021 (Ciarraí) 24.04.2021 4:10
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Ciontaíodh an iar-phoilín Derek Chauvin as dúnmharú George Floyd a fuair bás i gCathair Minneapolis an bhliain seo caite. Bhí Derek Chauvin le feiscint ar fís ag tachtadh George Floyd lena ghlúin ós cionn naoi nóiméad. Spreag dúnmharú George Floyd agóidí timpea...
17 Aibreán 2021 (Maigh Eo) 17.04.2021 4:09
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 17ú lá de mhí Aibreáin. Is mise Oisín Mac Conamhna. D’oscail na siopaí neamhriachtanacha i Sasana an tseachtain seo, agus d’oscail siopaí bearbóra agus a leithéid, agus bialanna agus tithe tábhairne d’fhreastal lasmuigh faoin aer chomh maith. Beidh Tuaisceart na hÉireann ag leanúint an tseachtain seo chugainn. Tá l...
10 Aibreán 2021 (Tiobraid Árann) 10.04.2021 5:44
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Foilsíodh ‘treochlár’ an Chumainn Lúthchleas Gael Déardaoin a bhaineann le gníomhaíocht na heagraíochta i mbliana faoi shrianta Covid-19. Léiríonn an treochlár plean le haghaidh filleadh na gcomórtas idirchontae, ag tosú ar an ochtú lá de mhí na Bealtaine leis...
3 Aibreán 2021 (An Clár) 03.04.2021 5:21
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an triú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Chuaigh an long mór, an Ever Given, i bhfostú i mbruach Chanáil Shuais an tseachtain seo caite agus d’fhan sé ann ar feadh sé lá. Tá an long ceithre chéad méadar ar fad agus bhí sí tarraingthe trasna na canálach i mbealach nach raibh aon long eile in ann dul thairsti. De b...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.