Parlaimint na hEorpa
Blúiríní Nuachta
Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine. Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa .
Author
Parlaimint na hEorpa
Category
Podcast website
Latest episode
Mar 19, 2025
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Blúiríní Nuachta – 16/04/2024 – Gaeilge 16.04.2024 2:54
Sracfhéachaint: cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach; an suirbhé Eorabharaiméadair deireanach roimh na toghcháin Eorpacha a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh; agus Seachtain Eorpach na hÓige.
Blúiríní Nuachta – 15/04/2024 – Gaeilge 15.04.2024 2:10
Sracfhéachaint: Is mian leis an bParlaimint an ceart chun ginmhillte a chumhdach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais; Tuarascáil Bhliantúil an BCE do 2023 agus Seachtain Eorpach na hÓige 2024.
Blúiríní Nuachta – 12/04/2024 – Gaeilge 12.04.2024 2:16
Sracfhéachaint: sa Bhruiséil, ghlac an Pharlaimint deich dtéacs reachtacha chun beartas imirce agus tearmainn na hEorpa a athchóiriú; labhair Rí Philippe na Beilge leis na Feisirí agus ghlac an Pharlaimint creat deimhniúcháin den Aontas maidir le baint carbóin.
Blúiríní Nuachta – 11/04/2024 – Gaeilge 11.04.2024 2:01
Sracfhéachaint: tá an seisiún iomlánach ar siúl sa Bhruiséil. Tá vótáil déanta ag na Feisirí chun an reachtaíocht chógaisíochta a athbhreithniú agus ghlac siad a seasamh maidir le rialacha nua chun sláinte ithreacha na hEorpa a fheabhsú agus chun spriocanna laghdaithe astaíochtaí CO2 le haghaidh trucailí, busanna agus leantóirí a mhéadú.
Blúiríní Nuachta – 10/04/2024 – Gaeilge 10.04.2024 2:00
Sracfhéachaint: sa Bhruiséil, tá an seisiún iomlánach ar siúl. Vótálfaidh na Feisirí ar athchóiriú mhargadh leictreachais an Aontais. Tugann an comhaontú ar shíneadh a chur leis na bearta trádála sealadacha don Úcráin agus don Aontas cúnamh thart ar 5 mhilliún euro d’oibrithe easáitithe sa Ghearmáin agus sa Danmhairg.
Blúiríní Nuachta – 09/04/2024 – Gaeilge 09.04.2024 1:22
Sracfhéachaint: cuirfear tús leis an seisiún iomlánach amárach sa Bhruiséil. Vótálfaidh na Feisirí ar athchóiriú rialacha tearmainn agus imirce an Aontais. Glacfaidh an Pharlaimint leis an ‘treoir bricfeasta’, mar a thugtar air, agus vótálfaidh na Feisirí ar rialacha nua maidir le bailiú, cóireáil agus scaoileadh fuíolluisce.
Blúiríní Nuachta – 08/04/2024 – Gaeilge 08.04.2024 1:50
Sracfhéachaint: déanfaidh an Coiste um Fhorbairt measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe; féachfaidh an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh ar na rudaí is mó a baineadh amach sa téarma reachtach seo agus an dearbhú Eorpach maidir leis an rothaíocht.
Blúiríní Nuachta – 05/04/2024 – Gaeilge 05.04.2024 2:00
Sracfhéachaint: tá grúpaí polaitiúla na Parlaiminte ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile, a bheidh ar siúl sa Bhruiséil an 10 agus an 11 Aibreán; oiliúint éigeantach do na Feisirí chun dul i ngleic le coimhlint agus ciapadh i bParlaimint na hEorpa agus níl ach 60 lá fágtha go dtí na toghcháin Eorpacha.
Blúiríní Nuachta – 04/04/2024 – Gaeilge 04.04.2024 1:43
Sracfhéachaint: tá grúpaí polaitiúla na Parlaiminte ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile, a bheidh ar siúl sa Bhruiséil an 10 agus an 11 Aibreán; déanfaidh an Coiste um Fhorbairt measúnú ar staid Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
Blúiríní Nuachta – 03/04/2024 – Gaeilge 03.04.2024 1:16
Sracfhéachaint: tá Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, Margrethe Vestager, ag freastal ar chruinniú den Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra; tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla ar rialacha inmheánacha na Parlaiminte chun feabhas a chur ar dhálaí oibre agus tá Uachtarán PE, Roberta Metsola, ag tabhairt cuairt ar an gCipir.
Blúiríní Nuachta – 02/04/2024 – Gaeilge 02.04.2024 2:14
Sracfhéachaint: plean chun dálaí oibre na n-oiliúnaithe a fheabhsú; beidh an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach mar aoi ag an gcéad chruinniú eile de na coistí um rialú Buiséadach agus um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus gan ach 65 lá roimh na Toghcháin Eorpacha.
Blúiríní Nuachta – 27/03/2024 – Gaeilge 27.03.2024 1:53
Sracfhéachaint: 70 lá roimh na Toghcháin Eorpacha; cur i láthair plean gníomhaíochta an Choimisiúin ar scileanna agus ganntanas Saothair agus Duais Charlemagne don Óige.
Blúiríní Nuachta – 26/03/2024 – Gaeilge 26.03.2024 2:05
Sracfhéachaint: déanann na Feisirí na forbairtí agus na slite chun cinn do thodhchaí na hEorpa a mheas; foireann uirlisí in aghaidh teipeanna bainc agus ceardlann ar AE mar aontas comhionannais.
Blúiríní Nuachta – 25/03/2024 – Gaeilge 25.03.2024 1:54
Sracfhéachaint: Uachtarán na Parlaiminte, Roberta Metsola, ag labhairt os comhair na Comhairle Eorpaí; an Lá Idirnáisiúnta i gcuimhne ar Íospartaigh na Sclábhaíochta; agus an searmanas bronnta do Dhuais Scannánaíochta LUX 2024.
Blúiríní Nuachta – 22/03/2024 – Gaeilge 22.03.2024 2:16
Sracfhéachaint: tacaíocht faighte ag rialacha nua AE maidir le stádas fostaíochta na n-oibrithe ardáin; cruinniú leis an gCoimisinéir Eorpach um an Margadh Inmheánach, Thierry Breton, faoin Straitéis thionsclaíoch um an gcosaint Eorpach agus Clár an Tionscail Eorpaigh um Chosaint; agus an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha le húsáid chun tacú le hoibrithe iomarcacha sa...
Blúiríní Nuachta – 21/03/2024 – Gaeilge 21.03.2024 2:22
Sracfhéachaint: síneadh leis na bearta trádála eisceachtúla don Úcráin; tacaíocht do dhlíthe nua maidir leis an tionchar a bhíonn ag cuideachtaí ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol; agus Feisirí ag tacú le hathbhreithniú cuimsitheach ar bheartas cógaisíochta an Aontais.
Blúiríní Nuachta – 20/03/2024 – Gaeilge 20.03.2024 1:35
Sracfhéachaint: an clár oibre don chéad Chomhairle Eorpach eile; tuarascáil bhliantúil ó BCE le cur i láthair an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta; agus Feisirí ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne ag freastal ar Choimisiún na Náisiún Aontaithe maidir le Stádas na mBan.
Blúiríní Nuachta – 19/03/2024 – Gaeilge 19.03.2024 1:45
Sracfhéachaint: beartas um méadú an Aontais agus dhá chruinniú leis an Verkhovna Rada - Parlaimint na hÚcráine - faoi na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus an vóta ar an togra le haghaidh Rialachán maidir le bearta allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin agus idirthurais le haghaidh airm thine.
Blúiríní Nuachta – 18/03/2024 – Gaeilge 18.03.2024 2:01
Sracfhéachaint: an comhaontú idir an Pharlaimint agus an Chomhairle faoi Spás Eorpach Sonraí Sláinte a chruthú, an gá atá le cabhair dhaonnúil do Gaza agus sáruithe ar chearta an duine san Afganastáin agus i Veiniséala.
Blúiríní Nuachta – 15/03/2024 – Gaeilge 15.03.2024 2:28
Sracfhéachaint: an Gníomh cinniúnach um an Intleacht Shaorga; iarrann na Feisirí rialacha níos déine chun dramhtheicstílí agus dramhbhia a laghdú san Aontas; an ceathrú díospóireacht déag sa tsraith ‘Seo í an Eoraip’ le Príomh-Aire na Fionlainne, Petteri Orpo;
Blúiríní Nuachta – 14/03/2024 – Gaeilge 14.03.2024 2:59
Sracfhéachaint: an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán; an plé faoi leanaí Úcránacha atá á ndíbirt chun na Rúise agus comóradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan.
Blúiríní Nuachta – 13/03/2024 – Gaeilge 13.03.2024 2:59
Sracfhéachaint: ag an suí iomlánach, leag na Feisirí amach a dtosaíochtaí don chéad Chomhairle Eorpach eile; an Treoir nua maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh agus déanann an tUachtarán Metsola comóradh ar 20 bliain ó na hionsaithe sceimhlitheoireachta i Maidrid.
Blúiríní Nuachta – 12/03/2024 – Gaeilge 12.03.2024 2:04
Sracfhéachaint: tá an suí iomlánach ar siúl faoi láthair. Tá an Pharlaimint le glacadh leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán; glacfaidh na Feisirí a moltaí faoi dhramhaíl ó bhia agus teicstílí a laghdú ar fud an Aontais agus pléifidh siad cúiseanna imní faoi leanaí ón Úcráin a dhíbrítear chun na Rúise.
Blúiríní Nuachta – 11/03/2024 – Gaeilge 11.03.2024 1:56
Inniu: tá tús curtha leis an suí iomlánach; beidh vóta ag an bParlaimint maidir le pleananna chun earnáil na bhfoirgneamh a dhícharbónú; tá na Feisirí ag ullmhú do Chruinniú Mullaigh na míosa seo; agus tá Lá Idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh ag an bParlaimint.
Blúiríní Nuachta – 08/03/2024 – Gaeilge 08.03.2024 1:49
Inniu: feidhmíocht fuinnimh i bhfoirgnimh na hEorpa; síneadh a chur leis na bearta chun trádáil a éascú leis an Úcráin agus an Mholdóiv; agus Lá Idirnáisiúnta na mBan.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.