Parlaimint na hEorpa
Blúiríní Nuachta
Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine. Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa .
Author
Parlaimint na hEorpa
Category
Podcast website
Latest episode
Mar 19, 2025
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Blúiríní Nuachta – 07/03/2024 – Gaeilge 07.03.2024 1:50
Inniu: Lá Idirnáisiúnta na mBan; rialacha nua chun pacáistíocht a laghdú agus a athchúrsáil; agus comhaontú maidir le feabhas a chur ar bhealaí eitilte agus astaíochtaí CO2 a ghearradh ag an am céanna.
Blúiríní Nuachta – 06/03/2024 – Gaeilge 06.03.2024 1:42
Inniu: tá na grúpaí polaitiúla ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile. In Strasbourg, pléifear an fheidhmíocht fuinnimh atá ag foirgnimh agus an nGníomh um an Intleacht Shaorga. Comhaontú bainte amach maidir le cosc a chur a tháirgí a dhéantar le saothar éigeantais.
Blúiríní Nuachta – 05/03/2024 – Gaeilge 05.03.2024 1:40
Sracfhéachaint: an vóta ar na bearta trádála uathrialaitheacha don Úcráin agus don Mholdóiv; an cruinniú coiste idirpharlaiminteach chun comóradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan 2024 agus cuairt an Uachtaráin Metsola ar an Rómáin.
Blúiríní Nuachta – 04/03/2024 – Gaeilge 04.03.2024 1:36
Sracfhéachaint: dlí nua chun margadh fuinnimh an Aontais a chosaint; ceardlann ar chúnamh daonnúil do dhaoine faoi mhíchumas agus staidéar ar thodhchaí an digitithe i rialú buiséadach.
Blúiríní Nuachta – 01/03/2024 – Gaeilge 01.03.2024 2:12
Sracfhéachaint: rún chun tacú le freasúra daonlathach na Rúise; liosta nua coireanna comhshaoil agus smachtbhannaí gaolmhara nua; agus nuashonrú rialacha an Aontais maidir le ceadúnais tiomána.
Blúiríní Nuachta – 29/02/2024 – Gaeilge 29.02.2024 3:34
Sracfhéachaint: an dlí nua chun 20% de thalamh agus de mhuir an Aontais a athbhunú; comóradh an gníomhaí frith-éillithe Rúiseach Alexei Navalny in Strasbourg agus an gá atá le slándáil agus cosaint an Aontais a neartú.
Blúiríní Nuachta – 28/02/2024 – Gaeilge 28.02.2024 3:19
Sracfhéachaint: comóradh in Strasbourg ar an dara bliain de chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine; an t-athbhreithniú ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais agus an díospóireacht le hUachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh, Christine Lagarde.
Blúiríní Nuachta – 27/02/2024 – Gaeilge 27.02.2024 1:41
Sracfhéachaint: comóradh in Strasbourg ar an ngníomhaí frithéillithe Rúiseach Alexei Navalny; athchóirithe nua roimh an gcéad mhéadú eile ar an Aontas agus rialacha nua chun táscairí geografacha a fheabhsú a thuilleadh.
Blúiríní Nuachta – 26/02/2024 – Gaeilge 26.02.2024 1:48
Inniu: dlí an Aontais um athchóiriú an dúlra; rialacha nua an Aontais chun iriseoirí agus gníomhaithe a chosaint agus beidh ceanncheathrú ÚSAC, an tÚdarás um an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac, lonnaithe in Frankfurt.
Blúiríní Nuachta – 23/02/2024 – Gaeilge 23.02.2024 1:36
Inniu: tabharfaidh Yulia Navalnaya, baintreach cheannaire fhreasúra na Rúise, Alexei Navalny, aitheasc do Pharlaimint na hEorpa an tseachtain seo chugainn; chuir Comhdháil Uachtarán na Parlaiminte a fearg in iúl i ndiaidh dhúnmharú bhuaiteoir Dhuais Sakharov 2021 Navalny; agus réamhamharc ar chuid de na hábhair a bheidh ar chlár an tseisiúin iomlánaigh an tseachtain seo chugainn.
Blúiríní Nuachta – 22/02/2024 – Gaeilge 22.02.2024 2:15
Inniu: Éisteann Feisirí Eorpacha le fianaise ó fhreasúra na Rúise tar éis bhás Alexei Navalny; rialacha nua chun cáilíocht an aeir san Eoraip a fheabhsú agus Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha.
Blúiríní Nuachta – 21/02/2024 – Gaeilge 21.02.2024 1:42
Inniu: athchóiriú ar chóras custaim AE, faisnéisiú do na meáin chumarsáide i dtaobh conas na toghcháin Eorpacha a chlúdach agus an vóta chun an chathair ina mbeidh an Ghníomhaireacht Frith-Sciúrtha Airgid nua a chinneadh.
Blúiríní Nuachta – 20/02/2024 – Gaeilge 20.02.2024 1:45
Inniu: uafás ar Uachtarán na Parlaiminte faoi bhás Navalny; grúpaí polaitiúla na Parlaiminte ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile; agus an smacht reachta sa tSlóvaic.
Blúiríní Nuachta – 19/02/2024 – Gaeilge 19.02.2024 1:46
Inniu: an vóta ar thrí chomhad lena mbunófar an tSaoráid don Úcráin; rialacha nua chun truailliú ó longa i bhfarraigí na hEorpa a chosc agus Cártaí Míchumais agus Páirceála an Aontais.
Blúiríní Nuachta – 16/02/2024 – Gaeilge 16.02.2024 1:55
Inniu: rialacha nua chun tacú leis an ngeilleagar ciorclach; cosc AE ar ghlas-snasú táirgí agus trucailí agus busanna níos glaise.
Blúiríní Nuachta – 15/02/2024 – Gaeilge 15.02.2024 1:46
Inniu: rialacha níos déine lena chinntiú go mbeidh bréagáin do leanaí sábháilte; cosaint do phlandaí san Aontas Eorpach; agus cruinniú faoin dul chun cinn ar cheisteanna dlínse a bhaineann le hionsaí na Rúise ar an Úcráin.
Blúiríní Nuachta – 14/02/2024 – Gaeilge 14.02.2024 1:26
Inniu: tá cruinnithe coiste ar siúl sa Bhruiséil an tseachtain seo. D’fhormheas an Coiste um an Margadh Inmheánach agus an Coiste um Shaoirsí Sibhialta an chéad Ghníomh maidir le IS ar domhan; cruinniú le hUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh Christine Lagarde agus tosaíochtaí Uachtaránacht na Beilge ar an gComhairle.
Blúiríní Nuachta – 13/02/2024 – Gaeilge 13.02.2024 1:59
Inniu: tá cruinnithe na gCoistí ar siúl sa Bhruiséil an tseachtain seo. I measc na n-ábhar a bheidh á bplé tá rialacha nua a chinnteoidh go mbeidh an Intleacht Shaorga agus bréagáin san Aontas Eorpach sábháilte. Pléifear an laghdú ar dhramhaíl in earnáil na dteicstílí agus earnáil an bhia, freisin.
Blúiríní Nuachta – 12/02/2024 – Gaeilge 12.02.2024 1:32
Inniu: Seachtain Pharlaiminteach na hEorpa 2024; cruinniú ag Feisirí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha le hAire Gnóthaí Eachtracha na Beilge; agus ról na taidhleoireachta cultúrtha i mbeartas eachtrach an Aontais.
Blúiríní Nuachta – 09/02/2024 – Gaeilge 09.02.2024 3:11
Inniu: an tríú díospóireacht déag sa tsraith ‘Seo í an Eoraip’ le hUachtarán na Rómáine, Klaus Iohannis; rialacha nua chun a chinntiú nach dtógann aistrithe airgid in euro ach deich soicind, agus ábhair imní na Parlaiminte faoi bhagairtí an-tromchúiseach ar luachanna an Aontais sa Ghréig.
Blúiríní Nuachta – 08/02/2024 – Gaeilge 08.02.2024 2:50
Inniu: cás na bhfeirmeoirí agus praghsanna táirgí talmhaíochta i gcroílár an phlé in Strasbourg; comhaontú idir an Pharlaimint agus an Chomhairle faoi réiteach fadtéarmach do riachtanais airgeadais na hÚcráine. Tháinig siad ar chomhshocrú faoi rialacha chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac chomh maith.
Blúiríní Nuachta – 07/02/2024 – Gaeilge 07.02.2024 2:25
Inniu: tá an suí iomlánach ar siúl in Strasbourg. Sa seomra tionóil, rinne na Feisirí breithniú ar thorthaí chruinnithe mullaigh is déanaí an Aontais; pléadh an ghéarchéim aeráide dhomhanda freisin, mar aon le hiarrachtaí na Rúise cur isteach ar phróisis dhaonlathacha an Aontais.
Blúiríní Nuachta – 06/02/2024 – Gaeilge 06.02.2024 1:48
Inniu: tá an suí iomlánach ar siúl in Strasbourg. Pléifidh na Feisirí conas freagairt d’éilimh na bhfeirmeoirí agus na bpobal tuaithe ar fud na hEorpa; rún lena ndéanfar breithniú ar bhagairtí ar an smacht reachta agus ar shaoirse na meán sa Ghréig, agus an tríú díospóireacht déag sa suí iomlánach sa tsraith ‘Seo í an Eoraip’ le hUachtarán na Rómáine, Klaus Iohannis.
Blúiríní Nuachta – 05/02/2024 – Gaeilge 05.02.2024 2:21
Inniu: tá seisiún iomlánach nua ag tosú in Strasbourg. I measc na n-ábhar ar an gclár oibre tá torthaí an chruinnithe mullaigh AE is déanaí agus cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. An tseachtain seo caite, tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le ceart deisiúcháin níos láidre do thomhaltóirí.
Blúiríní Nuachta – 02/02/2024 – Gaeilge 02.02.2024 1:36
Inniu: cuirfear tús le seisiún iomlánach nua in Strasbourg Dé Luain seo chugainn. Vótálfaidh na Feisirí ar íocaíochtaí ar an toirt in euro; dara cothrom lae chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus síneadh na rialacha chun ábhar mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.