Parlaimint na hEorpa
Blúiríní Nuachta
Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine. Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa .
Author
Parlaimint na hEorpa
Category
Podcast website
Latest episode
Mar 19, 2025
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Blúiríní Nuachta – 09/09/2024 – Gaeilge 09.09.2024 1:39
Sracfhéachaint: malartú tuairimí ag an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach leis an gCoimisinéir Eorpach um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin; Tionscnamh Comhráitis Ríomhthráchtála na hEagraíochta Domhanda Trádála agus Lá an Ilteangachais.
Blúiríní Nuachta – 06/09/2024 – Gaeilge 06.09.2024 1:47
Sracfhéachaint: beidh malartú tuairimí ag an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta leis an gCoimisiún faoi caibidlíochtaí maidir le comhaontú iltaobhach EDT maidir le ríomhthráchtáil; glacfaidh toscaireacht ón gcoiste céanna páirt i bhFóram Poiblí EDT sa Ghinéiv; agus bainfear leas as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun tacú le cúig bhallstát.
Blúiríní Nuachta – 05/09/2024 – Gaeilge 05.09.2024 1:20
Sracfhéachaint: plé ag an gCoiste um Rialú Buiséadach ar imscrúduithe calaoise agus caimiléireachta an Aontais; an Coiste um an Margadh Inmheánach ag díriú ar rialacha do shábháilteacht bréagán agus iarmhar lotnaidicídí i mbia ar chlár oibre an Choiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe.
Blúiríní Nuachta – 04/09/2024 – Gaeilge 04.09.2024 1:42
Sracfhéachaint: plé ag an gCoiste um Rialú Buiséadach ar imscrúduithe calaoise agus caimiléireachta an Aontais; an Coiste um an Margadh Inmheánach ag díriú ar rialacha do shábháilteacht bréagán agus iarmhar lotnaidicídí i mbia ar chlár oibre an Choiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe.
Blúiríní Nuachta – 03/09/2024 – Gaeilge 03.09.2024 1:19
Sracfhéachaint: coistí na Parlaiminte ag cur tús lena gcruinnithe an tseachtain seo.
Blúiríní Nuachta – 02/09/2024 – Gaeilge 02.09.2024 1:34
Sracfhéachaint: coistí na Parlaiminte ag cur tús lena gcruinnithe an tseachtain seo agus clár oibre an chéad suí iomlánaigh eile de Pharlaimint na hEorpa.
Blúiríní Nuachta – 26/07/2024 – Gaeilge 26.07.2024 2:08
Sracfhéachaint: torthaí an Eorabharaiméadair speisialta ar an smacht reachta; clár oibre an chéad seisiúin iomlánaigh eile de Pharlaimint na hEorpa agus cearta paisinéirí san Aontas.
Blúiríní Nuachta – 25/07/2024 – Gaeilge 25.07.2024 1:48
Sracfhéachaint: céadchruinnithe rialta na gCoistí; ráiteas ó Chathaoirleach Choiste Iascaigh na Parlaiminte ar an soitheach iascaireachta atá buailte ar Las Malvinas; agus an Cárta Eorpach um Míchumas agus an Cárta Páirceála.
Blúiríní Nuachta – 24/07/2024 – Gaeilge 24.07.2024 1:35
Sracfhéachaint: reáchtáladh cruinnithe bunreachtúla bhuanchoistí agus fhochoistí Pharlaimint na hEorpa Dé Máirt sa Bhruiséil; na chéad chruinnithe rialta coiste; agus cearta aerphaisinéirí.
Blúiríní Nuachta – 23/07/2024 – Gaeilge 23.07.2024 1:59
Sracfhéachaint: tá cruinnithe bunaidh choistí agus fhochoistí seasta Pharlaimint na hEorpa ag tarlú sa Bhruiséil inniu; tá dréachtdlíthe á ndéanamh ag an Aontas as na cleachtais is fearr don tsábháilteacht ar bhóithre; tá roinnt beart le glacadh sula dtéann tú ag taisteal le peata san Eoraip.
Blúiríní Nuachta – 22/07/2024 – Gaeilge 22.07.2024 1:55
Sracfhéachaint: beidh cruinnithe bunaidh choistí agus fhochoistí seasta Pharlaimint na hEorpa ag tarlú sa Bhruiséil Dé Máirt; rialacha nua faion ngréasán tras-Eorpach iompair agus comóradh ar an gcéad uair a toghadh bean mar Uachtarán ar institiúid de chuid an Aontais.
Blúiríní Nuachta – 19/07/2024 – Gaeilge 19.07.2024 2:15
Sracfhéachaint: tá an Pharlaimint tar éis Ursula von der Leyen a thoghadh mar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh go ceann cúig bliana eile; d’fhormheas na Feisirí an togra ar líon na gcomhaltaí do 20 coiste agus 4 fhochoiste na Parlaiminte, mar aon le líon na gcomhaltaí ar a 48 dtoscaireacht sheasta; beidh cruinnithe bunaidh choistí agus fhochoistí seasta Pharlaimint na hEorpa ag tarlú sa Bhruiséil...
Blúiríní Nuachta – 18/07/2024 – Gaeilge 18.07.2024 2:26
Sracfhéachaint: tá tús curtha le deichiú téarma reachtach Pharlaimint na hEorpa; táthar tar éis Roberta Metsola a atoghadh mar Uachtarán Pharlaimint na hEorpa; thogh na Feisirí 14 Leas-Uachtarán agus cúigear Caestóirí freisin; in Strasbourg, phléigh Parlaimint na hEorpa an nuacht is déanaí ó chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Blúiríní Nuachta – 17/07/2024 – Gaeilge 17.07.2024 2:10
Sracfhéachaint: táthar tar éis Roberta Metsola a atoghadh mar Uachtarán Pharlaimint na hEorpa; caithfidh na Feisirí vóta ar a seasamh faoi chogadh ionsaitheach na Rúise; beidh vóta ag an bParlaimint ar ainmniúchán Ursula von der Leyen d’Uachtaránacht an Choimisiúin.
Blúiríní Nuachta – 16/07/2024 – Gaeilge 16.07.2024 1:34
Sracfhéachaint: freagairt institiúidí an Aontais ar an lámhach a tharla ag slógadh feachtais iar-Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump; caithfidh an Pharlaimint nuathofa vóta ar chomhdhéanamh a coistí agus toscaireachtaí le linn an tseisiúin iomlánaigh in Strasbourg; caithfidh na Feisirí vóta freisin ar sheasamh faoi chogadh ionsaitheach na Rúise, agus tá sé beartaithe a dtacaíocht láidir don...
Blúiríní Nuachta – 15/07/2024 – Gaeilge 15.07.2024 1:51
Sracfhéachaint: toghfaidh an Pharlaimint nuathofa a hUachtarán in Strasbourg; cinnfidh na Feisirí coistí, fochoistí agus toscaireachtaí na Parlaiminte; comóradh 20 bliain ar mhéadú mór an Aontais.
Blúiríní Nuachta – 12/07/2024 – Gaeilge 12.07.2024 1:58
Sracfhéachaint: cuirfear tús leis an gcéad seisiún iomlánach den deichiú téarma reachtach an tseachtain seo chugainn in Strasbourg; cruinniú an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta; agus Lá Dhaonra an Domhain.
Blúiríní Nuachta – 11/07/2024 – Gaeilge 11.07.2024 1:41
Sracfhéachaint: tá na Feisirí le measúnú a dhéanamh an tseachtain seo chugainn in Strasbourg ar thorthaí chruinniú mullaigh an Aontais a tharla an 27 Meitheamh; bhí éisteacht ag an ngrúpa S&D le Ursula von der Leyen; cáilíocht an uisce ag tránna ar fud na hEorpa.
Blúiríní Nuachta – 10/07/2024 – Gaeilge 10.07.2024 1:38
Sracfhéachaint: in Strasbourg an tseachtain seo chugainn, déanfaidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa measúnú ar thorthaí chruinniú mullaigh an Aontais a tharla an 27 Meitheamh; d’athraigh an grúpa parlaiminteach Identity and Democracy a ainm; bhí cruinniú ag an Uachtarán Roberta Metsola le príomh-aire na hÍsiltíre, Dick Schoof.
Blúiríní Nuachta – 09/07/2024 – Gaeilge 09.07.2024 1:47
Sracfhéachaint: tá na grúpaí polaitiúla ag ullmhú don seisiún bunaitheach de dheichiú téarma reachtach na Parlaiminte; tá na Feisirí le measúnú a dhéanamh an tseachtain seo chugainn in Strasbourg ar thorthaí chruinniú mullaigh an Aontais a tharla an 27 Meitheamh, agus an ráta coigiltis sa limistéar euro.
Blúiríní Nuachta – 08/07/2024 – Gaeilge 08.07.2024 1:58
Sracfhéachaint: rialacha nua AE faoi Éicidhearthóireacht do Tháirgí Inbhuanaithe; is cuid é Ceanada anois den chlár taighde agus nuálaíochta Fís Eorpach agus an t-eolas ar fad atá uait faoi chosaint chonsalach i gcás éigeandáil i dtríú tír.
Blúiríní Nuachta – 05/07/2024 – Gaeilge 05.07.2024 1:59
Sracfhéachaint: tiocfaidh an Pharlaimint nua le chéile i gceann deich lá in Strasbourg; oibríonn an tAontas chun dramhaíl phlaisteach a laghdú agus comóradh Aontas Custam na hEorpa.
Blúiríní Nuachta – 04/07/2024 – Gaeilge 04.07.2024 1:45
Sracfhéachaint: bhí an tUachtarán Metsola i gceannas ar chruinniú Chomhdháil na nUachtarán; cuairt Orban ar an Úcráin agus an tAontas agus an Éigipt ag teacht le chéile chun infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach a shlógadh ag an gComhdháil Infheistíochta
Blúiríní Nuachta – 03/07/2024 – Gaeilge 03.07.2024 2:00
Sracfhéachaint: Cuairt an Uachtaráin Metsola ar an bPortaingéil, suirbhé ar Straitéis Óige an Aontais agus comórtas do chomóradh 75 bliain Chomhairle na hEorpa.
Blúiríní Nuachta – 02/07/2024 – Gaeilge 02.07.2024 2:19
Sracfhéachaint: rachaidh an Ungáir i gceann uachtaránacht rothlach Chomhairle AE go dtí deireadh na bliana; Tá príomhaire na hUngáire, Viktor Orban, ag iarraidh grúpa nua a chruthú ag Parlaimint na hEorpa agus ag Lá Idirnáisiúnta na Parlaiminte.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.