Parlaimint na hEorpa

Blúiríní Nuachta

News GA ↓ 250 episodes

Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine. Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa .

Author

Parlaimint na hEorpa

Category

News

Podcast website

octopus.saooti.com

Latest episode

Mar 19, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Blúiríní Nuachta – 14/10/2024 – Gaeilge 14.10.2024

Sracfhéachaint: todhchaí thalmhaíocht an Aontais; vóta ar phacáiste cúnaimh airgeadais chun tacú leis an Úcráin agus an sceideal le haghaidh éisteachtaí na gCoimisinéirí ainmnithe.

Blúiríní Nuachta – 11/10/2024 – Gaeilge 11.10.2024

Sracfhéachaint: an méadú atá ag teacht ar an éadulaingt reiligiúnach ar fud an Aontais Eorpaigh; rún maidir leis an gcúlú daonlathach sa tSeoirse; agus rún maidir le trasnaíocht na Rúise sa Mholdóiv.

Blúiríní Nuachta – 10/10/2024 – Gaeilge 10.10.2024

Sracfhéachaint: chuir an Príomh-Aire Viktor Orbán an clár d’Uachtaránacht sé mhí na hUngáire ar an gComhairle i láthair; cheadaigh na Feisirí os cionn EUR 1 billiún i gcabhair ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun tacú le cúig Bhallstát; agus hléigh an Pharlaimint tithíocht inacmhainne san Eoraip.

Blúiríní Nuachta – 09/10/2024 – Gaeilge 09.10.2024

Sracfhéachaint: rinne Parlaimint na hEorpa comóradh céad bliain ar ionsaithe sceimhlitheoireachta Hamas in Iosrael; tosaíochtaí na Parlaiminte don chéad chruinniú eile den Chomhairle Eorpach; agus an ghéarchéim atá os comhair thionscal gluaisteán an Aontais.

Blúiríní Nuachta – 08/10/2024 – Gaeilge 08.10.2024

Sracfhéachaint: An Príomh-Aire Viktor Orbán chun tosaíochtaí Uachtaránacht na hUngáire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a chur i láthair; Pléifidh na Feisirí tithíocht inacmhainne san Eoraip agus conas an tslándáil ag teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú.

Blúiríní Nuachta – 07/10/2024 – Gaeilge 07.10.2024

Sracfhéachaint: Cuirfear tús le seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg inniu. Amárach, díreoidh na Feisirí ar an staid sa Mheánoirthear. Leagfaidh siad tosaíochtaí na Parlaiminte amach freisin do chruinniú na Comhairle Eorpaí i mí Dheireadh Fómhair agus tá sé beartaithe go gceadóidh siad breis agus EUR 1 billiún i gcabhair ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais do cúig Bhallstát.

Blúiríní Nuachta – 04/10/2024 – Gaeilge 04.10.2024

Sracfhéachaint: éisteachtaí na gCoimisinéirí ainmnithe, torthaí an tSuirbhé Eorabharaiméadair agus an tIdirphlé maidir leis an Aistriú Glan.

Blúiríní Nuachta – 03/10/2024 – Gaeilge 03.10.2024

Sracfhéachaint: tá grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile; bhuail Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Kier Starmer.

Blúiríní Nuachta – 02/10/2024 – Gaeilge 02.10.2024

Sracfhéachaint: foilseoidh an Pharlaimint an chéad suirbhé Eorabharaiméadair tar éis na dtoghchán; ceardlann maidir le boilsciú praghsanna bia agus éistfidh an Coiste um Chultúr agus um Oideachas le cur i láthair faoi Áras Stair na hEorpa.

Blúiríní Nuachta – 01/10/2024 – Gaeilge 01.10.2024

Sracfhéachaint: tá ullmhúcháin fós ar siúl d’éisteachtaí na gCoimisinéirí ainmnithe; rinneadh plé ar an bpacáiste cúnaimh airgeadais don Úcráin; bhuail Príomh-Ionchúisitheoir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh le comhaltaí de Choiste na Parlaiminte um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile.

Blúiríní Nuachta – 30/09/2024 – Gaeilge 30.09.2024

Sracfhéachaint: an chéad Idirphlé Airgeadaíochta den 10ú téarma parlaiminteach le hUachtarán BCE Lagarde; Clár Oibre Athchóirithe thíortha na mBalcán Thiar atá ag lorg ballraíocht san Aontas agus mí feasachta d’ailse brollaigh.

Blúiríní Nuachta – 27/09/2024 – Gaeilge 27.09.2024

Sracfhéachaint: cur i láthair na n-iarrthóirí do Dhuais Sakharov 2024 um Shaoirse Smaointeoireachta; pacáiste cúnaimh airgeadais don Úcráin agus déanfaidh an Fochoiste um Shláinte Phoiblí Lá Domhanda an Teallaigh a chomóradh.

Blúiríní Nuachta – 26/09/2024 – Gaeilge 26.09.2024

Sracfhéachaint: torthaí an Eorabharaiméadair speisialta ar an smacht reachta; clár oibre an chéad seisiúin iomlánaigh eile de Pharlaimint na hEorpa agus cearta paisinéirí san Aontas.

Blúiríní Nuachta – 25/09/2024 – Gaeilge 25.09.2024

Sracfhéachaint: Na hainmniúcháin do Dhuais Sakharov 2024 um Shaoirse Smaointeoireachta; Oíche Taighdeoirí Eorpacha; agus Seachtain Eorpach Spóirt.

Blúiríní Nuachta – 24/09/2024 – Gaeilge 24.09.2024

Sracfhéachaint: an lá deireanach de chuairt an Uachtaráin Metsola ar Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac; plé ag an bhFochoiste um Chearta an Duine ar an staid mar atá sa Bhanglaidéis; agus staidéar nua ar bheartas aigéin agus iascaigh an Aontais.

Blúiríní Nuachta – 23/09/2024 – Gaeilge 23.09.2024

Sracfhéachaint: teastaíonn ó na Feisirí go mbainfeadh Ballstáit an Aontais na srianta ar úsáid córas arm an iarthair i gcoinne spriocanna míleata sa Rúis; cuirfear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais chun úsáide chun tacú le cúig Bhallstát agus malartú tuairimí le Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Blúiríní Nuachta – 20/09/2024 – Gaeilge 20.09.2024

Sracfhéachaint: in Strasbourg, phléigh na Feisirí an bhagairt a bhaineann le triomaigh agus eachtraí adhaimsire do thalmhaíocht an Aontais Eorpaigh; Ní cheadaítear aon iarmhair lotnaidicídí a bhfuil toirmeasc orthu san Aontas le haghaidh táirgí talmhaíochta allmhairithe agus staid na mban san Afganastáin atá ag dul in olcas.

Blúiríní Nuachta – 19/09/2024 – Gaeilge 19.09.2024

Sracfhéachaint: le linn an tseisiúin iomlánaigh, dhírigh na Feisirí ar na tuillte uafásacha a bhuail tíortha lár agus oirthear na hEorpa; leag Mario Draghi amach a threoirphlean chun iomaíochas na hEorpa a fheabhsú; agus na cúig scannán ar an ngearrliosta do Ghradam Lux 2025.

Blúiríní Nuachta – 18/09/2024 – Gaeilge 18.09.2024

Sracfhéachaint: cuireann Ursula von der Leyen na Coimisinéirí ainmnithe i láthair; na forbairtí is déanaí i gcogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine; agus toradh toghchán uachtaránachta Veiniséala.

Blúiríní Nuachta – 17/09/2024 – Gaeilge 17.09.2024

Sracfhéachaint: le linn sheisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg, cuirfidh Príomh-Aire na hUngáire, Vikor Orbán, tosaíochtaí na hUngáire dá huachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i láthair; pléifidh na Feisirí freisin scéim ceada cónaithe Chárta Náisiúnta na hUngáire, lena n-áirítear Rúisigh agus Bealarúisigh anois, agus freagairt AE ar ráig an mpox.

Blúiríní Nuachta – 16/09/2024 – Gaeilge 16.09.2024

Sracfhéachaint: ag suí iomlánach nua Pharlaimint na hEorpa, pléifidh na Feisirí a bhfuil i ndán do chúrsaí fuinnimh sula dtiocfaidh an geimhreadh; cuirfidh Mario Draghi a thuarascáil i láthair sa Seomra Tionóil agus beidh plé ann ar an nuacht is déanaí ón Meánoirthear.

Blúiríní Nuachta – 13/09/2024 – Gaeilge 13.09.2024

Sracfhéachaint: tá páirtseisiún nua de Pharlaimint na hEorpa ag tosú in Strasbourg Dé Luain; bhuail Metsola le Príomh-Aire na Fionlainne, Orpo, agus Lá Idirnáisiúnta an Daonlathais

Blúiríní Nuachta – 12/09/2024 – Gaeilge 12.09.2024

Sracfhéachaint: d’fhreastail toscaireacht ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta ar Fhóram Poiblí na hEagraíochta Domhanda Trádála; Lá an Ilteangachais i bParlaimint na hEorpa agus Seachtain Soghluaisteachta na hEorpa.

Blúiríní Nuachta – 11/09/2024 – Gaeilge 11.09.2024

Sracfhéachaint: tá grúpaí polaitiúla sa Pharlaimint ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile; cur chun feidhme an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha agus tuarascáil Draghi maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa.

Blúiríní Nuachta – 10/09/2024 – Gaeilge 10.09.2024

Sracfhéachaint: an tUachtarán von der Leyen chun struchtúir agus róil Choláiste na gCoimisinéirí a chur i láthair ag Comhdháil na nUachtarán sa Pharlaimint; na grúpaí polaitiúla sa Pharlaimint ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile; agus toscaireacht ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta chun páirt a ghlacadh san Fhóram Poiblí atá á eagrú an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

Listen to the Blúiríní Nuachta podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.