RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Brian Ó Gallachóir agus Seán Ó Cuirrín, Oifigigh Forbartha le Glór na nGael. 25.06.2026 12:33
Ag fógairt an gearrliosta do chomórtas úr Ghlór na nGael do ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, an comórtas ‘ARDÁN’. Tá meascán de ghrúpaí Gaeltachta agus grúpaí atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht luaite sna gearrliostaí.
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap ó íoclann an Bhun Bhig. 25.06.2026 5:40
Mír rialta leis an Dochtúir Delap faoi chúrsaí sláinte agus leighis. Plé inniu faoi na pleananna d’Aonad Timpiste agus Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn, liostaí feitheamh san otharlann agus comhairle faoin dóigh le fanacht sábhailte sa teas mór atá in áiteacha sa tír faoi láthair.
Joe Ó Cuilinn ó Choiste na mBaile Slachtmhara i gCarraig Airt. 25.06.2026 5:37
Ainmníodh Carraig Airt mar bhuaiteoirí ghradam an tSráidbhaile is Feistiúla in Éirinn sa Chomórtas “Na mBailte is Feistiúla in Éirinn” inné ag ócáid a bhí ar siúl in Halla Riddel i mBéal Feirste.
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh, Sinn Féin. 25.06.2026 8:11
Níor éirigh le rún a chur an Teachta Dála Charles Ward os comhair na Dála aréir faoin chaighdeán IS 465 a úsáidtear le measúnú a dhéanamh ar bhrící lochtacha. Deir an Teachta Ó Dochartaigh go bhfuil gá le hathbhreithniú ar Scéim Cúitimh na mBrící Lochtacha.
Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta. 25.06.2026 3:24
Le scéalta mór nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Barrscéalta, clár iomlan, 25/06/2026 25.06.2026 52:40
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Aodh Máirtín Ó Fearraigh agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach. 24.06.2026 7:42
Mír rialta faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, ag caint inniu faoi rabhadh atá a thabhairt ag an Chomhghuaillíocht um Chearta Leanaí (Children’s Rights Alliance) go bhfuil páistí i mbaol ó roinnt de na forbairtí is déanaí in intleacht shaorga agus faoi Amazon Prime Day’s.
Sagart Paróiste Ghort a’Choirce, an tAthair Donnchadh Ó Baoill agus Oifigeach Ealaíona Chomhairle Contae Dhún na nGall, Traolach Ó Fionnáin. 24.06.2026 2:36
Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ ceolchoirm speisialta ar stáitse a dhéanann ceiliúradh ar na hamhráin is ansa leis na Gaeil, amhráin a mhol lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta san fheachtas “An tAmhrán is Ansa Linn” ar an chlár an Cóisir Cheoil.
Cartlann na Céadaoine. 24.06.2026 7:05
Le Corn an Domhain faoi lán seoil chuaigh muid siar go dtí an bhliain 1990 nuair a d’imir foireann sacar na hÉireann sa chomórtas den chéad uair riamh Ba é Packie Bonner a bhí sna cúil d’fhoireann na hÉireann agus labhair Pádraig Ó Cnáimhsí agus Naul Mac Comhaill le Conall Ó Dubhthaigh faoi Phackie ag an am.
Sally Ní Dhuibhir agus Deirdre Learmont atá ag obair ar an chlár teilifíse Opry le Daniel. 24.06.2026 12:34
Tá an clár ceoil tíre “Opry le Daniel” i measc na gcláracha teilifíse is mó a bhfuill tóir air ar TG4 le blianta anuas agus beidh Opry le Daniel ar ais sa Millennium Forum i nDoire ar an 30ú Meitheamh go dtí an dara lá d’Iúil.
Nóra Ní Fhlanagáin, Oifigeach Caidreamh Poiblí le Bád Tarrthála Oileán Árainn Mhór. 24.06.2026 6:56
Comhairle do dhaoine atá ag smaoineamh ar dhul chun na farraige le linn an aimsir mhaith, caithfear i gcónaí a bheith cúramach san uisce.
An Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh ón Pháirtí Cúitimh 100%. 24.06.2026 7:11
Chuir an Teachta Dála ón Pháirtí Cúitimh 100%, Charles Ward rún os comhair na Dála ar maidin inniu maidir leis an chaighdeán úr IS465 le measúnú a dhéanamh ar thithe le brící lochtacha a foilsíodh le gairid.
Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta. 24.06.2026 4:37
Le scéalta mór nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Donna Ní Ghallachóir, Oifigeach Forbartha Lárchomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille. 23.06.2026 4:58
Beidh oíche oscailte ag scéim Chéad Fhreagróirí Ghleann Cholm Cille ón 7-9 a chlog anocht i Seanscoil na Carraige.
Pacáiste ón ócáid ‘Éire Aontaithe: Deis Chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht’ 23.06.2026 15:14
Bhí Conor Ó Gallachóir i láthair ag ócáid a bhí ar siúl i nGaoth Dobhair le gairid dírithe ar an téama ‘Éire Aontaithe” Labhair Conor Róisín Nic Liam, a bhí i mbun taighde do Chonradh na Gaeilge ar an ábhar seo, Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt agus Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
An Dr. Pól Deeds, Coimisinéir Gaeilge na Sé Chontae. 23.06.2026 10:01
Beidh comhdháil ar siúl in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste ar an Déardaoin seo dírithe ar Chaighdeáin in Reachtaíocht agus i gCur Chun Cinn Teanga. Is é Oifig an Choimisinéir Gaeilge atá ag reáchtáil na hócáide.
An Garda Bríd Ní Chanainn ó Stáisiún Bhealach Féich. 23.06.2026 5:47
Bhí deireadh seachtaine gnóthach ann ag an deireadh seachtaine agus Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall ar siúl sa chontae seo. Tharla cuid mhór eachtraí agus bhí deireadh seachtaine gnóthach ag na Gardaí.
Pat Ó Flanagáin, Oifigeach Caidreamh Poiblí le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. 23.06.2026 7:53
Seolfar Fleadh Cheoil na hÉireann go hoifigiúil i mBéal Feirste inniu.
Maighreád Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta. 23.06.2026 4:40
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Barrscéalta, clár iomlán, 23/06/2026. 23.06.2026 56:08
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Aodh Máirtín Ó Fearraigh agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Caoimhín Ó Casaide. 19.06.2026 6:13
Ag caitheamh súil chun cinn ar chluiche Dhún na nGall v Baile Átha Cliath agus cluichí eile a bheas ar siúl i gCraobh na hÉireann ag an deireadh seachtaine. Labhair sé fosta faoi bhás Donald Uí Bhreisleáin, fear a bhí iontach gníomhach i CLG Ghaoth Dobhair i rith a shaoil mar imreoir agus mar riarthóir.
An tAthair Seán Ó Gallchóir. 19.06.2026 15:08
Tá cluiche mór ag Dún na nGall ar an Domhnach i bPáirc an Chrócaigh, beidh lá stairiúil ag fear eile ar an Domhnach fosta, sin Micheal Ó Murchú agus é réidh le himirt. 200ú cluiche dá chontae agus labhair sé fosta faoin scéal brónach ar maidin go bhfuair Donald Ó Breisleáin bás, iar imreoir do Ghaoth Dobhair agus do Dhún na nGall.
Emer Ní Ghallachóir. 19.06.2026 5:01
Beidh mná Dhún na nGall ag dul chun páirce amárach i gCraobh na hÉireann in éadan Mhaigh Eo.
Tomaí Rua Ó Conghaile. 19.06.2026 4:09
Beidh an ócáid, Griantrad ar siúl ar an Domhnach seo i bPáirc Bhaile na Lorgan i nDún Dealgán.
Deirdre Ní Bhraonáin, Garraíodóir Cluain na dTor. 19.06.2026 8:46
Mír rialta ag tabhairt comhairle faoi chúrsaí garraíodóireachta. Inniu labhair Deirdre ar an dóigh le leas a chur ar a gcuid glasraí agus torthaí.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.