RTÉ Raidió na Gaeltachta

Barrscéalta

News GA ↓ 100 episodes

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Author

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Category

News

Podcast website

www.rte.ie

Latest episode

Jul 9, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Pól Penrose. 02.07.2026

Beidh an fhéile, Bród na Gaeltachta ar siúl an deireadh seachtaine seo don chúigiú bliain i gCloich Cheann Fhaola.

Andy Caomhánach, Fear na Ríomhairí. 02.07.2026

Mír rialta ag tabhairt comhairle teicneolaíochta don phobal.

Donnchadh Ó Baoill & Muiris Ó hEigheartaigh. 02.07.2026

Seolfar leabhar úr a dhéanann cur síos ar scéal na dteicstílí i nGaeltacht Iardheisceart Thír Chonaill ag ócáid a bheas ar siúl in Áislann Chill Chartha san oíche amárach.

An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap. 02.07.2026

Labhair sé inniu faoi chúrsaí meabhairshláinte agus é ráite ag an eagraíocht Jigsaw gur chuidigh siad le 11.000 duine anuraidh a bhí ag fulaingt lena meabhairshláinte. Labhair sé faoi botox fosta agus na contúirtí a bhaineann leis do dhaoine óga.

Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta. 02.07.2026

Le scéalta móra an lae ón taobh seo tíre.

Pól Ó Cuireáin ó Chlub Rothaíochta Chú Uladh. 01.07.2026

Beidh lá mór ag Club Rothaíochta Chú Uladh atá lonnaithe sa Ghaeltacht Láir ar an tSatharn seo nuair a bheas dúshlán mór rothaíochta ar siúl acu.

Cartlann na Céadaoine. 01.07.2026

Inniu téann muid siar go dtí an bhliain 1993 nuair a bhí Scoil Náisiúnta Chaiseal na gCorr ag ceiliúradh 150 bliain. Craoladh clár beo ón scoil ag an am agus seo mar a labhair beirt a bhí páirteach sa chlár, Frank Ó Maolagáin agus John Mór Mac Laifeartaigh le Séamus Mac Géidigh faoina dtréimhse ar an scoil.

Mary Uí Chomhaill. 01.07.2026

Tá an fhéile cheoil Sult ag pilleadh ar an ‘Big Top’ i Machaire a’Gathláin, Gaoth Dobhair, ar an 17ú d’Iúil.

Dónall Ó Cnáimhsí Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt. 01.07.2026

Labhair Dónall linn faoin ócáid ‘SEAS’ atá ar siúl in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath inniu, ócáid atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge áit a gcuirtear éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta os comhair baill den Oireachtas.

Seán Ó Gallachóir ó Chomhairle Ceantar Ghleann Fhinne. 01.07.2026

Labhair Seán faoin mhaoiniú €1.4m atá ceadaithe do scéim uisce úr Leitir Bric, togra a bhfuil go leor daoine ag obair air le tamall fada anois.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh ó sheomra na nuachta. 01.07.2026

Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Caitríona Nic Gairbheith Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair. 30.06.2026

Labhair muid le Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Caitríona Nic Gairbheith cúpla seachtain ó shin faoin champa úr do dhéagóirí, ‘Na Fianna Óga’ a bheas ar siúl anseo i nGaoth Dobhair an samhradh seo agus tá Caitríona linn ar maidin leis na mionsonraí agus an scéal is deireanaí faoin champa.

Susan Ní Loingsigh múinteoir gairmthreorach i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. 30.06.2026

Is é amárach, an chéad lá de mhí Iúil, an spriocdháta do dhaltaí lena n-intinn a athrú maidir leis na roghanna atá déanta acu ar chóras iontrála an CAO. Labhair Susan linn faoin spriocdháta seo agus chuir sí rud beag comhairle ar dhaoine faoina gcuid roghanna.

An Garda Breandán Mac Artáin ó Stáisiún Gardaí Leitir Ceanainn. 30.06.2026

Mír rialta le ball den Gharda Síochána.

Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta. 30.06.2026

Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Na tráchtairí spóirt, Colm Breathnach & David Mac Thadhg. 29.06.2026

Chaith Colm súil siar ar na cluichí a bhí ar siúl i gCraobh Iománaíochta na Contae chomh maith le Cluiche Leathcheannais Sóisear Camógaíochta na hÉireann idir Dhún na nGall agus Muineacháin. Chaith David súil siar ar chluichí ceathrú ceannais na hÉireann sa pheil agus Muineachán agus Tír Eoghain curtha amach as an chraobh anois.

Caoimhe Ní Chonchoille ó sheomra na nuachta.. 29.06.2026

Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Iar-chaptaen ar fhoireann iománaíochta Dhún na nGall, Colm Breathnach agus an tráchtaire spóirt, David Mac Thadhg as Muineachán. 26.06.2026

Súil chun cinn ar chluichí an Chumainn Lúthchleas Gael a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo.

Eoghan Mac Giolla Bhríghde ó Amharclann Ghaoth Dobhair agus an ceoltóir agus aisteoir aitheanta, Megan Nic Fhionnghaile as Gaoth Dobhair. 26.06.2026

Beidh an scannán TRAD a thaispeáint in Amharclann Ghaoth Dobhair anocht agus san oíche amárach, scannán a bhfuil Megan le feiceáil ann.

Cathaoirleach Choiste na Seanbheairice, Seanie Ó Baoill. 26.06.2026

Beidh Féile Ealaíne agus Chultútha na Seanbheairice ar siúl an deireadh seachtaine seo.

Garraíodóir Chluain Na dTor, Deirdre Ní Bhraonáin. 26.06.2026

Comhairle inniu faoin dóigh le haire a thabhairt do phlandaí agus do ghlasraí ag am go mbíonn teas mór ann agus eolas maidir leis an bhaol a bhaineann le cartáin.

Cathaoirleach CLG Ghaoth Dobhair, Pól Ó Gallchóir. 26.06.2026

Tá foireann deartha a earcú ag Cumann Luthchleas Gael Ghaoth Dobhair chun tabhairt faoi fhorbairtí ar chostas measta de thart ar €300,000 ag áiseanna an Chumainn i Machaire Gathlán agus ag caint ar dhuine de laochra móra CLG Ghaoth Dobhair le blianta fada, Dónal Ó Breisleáin a fuair bás le gairid.

Hannah Ní Dhomhnaill, RTÉ Raidió na Gaeltachta. 26.06.2026

Ag cur síos ar stoirm na hoíche aréir agus an dóigh ar chur sé isteach ar dhaoine ar fud na contae.

Maighréad Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta. 26.06.2026

Tá fiosrúchán ar bun ag Gardaí faoi chorp fir ina chuid 50idí a fuarthas ag láthair ar an Charraig Fhinn tráthnóna inné.

Síle Uí Ghallachóir agus Máirín Uí Fhearraigh ó Choiste Forbartha Ghabhla. 25.06.2026

Beidh Féile Ghabhla 2026 ar siúl an deireadh seachtaine seo ar Oilean Ghabhla agus ar tír mór.

Listen to the Barrscéalta podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.