Tuairisc

TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal

News GA ↓ 9 episodes

Na scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024 á bplé ag tráchtairí Tuairisc agus aíonna speisialta. Seo an chéad phodchraoladh i Tuairisc Ó Bhéal – Tuairimí Toghcháin, sraith nua ag Tuairisc, an tseirbhís nuachta Gaeilge ar líne.

Be sure to visit the podcast's website and support the creator: podcasters.spotify.com

Author

Tuairisc

Category

News

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Dec 3, 2024

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 10M+ downloads · 4.7+ rating iOS soon

Episodes

Tuairimí Toghcháin #09 03.12.2024

San eagrán iarthoghcháin seo de ‘Tuairimí Toghcháin’ pléann Cathal Mac Coille, Éamon Ó Cuív, Áine Ní Chiaráin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí cé a bheidh sa chéad rialtas eile, na Gaeilgeoirí a bheidh sa chéad Dáil eile, cúrsaí pobalbhreitheanna, aireacht na Gaeltachta agus neart eile. Labhraíonn Éamon Ó Cuív chomh maith faoin uair a bhí sé ina aire rialtais agus é ag margántaíocht le Jackie Healy-Rae....

Tuairimí Toghcháin #08 28.11.2024

San eagrán deireanach de ‘Tuairimí Toghcháin’ roimh lá na vótála, pléann Breandán M Mac Gearailt, Máirín Ní Ghadhra, Donncha Ó hÉallaithe agus Seán Tadhg Ó Gairbhí cora an fheachtais agus a bhfuil i ndán dúinn nuair a bheidh an comhaireamh déanta. Pléitear chomh maith a imeallaí is a bhíonn an Ghaeilge i dtoghcháin. Déantar scagadh ar ghealltanais na bpáirtithe faoin teanga agus ar dhuáilcí shaol...

Tuairimí Toghcháin #07 26.11.2024

San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’, sraith podchraoltaí ó 'Tuairisc ó Bhéal’, phléigh Breandán M Mac Gearailt le Dara Ó Cinnéide, Toiréasa Ferris agus Seán Tadhg Ó Gairbhí na torthaí ó phobalbhreith TG4 i ndáilcheantar Chiarraí agus an feiniméan Healy-Rae. An mórán mar a chéile a bheidh dáileadh na suíochán i gCiarraí? An údar díomá do Shinn Féin i gCiarraí torthaí na pobalbhreithe? Agus...

Tuairimí Toghcháin #06 22.11.2024

I bhfochair Mhéabh Ní Thuathaláin ar an eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá aire stáit na Gaeltachta Thomas Byrne agus an t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne. Pléann an bheirt, a d’fhéadfadh a bheith ina n-airí Gaeltachta, nó airí stáit is dóichí, sa gcéad Rialtas eile, géarchéimeanna teanga agus tithíochta na Gaeltachta agus céard a d’fhéadfadh a bheith i ndán don te...

Tuairimí Toghcháin #05 21.11.2024

San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal, pléann Cathal Mac Coille leis an tráchtaire polaitíochta Áine Ní Chiaráin agus an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív torthaí phobalbhreith TG4 i Maigh Eo. An mbuafaidh Fianna Fáil an dara suíochán? An gcabhróidh lucht Fhine Gael le Sinn Féin? Labhraíonn siad chomh maith faoi na scéalta is déanaí ó fheachtas Olltoghchán 24

Tuairimí Toghcháin #04 20.11.2024

San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Cathal Mac Coille pobalbhreith TG4 i nGaillimh Thiar leis an iar-aire stáit Gaeltachta de chuid Fhine Gael, Dinny McGinley, an tráchtaire polaitíochta Áine Ní Chiaráin agus an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin. Agus an baol atá ann go mbeidh Fine Gael fágtha gan suíochán Dála sa chontae den chéad uair le 100 bliain, pléitear deacr...

Tuairimí Toghcháin#03 18.11.2024

San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Méabh Ní Thuathaláin tábhacht na ndísopóireachtaí teilifíse le heagarthóir agus léirmheastóir teilifíse Tuairisc, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Breandán M Mac Gearailt. Labhraíonn siad chomh maith faoi chur chuige na meán aimsir na dtoghchán, na meáin shóisialta agus na roghanna a bhíonn le déanamh ag na meáin Ghaeilge. 

Tuairimí Toghcháin#02 14.11.2024

San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Cathal Mac Coille pobalbhreith TG4 i nGaillimh Thiar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, an léachtóir Norita Ní Chartúir agus an craoltóir Máirín Ní Ghadhra

Tuairimí Toghcháin #01 11.11.2024

Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Méabh Ní Thuathaláin le John Downing. Na scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024 á bplé ag tráchtairí Tuairisc agus aíonna speisialta. Seo an chéad phodchraoladh i Tuairisc Ó Bhéal, sraith nua ag Tuairisc.ie, an tseirbhís nuachta Gaeilge ar líne.

Listen to the TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.