RTÉ Raidió na Gaeltachta
Nuacht a hAon
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.
Author
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Category
Podcast website
Latest episode
Jun 26, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Niall Ó Muilleoir : Tráchtaire agus ainilísí ar pholaitíocht na Stáit Aontaithe. 12.06.2026 4:51
Tá an Iaráin ag déanamh a gcuid críonnachta ar an socrú atá tairgthe ag Uachtarán na Stáit Aontaithe Donald Trump le deireadh a chur leis an gcogadh sa Murascaill. Maíonn Trump go bhfuil an réamh obair ar fad déanta agus go bhféadfaí an conradh a shíniú as seo go ceann cúpla lá.
Cathal Ó Cuaig : Tráchtaire ar ghnóthaí na Spáinne. 12.06.2026 5:27
Inniu tá an Pápa Leon XIV ag tabhairt a chuairt seachtaine chun na Spáinne chun críche sna h-oileáin Chanáracha, áit a dtarraingeoidh sé aird ar riocht na n-inimirceach as an Aifric a théann i mbaol a mbáite le ceann cúrsa a bhaint amach san Aontas Eorpach.
Hugh Hogan : Abhcóide. 12.06.2026 5:53
Inniu a thagann an Comhaontú Tearmainn agus Imirce i bhfeidhm, iarracht ag an Aontas Eorpach caighdeánú a dhéanamh ar an gcóras faoi’na ndéantar próiseáil ar dhaoine atá ag lorg tearmainn san Aontas.
Cuan Ó Seireadáin: Eagraí polaitiúil Raidió na Gaeltachta. 12.06.2026 5:41
Tá sé fógartha ag Cumann Sacair na hÉireann go n’imreofar an cluiche sacair idirnáisiúnta in aghaidh Iosraeil, ag bhí le n-imirt i mBaile Átha Cliath ar an 4ú Deireadh Fómhair, chuig láthair neodrach. Tá an cinneadh cáinte go láidir ag an bhfreasúra.
Nuacht an lae : Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil. 12.06.2026 29:16
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta - Máire de Bhailís. Nuacht an Deiscirt -Aoife Ní Shúilleabháin. Nuacht an Tuaiscirt -Maighréad Ní Annluain. Nuacht an Iarthair-Ríona Ní Mhainín.
Nuacht a'1: Dé hAoine 12 Meitheamh 2026. 12.06.2026 58:35
An barr is deireanaí nuachta.
Rachel De Bhailís : Duine de bhunaitheoirí IMEASC. 11.06.2026 6:57
Inniu sa Dáil, sheol an feachtas IMEASC tuarascáil eacnamaíochta atá ullmhaithe ag an eacnamaí Jim Power. Maíonn Imeasc gur féidir oideachas lán-Ghaeilge a leathnú sa tír seo gan aon chostas breise a chur ar an stát chóras.
Brian Ó Ceallaigh : Ollamh Eacnamaíochta in Ollscoil Bhaile Átha Cliath. 11.06.2026 6:11
Tá ardú 0.25% fógartha ag Banc Ceannais na hEorpa inniu ar a gcuid rátaí úis, mar gheall ar an ráta boilscithe agus ar an ardú ar chostas breosla.
Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta. 11.06.2026 5:02
Tá an Rialtas anseo i mbun plé le rialtas na Breataine faoin gComhlimistéar Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe. Tagann an phlé sna sála ar ionsaí an Luain i mBéal Feirste agus éilimh roinnt pholaiteoirí aontachtacha gur chóir an teorann idir na 6 Chontae agus an stát seo a dhúnadh.
Póilín Ní Chiaráin : Comhfhreagraí Raidió na Gaeltachta, i mBéal Feirste. 11.06.2026 10:36
Aréir, den dara oíche as a chéile bhí círéibeacha in áiteanna éagsúla ar fud na 6 Chontae, áit ar gortaíodh 12 póilíní agus gabhadh sé dhuine dhéag.
Nuacht an lae : Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil. 11.06.2026 28:35
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta - Cáit de Bhailís. Nuacht an Iarthair - Ríona Ní Mhainín. Nuacht an Deiscirt - Conn Ó Muineacháin. Nuacht an Tuaiscirt -Caoimhe Ní Chonchoille.
Nuacht a'1: Déardaoin 11 Meitheamh 2026. 11.06.2026 59:56
An barr is deireannaí nuachta.
Domhnaill Ó Catháin : Abhcóide agus tráchtaire ar chúrsaí polaitiúla na Stáit Aontaithe. 10.06.2026 7:14
Tá imní ar fud na Stáit Aontaithe go bhfuil an tUachtarán Trump ag tarraingt na tíre níos doimhne i gCogadh na Murascaille. Aréir d’ordaigh Trump ruathair mar éiric ar ingearán Meiriceánach a dúirt sé a bhí ionsaithe ag an Iaráin.
Séin Ó Muineacháin TD : Leas chathaoirleach Choiste Iompair an Oireachtais. 10.06.2026 6:27
Ar maidin, tháinig ionadaithe ó Iarnród Éireann os comhair Comhchoiste Oireachtais ar chúrsaí Iompair le ceisteanna a fhreagairt faoi chóras teicneolaíochta a chosain €50 milliún agus nár h-úsáideadh ariamh. Tá an t-airgead díscríofa ag an gcomhlacht.
Póilín Ní Chiaráin : Comhfhreagraí RnaG i mBéal Feirste. 10.06.2026 7:53
Tá cáineadh forleathan déanta ar na círéibeacha a bhí aréir ar fud Thuaisceart Éireann, áit ar scriosadh tithe agus feithiclí. Inniu cuireadh tús leis an bhfiosrúchán reachtúil faoi dhúnmharú an dlíodóra as Béal Feirste, Pat Finucane.
Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG. 10.06.2026 5:07
Sa Dáil ar maidin, cháin an Taoiseach Mícheál Martin agus ceannairí an fhreasúra foréigean na hoíche aréir i mBéal Feirste. Anocht sa Dáil caithfear bhóta ar rúin de chuid an fhreasúra atá ag iarraidh tacaíocht an rialtais le Iosrael a chaitheamh amach ó chomórtais spóirt idirnáisiúnta.
Nuacht an lae : Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil. 10.06.2026 30:25
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Cáit de Bhailís Nuacht an Tuaiscirt Caoimhe Ní Chonchoille Nuacht an Iarthair Séamus Ó Scanláin Nuacht an Deiscirt Conn Ó Muíneacháin.
Nuacht a'1 Dé Céadaoin 10ú Meitheamh 2026. 10.06.2026 59:26
An barr is deireanaí nuachta.
Harry McGee : Comhfhreagraí Polaitiúil leis an Irish Times. 09.06.2026 5:39
Tá Aughinish Alumina an scaglann atá lonnaithe i gContae Luimní le plé inniu ag cruinniú a bheidh ag ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaí Kaja Kallas leis an Taoiseach, Micheál Martin. Tá brú ag treisiú san AE go gcuirfí smachtbhannaí ar thrádáil alumina leis an Rúis. Tá 500 duine fostaithe ag Aughinish Alumina i Luimneach.
Pól Mac Suibhne : Ard Rúnaí Cúnta Cheardchumann Fórsa. 09.06.2026 5:21
Cuireadh obráidí croí ar athló inniu in chúig ospidéal ar fud na tíre mar gheall ar an stailc atá gloite ag tréleathadóirí atá ina mbaill den cheardchumann Fórsa. Deir Fórsa go bhfuil an Feidhmeannas Seirbhíse Sláinte ag sárú breithiúnais ar a son a d’éisigh an Chúirt Oibreachais i mí Eanáir.
Clodagh Ní Mhaolchiaráin : Uachtarán Ghaeloideachas. 09.06.2026 9:36
Tá ‘Córas na ndíolúintí ó fhoghlaim na Gaeilge sa gCóras Oideachais’ á phlé ag Comhchoiste Oireachtas na Gaeilge. Céard iad éilimh Ghaeloideachas?
Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG. 09.06.2026 6:02
Tá Bord Ospidéal an Rotunda taréis géilleadh d’éileamh an rialtais go gcuirfí deireadh leis an gcóir leighis phríobháideach a bhí dá thairiscint ag dochtúirí chomhairleacha san ospidéal. Bua mór polaitiúil don Aire Sláinte Jennifer Carroll McNeill.
Nuacht an lae : Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil. 09.06.2026 29:14
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Máire de Bhailís Nuacht an Deiscirt Aoife Ní Shúilleabháin Nuacht an Tuaiscirt Maighréad Uí Annluain Nuacht an Iarthair Fódhla Ní Bhraonáin.
Nuacht a'1 Dé Máirt 9ú Meitheamh 2026. 09.06.2026 58:18
An barr is deireanaí nuachta.
Nuacht a'1 Dé Luain 8ú Meitheamh 2026. 08.06.2026 58:45
An barr is deireanaí nuachta.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.