Parlaimint na hEorpa

Blúiríní Nuachta

News GA ↓ 250 episodes

Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine. Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa .

Author

Parlaimint na hEorpa

Category

News

Podcast website

octopus.saooti.com

Latest episode

Mar 19, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Blúiríní Nuachta – 08/01/2025 – Gaeilge 08.01.2025

Sracfhéachaint: Tugann na Feisirí cuairt ar an India chun naisc dhigiteacha agus tomhaltóirí a threisiú; beartais chánach agus comhionannas inscne faoi ghrinnscrúdú; forfheidhmiú dhlíthe an Aontais a fheabhsú ar mhaithe le saoránaigh.

Blúiríní Nuachta – 07/01/2025 – Gaeilge 07.01.2025

Sracfhéachaint: ghlac an Pholainn Uachtaránacht Chomhairle an Aontais; Feisirí Eorpacha san India chun naisc dhigiteacha agus tomhaltóirí a threisiú; molann an Pharlaimint ceannaireacht ar chearta na mban.

Blúiríní Nuachta – 20/12/2024 – Gaeilge 20.12.2024

Sracfhéachaint: an tUachtarán Metsola ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar; coistí nua bunaithe ag an bParlaimint a bheidh ag plé le cosaint, sláinte, daonlathas agus tithíocht; ón gcéad lá de mhí Eanáir, tógfaidh an Pholainn ceannas ar Uachtaránacht na Comhairle.

Blúiríní Nuachta – 19/12/2024 – Gaeilge 19.12.2024

Sracfhéachaint: rabhadh ó Uachtarán na Seoirse Salomé Zourabichvili faoi na contúirtí d’AE má thiteann an tSeoirse faoi thionchar na Rúise; dlíthe nua glactha ag an bParlaimint chun dlús a chur le maoiniú an Aontais do théarnamh tar éis tubaiste; Teresa Anjinho ón bPortaingéil tofa mar an tOmbudsman Eorpach ag na Feisirí.

Blúiríní Nuachta – 18/12/2024 – Gaeilge 18.12.2024

Sracfhéachaint: tiocfaidh an Rómáin agus an Bhulgáir isteach i limistéar saorghluaiseachta Schengen an 1 Eanáir 2025; an tionchar geopholaitiúil a bheidh ag díbirt an Uachtaráin Assad as an tSiria; Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta bronnta ag Parlaimint na hEorpa ar María Corina Machado agus Edmundo González Urrutia as Veiniséala.

Blúiríní Nuachta – 17/12/2024 – Gaeilge 17.12.2024

Sracfhéachaint: in Strasbourg amárach, leagfaidh na Feisirí amach na tosaíochtaí atá acu don chéad chruinniú mullaigh eile, a dhíreoidh ar na coimhlintí san Úcráin agus sa Mheán Oirthear; pléifidh siad an chómhargáil agus cleachtais éagóracha maidir le fochonraitheoireacht; bunóidh an Pharlaimint coistí nua a bheidh ag plé le cosaint, sláinte, daonlathas agus tithíocht.

Blúiríní Nuachta – 16/12/2024 – Gaeilge 16.12.2024

Sracfhéachaint: Duais Sakharov le bronnadh ar cheannairí daonlathacha as Veiniséala; Feisirí chun díbirt Assad as an tSiria a phlé; an Pharlaimint chun an chéad Ombudsman Eorpach eile a thoghadh.

Blúiríní Nuachta – 13/12/2024 – Gaeilge 13.12.2024

Sracfhéachaint: Críochnaíonn an tSeachtain um Chomhionannas Inscne le fócas digiteach; leagtar béim in Innéacs Comhionannais Inscne 2024 ar dhul chun cinn mall ar fud an Aontais; pléann na Feisirí todhchaí bheartas comhtháthaithe an Aontais tar éis 2027.

Blúiríní Nuachta – 12/12/2024 – Gaeilge 12.12.2024

Sracfhéachaint: An tseachtain seo, tá na Feisirí ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile; in Strasbourg, bronnfaidh an Pharlaimint Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2024 ar María Corina Machado agus Edmundo González Urrutia; pléifidh na Feisirí mífhaisnéis agus bréagaisnéis ar na meáin shóisialta agus vótálfaidh siad ar chúnamh AE do Bhallstáit a dtéann tubaistí nádúrtha i bhfeidhm orthu...

Blúiríní Nuachta – 11/12/2024 – Gaeilge 11.12.2024

Sracfhéachaint: tabharfaidh an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta aghaidh ar ‘urlár greamaitheach’ i margadh an tsaothair; an Coimisinéir Eorpach um Chomhionannas chun inscne agus sláinte a phlé leis na Feisirí; reáchtálfaidh an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe plé faoi chomhionannas inscne san fheirmeoireacht.

Blúiríní Nuachta – 10/12/2024 – Gaeilge 10.12.2024

Sracfhéachaint: Díríonn Parlaimint na hEorpa aird ar shábháilteacht na mban i spásanna digiteacha le linn na Seachtaine Eorpaí um Chomhionannas Inscne; déanann an Fochoiste um Chearta an Duine Lá Chosantóirí Chearta an Duine a chomóradh le comhdháil ardleibhéil; agus Uachtarán na Parlaiminte, Roberta Metsola, chun bualadh le hUachtarán Phoblacht na Moldóive, Maia Sandu.

Blúiríní Nuachta – 09/12/2024 – Gaeilge 09.12.2024

Sracfhéachaint: tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoiste um Rialú Buiséadach ar an tSaoráid Athchóirithe don Mholdóiv; an tSeachtain Eorpach um Chomhionannas Inscne, príomhshruthú inscne agus an bhearna phá idir na hinscní.

Blúiríní Nuachta – 06/12/2024 – Gaeilge 06.12.2024

Sracfhéachaint: Tá éisteacht á reáchtáil ag an gCoiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint le hArdionadaí AE do Ghnóthaí Eachtracha, Kaja Kallas, faoi chaiteachas taidhleoireachta; éisteacht deiridh maidir leis an athbhreithniú ar an mbuiséad le reáchtáil leis an gCoimisinéir Serafin; tagann an tSeachtain um Chearta Daoine faoi Mhíchumas chun críche i bParlaimint na hEorpa agus éilíonn an Pharlaimi...

Blúiríní Nuachta – 05/12/2024 – Gaeilge 05.12.2024

Sracfhéachaint: Cuireadh moill ar dhlí dífhoraoisithe AE go dtí deireadh 2025; díríonn na Feisirí aird ar na céimeanna ar gcúl ar fud an domhain maidir le cearta na mban; agus scrúdaíonn an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta seirbhísí airgeadais do mhná.

Blúiríní Nuachta – 04/12/2024 – Gaeilge 04.12.2024

Sracfhéachaint: Téann Ceannairí an Aontais go Vársá chun Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais a ullmhú; buailfidh an Fochoiste um Shlándáil agus Cosaint le céad-Choimisinéir Cosanta an Aontais agus suirbhé suaithinseach ón Aontas ar fhoréigean in aghaidh na mban.

Blúiríní Nuachta – 03/12/2024 – Gaeilge 03.12.2024

Sracfhéachaint: Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Christine Lagarde, chun a dara hidirphlé airgeadaíochta den 10ú téarma reachtach a reáchtáil; na Feisirí chun athbhreithniú a dhéanamh ar chearta leanaí ar chomóradh 35 bliain an Choinbhinsiúin um Chearta an Linbh; agus an Coiste Forbartha chun neamhshlándáil bia a phlé le saineolaithe.

Blúiríní Nuachta – 02/12/2024 – Gaeilge 02.12.2024

Sracfhéachaint: Tionólfaidh an Pharlaimint an chéad Idirphlé faoi Shaoráid na hÚcráine ar chlár tacaíochta 50 billiún euro de chuid an Aontais; ról bheartas trádála an Aontais maidir le spleáchais a laghdú agus borradh a chur faoin inbhuanaitheacht; agus an tSeachtain um Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

Blúiríní Nuachta – 29/11/2024 – Gaeilge 29.11.2024

Sracfhéachaint: Lamháil an Pharlaimint breis is EUR 116 milliún i gcabhair d’athshlánú tuilte sa Ghearmáin agus san Iodáil agus d’iarr sí go ndéanfaí ciste dlúthpháirtíochta méadaithe; Éilíonn na Feisirí cuntasacht as neamhrialtachtaí i dtoghcháin chonspóideacha sa tSeoirsia; Pléann na Feisirí agus an Coimisiún cearta leanaí a neartú ar chomóradh 35 bliain de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe.

Blúiríní Nuachta – 28/11/2024 – Gaeilge 28.11.2024

Sracfhéachaint: lamháil Parlaimint na hEorpa Coláiste na gCoimisinéirí; Vótáil na Feisirí ar son bhuiséad AE 2025 agus phléigh siad an spriocdhíriú ar bhonneagar ríthábhachtach Mhuir Bhailt.

Blúiríní Nuachta – 27/11/2024 – Gaeilge 27.11.2024

Sracfhéachaint: Iarann an tUachtarán Metsola go ndéanfadh an Aontas gníomhaíocht níos láidre i gcoinne an fhoréigin ar mhná; athdhearbhaíonn Parlaimint na hEorpa tacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin le linn ionsaí leanúnach na Rúise; pléifidh na Feisirí neartú chearta an linbh tráth chomóradh 35 bliana Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe.

Blúiríní Nuachta – 26/11/2024 – Gaeilge 26.11.2024

Sracfhéachaint: an Pharlaimint le vótáil ar an gCoimisiún Eorpach nua amárach; Vótálfaidh na Feisirí ar bhuiséad AE 2025 agus pléifidh siad torthaí chomhdháil aeráide COP29

Blúiríní Nuachta – 25/11/2024 – Gaeilge 25.11.2024

Sracfhéachaint: tá tús á chur le suí iomlánach nua de Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg inniu. Pléifear an ghéarchéim sa Mheánoirthear; tá na Feisirí leis an tsabaitéireacht ar bhonneagar Mhuir Bhailt a phlé, mar aon le hiarrachtaí chun dul i ngleic le foréigean i gcoinne na mban.

Blúiríní Nuachta – 22/11/2024 – Gaeilge 22.11.2024

Sracfhéachaint: cuirfear tús le suí iomlánach nua de Pharlaimint na hEorpa an tseachtain seo chugainn in Strasbourg; tá Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola i Málta inniu.

Blúiríní Nuachta – 21/11/2024 – Gaeilge 21.11.2024

Sracfhéachaint: Tá na Feisirí ag ullmhú don chéad seisiún iomlánach eile a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn in Strasbourg; Is í an tseachtain seo an tSeachtain Eorpach faoi choinne Laghdú Dramhaíola.

Blúiríní Nuachta – 20/11/2024 – Gaeilge 20.11.2024

Sracfhéachaint: rinne Parlaimint na hEorpa 1,000 lá de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chomóradh; tá na Feisirí ag ullmhú don chéad seisiún iomlánach eile a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn in Strasbourg.

Listen to the Blúiríní Nuachta podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.