RTÉ Raidió na Gaeltachta
An Saol ó Dheas
Clár irise an deiscirt. Cuirtear béim san irischlár seo ar scéalta phobail Ghaeltachta na Mumhan i gCiarraí, i gCorcaigh agus i bPort Láirge.
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Cian Ó Móráin agus Phil Ní Bheaglaoich 24.06.2026 9:37
Tá Cian ar saoire i dTuaisceart na Briotáine agus Phil ag cur fúithi i bPáras, conas tá siad ag déileáil leis an dtonn teasa atá sa tír fé láthair?
Irial Mac Murchú; Príomhfheidhmeannach Nemeton 24.06.2026 14:37
Cearta craoladh na gcluichí Gaelacha mínithe anseo ag Irial Mac Murchú. Clúdaíonn Nemeton timpeall ar 150 cluiche in aghaidh na bliana.
An Saol Ó Dheas 24 Meitheamh 2026 24.06.2026 50:06
Irial Mac Murchú. Cian Ó Móráin agus Phil Ní Bheaglaoich. John Spillane. Sinéad Ní Uallacháin agus Máire Bríd Ní Chualáin
Joanne Rothwell: Cartlannaí Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge 23.06.2026 5:32
Toghcháin Pharlaiminte Phort Láirge 1826 agus a mbain leo, úsáid na Gaeilge lena linn agus seimineár faoi na Toghcháin a bheidh i nDún Garbhán Dé Sathrain an 27ú lá.
Dónal Ó Liatháin: Bainisteoir Údarás na Gaeltachta sa Mhumhain 23.06.2026 11:12
Scéim nua de chuid an Údaráis ar fiú €350,000 é, dírithe ar bhorradh a chur faoin dturasóireacht sna ceantair Ghaeltachta. Ról an Údaráis ó thaobh na tithíochta sa todhchaí.
Seán Ó hArgáin 23.06.2026 10:36
Leabhar nua "Waves of Time" foilsithe ag Scoil Náisiúnta Naomh Fhionáin sa Choireán faoi ghnéithe éagsúla de shaol an cheantair sin, idir spórt, piseoga agus eachtraí staire.
Comhairle don Aimsir Bhreá 23.06.2026 13:33
Fionnuala Ní Mhaoileoin; conas a thugann an feirmeoir seo aire dá hainmhithe san aimsir bhreá. Comhairle ón nDr Conchúir Ó Brosnacháin ar conas aire a thabhairt dúinn fhéinigh
An Saol Ó Dheas 23 Meitheamh 26 23.06.2026 48:25
Fionnuala Ní Mhaoileoin, An Dr. Conchúir Ó Brosnacháin. Seán Ó hArgáin. Dónal Ó Liatháin. Joanne Rothwell.
An Dr Tomás L. Ó Murchú 22.06.2026 5:53
Ag trácht ar na nósanna a bhaineann le Oíche Shin Seáin i gCathair Chorcaí
Deaglán Ó Cuill 22.06.2026 11:37
Beidh leabhar nua dar teideal 'The Road' á sheoladh ag Cumann Caide Ó Céirín Ó Rathaille faoi stair an chumainn ar an Aoine. Labhair Joe Ó Muircheartaigh le Deaglán Ó Cuill fén leabhar agus fén gceangal láidir atá ag an gCumann le Corca Dhuibhne
Johnny Mac Uidhir;Uachtarán Chumann Lucht Tráchtála Chill Áirne 22.06.2026 9:32
Deireadh seachtaine ana ghnóthach eile i gCill Áirne agus cluiche caide eile i Staid an Ghearaltaigh ar an Sathairn. Tá Searmanas Bronnta Saorántachta ar siúl ar an mbaile inniu is amáireach
Tiarnán Ó Duinnchinn, Ailean Domhnallach agus Laoise Kelly 22.06.2026 18:01
Gaol nan Gael.. tá an triú seo ar chamcuairt ceoil go Gaeltachtaí na tíre chun an nasc idir cheol agus amhráin na hÉireann is na hAlbain a cheiliúradh.
An Saol Ó Dheas 22 Meitheamh 2026 22.06.2026 49:47
Tiarnán Ó Duinnchinn, Ailean Domhnallach, agus Laoise Kelly. Johnny MacUidhir. Deaglán Ó Cuill. An Dr. Tomás Ó Murchú
An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 19 Meitheamh 2026 19.06.2026 48:31
Blaiseadh den amhránaíocht agus filíocht a bhí ag an Aeraíocht ag Féile na Laoch 2025.
Pléisiúir Aite an tSaoil! 18.06.2026 8:13
Cad iad na rudaí beaga naifeasacha a thugann ardú croí do Chárthach Mac Craith agus Pax Ó Faoláin.
Cian Crockett agus a athair críonna Tomás Ó Ceallaigh. 18.06.2026 5:37
Tá Cian cáilithe do Chomórtas Náisiúnta Snámha an mhí seo chughainn. Tá a athair críonna Tomás ana mhórálach as an méid oibre a dheineann sé. Caitheann siad ana chuid taistil a dhéanamh toisc nach bhfuil aon linn snámha 25m sa dúthaigh.
Padraigín Ní Chadhla agus Pádraig Innseadúin. 18.06.2026 6:19
Cuirfidh Aisteoirí an tSeanaphobail 'An Bainne sa Bhreac' ar stáitse anocht.
Macdara Mac Donnacha. 18.06.2026 2:18
Dhá thragóid tarlaithe i bPort Láirge an tseachtain seo. Cailleadh an rothaí óg Shane O’ Brien Dé Máirt, agus dúnmharóidh Noreen Daly Dé Luain, agus ana aithne uirthi i nGaeltacht na nDéise.
Donnchadh Gough agus Caoimhín Ó Fearghaíl. 18.06.2026 4:09
Tá an fhéile a bhunaigh Donnchadh 'Tunefest' ar siúl fé láthair i nDún Garbhán.
Comhlucht Forbartha na nDéise. 18.06.2026 15:45
Éachtaint ar an obair a dheineann Comhlucht Forbartha na nDéise le Cabrini de Barra, Micheál Ó Drisleáin, Máire Seó Breathnach agus Tadhg Ó Maoileoin, agus Cabrini ag dul ar scor ó ról an bhainisteora.
An Saol ó Dheas: Déardaoin 18 Meitheamh 2026 18.06.2026 49:37
Donnchadh Gough, Caoimhín Ó Fearghaíl. Cabrini de Barra, Micheál Ó Drisleáin, Máire Seó Breathnach, Tadhg Ó Maoileoin. Macdara Mac Donnacha. Pádraigín Ní Chadhla, Pádraig Innseadúin, Cian Crockett, Tomás Ó Ceallaigh. Pax Ó Faoláin, Cárthach Mac Craith.
Gavin Ó Muirí; Ceannaire le Gasóga na hÉireann. 17.06.2026 7:05
Is duine de cho-ordaitheoirí an deireadh seachtaine é agus gasóga ó cheann ceann na hÉireann ag tabhairt aghaidh ar Chorca Dhuibhne don ndeireadh seachtaine.
Lorcán Mac Mathúna. 17.06.2026 6:54
Tá taispeántas ceoil, amhránaíochta, scéalaíochta agus filíochta nua-chumtha aige, bunaithe ar Chaoineadh Airt Uí Laoghaire.
Pádraic Ó Flatharta. 17.06.2026 10:33
Tá sé aistrithe go Corca Dhuibhne ó Chor na Róin Thoir in Indreabhán. Lean sé leis an bplean a bhí aige fhéin agus a bhean, Máiréad Ní Chearna ó Bhaile na Rátha i nDún Chaoin sula gcailleadh í i Nollaig na bliana 2023.
Cormac Ó Bruic:Stiúrthóir agus Co-Bhunaitheoir an Chomhlucta 'E-Content'. 17.06.2026 11:47
Ag cur síos ar an obair a bhíonn ar siúl aige. Dhá ghradam buaite ag a ghnó le déanaí.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.