Tuairisc
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
Seo chugaibh ‘AN POD SPÓRT’, podchraoladh ina ndéantar plé i nGaeilge ar chúrsaí spóirt.
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Cluichí leathcheannais peile na hÉireann agus an Ghaeilge oifigiúil ar an ‘two pointer’ 08.07.2026 49:12
Caitheann Darren, Pádraic agus Dara súil chun cinn ar bhabhta leathcheannais na chraobh peile na hÉireann – Contae an Lú in aghaidh Mhaigh Eo agus Ciarraí in aghaidh Átha Cliath. Cé a bheidh buacach agus cé a bheidh caillteach? Pléitear cén fáth gur fíor anois an seanchlíche gur ag brath ar thoradh na coimhlinte lár an ghoirt a bhíonn na cluichí. Agus contae Lú i gcluiche leathcheannais na hÉirean...
Na babhtaí leathcheannais – an ann don chás do Ghaillimh agus an Clár? 01.07.2026 1:08:49
Mura stróiceann Gaillimh nó contae an Chláir as a chéile script na mbabhtaí leathcheannais iománaíochta, is iad Luimneach agus Corcaigh a bheidh I bPáirc an Chrócaigh do chluiche ceannais na hÉireann ar an 19 Iúil. Ach an féidir le John Allen nó Pádraic Ó Ciardha cás a dhéanamh do na foirne nach bhfuil mórán ag tabhairt seans dóibh? Pléitear laigí agus láidreachtaí na bhfoirne go léir agus mínítea...
Coirnéal Kurtz na gConallach, tionchar dara dlí na teirmidinimice agus buidéal te thíos sa mhála 24.06.2026 1:06:40
Is ag triall ar Pháirc an Chrócaigh atá na foirne uilig atá fágtha i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann agus Dara Ó Cinnéide i dteannta Sheán Tadhg agus Phádraic chun plé a dhéanamh ar bhabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann. Sular caitheadh súil chun cinn ar an deireadh seachtaine, caitheadh súil siar ar chliseadh na gConallach agus Dún na nGall díbeartha ó chraobh na bliana seo. Ceistítear céard go...
‘Buíochas le Dia go bhfuil áit ann i gcónaí don bhfiántas agus don imirt ón gcroí’ 17.06.2026 1:07:20
Tá Dara Ó Cinnéide i dteannta Darren agus Pádraic ar eagrán na seachtaine de An Pod Spóirt chun súil a chaitheamh chun cinn ar chluichí móra peile an deireadh seachtaine. Beidh ar a laghad ceann de na trí fhoireann is mó atá á lua le Sam Maguire imithe as an gcraobh roimh an tarraingt do na babhtaí ceathrú ceannais agus seaimpíní 2024 agus 2025, Ciarraí agus Ard Mhacha, ag tabhairt aghaidh ar a ch...
Baol Átha Cliath, cosán Chiarraí, fíorthástáil don Iarmhí, an bhaois a bhaineann le bheith ag tabhairt amach… 10.06.2026 54:27
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Corcaigh v Luimneach – ag súil leis an dráma mór nach bhfuil aon script scríofa dó 03.06.2026 57:25
Ní haon iontas é gur cúrsaí iománaíochta atá idir chamáin againn an tseachtain seo ar An Pod Spórt agus an uile dhuine ag súil go mór leis an gcath Chois Laoi idir Corcaigh agus Luimneach i gCúige Mumhan agus cluiche ceannais Chúige Laighean i bPáirc an Chrócaigh, mar a mbeidh Áth Cliath ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh chun Corn Bob O’Keefe a thabhairt leo den chéad uair ó 2013....
Cleití in airde Ard Mhacha, fonn díoltais Lú, Jim McGuinness v na Meáin, Comórtas Peile na Gaeltachta 27.05.2026 49:25
Tá deireadh seachtaine na Cincíse linn, Comórtas Peile na Gaeltachta chugainn agus craobh na hÉireann ag dul i ndéine. Pléann Darren, Pádraic agus Dara eachtraí móra an deireadh seachtaine seo caite, an cath conspóideach i gCill Airne idir Ciarraí agus Dún na nGall san áireamh. Pléitear freisin caidreamh bainisteoirí leis an meáin agus deir Dara go mb’fhéidir go bhfuil leithscéal ag dul ó Jim McGu...
Corcaigh níos fearr as Luimneach a sheachaint go fóill? An Ríocht leonta, agus Dún na nGall ullamh? 20.05.2026 1:04:49
Tá Dara Ó Cinnéide agus John Allen in éineacht linn an tseachtain seo chun féachaint chun cinn ar Chiarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCill Airne agus ar chluichí móra eile peile agus iomána an deireadh seachtaine. Tá neart ábhar cainte eile againn chomh maith. Cad a d’imigh ar Thiobraid Árann, curaidh na bliana seo caite san iomáint? An mbeidh Cill Chainnigh imithe ón gcraobh roimh thús an Mheith...
Áilleacht Chluain Eois, giorraithe na peile, tástáil na dTiobraid Árannach, cruachás na gCat 13.05.2026 59:18
Tá an t-iarbhainisteoir agus iar-imreoir ó Chorcaigh John Allen agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide i dteannta Darren agus Pádraic an tseachtain seo chun féachaint ar chraobhacha na gcúigí sa pheil agus san iomáint. Caitear súil siar ar lá speisialta i bPáirc de hÍde, áit ar imigh muintir Ros Comáin le gealaigh nuair a fuair a bpeileadóirí an ceann is fearr ar Ghaillimh i gcluiche ceannais C...
Ciceanna taobhlíne, cluichí ceannais na gcúigí agus dea-chomhairle ón gCeathrú Rua – ‘cuir dead an ball’ 06.05.2026 55:04
Ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Spórt, pléitear cluichí móra peile an deireadh seachtaine seo chugainn i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht. Insíonn Dara dúinn cad ina thaobh gur dóigh leis go bhfuil luíochán ag teacht ó Chorcaigh i gCill Airne agus móidíonn sé nach caint ‘dhera’ an Chiarraígh atá aige. Níl Pádraic chomh cinnte céanna. Tráchtar ar na buanna atá léirithe ag Ros Comáin i mb...
Tá John Allen agus Dara Ó Cinnéide linn an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar chraobhacha iomána agus peile na gcúigí 29.04.2026 41:05
In éineacht le Darren agus Pádraic ar An Pod Spórt an tseachtain seo, tá an t-iarbhainisteoir agus iar-imreoir ó Chorcaigh John Allen agus an t-iar-imreoir de chuid Chiarraí Dara Ó Cinnéide. Pléitear i dtosach le John scéal na gcraobhacha iomána go n-uige seo agus cluiche mór an deireadh seachtaine seo chugainn idir contae an Chláir agus Luimneach in Inis. Agus Luimneach d’uireasa a gcaptaein, Cia...
Tiobraid Árann i mbaol, dúshlán do Dhún na nGall agus agallamh le Seán Ó Maoilchiaráin 22.04.2026 1:14:31
Tá na craobhacha peile agus iomána faoi lán seoil anois agus cluichí móra ó cheann ceann na tíre romhainn an deireadh seachtaine seo. An tseachtain seo ar ‘An Pod Spórt’ bhí iar-iománaí Chláir, Paul Flanagan, agus iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide in éineacht le Seán Tadhg agus Pádraic chun súil a chaitheamh ar a bhfuil romhainn. San iomáint, tá daoine ag súil go mór leis an gcluiche i gCraobh...
‘Mar iarbhainisteoir ar Chorcaigh, tá faitíos orm...’ 15.04.2026 52:54
Tá an t-iarbhainisteoir idirchontae John Allen linn ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Spórt’ chun féachaint chun cinn ar an chraobh In éineacht le Darren agus Pádraic chun súil chun cinn a chaitheamh ar Chraobh Iomána na hÉireann 2026, tá John Allen, iarbhainisteoir ar Chorcaigh agus Luimneach agus iarimreoir le Corcaigh. Cé a thiocfaidh slán as Cúige Mumhan agus Cúige Laighean i mbliana? Cén...
Caithréim na gConallach, tertius gaudens agus cé a bhuafaidh an tAll-Ireland? 08.04.2026 51:30
An deireadh seachtaine seo a chuirfear tús le craobh peile idirchontae na bliana seo agus cluichí againn ó na ceithre chúige. Tá iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide in éineacht le Darren agus Pádraic chun súil a chaitheamh chun cinn ar an samhradh atá romhainn agus, roimhe sin, chun súil siar a chaitheamh ar na ceachtanna a bhí le foghlaim ón tsraith agus ó bhua cuimsitheach Dhún na nGall sa gclu...
‘Misneach a dhein é sin mar níor chaill fear an mhisnigh riamh é’ 09.01.2026 14:54
San eagrán gearr speisialta seo de ‘An Pod Spórt’ tá Maidhc Sé, rí na dtráchtairí, linn chun labhairt faoina chlub, Cumann Caide na Gaeltachta, atá ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh
Rory, Kate, Troy, David agus an tAmadán Oráiste - a laochra agus a gceachtanna ó 2025 roghnaithe ag criú An Pod Spórt 30.12.2025 1:03:16
In éineacht le Darren Ó Dubhgáin chun féachaint siar ar bhliain mhór spóirt, bhí Dara Ó Cinnéide, John Allen agus Pádraic Ó Ciardha. Roghnaigh siad na scéalta agus na laochra is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu in 2025 agus chaith siad súil chun cinn ar chuid dá bhfuil i ndán dúinn i saol an spóirt an bhliain seo chugainn.
‘Bhí na leaids ag magadh faoi Paudie, go raibh an chaid aige 76 bhabhta agus nár aimsigh sé ach trí phointe’ 31.07.2025 1:05:33
Is iad Ciarraí seaimpíní Chraobh Shinsir Peile na hÉireann 2025 agus linn chun labhairt ar ghaisce na Ríochta tá aoi speisialta, duine de mheitheal bainistíochta na foirne buacaí, Aodán Mac Gearailt. Labhair Aodán ar an aistear a rinne Ciarraí ón lá gur chaill siad in aghaidh chontae na Mí sa Tulach Mhór i lár mhí an Mheithimh go dtí Dé Domhnaigh seo caite. Mar a deir sé féin, is minic gur fearr c...
‘Na fadúdas in aghaidh na n’fheadars’ – eagrán chluiche ceannais na hÉireann le Dara Ó Cinnéide agus John Joe Ó Dochartaigh 22.07.2025 1:03:09
‘Na fadúdas in aghaidh na n’fheadars’ San eagrán speisialta seo de ‘An Pod Spóirt’ Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann 2025 atá faoi chaibidil againn. Inár dteannta tá aoi speisialta againn, John Joe Ó Dochartaigh iarbhainisteoir agus iarimreoir le Dún na nGall a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh craobh na hÉireann don contae den chéad uair i 1992. Deir John Joe lin...
Eagrán speisialta Chluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann le John Allen agus Paul Flanagan 17.07.2025 1:07:07
San eagrán speisialta seo de ‘An Pod Spóirt’ Corcaigh in aghaidh Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann 2025 atá faoi chaibidil againn. Inár dteannta tá beirt aíonna speisialta linn, John Allen ó Chorcaigh agus Paul Flanagan ó chontae an Chláir, beirt a bhfuil taithí mhór ar an lá mór acu. Déantar plé ar thábhacht na ndeasghnátha beaga don imreoir seachtain chluiche ceannais...
Tír Eoghain is taithí na staire, teachtaireacht Jack do Chiarraí, ag taifeadadh ionadaithe na Mí, ag pleanáil do Mhichael Murphy 09.07.2025 1:05:13
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar chluichí ceannais peile na hÉireann agus ar chluiche ceannais Chorn Tailteann. An bhfuil sé i ndán dúinn gurb iad na Ciarraígh in aghaidh na gConallach a bheidh againn i gcluiche ceannais na hÉireann nó an bhféadfadh Tír Eoghain nó c...
Muinín Chorcaí, clisteacht Átha Cliath, taithí na gCat nó seanluachanna Thiobraid Árann - Cé acu is tábhachtaí an deireadh seachtaine seo? 02.07.2025 40:12
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarimreoir agus iarbhainisteoir Chorcaí, John Allen, linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar na cluichí leathcheannais i gCraobh Shinsir Iomána na hÉireann idir Corcaigh agus Áth Cliath agus idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann. Meastar go bhfuil an-seans anois ag Corcaigh Craobh na hÉireann a bhaint ach deir John nach bhfuil Áth Cliath gan seans, cho...
Tiarnúlacht Jack O’Connor, leochaileacht Dhún na nGall agus muinín na Gaillimhe – féasta peile romhainn 26.06.2025 1:03:07
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar fhéasta peile bhabhtaí ceathrú ceannais peile na hÉireann – Dún na nGall in aghaidh Mhuineacháin, Áth Cliath in aghaidh Thír Eoghain, An Ghaillimh in aghaidh chontae na Mí agus Ciarraí in aghaidh Ard Mhacha. Labhraíonn Dara ar an aithne atá aige ar Jack O’Connor mar bhainisteo...
‘Tá an seanchluiche thar n-ais againn’ - Craobh na hÉireann ag dul i bhfeabhas agus an iomaíocht ag dul i ndéine 18.06.2025 1:01:08
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar réamhbhabhtaí ceathrú ceannais peile na hÉireann agus ar na cluichí móra eile a bheidh againn an deireadh seachtaine seo. Bás nó beatha a bheidh i ndán d'fhoirne as seo amach agus labhraíonn muid faoin scóip chun iontais atá i gcontae an Dúin agus iad ag tabhairt aghaidh a...
‘Táim breoite de Chorcaigh’ - comhairle an Chiarraígh do na reibiliúnaigh; Pádraic Joyce leochaileach, Doire an fhoireann is dainséaraí sa tír… 12.06.2025 1:01:08
Tá deireadh seachtaine cinniúnach romhainn i gCraobh Peile na hÉireann agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar na coimhlintí agus chun na ceisteanna móra a phlé. Labhraíonn muid ar dtús faoi na cluichí i nGrúpa 4 agus Doire, Áth Cliath agus Gaillimh i mbaol a ndíbeartha ón gcraobh. Deir Dara gurb í foireann Dhoire an ceann is dainséaraí sa gcraobh agus ag...
John Allen is cluiche ceannais na Mumhan 2013; bearna mhór le dúnadh ag Corcaigh; an-seans ag Gaillimh… 05.06.2025 51:59
Cluichí ceannais na gcúigí san iománaíocht atá faoi chaibidil againn an tseachtain seo agus John Allen, iarimreoir le Corcaigh agus iarbhainisteoir ar Chorcaigh, inár dteannta chun na ceisteanna móra a phlé roimh Chluiche Ceannais Chraobh na Mumhan idir Luimneach agus Corcaigh agus Cluiche Ceannais Chraobh Laighean idir Gaillimh agus Cill Chainnigh. Labhraíonn John linn chomh maith faoi chluiche c...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.