RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tús Áite

News GA ↓ 251 episodios

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

No dejes de visitar la web del podcast y apoyar a su creador: www.rte.ie

Autor

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Categoría

News

Web del podcast

www.rte.ie

Último episodio

16 de oct. de 2026

¿Dónde escuchar?

Podcasts en la app Replaio Radio Muy pronto

Los podcasts llegarán muy pronto a la app. Instálala ahora y sé el primero en descubrir una forma totalmente nueva de vivir los podcasts

Descárgala en Google Play Instálala gratis Android casi 10 M de descargas · valoración de 4,8 iOS muy pronto

Episodios

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 04.09.2026

Scéalta móra polaitíochta an lae á phlé le John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine. 04.09.2026

Phléamar cúrsaí na seachtaine seo le Diarmuid Ó Sé, Iar-Léachtóir An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, agus Críostóir Ó Faolain, Stiúrthóir Choláiste na Rinne.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Katie Taylor i bPáirc an Chrócaigh. 04.09.2026

Cuirfidh an laoch spóirt Éireannach deireadh lena laethanta sa chró dornálaíochta le troid amháin eile i gcoinne an dornálaí Francach Flora Pili oíche amárach i bPáirc an Chrócaigh. Phléamar an imeacht stairiúil seo le Julia Ní Dhubháin, Cóitseálaí dornálaíochta Club Dornálaíochta Chonamara.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Cúnamh Forbartha Thar Lear 04.09.2026

Tá Éire anois san ochtú áit ar domhain ó thaobh cúnamh forbartha thar lear Anuraidh méadaíodh an leathdháileadh don chlár Cúnamh Éireann €36 milliún go €807.0 milliún. Phléamar an scéal seo le Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Síocháin uaidh Putin? 03.09.2026

Dúirt Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go bhfuil seans ann teacht ar chomhaontú chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin, agus dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine Kyiv go raibh sé ag súil le “dinimic nua” sna hiarrachtaí síochána. Phléamar an scéal leis an gCoirnéal Seosamh Mac Donnchadha.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Tuarascáil Aeraide Met Éireann 03.09.2026

Léiríonn tuarascáil ó Met Éireann go raibh an Samhradh seo mar an Samhradh is teo ar an taifead don dara Samhradh as a chéile de réir anailís sealadach ar na sonraí. Bhí sé chinn den 10 Samhradh is teo riamh ann ó 2001 i leith. Bhí An Coirnéal Seosamh Mac Donnchadha.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 03.09.2026

Scéalta polaitíochta an lae á phlé le Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Cuairt Trump 03.09.2026

Ta uachtarán Mheiriceá Donald Trump le cuairt ar Éirinn an tseachtain seo chugainn agus go bhfuil an cuma ar an scéal go mbeidh cruinniú aige leis an Uachtarán Catherine Connolly mar chuid den chuairt sin. Phléamar an scéal le na Úna Ní Bhroiméil, Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Mórshiúil na Fir Bhuí, Bóthar Gharbh Eachaidh. 03.09.2026

D'fhógair an tOrd Oráisteach pleananna do pharáid "theoranta" mar a thug siad air i nDroim Crí, ceann de na bealaí paráide is conspóidí i dTuaisceart Éireann. Bhí an scéal seo a phlé le Ciarán Ó Pronntaigh, iriseoir agus craoltóir.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Síocháin uaidh Putin? 03.09.2026

Dúirt Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go bhfuil seans ann teacht ar chomhaontú chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin, agus dúirt Aire Gnóthaí EAchtracha na hÚcráine Kyiv go raibh sé ag súil le “dinimic nua” sna hiarrachtaí síochána. Phléamar an scéal le    See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 03.09.2026

Na scéalta nuachta ó fud fad na tíre á chur i láthair ag Concubhar Ó Liatháin, Iriseoir ilmheáin le TG4.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Mír na Meán 02.09.2026

Na scéalta atá go mór i mbéal an phobail, á chur i láthair ag Síle Ní Choinceannain, Ollamh Cúnta sa Ghaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Stiúrthóir nua Cheathrú Ghaeilge BÁC. 02.09.2026

Tá an ceoltóir agus an gníomhaí pobal agus Gaeilge Maitiú Ó Casaide ceaptha mar stiúrthóir ar Cheathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath. Tá an Cheathrú Ghaeilge beartaithe do cheantar thart ar Shráid Fhearchair, Sráid Camden agus Sráid Synge, áit a bhfuil roinnt institiúidí agus áiseanna Gaeilge lonnaithe cheana féin. Labhair muid leis faoin ról nua seo.   See omnystudio.com/listener for priv...

Tús Áite: Athrú Aeráide agus Feirmeoireacht. 02.09.2026

Duirt Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe go sárófar ardú 1.5°C ar theocht dhomhanda agus go bhfuil an dúshlán anois “athraithe ón sárú sin a sheachaint go bainistiú a dhéanamh air. Tá cur síos déanta ag na Náisiúin Aontaithe, i measúnú den chéad chineál dá leithéid, ar an gcaoi a bhféadfadh an domhan an méadú ar theocht dhomhanda a thabhairt ar ais go 1.5°C tar éis an spriochloch sin a bheith sá...

Tús Áite: Rialacha nua e-scútair. 02.09.2026

Ón Aoine seo amach, beidh sé éigeantach do dhaoine atá ag úsáid e-scútar clogad agus éadaí so-fheicthe a chaitheamh. Ní thiocfaidh an méadú atá beartaithe ar an íosteorainn aoise ó 16 go 18 mbliana d’aois i bhfeidhm go dtí níos déanaí sa bhliain. Bhí éin Ó Muíneacháin, urlabharaí iompair Fhianna Fáil, inár dteannta chun an scéal a phlé.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Ionsaí na nDrón i Leipzig 02.09.2026

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha tar éis fios a chur ar ambasadóir na Rúise freastal ar chruinniú chun míniú a thabhairt ar thuairiscí faoi bhainta bheith ag an Rúis le hionsaí dróin ag aerfort Leipzig. Tá an tAontas Eorpach le gearán a dhéanamh leis an taidhleoir is sinsearaí de chuid na Rúise sa Bhruiséil mar gheall ar an eachtra. Labhair muid le Seán Ó Ceallaigh, Feisire Eorpach d’Éire Theas Fine...

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 02.09.2026

 Scéalta Polaitíochta an Lae á phlé le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 01.09.2026

Scéalta Polaitíochta an Lae á phlé le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Vóta Fórsa 01.09.2026

Vótáil baill Fórsa ar son mandáit a thabhairt don cheardchumann dul i mbun agóid thionsclaíoch mar chuid dá aighneas pá leis an rialtas. D’fhógair an ceardchumann san iarnóin inniu gur vótáil  96.6 % ar son an mholadh. Phléamar cúrsaí le Paul McSweeney, Leas Ard Rúnaí Fórsa.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Tithe Tábhairne na hÉireann i mbaol. 01.09.2026

Tá teach tabhairne amháin as gach ceithre chinn imithe as gnó ó 2005 i leith de réir tuarascáil nua. An t-eacnamaí Anthony Fley a d’ullmhaigh an tuarascáil thar ceann Ghrúpa Thionscal na nDeochanna in Éirinn. Bhí an scéal seo á phlé againn Eoin Ó Catháin, Stiúrthóir le Cumann Fuisce na hÉireann. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 01.09.2026

Scéalta móra idirnáisiúnta á phlé leis an bPainéal Idirnáisiúnta: Pádhraic Ó Dochartaigh, Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine, agus Alan Titley, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Éire Aontaithe, agus NATO in Éirinn. 31.08.2026

Tá tráchtairí áirithe ag rá le déanaí go bhfuil suim stratéiseach na Breatine arís in Éirinn mar thoradh ar an teannas nua idir an Eoraip agus an Rúis, agus go bhféadfadh go mbeadh an Bhreatain ag iarraidh Tuaisceart na hEireann a choiméad ar mhaith le cúrsaí slándala san Atltantach, agus mar nach féidir braith ar Phoblacht na hEireann mar phairtnéir slándala. Roinn an Painéal á gcuid smaointe ar...

Tús Áite: Scéim infheistíochta Rialtais 31.08.2026

D'fhógair an Rialtas sonraí faoi scéim nua chun spreagadh a thabhairt don phobal infheistiú a dhéanamh. Beidh cuntais infheistíochta faoin scéim ar fáil don phobal go luath an bhliain seo chugainn. Phléamar an scéal leis an bPainéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: SIPTU ag bagairt stailce 31.08.2026

D’fhógair SIPTU go bhfuil a mbaill tar éis vótáil ar son cead a thabhairt don cheardchumann dul i mbun agóid thionsclaíoch agus iad ag tairiscint pá níos fear dá mbaill san earnáil phoiblí. Bhí an scéal seo á phlé againn leis an bpainéal.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Drámaíocht ag an bPicnic Leictreach. 28.08.2026

Beidh aisteoirí ó Chumann Drámaíochta, Ollscoil na Gaillimhe ag léiriú an dráma Coinneáil Orainn le Darach Ó Scolaí sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach i mbliana. Aoir é Coinnneáil Orainn a dhéanann iniúchadh ar mheath na Gaeilge agus ar theipeanna pholasaithe teanga an stáit trí scéal chigire a bhíonn ag cuardach na gcainteoirí dúchais deireanacha. Phléamar é le Bláithín Ní Chatháin, Oifi...

Escucha el podcast Tús Áite en Replaio

Radio y podcasts en una sola app - gratis y sin registro. Instálala hoy y no te pierdas el estreno

Descárgala en Google Play

Replaio no es editor de podcasts; los nombres de los programas, las portadas y el audio pertenecen a sus autores y se distribuyen a través de canales RSS públicos