RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tús Áite

News GA ↓ 251 episodios

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

No dejes de visitar la web del podcast y apoyar a su creador: www.rte.ie

Autor

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Categoría

News

Web del podcast

www.rte.ie

Último episodio

16 de oct. de 2026

¿Dónde escuchar?

Podcasts en la app Replaio Radio Muy pronto

Los podcasts llegarán muy pronto a la app. Instálala ahora y sé el primero en descubrir una forma totalmente nueva de vivir los podcasts

Descárgala en Google Play Instálala gratis Android casi 10 M de descargas · valoración de 4,8 iOS muy pronto

Episodios

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 01.10.2026

Scéalta móra polaitíochta an lae á gcur i láthair ag John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 30.09.2026

Scéalta móra polaitíochta an lae á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Tógáil clainne le Gaeilge ar an Mór-Roinn 30.09.2026

Fuaireamar ríomhphost ó éisteoir sa Ghearmáin tar éis an clár a chraolamar ón mBruiséil le déanaí. Labhair muid leis, Cillian Ó Donnabháin, faoina thaithí ag tógáil ar páistí a thógáil le Gaeilge i Munich na Gearmáine.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Mír na Meán 30.09.2026

Plé ar cad ar fiú breathnú orthu sna meáin, inniu, bhí plé ar na cláireacha 'Aperitíf' agus 'An Grá Ciúin'. Léarmheastóir an lae inniu ná Rónán Ó Muirthile.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Ceisteanna le freagairt ag an FAI 30.09.2026

Déanadh cáineadh géar ar an Cumann Sacar na hÉireann i dtaca leis an gcluiche i gcoinne Iosrael nuair a tháinig siad ós comhairle comhchoiste um Ealaíona, Meáin, Cumarsáid, Cultúr agus Spórt an Oireachtais inniu. Evanne Ní Chuillin, Seanadóir le Fine Gael, ball den gCoiste.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Tógáil clainne le Gaeilge ar an Mór-Roinn 30.09.2026

Fuaireamar ríomhphost ó éisteoir sa Ghearmáin tar éis an clár a chraolamar ón mBruiséil le déanaí. Labhair muid leis, Cillian Ó Donnabháin, faoina thaithí ag tógáil ar páistí a thógáil le Gaeilge i Munich na Gearmáine.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Conspóid Gharbh Eachaidh 30.09.2026

Ar chóir do Conradh na Gaeilge a bheith ag glacadh taobhanna ar choinspóid bhóthair Gharbh Eachaidh? Bhí an cheist seo á phlé againn le Marcus Mac Pháidín, Duine ó chúlra protastúnach i dTuaisceart Éirinn, agus le Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 30.09.2026

Scéalta móra polaitíochta an lae á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 29.09.2026

Na scéalta móra idirnáisiúnta á phlé leis an Dr. Bairbre Ní Chíosáin, Léachtóir in Ollscoil Toulouse, agus Peadar Kirby, Údar agus Ollamh Emeritus le Polaitíocht Idirnaisiúnta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Stampaí nua 'An Post' 29.09.2026

Tá an Post cáinte ag stiúrthóir na feile litríochta Gaeilge IMMRAM as ucht gan aon saothar Gaeilge a chur san áireamh i sraith cúig stampa ag déanamh ceiliúradh ar saothair ficsin Éireannacha. Bhíomar á phlé le Alan Titley, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, agus Críostóir mac Cafraigh, Oifigeach Gaeilge An Post See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Bóthar Gharbha Eachaidh 29.09.2026

Chuaigh Kevin Magee, Iriseoir agus craoltóir, i dteagmháil linn maidir leis an bplé a bhí ar an gclár seo inné faoi chonspóid Dhroim Crí mar gur shíl sé go raibh bearnaí áirithe sa phlé agus mar gur theastaigh uaidh léargas eile a thabhairt ar roinnt de na rudaí a bhí á rá ag Máirin Hurndall ach go háirithe, an tráchtaire ó chúlra Aontachtach a bhí linn ar an gclár inné. See omnystudio.com/listene...

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 29.09.2026

Na scéalta móra polaitíochta á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Comharthaí náireacha 28.09.2026

Phléamar go leor samplaí de chomarthaí scríofa i nGaeilge lofa, samplaí seolta isteach ag éisteoirí.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: FAI agus Iosrael 28.09.2026

Chosain Uachtarán Chumann Sacar na hÉireann Paul Cooke an slí ar láimhséaladh cluiche Léig na Náisiún na hÉireann i gcoinne Iosrael. Bhí plé láidir anseo idir aoínna an phainéil.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Géarchéim Bhóthar Gharbh Achaidh  28.09.2026

Dúirt Cumann Áitritheoirí Gharbh Achaidh gur chóir eadránaí idirnáisiúnta a cheapadh don aighneas maidir le mórshiúil oráisteach sa cheantar. Phléamar an scéal seo lenár bpainéal.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Bóthar Gharbh Achaidh 25.09.2026

Tá cead tugtha ag Coimisiún na Mórshiúlta i dTuaisceart na hÉireann don Ord Oráiste mórshiúil a reáchtáil ar Bhóthar Gharbh Achaidh don chéad uair le hocht mbliana fichid anuas. Phléamar an scéal ó Gearóid Ó Muilleoir, Iriseoir le The Sunday World agus Eagarthóir Sheachtain, agus Breandán Mac Cionnaithe, Cumann Áiritheoirí Gharbh Achaidh.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine. 25.09.2026

Caitheann muid súil siar ar an méid a tharla le linn na seachtaine le John Maguire, Iriseoir agus Tráchtaire i bPáras, agus Siobhán Ní Chualacháin, Abhcóide agus stiúrthóir Taighde leis an gCoimisiún Athchóiriú an Dlí.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Comhairle Lucht Éisteachta RnaG 25.09.2026

An tseachtain seo ag Coiste Meáin an Oireachtais, bhí plé ar Comhairle Lucht Éisteachta Raidió na Gaeltachta, mearbhall ar roinnt baill den choiste maidir le an raibh ceann ann nó nach raibh. Labhair muid le Noel Ó Gallchóir, Cathaoirleach Chomhairle Raidió na Gaeltachta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Comharthaí Ghaeltachta ar lean.. 25.09.2026

Bhí díospóireacht spleodrach ar an gclár inne idir Donncha Ó hÉallaithe, agus Cathal Seoighe maidir le Chomharthaí Gaeltachta i nGaillimh. Phléamar an scéal ceanna ach i mBéal Feirste agus le Jake Mac Siacais, Stiúrthóir Fhorbairt Feirste.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 24.09.2026

Scéalta ó na nuachtáin áitiúla ar fud na hÉireann á chur i láthair ag Eimear McGovern, Iriseoir le The Belfast Telegraph.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Comhairle Lucht Féachana TG4 24.09.2026

Tá sé ar intinn ag an Aire Cumarsáide Patrick Donovan brú ar aghaidh le leasú ar an Acht Craolacháin a cheadódh daoine gan Gaeilge a bheith ar Chomhairle Lucht Féachana TG4. Bhíomar á phlé le Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála do Shinn Féin agus Ball de Choiste an Oireachtais um Ealaíona, na Meáin, Cumarsáid, Cultúr agus Spórt.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Díospóireacht Chomharthaí Gaeltachta 24.09.2026

Tá easaontas faoi chomharthaí Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe, agus malartú tuairimí idir Donncha Ó hÉallaithe agus Coiste Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe. Bhí díospóireacht ann idir Cathal Seoighe, Cathaoirleach Choiste Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe, agus Donnchadh Ó hÉallaithe, Gníomhaí Pobail.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 24.09.2026

Scéalta móra polaitíochta an lae á chur i láthair ag Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuacht RTÉ/TG4.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Mír na Meán 23.09.2026

Phléamar na cláireacha Gaeilge is déanaí ar fiú breathnú orthu, le Brenda Ní Shúilleabháin.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Scannal na Sceithirí 23.09.2026

Éilíodh fiosrúchan neamhspléach sa Seanad aréir maidir le láimhseáil nochtuithe cosanta laistigh den Gharda Síochána. Labhríomar le Iar-Gharda, Gerry Lovett.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Escucha el podcast Tús Áite en Replaio

Radio y podcasts en una sola app - gratis y sin registro. Instálala hoy y no te pierdas el estreno

Descárgala en Google Play

Replaio no es editor de podcasts; los nombres de los programas, las portadas y el audio pertenecen a sus autores y se distribuyen a través de canales RSS públicos