Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

News GD ↓ 111 episodios

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.

No dejes de visitar la web del podcast y apoyar a su creador: podcasters.spotify.com

Autor

Tuairisc

Categoría

News

Web del podcast

podcasters.spotify.com

Último episodio

8 de oct. de 2026

¿Dónde escuchar?

Podcasts en la app Replaio Radio Muy pronto

Los podcasts llegarán muy pronto a la app. Instálala ahora y sé el primero en descubrir una forma totalmente nueva de vivir los podcasts

Descárgala en Google Play Instálala gratis Android casi 10 M de descargas · valoración de 4,8 iOS muy pronto

Episodios

Na 25 leabhar Gaeilge is Fearr le 25 Bliain agus plean dúnmharfach Alan Titley 02.10.2025

Sa dara heagrán den dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann Bridget Bhreathnach, Darach Ó Scolaí, Alan Titley agus Maitiú Ó Coimín plé ar liosta na hirise Comhar de na 25 Leabhar Gaeilge is Fearr le 25 Bliain Anuas agus ar cén fáth go bhfuil an-tábhacht leis mar liosta ach nár cheart é a thógáil ródháiríre. Pléitear chomh maith duais mhór Dharach, an aip léitheoireachta is ansa l...

‘Mionnaím go sollúnta go bhfoghlaimeoidh mé Gaeilge má thoghtar i m’Uachtarán ar Éirinn mé…’ 25.09.2025

Sa chéad eagrán den dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann Bridget Bhreathnach, Máirín Ní Ghadhra, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar thoghchán na huachtaránachta agus ar ghealltanais na n-iarrthóirí faoin nGaeilge. An mbeidh sé ina bhuntáiste ag Catherine Connolly go bhfuil Gaeilge aici, nó an cuma le daoine in ainneoin an teanga a bheith sa bhfaisean?  Pléitear c...

Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Hamilton – ‘Tá an Ghaeilge in uachtar i gcónaí – ní hí an teanga chéanna atá ann, mar ní hé an saol céanna atá ann’ 25.09.2025

Don eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Corcaigh chun labhairt le Pádraig Hamilton, Corcaíoch a bhfuil dlúthcheangal aige le Corca Dhuibhne agus le Dún Chaoin go háirithe ó thosaigh sé ag dul ann sna caogaidí.  Labhraíonn Pádraig ar an nGaeltacht mar a bhí agus mar atá, ar na pearsana móra a raibh aithne aige orthu i nDún Chaoin, agus ar chúrsaí litríochta ag...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Gearóid Ó Tuathaigh– ‘Tá na maistíní i gceannas, tógfaidh sé tamall iad a bhogadh’ 18.09.2025

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go stiúideo Tuairisc i mBearna na Gaillimhe chun labhairt le Gearóid Ó Tuathaigh, ó Luimneach ó dhúchas, a bhí ina ollamh le stair in Ollscoil na Gaillimhe agus atá ar dhuine de mhórstaraithe na hÉireann. Agus toghchán uachtaránachta ar na bacáin, labhraíonn an tOllamh Emeritus le Stair faoi ról traidisiúnta an uachtaráin agus...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Darán Ó Droma - 'Tá mé ar mo seachtú nó ochtú súil, tá cúpla ceann acu fós sa tarraiceán' 11.09.2025

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Ceann Heilbhic sna Déise chun labhairt le Darren Ó Droma faoin tragóid a sciob léi beirt chairde leis agus a spreag é chun tús a chur le snámh carthanachta. Labhraíonn sé le Helen faoin gcumhacht a bhaineann le spiorad pobail agus leis an gcairdeas. Labhraíonn Darren chomh maith faoin timpiste ar pháirc na himeartha a d...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Eamon O Siochrú - 'Níor cheart sin á thógáil as an Liobáin, tá imní orm gur Gaza eile a bheidh ann' 04.09.2025

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Luimneach chun labhairt le hÉamon Ó Siochrú, ó Bhaile an Ghóilín i gCorca Dhuibhne ó dhúchas, a chaith trí thréimhse ar dualgas sa Liobáin nuair a bhí sé in arm na hÉireann, in 1981-82, 1985-1986 agus in 2007-2008. Labhair an t-iarchoirnéal agus iarthaidhleoir le Helen faoi na tréimhsí sin agus faoin gcinneadh a dhein n...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Jack O’Connor - 'Bainfidh mé triail amháin eile as...beidh galar na caide go deo orm' 26.08.2025

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le bainisteoir fhoireann peile Chiarraí Jack O’Connor a bhfuil cúig chraobh na hÉireann buaite aige, ceann na bliana seo ina measc. Chuaigh Helen go dtí Uíbh Ráthach a dhúchais chun labhairt le Jack díreach roimh an bhfógra oifigiúil go mbeadh sé ag fanacht mar bhainisteoir ar a chontae. Labhraíonn siad faoin gcinneadh sin,...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hAndrea Palandri – ‘Bhí Gaoluinn agus ceol agam — bhí ‘camouflage’ maith orm!’ 21.08.2025

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le hAndrea Palandri, ceoltóir agus scoláire a bhfuil a chlann á tógáil trí Ghaeilge agus Iodáilis i gCorca Dhuibhne San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen leis an Iodálach Andrea Palandri, ceoltóir agus scoláire atá ag cur faoi i gCorca Dhuibhne. Labhraíonn siad faoina shuim sa seanstair...

Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Colm Mac Con Iomaire - ‘Teach dátheangach a bhí ann, bhí Gaeilge ann agus bhí ceol ann’ 14.08.2025

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Colm Mac Con Iomaire, ceoltóir agus cumadóir as Baile Átha Cliath, faoina shaol ag plé leis an gceol, faoi bhunú na mbannaí Kíla agus The Frames agus faoi bheith ar chamchuairt le Bob Dylan. Is ar stáitse in áiteanna ar nós an Sydney Opera House agus an Hollywood Bowl a bhí The Frames agus iad i mbarr a réime ach déanann...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Bríd Ní Neachtain – ‘I Ros Muc a fhaighim inspioráid – siad mo mhuintir féin iad’ 07.08.2025

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Bríd Ní Neachtain, an sár-aisteoir as Gaeltacht Chonamara, faoi cheird na haisteoireachta agus saol an aisteora, faoi thábhacht agus áilleacht na Gaeltachta, faoi Ros Muc agus Broadway, TG4 agus Amharclann na Mainistreach.   Pléann siad na difríochtaí idir obair stáitse agus obair scáileáin agus an borradh atá faoi scann...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hÁine Uí Fhoghlú – ‘Bhí léachtóirí ann nár chreid go raibh an Ghaelainn fós againn sa Rinn’ 31.07.2025

Eagrán #6: San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le hÁine Uí Fhoghlú ón Rinn, file, poblachtánach agus gníomhaí ar son na gceart, faoi chás na Gaeltachta agus na teanga, faoi cheird na filíochta, faoina muintir agus a cúlra agóidíochta agus faoi cad a chiallaíonn an poblachtánachas di. Labhraíonn sí faoina tréimhse ag obair mar chraoltóir i gCorca Dhuibhne, an...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Máirín Ceárnaigh 24.07.2025

Eagrán #6: ‘Cé a ghabh an doras isteach chugam ach garsúinín Pheats Tom?’ Cailleadh le déanaí Mairéad Ní Chearnaigh, a bhí 102 bliain d’aois, an bhean dheireanach a mhair ar saolaíodh ar an mBlascaod Mór í. Labhraíonn a neacht Máirín Ní Chearnaigh le Helen faoina haintín agus faoi dheireadh a bheith tagtha le ceangal dlúth áirithe le saol atá imithe. Labhraíonn Máirín faoina saol féin, faoina muin...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Ciarán Dawson – ‘Ní thuigeann an Tuaisceart an Deisceart ach oiread’ 17.07.2025

Eagrán #5: ‘Ní thuigeann an Tuaisceart an Deisceart ach oiread’ Sa chúigiú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an Dr Ciarán Dawson as Béal Feirste, léachtóir Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus iarbhall den IRA a chaith sé bliana i bpríosún le linn na dTrioblóidí. Pléann Helen le Ciarán an cogadh ó thuaidh, saol an p...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Angela Bourke – ‘Tá mé tagtha, b’fhéidir, ar ath-thuiscint ar mharú Bridget Cleary’ 10.07.2025

Eagrán #4: ‘Tá mé tagtha, b’fhéidir, ar ath-thuiscint ar mharú Bridget Cleary’ Sa cheathrú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an scoláire agus údar aitheanta Angela Bourke faoina leabhar cáiliúil The Burning of Bridget Cleary: A True Story, saothar ceannródaíoch faoi mharú mná i dTiobraid Árann 130 bliain ó shin. In 1895 d’imigh...

An Spailpín, an seanchas agus an spórt 03.07.2025

Sa tríú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, tá Helen ag labhairt leis an iarchraoltóir Micheál Ó Sé faoina bhfód dúchais, Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne.  Déanann Micheál cur síos ar stair na háite, ar chuimhní óna óige agus ar dhaoine ón mbaile a bhain cáil amach, bíodh sin leis an gcaid nó leis an bpeann. Tá leabhar á scríobh ag Micheál faoi dhuin...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Peadar Ó Lionáird, fear ‘Folláin’ 26.06.2025

Eagrán #2 ‘Subh agus seodóireacht’ Sa dara heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, tá Helen i gCúil Aodha chun labhairt le Peadar Ó Lionáird, faoi shlán á fhágáil lena chomhlacht cáiliúil suibhe ‘Folláin’ agus aghaidh a thabhairt ar an tseodóireacht. Labhraíonn Helen le Peadar faoi chúrsaí gnó, faoin rath a bhí ar ‘Follaín’, faoi cad is saibhreas ann, fao...

'Scéal maith, ní bhuafadh faic é’ –podchraoladh ag Helen Ní Shé agus ‘Mo chara’ sa chúirt i Londain 19.06.2025

Tá an craoltóir Helen Ní Shé agus an t-abhcóide agus ceoltóir Méabh Smyth i dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun labhairt faoi shraith nua agallamh Helen do Tuairisc, ‘Paiste Cainte…’ agus cás cúirte Liam Óg Ó hAnnaidh ó Kneecap i gCúirt Dúiche Westminster i Londain. Ar deireadh, agus criú ‘An Pod Gaeilge’ ag tógáil sos samhraidh, is ábhar iontais dóibh gur éirigh leo 19 eagrán a...

An Pod Gaeilge – ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Seán Mac an tSíthigh… 19.06.2025

Eagrán #1 – ‘Ag cur Gaeilge ar na réalta…’   Tá áthas ar ‘An Pod Gaeilge’ le Tuairisc tús a chur le ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’, sraith nua agallmah ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Sa chéad eagrán déanann Helen paiste cainte leis an iriseoir Seán Mac an tSíthigh. Tá scéal diamhair álainn le hinsint ag Seán do Helen faoina shuim sa seanchas agus i réalt...

An difríocht idir Béarla is Gaeilge na hArdteiste, díol Arramara agus an státseirbhíseach macánta 13.06.2025

Tá Máirín Ní Ghadhra I dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun ceisteanna beaga fánacha agus ceisteanna móra fealsúnacha an tsaoil a phlé. Pléitear an difríocht mhór idir scrúdú Béarla na hArdteiste agus an scrúdú Gaeilge, scéal fada dhíol an chomhlachta feamainne Gaeltachta, Arramara, agus, an rud is annamh is iontach, státseirbhíseach os comhair choiste Oireachtais na Gaeltacha ag...

Fliuch báite ag déanamh na hArdteiste, geáitsí Geert Wilders agus ciste fhógraí RnaG 05.06.2025

I dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun mórcheisteanna na hEorpa agus mioncheisteanna na hArdteiste a phlé tá an craoltóir agus iriseoir Máirín Ní Ghadhra agus an t-iriseoir agus údar Alex Hijmans, atá linn ón Ísiltír. Pléitear titim rialtas na hÍsiltíre, agus dul chun cinn na heite fíordheise ar fud na hEorpa. Caitear súil chomh maith ar an Ardteist agus tugann Alex marc dúinn dá...

Ag gáirí faoi chaint Mháirtín Uí Chadhain ar an WhatsApp agus ‘carnabhal mearbhaill’ Kneecap 29.05.2025

I dteannta chriú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá Colm Ó Cuaig, duine d’eagarthóirí ‘Dúchan’, leabhar nua de bhlúirí ó fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain. Pléitear cúlra an leabhair, an chraic a bhaineann le caint an Chadhnaigh agus an tábhacht atá le caomhnú shaibhreas na Gaeilge. Caitear súil chomh maith ar chás Sue Pentel, bean 72 bliain d’aois a gabhadh i mBéal Feirste ag agóid ar son mhuintir n...

‘Sí Ráth Chairn an Ghaeltacht bheag a bhfuil croí mór inti’ 22.05.2025

Gaeilge’. An t-aon locht atá ar Ráth Chairn ná nach féidir é a fhágáil a deir Ciarán Ó Fátharta le Bridget Bhreathnach agus é in éineacht le Máirtín Ó Méalóid, Liam Mac Cóil agus Brídóg Ní Chonaire don eagrán speisialta seo. Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc....

Béarla amháin ar earraí bia, Leon agus Leo, Gaeilge gan chiall… 15.05.2025

Idir pholasaí ‘Béarla amháin’ an Rialtais, ainm Gaeilge an Phápa agus Gaeilge a chodail amuigh na bpreasráiteas tá neart ábhar cainte an tseachtain seo ag criú ‘An Pod Gaeilge’ ó Thuairisc Ó Bhéal. San eagrán is déanaí, tá Breandán Mac Gearailt, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí i dteannta Bhridget Bhreathnach chun plé a dhéanamh ar chuid de scéalta na seachtaine. Podchraoladh é ‘An Pod Ga...

An samhradh sa Ghaeltacht – ná bí ag smaoineamh faoi na cnoic, bí ag smaoineamh leo… 08.05.2025

San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Dara Ó Cinnéide, Fiona Ní Fhlaithearta, Rónán Ó Dochartaigh agus Maitiú Ó Coimín i dteannta Bhridget Bhreathnach chun plé a dhéanamh ar an samhradh sa Ghaeltacht, an gá le cuairteoirí a mhealladh agus an dúchas a chosaint ag an am céanna. Pléitear chomh maith na rudaí is fearr le déanamh sna cheantair Ghaeltachta éagsúla, an draíocht...

Cá bhfuil an fhírinne i gconspóid Kneecap? 02.05.2025

San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal tá Póilín Ní Chiaráin, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí i dteannta Bhridget Bhreathnach chun plé a dhéanamh ar chonspóid Kneecap, ar fhoclóir nua ríme don Ghaeilge agus ar an bhfoghlaimeoir cáiliúil is déanaí atá againn…

Escucha el podcast AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal en Replaio

Radio y podcasts en una sola app - gratis y sin registro. Instálala hoy y no te pierdas el estreno

Descárgala en Google Play

Replaio no es editor de podcasts; los nombres de los programas, las portadas y el audio pertenecen a sus autores y se distribuyen a través de canales RSS públicos