Parlaimint na hEorpa
GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr
Tionscnaimh nua le haghaidh Aontas Eorpach feabhsaithe Tugann an podchraoladh seo eolas faoi thionscnaimh éagsúla atá ceaptha freastal ar na saoránaigh ó thaobh gach a mbeidís ag súil leis i reachtaíocht fheabhsaithe san Aontas. Tá sé bunaithe ar thaighde ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa agus pléann sé topaicí atá chun tosaigh i gcúrsaí reatha na hEorpa: beartais shóisialta, athrú aeráide, teicneolaíochtaí nua, cearta tomhaltóirí, an caidreamh idirnáisiúnta agus an geilleagar, chomh maith le nithe eile. Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin...
Autor
Parlaimint na hEorpa
Categoría
Web del podcast
Último episodio
6 de dic. de 2024
¿Dónde escuchar?
Podcasts en la app Replaio Radio Muy prontoLos podcasts llegarán muy pronto a la app. Instálala ahora y sé el primero en descubrir una forma totalmente nueva de vivir los podcasts
Episodios
I dtreo ‘cór gníomhaíochta aeráide’ don aos óg san Eoraip 06.12.2024 7:39
Is mian le beirt as gach triúr ógánach san Eoraip cur leis an aistriú glas ina bpoist. Níl na scileanna glasa ag 45% d’Eorpaigh óga chun é sin a dhéanamh, áfach. Ba cheart go mbeadh na scileanna agus an t-eolas ábhartha ag an aos óg chun gníomhú ar son na haeráide. Is é a bheadh i scéim ‘cathracha glasa Erasmus’ ná obair dheonach agus cúrsaí oiliúna íoctha a sholáthar do dhaoine óga i dtionscadail...
Deireadh a chur le heipidéim VEID faoi 2030 29.11.2024 6:43
Sna 1980idí, ba víreas marfach é VEID. Anois, is fadhb shláinte é ar féidir déileáil léi, a bhuí le dul chun cinn domhanda sa chóireáil agus sa chosc. Ionfhabhtaíodh níos mó ná 88 milliún duine ar fud an domhain agus cailleadh 42 mhilliún duine go dtí seo. Faoi láthair, tá thart ar 40 milliún duine ag maireachtáil le VEID, agus meastar go gcónaíonn 810 000 díobh san Aontas. Cé go n-eagraítear córa...
An Creat Airgeadais Ilbhliantúil 22.11.2024 6:58
Go bunúsach, is é an creat airgeadais ilbhliantúil plean buiséadach fadtéarmach an Aontais Eorpaigh. Socraíonn sé tosaíochtaí agus teorainneacha caiteachais an Aontais do thréimhsí a mhaireann roinnt blianta, chun a chinntiú go bhfuil acmhainní airgeadais an Aontais de réir a spriocanna polaitiúla agus eacnamaíocha. Leagann an creat airgeadais ilbhliantúil amach an struchtúr do bhuiséid bhliantúla...
Cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte 15.11.2024 8:27
Tá meabhairshláinte láidir agus folláine ríthábhachtach do chách chun saol ceart a chaitheamh, chun barr a gcumais a bhaint amach, chun cur go gníomhach lena bpobail agus chun dul i ngleic le strus agus dúshláin. Déanann an tAontas Eorpach a dhícheall a chinntiú nach bhfágtar aon duine ar lár agus go mbíonn rochtain chomhionann ag daoine ar sheirbhísí meabhairshláinte ar fud an Aontais. Tá i bhfad...
I dtaobh straitéis Eorpach do dhaoine scothaosta 08.11.2024 7:15
Tá athrú déimeagrafach ag teacht ar an Eoraip nach raibh ann riamh cheana. Faoi 2050, beidh beagnach trian de dhaonra an Aontais os cionn 65 bliana d’aois. Rachaidh daonra an Aontais atá ag aosú i bhfeidhm ar réimsí éagsúla: cúram sláinte, leas sóisialta, margadh an tsaothair agus an geilleagar. Díríonn beartais an Aontais do dhaoine scothaosta ar roinnt príomhréimsí: aosú gníomhach, cuimsiú sóisi...
An tslí a dtacaíonn an tAontas leis an turasóireacht ar fud na hEorpa 25.10.2024 6:26
Tá an turasóireacht ar na tionscail is beomhaire san Aontas Eorpach: tugann sí daoine le chéile, cuireann sí an tuiscint chultúrtha chun cinn agus cothaíonn sí fás eacnamaíoch. Conas a thacaíonn an tAontas leis an turasóireacht, conas a fheabhsaíonn sé í agus conas a chinntíonn sé go mbíonn taisteal níos inbhuanaithe, níos inrochtana agus níos tairbhiúla do chách?
Fís Eorpach: Ar thús nuálaíochta a bhuí leis an taighde san Aontas Eorpach 01.10.2024 8:37
Tá an clár Fís Eorpach ar an gclár taighde agus nuálaíochta is mó san Aontas Eorpach, agus tá buiséad EUR 95.5 bhilliún aige don tréimhse 2021-2027. Ní clár cistiúcháin, agus é sin amháin, é: is léiriú é ar thiomantas an Aontais i leith sármhaitheas eolaíochta a chur chun cinn, i leith nuálaíocht a chothú agus i leith dul i ngleic le dúshláin shochaíocha i dtíortha an Aontais. Tríd an gclár uaillm...
Ag bogadh i dtreo soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe 16.09.2024 7:51
Is imeacht bliantúil í an tSeachtain Eorpach um Shoghluaisteacht a bhíonn ar siúl ón 16 go dtí an 22 Meán Fómhair. Is é is aidhm don tseachtain sin sláinte phoiblí agus caighdeán na beatha a fheabhsú trí shoghluaisteacht ghlan agus iompar uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn. An téama atá ann do 2024 ná ‘Spás Poiblí Comhroinnte’. Bíonn an-tairbhe don tsochaí ag roinnt le spás poiblí comhroinnte....
Cad é an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna, nó ECTS? 30.08.2024 5:42
Is uirlis é an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna, nó ECTS, a úsáidtear i Limistéar Eorpach an Ardoideachais chun cúrsaí staidéir agus oideachais a dhéanamh níos trédhearcaí. Le ECTS, bíonn sé níos fusa cáilíochtaí a aithint ar fud na hEorpa agus bíonn mic léinn in ann gluaiseacht idir tíortha.
Ar thóir uisce glan: straitéis an Aontais chun sláinte an uisce a athbhunú 05.08.2024 4:47
Is rud ríthábhachtach don bheatha é an t-uisce. Coimeádann sé ár n-éiceachórais ag imeacht, is bonn taca don talmhaíocht é agus is rud an-tábhachtach é don chine daonna agus dár riachtanais is bunúsaí. Is dúshlán suntasach domhanda é truailliú an uisce fós. Tá ábhair thruaillithe amhail dramhaíl thionsclaíoch, fuíolluisce talmhaíochta agus truailliú plaisteach ag díghrádú ár limistéar uisce, rud i...
Cosaint an aigéin - tá sé in am gníomhú 29.07.2024 6:31
Bímid go léir ag brath ar an aigéan chun maireachtáil. Ach déanann formhór dínn talamh slán de agus dearmadaimid go minic go dtugann sé an bia a ithimid agus go leor den ocsaigin a análaimid dúinn. Mar sin féin, go dtí seo, is beag rialú a rinneadh ar an aigéan agus níor cosnaíodh an bhithéagsúlacht mhuirí atá ann. Mar gheall air sin, éascaíodh cleachtais neamh-inbhuanaithe, iascaireacht neamhdhle...
Dídeanaithe agus géarchéimeanna daonnúla 05.07.2024 5:45
Ag deireadh mhí Aibreáin 2024, bhí níos mó ná 120 milliún duine ar fud na cruinne a easáitíodh go héigeantach mar gheall ar ghéarleanúint, coinbhleachtaí, foréigean agus sáruithe ar chearta an duine. Is ionann é sin agus níos mó ná duine amháin as gach 69 nduine. Tá níos mó ná 43 mhilliún dídeanaí ina measc. Tá na milliúin daoine gan stát ina measc chomh maith, a diúltaíodh náisiúntacht dóibh. Is...
Cabhrú le FBManna Eorpacha lán a gcumais a bhaint amach 28.06.2024 5:42
Is cnámh droma gheilleagar an Aontais Eorpaigh iad fiontair bheaga agus mheánmhéide, amhail báicéirí, gruagairí, siopaí bláthanna agus siopaí leabhar. Is ionann iad agus 99% de ghnólachtaí an Aontais agus níos mó ná leath dár n-olltáirgeacht intíre. Ach, go minic, bíonn ar FBManna aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a chuireann a seasamh sa mhargadh i mbaol.
Sábháilteacht bia san Aontas 10.06.2024 1:00
Is é is aidhm don sábháilteacht bia ná ardleibhéal cosanta a chinntiú do shláinte agus beatha an duine. Clúdaítear roinnt gnéithe ann, sláinteachas bia, lipéadú, pacáistiú agus inrianaitheacht táirgí ina measc. Gach bliain, éiríonn 600 milliún duine tinn le 200 cineál tinnis ar féidir iad a tharchur trí bhia. Déanann an tAontas Eorpach iarracht na tinnis seo a chosc le cuid de na caighdeáin sábhái...
Lá Domhanda an Chomhshaoil 2024 07.06.2024 4:41
An cúigiú lá de Mheithimh, déanaimid ceiliúradh ar Lá Domhanda an Chomhshaoil. Le caoga bliain, tá sé ar cheann de na hardáin domhanda is mó i dtaobh an chomhshaoil. Gach bliain, bíonn na mílte duine, rialtais, cuideachtaí, cathracha agus eagraíochtaí pobail páirteach ann. In 2024, tionólann an Araib Shádach an fócas ar athchóiriú talún, fairsingiú fásaigh agus athléimneacht triomach faoi #Generat...
Idirdhealú i gcoinne daoine LADTIA a chomhrac 31.05.2024 6:26
Ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag gach aon duine maireachtáil mar is mian leo féin agus grá a thabhairt dá rogha daoine gan aon eagla. Ach déantar idirdhealú ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha agus aiteacha fós i gceantair éagsúla ar domhan, agus san Eoraip chomh maith. Caitheann an tAontas an-dúthracht leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe. Éist l...
Pailneoirí a chosaint 24.05.2024 5:59
Tá ról bunúsach ag feithidí pailnitheacha inár n-éiceachóras, ach tá bagairtí éagsúla os a gcomhair: an t-athrú aeráide, caillteanas gnáthóg, lotnaidí agus dianfheirmeoireacht ar bharra aonair. Mar thoradh ar na bagairtí sin, tá meath suntasach ag teacht ar phailneoirí fiáine agus bainistithe araon, ainneoin a thábhachtaí atá siad dár bhfolláine agus don dúlra. Tá an tAontas ag obair chun gach pai...
Naoú téarma reachtach Pharlaimint na hEorpa 17.05.2024 7:58
Bhí tionchar suntasach ag paindéim dhomhanda COVID-19 agus cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar chlár oibre Pharlaimint na hEorpa sa naoú téarma parlaiminteach dá cuid. Agus í ag dul i ngleic le géarchéim shláinte agus dúshláin gheopholaitiúla le linn a naoú téarma parlaiminteach, dhírigh an Pharlaimint ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach chun athléimneacht an Aontais a fheabhsú ag...
Straitéis Foraoiseachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 21.03.2024 5:09
Tá an tAontas ar cheann de na réigiúin ina bhfuil an líon is mó foraoisí ar domhan: tá timpeall 40% dá thailte clúdaithe le foraoisí. Tá foraoisí ríthábhachtach dár sláinte agus folláine, agus do shláinte an phláinéid. Tá saibhreas bithéagsúlachta iontu agus tá an-tábhacht leo sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Is eol don Aontas a thábhachtaí atá ról na bhforaoisí dár dtodhchaí. Is é sin...
Comhrac an Aontais ar son chearta na mban 07.03.2024 6:34
Déantar Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh gach bliain an 8 Márta chun a bhfuil bainte amach ag mná a aithint agus chun aird a tharraingt ar chearta na mban. Is deis í an ócáid chun feasacht a mhúscailt faoi cheisteanna amhail comhionannas inscne, cearta atáirgthe, agus an comhrac i gcoinne an fhoréigin agus mhí-úsáid na mban. Ba chroíluach agus croíchuspóir de chuid an Aontais Eorpaigh i gcón...
An Cárta Míchumais Eorpach 04.03.2024 6:01
Tá an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach dírithe ar dhul i ngleic leis na constaicí a bhíonn roimh dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag taisteal san Aontas lasmuigh dá dtír féin. Tá na cártaí seo deartha chun cruthúnas aitheanta ar a stádas míchumais a sholáthar do shealbhóirí, agus déanann na cártaí seo rochtain ar sheirbhísí a chuíchóiriú, saorghluaiseacht a chur chun cinn agu...
Cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine 24.02.2024 8:57
Ó chuir an Rúis tús le lán-ionradh neamhdhleathach ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, tá an tAontas tar éis tacú le Cív trí cháineadh a dhéanamh ar ionsaitheacht na Rúise, smachtbhannaí a ghearradh ar na daoine atá freagrach as an gcogadh agus tacaíocht airgeadais agus nithiúil a thabhairt don tír.
Ná glacaimis le ciorrú ball giniúna ban 09.02.2024 7:00
Sa téarma ‘ciorrú ball giniúna ban’, áirítear gach gnáthamh a athraíonn baill ghiniúna ban nó a dhéanann dochar dóibh d’aon ghnó ar chúis nach mbaineann le cúrsaí leighis. Déantar é ar chúiseanna cultúrtha, reiligiúnacha agus uaireanta ar chúiseanna sóisialta, ach níl aon tairbhe ag baint leis don tsláinte. Ní hamháin sin, ach is féidir leis éifeachtaí tromchúiseacha láithreacha agus fadtéarmacha...
Plean Sáraithe Ailse na hEorpa 02.02.2024 5:55
Is í an ailse an dara cúis bháis is mó san Aontas tar éis galair chardashoithíocha. Gach bliain, faightear amach go bhfuil an galar sin ar nach mór 3 mhilliún duine, agus cailltear 1.2 milliún duine dá bharr. Cé gurb iad Ballstáit an Aontais atá freagrach go príomha as beartais sláinte, tá an comhrac i gcoinne na hailse ar cheann de thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh.
Méadú an Aontais Eorpaigh: an chaoi a n-oibríonn an próiseas 29.01.2024 3:51
Is aontas polaitiúil agus eacnamaíoch é an tAontas Eorpach ina bhfuil 27 mBallstát, ach tá iarratas déanta ag roinnt tíortha teacht isteach san Aontas. Faoi láthair tá naoi dtír is iarrthóirí ann. Ach tá an próiseas chun stádas mar Bhallstáit a bhaint amach fada agus casta.
Replaio no es editor de podcasts; los nombres de los programas, las portadas y el audio pertenecen a sus autores y se distribuyen a través de canales RSS públicos