Tuairisc
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…le Liadh Ní Riada: ‘Do theipeas i maths san Ardteist agus do chríochnaíos suas mar chomhordaitheoir ar choiste an bhuiséid san Eoraip’ 08.07.2026 47:50
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ is in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh i nGaeltacht Mhúscraí atá Helen agus í i mbun comhrá le Liadh Ní Riada, bainisteoir an ionaid. Chaith Liadh tréimhse ina Feisire Eorpach i bParlaimint na hEorpa ach tá a cúl tugtha aici le saol na polaitíochta anois agus gan aon rún aici seasamh d’oifig phoiblí arís. Labhair sí le Helen fa...
‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…le Sorcha Ní Chatháin: ‘Bhíodh náire ar dhaoine labhairt faoi aon rud mar seo, ach tá rudaí athraithe…’ 30.06.2026 54:04
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ ar Tuairisc Sorcha Ní Chatháin, Príomhoide Bhunscoil an Ghleanna i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh atá i dteannta Helen. Bhí an scoil i mbéal an phobail mar gheall ar an bhfeachtas a troideadh sa phobal leis an scoil a choimeád oscailte, aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach di agus pátrúnacht mar scoil ilchreidmheach a chur i bhfei...
‘Ba cheart don rialtas cárta na huachtaránachta a imirt ar son Gaeilge’ 25.06.2026 52:51
In éineacht le Bridget, Maitiú agus Seán Tadhg ar an eagrán deireanach de ‘An Pod Gaeilge’ don séasúr seo, tá an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú. Pléitear tréimhse uachtaránachta sé mhí na hÉireann ar an Aontas Eorpach agus labhraíonn an feisire de chuid Fhianna Fáil linn faoi shaol an pholaiteora san AE. Pléitear, i measc go leor eile, caidreamh mhuintir na hÉireann leis an AE, fás na heite fí...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hAingeal Ó Buachalla: ‘Ní féidir linn ligean orainn go bhfuil saoirse againn nuair nach bhfuil saoirse ag an tír go léir’ 24.06.2026 1:08:35
Ar eagrán na seachtaine seo de Phaiste Cainte le Helen Ní Shé san ardchathair atá Helen chun comhrá a dhéanamh le hAingeal Ó Buachalla, Gael agus poblachtánach ó thuaisceart chathair Chorcaí, mar a raibh siopa grósaera ag a muintir. Tháinig Aingeal Ní Cháinte go dtí an nGráig i gCorca Dhuibhne i ndeireadh na ndaichidí agus í ina cailín óg agus bhí sí faoi dhraíocht ag an ndúthaigh as san amach. Bh...
Na leabhair Ghaeilge ar cheart iad a phacáil do na laethanta saoire... 18.06.2026 42:57
Cé na leabhair Ghaeilge ar cheart iad phacáil do na laethanta saoire? An feiliúnach an lón léitheoireachta an leabhar taistil agus tú féin ar saoire? Agus an é an Kindle leigheas an scéil don léitheoir amplach is é ag pacáil a mhála? Tá Máire Ní Neachtain agus Eoin P Ó Murchú in éineacht le Bridget agus Maitiú san eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh ar a rogha leabhar don samh...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Maidhc Sé: ‘ ̌Deirtear gur fearr an troid ná an t-uaigneas ach déarfainn níl aon mhaitheas a bheith ag troid an t-am ar fad freisin’ 16.06.2026 38:15
Ar an Dromaid i ndeisceart Chiarraí atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag labhairt leis an bhfeirmeoir Maidhc Sé agus cur síos á dhéanamh aige ar na hathruithe atá tagtha ar an saol óna óige agus an taitneamh a bhaineann sé as fáilte a chur roimh dhaoine óga le riachtanais speisialta chuig an bhfeirm. Baitsiléir a mhaireann ina aonar é an feirmeoir Maidhc Sé ach a bhfuil gach iarracht á d...
‘Cuirtear cluasáin ar dhaltaí sa rang Gaeilge ar eagla go gcloisfidh siad í’ 11.06.2026 47:45
I dteannta Bhridget agus Mhaitiú ar an eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá an saineolaí oideachais Pádraig Ó Duibhir agus an craoltóir Máirín Ní Ghadhra. Pléitear an taighde nua atá déanta ag Pádraig faoin bhfás as cuimse ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge. Insíonn Pádraig scéal a iníne a sheachain an díolúine agus a bhfuil trí theanga anois aici. Labhraíonn sé faoi...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé… le Meidhbhín Ní Úrdail – ‘Ar nós an tseanmhadra, táim rócheanúil ar mo chúinne féin!’ - oidhreacht iontach na Longánach 10.06.2026 45:42
I gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath atá Helen an tseachtain seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an Ollamh Méidhbhín Ní Úrdail ó Chorcaigh faoi iontais an léinn agus faoi oidhreacht dream amháin ar leith. D’fhág an scríobhaí agus file Micheál Óg Ó Longáin (1766-1837) agus a shliocht timpeall 600 lámhscríbhinn le huacht againn. Ach cad a spreag trí ghlúin de Longánaigh Chorcaí chun na hoi...
‘Tá sé ar nós an scannáin 'Fight Club', tá an rialtas á bpuinseáil féin san éadan an t-am uilig’ 04.06.2026 49:24
Tuairiscíodh san Irish Times an tseachtain seo go bhfuil an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Gaeltachta Dara Calleary chun labhairt leis an Aire Oideachais Hildegarde Naughton maidir leis an scéal nach bhfuil sé i gceist ag a roinn aon scoil lán-Ghaeilge nua a bhunú as seo go ceann cúig bliana. Agus í in éineacht le Bridget, Seán Tadhg agus Maitiú ar an eagrán seo, deir Gormfhlaith Ní Thuair...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Nóra Uí Chuínn: ‘Mise a chaitheadh an press release a thabhairt síos go Number 10’ 02.06.2026 49:54
Is beag Éireannach go mbeadh sé le rá acu go raibh cosán déanta acu go dtí Uimhir 10 Sráid Downing le linn do Mhaggie Thatcher a bheith ina príomhaire ar an mBreatain ach is amhlaidh a bhí ag aoi na seachtaine seo, Nóra Uí Chuinn. Tréimhse chorraitheach i stair na Breataine ab ea iad na blianta 1984 agus 1985, tráth go raibh na mianadóirí ar stailc faoi stiúir Arthur Scargill agus Thatcher agus an...
‘Plean teanga? Sí an fhéile an plean teanga!’ – 10 mbliana d’Fhéile Na Gealaí 28.05.2026 47:54
Tá Edel Ní Churraoin, duine de bhunaitheoirí Fhéile na Gealaí agus Gearóid Ó Murchú, ón mbanna Na Fíréin, in éindí le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhféile cheoil Ghaelach i Ráth Chairn. Pléann siad stair na féile agus conas mar a d’fhás sí 10 mbliana ó shin as teip ‘Ravelóid’, iarracht mórfhéile cheoil a chur ar bun i nGaeilge do chomóradh 100 bliain Éirí Am...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Dáithí Ó Sé: 'Beidh mé leathchéad an tseachtain seo chugainn, níor thuigeas cad a bhí agam go dtí go bhfágas an Ghaeltacht' 26.05.2026 51:02
Mar láithreoir ar an Today Show agus comórtas Rós Thrá Lí, tá Dáithí Ó Sé ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne ar dhuine de na craoltóirí is cáiliúla sa tír le fada. Beidh breithlá mór ag Dáithí an tseachtain seo chugainn agus é 50 bliain d’aois. Ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ labhraíonn sé le Helen faoi sin agus faoi go leor eile. Pléann Dáithí a chuid oibre agus na suáilcí ag...
‘Bímis dána, misniúil, neamhghéilliúil, bímis sásta troid ar son ár dteanga’ - 100 bliain na Gaeltachta 21.05.2026 48:54
I 1926 a leag Coimisiún na Gaeltachta teorainneacha na Gaeltachta síos. Mar chuid dár sraith nua ‘100 bliain na Gaeltachta’, tá Dara Ó Cinnéide agus Orlaith Ruiséal linn faoi chás na teanga féin In éineacht le Bridget agus Darren ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá Dara Ó Cinnéide ó Raidió na Gaeltachta agus Orlaith Ruiséal ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. Agus an dara h...
AN POD GAEILGE: Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Ciarán Feiritéar: ‘Cheannaíos ‘Tomás’ ag auction i Sasana, agus níor dhein sé faic riamh dom!’ 19.05.2026 45:56
Paiste cainte agus paiste cuileachtain atá againn an tseachtain seo ar ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ agus Helen ar cuairt ar Chiarán Feiritéar ar an bhfeirm agus é i mbun oibre. Is mó scréip a bheireann ar an bhfeirmeoir agus ní taise do Chiarán é, feirmeoir caorach. Tá paiste talún aige i gCathair Coinn i bParóiste an Fheirtéaraigh, agus paiste eile thiar i mBaile na hAbha i nDún Chaoin, áit d...
100 bliain FF – ar thréig an chosmhuintir Fianna Fáil nó ar thréig Fianna Fáil an chosmhuintir? 14.05.2026 52:59
Ar an 16 Bealtaine 1926, céad bliain ó shin, bhunaigh Éamon de Valera Fianna Fáil an páirtí is mó a bhí i gcumacht ó bunaíodh an stáit. San eagrán speisialta seo tá an t-iar-aire Éamon Ó Cuív, garmhac de Valera, agus na craoltóirí Máirín Ní Ghadhra agus Cathal Mac Coille in éineacht le Bridget chun plé a dhéanamh ar stair an pháirtí ar na rudaí a bhain siad amach le 100 bliain anuas agus ar na bot...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Brenda Ní Shúilleabháin: Ag plé leis an ailse – ‘Buíochas an tréith is mó a d’fhorbair sé ionam’ 12.05.2026 38:26
Aistear sláinte, aistear machnaimh agus ábhar dóchais atá ag Brenda Ní Shúilleabháin, scéalaí, scríbhneoir scripte agus díolamóir, do Helen ar eagrán na seachtaine seo de Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…. Bhí Brenda Ní Shúilleabháin ‘in easnamh ón saol’, a deir sí, ar feadh roinnt míonna nuair a fuair sí an drochscéal go raibh ailse fola uirthi. Labhraíonn sí le Helen faoi conas ar chuaigh sí i ngle...
An cuma le muintir na Gaeltachta agus aontachtaithe an Tuaiscirt faoi áit na Gaeilge sa phlé faoi ‘Éire Aontaithe’? 07.05.2026 41:59
Tá ár gcomhfhreagraí sa Tuaisceart Póilín Ní Chiaráin in éineacht le Bridget, Pádraic agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Gaeilge chun plé a dhéanamh ar thaighde nua atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge faoi áit na teanga sa díospóireacht faoi ‘Éire Aontaithe’. Pléitear chomh maith an chonspóid a bhain le deireadh a bheith curtha tionscadal na logainmneacha ó thuaidh. £90,000 a b...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Cormac Ó Gráda: ‘Ag deireadh an lae an gnáthdhuine a bhíonn thíos le cogadh, cosúil liomsa is leatsa’ 05.05.2026 51:30
Agus gan aon stad le hainnise na cogaíochta ar fud an domhain, tá an staraí aitheanta Cormac Ó Gráda i dteannta Helen ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ Labhraíonn sé faoina mhórshaothar is déanaí Hidden Victims: Civilian Casualties of the Two World Wars, ina n-áitíonn sé gur sibhialtaigh ab ea 65 milliún den 100 milliún duine a maraíodh sa dá chogadh domhanda. An gorta,...
Léirmheas ar albam nua Kneecap, dochar sláinte na Gaeilge, scileanna teanga i nGaillimh Thiar 30.04.2026 53:27
Darren, Maitiú agus Seán Tadhg atá i dteannta Bhridget ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ agus albam nua Kneecap, ‘Fenian’, á mheas acu. Pléitear chomh maith ceist na Gaeilge i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar. An buntáiste d’iarrthóirí Gaeilge a bheith acu nó an cuma le daoine? Caitear súil chomh maith ar an gcruinniú is déanaí ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, mar a...
Paiste cainte ag Helen Ní Sé le Phil Ní Sheaghdha: ‘Aon duine atá ag obair a bhfuil rud le rá acu ba chóir an ceart sin a bheith acu’ 28.04.2026 40:32
In Ardoifig Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann i lár Bhaile Átha Cliath atá Helen Ní Shé an tseachtain seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an gceardchumannaí aitheanta Phil Ní Sheaghdha Phil Ní Sheaghdha, ó Chorca Dhuibhne, Ard-Rúnaí Chumann Altraí agus Ban Chabhrach, atá linn an tseachtain seo ar Paiste Cainte ag Helen Ní Shé. Deir Phil gurb iad na díospóireachtaí ar ghlac sí páirt i...
‘I think go bhfuil sé absolutely ridiculous!’ – 100 bliain na Gaeltachta 23.04.2026 58:04
In éineacht le Bridget agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá an Dr John Walsh, sochtheangeolaí aitheanta ó Ollscoil na Gaillimhe agus an saineolaí is mó ar Choimisiún na Gaeltachta 1926 agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir agus iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Pléitear stair Choimisiún na Gaeltachta agus stair na Gaeltachta féin, an méid a baineadh amach agus...
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Daráine Mulvihill: ‘Bhí a fhios acu ansin go mbeinn ceart go leor ach go gcaithfí mo chosa a bhaint…’ 21.04.2026 52:03
Bhuail ráig den ghalar meiningíteas oirdheisceart Shasana le déanaí agus sciob sí chun siúil beirt mac léinn agus d’fhág a thuilleadh an-bhreoite. Chuir an scéal i gcuimhne do Helen cás Dharáine Mulvihill an craoltóir agus gníomhaí de bhunadh Chorca Dhuibhne ar bhuail an meiningíteas í is í ina déagóir 20 bliain ó shin. B’ábhar misnigh do Helen bualadh le Daráine le déanaí chun paiste cainte a dhé...
‘Saipan’ eile? Athbhreithniú á dhéanamh ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge…. 16.04.2026 57:57
Ar ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo, tá Máire Ní Fhinneadha agus Kevin Hickey linn chun labhairt faoin athbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair ar an gCaighdeán Oifigiúil? Tá athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil ar bun faoi láthair ag Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais ach cad chuige an caighdeán céanna agus cén fáth go mbíonn daoine áirithe chomh buartha sin faoi agus daoine ei...
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Ó Macháin - turas trí gheataí na lámhscríbhinní le Tomás Ó hIcí... 14.04.2026 47:34
Pádraig Ó Macháin ón Lios Mór sna Déise atá i dteannta Helen an tseachtain seo. Scoláire é Pádraig a bhfuil cuid mhór dá shaol caite aige ag póirseáil i lámhscríbhinní ársa na hÉireann. Deir an tOllamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh go rachadh sé aon áit ar domhan dá bhfaigheadh sé gaoth an fhocail go raibh lámhscríbhinn tagtha ar barra ann. Gabha ceárta ab ea athair Phádraig a ra...
‘Tá rud éigin speisialta faoi Chorca Dhuibhne don duine a mbeadh spéis aige a bheith amuigh faoin aer’ 09.04.2026 51:02
Agus an clog curtha chun cinn, an lá ag dul chun síneadh, agus laethanta buí an tsamhraidh amach romhainn, labhair Bridget Bhreathnach agus Maitiú Ó Coimín, ar treoraí sléibhe é féin, leis na treoraithe Eoin Ó Tuairisg as Cois Fharraige agus Darach Ó Murchú as Corca Dhuibhne faoi na siúlóidí Gaeltachta is fearr leo. Pléadh siúlóidí móra sna beanna arda, oilithreachtaí ársa agus nua, agus siúlóid...
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.