Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

News GD ↓ 104 episodes

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.

Author

Tuairisc

Category

News

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Jul 8, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Róisín Ní Chionnfhlaolaidh: ‘Is dóigh liom go mbeadh an saol an-leadránach ar fad gan ealaíontóirí’ 07.04.2026

Is ar ais in Uíbh Ráthach atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag bualadh leis an ealaíontóir gloine Róisín Ní Chionnfhlaolaidh. An dúlra agus an fharraige go háirithe a spreagann Róisín agus formhór a saoil caite aici cois cósta, ar a fód dúchais sa Rinn i nGaeltacht na nDéise go dtí an Rinn Rua i ndeisceart Chiarraí, áit a bhfuil sí anois ina cónaí lena clann. Labhair sí le Helen faoin...

‘Déanann an Ghaeilge difríocht, agus an-difríocht, i dtoghcháin i nGaillimh Thiar’ 02.04.2026

Tá an t-iar-aire Gaeltachta agus iar-Theachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív linn an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar fhothoghcháin na míosa seo chugainn, i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir. Tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Bridget agus Maitiú chomh maith chun plé a dhéanamh ar a mbeidh le foghlaim againn ó na fothoghcháin faoin Rialt...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Peadar Mac an Bháird: ‘Is fuath liom an bia ‘convenience’!’ 31.03.2026

Is i siopa bia Country Choice in Aonach Urmhumhan i dTiobraid Árann atá Helen d’eagrán na seachtaine seo.      Is ann a dhein sí paiste cainte le fear an tsiopa Peadar Mac an Bháird, atá ag soláthar togha agus rogha an bhia le breis agus daichead bliain.    Agus an Cháisc buailte linn, tá troscadh agus tréanas Aoine an Chéasta agus flúirse is ceiliúradh Dhomhnach Cáscaromhainn. Labhraíonn Peadar a...

Ag taisteal na hEorpa ar an traein 26.03.2026

Tá ár gcolúnaí Alex Hijmans linn an tseachtain seo agus tús curtha aige ar thuras traenach fada timpeall na hEorpa. Tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Bridget agus Maitiú chomh maith chun plé a dhéanamh ar chúrsaí polaitíochta san Eoraip, ar an easaontas san Aontas Eorpach, ar chúrsaí taistil, ar an ‘taisteal glas’ agus ar chaighdeán na seirbhíse a bhíonn ar fá...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Mossie Ó Scanláin: ‘Nuair a thagaim isteach anseo is féidir liom m’athair a fheiscint, m’athair críonna… iad go léir’   24.03.2026

Is i gCom an Lochaigh atá Helen an tseachtain seo, com breá, leathan, fairsing atá ar an dtaobh theas de Chnoc Bréanainn. I mBaile an Lochaigh ag béal Chom an Lochaigh a saolaíodh Mossie Ó Scanláin, ach amach as an gcam fhéin a tháinig a shinsir. Sa lá atá inniu ann bíonn Mossie, amhránaí agus údar aitheanta, ag tabhairt cuairteoirí go dtí an áit seo, mar a mbíodh sé féin ag baint mhóna sna portai...

Slabar AI, slán le Seachtain na Gaeilge agus ‘Seo linn go Meiriceá’… 19.03.2026

Tá lán an tí de Thuairisceoirí le Bridget an tseachtain seo agus Maitiú agus Pádraic léi chun slán á fhágáil le Seachtain na Gaeilge agus plé a dhéanamh ar thorthaí chomórtas conspóideach AI a reáchtáil Údarás na Gaeilge. Pléitear chomh maith cuairt an Taoisigh ar an Trumpach. Faoin am go mbeidh An Pod Gaeilge ar ais Dé hAoine seo chugainn, beidh a fhios againn an mbeidh foireann sacair na hÉirean...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Beartla Ó Flatharta: ‘Díolfar báid na hÉireann… agus beimid ag ceannach éisc i gcomhair na Nollag’ 17.03.2026

In Árainn a saolaíodh Beartla Ó Flatharta, nó Beirtí faoi mar a ghlaoitear go háitiúil air. Cháiligh sé ina mhúinteoir scoile agus chaith sé tréimhse ghairid ag múineadh i mBaile Átha Cliath, ach ar chuma an bhradáin a fhilleann ar a dhúchas mealladh Beartla ar ais siar abhaile go dtí Gaillimh agus tá an chuid is fearr dá shaol caite aige, os cionn dhá scór bliain, ag plé, slí amháin nó slí eile,...

‘Níl a fhios ag Meiriceá céard atá ar siúl acu, ach tá a fhios ag Netanyahu céard atá uaidh’ 13.03.2026

Tá beagnach 2,000 duine curtha den saol ó thosaigh na Stáit Aontaithe agus Iosrael a gcogadh ar an Iaráin ar an 28 Feabhra. In éineacht le Bridget agus Maitiú an tseachtain seo tá Seosamh Mac Donncha, iarchoirnéal in arm na hÉireann agus saineolaí ar chúrsaí míleata agus an t-iriseoir agus colúnaí le Tuairisc, Póilín Ní Chiaráin. Pléitear an cogadh, na spriocanna nó easpa spriocanna a bhí leis, ag...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Róisín de Buitléar: ‘Thóg sé trí seachtaine na píosaí gloine a phacáil le tabhairt go dtí Dún Chaoin’ 10.03.2026

I bhfochair an ealaíontóra Róisín de Buitléar atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo. In Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin a bhuail Helen le Róisín, mar a bhfuil sampla iontach dá sár-ealaín – fuinneog mhór ina bhfuil 350 píosa gloine. Tá an oiread pearsantachtaí ag an ngloine – is féidir í a lúbadh, a leá nó a shéideadh – ach draíocht an tsolais agus an tslí a dtéann sé i bhfeidhm ar an nglo...

‘Ní fíorghaelachas ná ardnósachas é seo, tá ciall ag brath ar na rudaí seo’ – tábhacht cheartúsáid na Gaeilge 05.03.2026

Tá an t-aistritheoir agus saineolaí teanga Antain Mac Lochlainn in éineacht le Bridget, Máire agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh ar chúrsaí teanga agus an tábhacht a bhaineann le cruinneas agus saibhreas. Is minic a bhíonn drogall ar dhaoine clamhsán a dhéanamh faoi chaighdeán teanga agus meastar gur cheart dúinn fáilte a chur i gcónaí roimh ‘an cúp...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le John Dairbe Ó Flatharta 03.03.2026

Ar an gCeathrú Rua atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar bhuail sí le John Deairbe Ó Flatharta, bádóir agus fear farraige ó rugadh é. Tá nach mór 40 bliain ann ó ritheadh an geall ó Árainn go Baile na nGall i gCorca Dhuibhne agus trí bhád mhóra ó Chonamara in iomaíocht le chéile – An Macdara, An Mac Duach agus an An American Mór. Ba le Tom Deairbe Ó Flatharta, deartháir John, An Amer...

Ar chóir do Chonradh na Gaeilge a bheith ag ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’? 26.02.2026

Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ pléitear cinneadh Chonradh na Gaeilge go mbeidh an eagraíocht ag ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’ feasta. An é an cinneadh ceart é? In éineacht le Bridget agus Maitiú ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá an t-abhcóide Cormac Ó Dúlacháin, Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge, agus Róisín Nic Liam, iníon léinn. Ritheadh rún stairiúil...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Maighread Ní Dhomhnaill: ‘Bhí ár gcroí istigh sna hamhráin Ghaeilge… sin an dúchas a bhí againne’ 24.02.2026

San ardchathair atá Helen san eagrán seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an amhránaí Maighread Ní Dhomhnaill. Saolaíodh Maighread i gCeannanas i gcontae na Mí ach is i Rann na Feirste i dTír Chonaill, ceantar dúchais a hathar, atá a croí. Is ann a chuir sí barr slachta ar a cuid Gaeilge agus is ann a tháinig sí ar thobar na n-amhrán a chan sí i gcaitheamh a saoil. Ní raibh sí ach cúig bliana dé...

100 lá Catherine Connolly, Éire in aghaidh Iosrael agus Micheál Martin agus an Ghaeilge 19.02.2026

Tá céad lá caite ag Catherine Connolly ina hUachtarán ar Éirinn. Conas atá ag éirí léi? An bhfuil beart de réir a briathair á dhéanamh aici? An bhfuil sí níos ciúine ná mar a síleadh a bheadh sí? Déanann Bridget Bhreathnach an scéal a phlé leis an gcraoltóir Máirín Ní Ghadhra agus le Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí ó Tuairisc. Pléann siad chomh maith an chonspóid mhór a bhaineann leis...

In Uíbh Ráthach atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar chas sí le Victor Bayda, an teangeolaí ón Rúis a bhfuil seacht mbliana caite aige ag plé leis an bpleanáil teanga i gCiarraí 18.02.2026

In Uíbh Ráthach atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar chas sí le Victor Bayda, an teangeolaí ón Rúis a bhfuil seacht mbliana caite aige ag plé leis an bpleanáil teanga i gCiarraí Cothrom an ama seo seacht mbliana ó shin a thuirling an teangeolaí ón Rúis, Victor Bayda i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh chun tús a chur le post nua mar phleanálaí teanga. Bhí mórán daoine meallta ag an scéal fao...

Sna hamhráin ghrá atá cuid den chuid is fearr de litríocht na Gaeilge… 12.02.2026

In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá an scríbhneoir Alan Titley agus an t-amhránaí agus léachtóir Odí Ní Chéilleachair. Cúrsaí grá atá faoi chaibidil acu agus Lá Fhéile Vailintín buailte linn. Tá Lá an Ghrá buailte linn agus beidh na cártaí, bláthanna, agus boscaí seacláidí go flúirseach i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Is é an grá an téama is mó a bhíonn faoi chaibidil in...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Cathal Seoighe: An treise an dúchas ná an oiliúint? B’fhearr ceist a chur ar an eolaí… 10.02.2026

In Ollscoil na Gaillimhe atá Helen do phaiste cainte na seachtaine seo, mar ar chas sí leis an eolaí an tOllamh Cathal Seoighe chun cuid de cheisteanna móra na beatha agus an bháis a phlé. Éiríonn go seoigh leo na cesiteanna sin a chur trí chéile agus leathshúil amach an fhuinneog acu ar eagla go dtiocfadh lucht clampála an champais.  Tá suas le hochtó míle géin sa ghéanóm s’againne agus a cúram f...

Timpeall is timpeall ar an bhfáinne fí – ag dul in olcas atá cás na Gaeilge sa chóras oideachais 05.02.2026

In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá iar-phríomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin chun cásan ghaeloideachais a phlé Is léir ó na figiúirí is déanaí maidir le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge go bhfuil forbairt an ghaeloideachais ina lánstad i gcónaí. Ach an bhfuil aon leigheas ar an scéal ag an Roinn Oideachais seachas tascfhórsa a bhunú? Déanann Bridget...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Louise Ní Fhiannachta: ‘Dá gcoimeádfainn orm ag ól mar sin, ní bheinn anseo leatsa’ 04.02.2026

Chuaigh Helen Ní Shé go dtí Béal Feirste mar ar dhein sí paiste cumhachtach cainte le Louise Ní Fhiannachta, an scríbhneoir agus stiúrthóir scannáin ildánach. Labhair Helen Ní Shé an tseachtain seo le Louise Ní Fhiannachta, an scríbhneoir agus stiúrthóir scannáin ó Bhaile an Chótaigh i bParóiste Fionntrá i gCorca Dhuibhne, faoina saol agus saothar. Labhraíonn siad faoi cad a thug go dtí Béal Feirs...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Bríd Ní Mhóráin do Lá Fhéile Bríde– ‘Nuair a bhím le dán, bím sa lios’ 31.01.2026

‘Faoi bhrat Bríde’ atáimid ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste Cainte’ agus Bríd Ní Mhóráin, file, i dteannta Helen d’eagrán an-speisialta do Lá Fhéile Bríde I bhfochair Helen ar an eagrán an-speisialta go deo seo de ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…’ tá an file agus béaloideasóir aitheanta Bríd Ní Mhóráin. Agus Lá Fhéile Bríde linn, sí Naomh Bríd atá faoi chaibidil agus plé á dhéanamh ar an seanchas,...

‘Tá faitíos orainn uilig. Níl aon duine sábháilte’ – tuairisc ó Minneapolis 29.01.2026

In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá an t-iriseoir Máirtín Ó Catháin agus an t-iar-ollamh Nancy Stenson atá linn ó Minneapolis, cathair atá faoi scamall an fhoréigin agus an teannais faoi láthair I dteannta Bridget Bhreathnach tá Maitiú Ó Coimín, Máirtín Ó Catháin agus Nancy Stenson, iar-ollamh le teangeolaíocht in Ollscoil Minnesota a bhfuil an-cheangal aici leis an tír seo ag...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Lailli Lamb: ‘Feictear dom go bhfuil mé fós seasca’ - saol iníon ‘Lambín na féasóige’ faoi spéartha fairsinge Chonamara 22.01.2026

An scríbhneoir Pádraic Ó Conaire a mhol don ealaíontóir Charles Lamb dul siar go Conamara má theastaigh uaidh spéartha fairsinge agus néalta móra a phéinteáil. Thug Lamb toradh air agus is thiar ar an gCeathrú Rua a thóg sé féin agus a chéile clann. Chuaigh Helen go dtí Deilgne i gCill Mhantáin mar ar dhein sí paiste álainn cainte le Lailli Lambe, iníon Charles Lamb agus Katherine Madox Hueffer. T...

Ná bac an phleanáil teanga, tá sé in am cúrsa i scríobh tuarascálacha i nGaeilge a chur ar bun 22.01.2026

Déanann criú An Pod Gaeilge plé ar an ngá le bheith dearfach, go háirithe seachtain inar foilsíodh dhá thuarascáil faoin nGaeilge I dteannta Bridget Bhreathnach tá Máire Ní Fhinneadha, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí. Déanann siad plé ar an athbhreithniú ar an gcéad deich bplean teanga agus ar phlean gníomaíochta nua an rialtais do sheirbhísí Gaeilge, dhá cháipéis a foilsíodh an tseach...

Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Seán Ó Coileáin – ‘An leabhar a labhair linn’ – an scéal grá atá ag sníomh trí ‘An tOileánach’ 15.01.2026

San eagrán seo labhraíonn Helen Ní Shé leis an mórscoláire Seán Ó Coileáin a chuir eagar ar an tríú heagrán de dhírbheathaisnéis Thomáis Uí Chriomhthain, An tOileánach. Labhraíonn Seán ar na cúiseanna lena áiteamh gurb é An tOileánach an leabhar Gaeilge is tábhachtaí riamh. Ba é a deir sé ‘an leabhar a labhair linn, ar ár muintir féin, ar an sórt ab ea sinn agus ar an rud a bhí i ndán dúinn má bhí...

‘Ich bin ein Gaeltachter!’ – an misneach do chách a bhaineann le gaiscí peile Chorca Dhuibhne 15.01.2026

I dteannta chriú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá beirt chraoltóirí ó Chorca Dhuibhne Dara Ó Cinnéide agus Sláine Ní Chathalláin agus iad ag cur síos ar an áthas agus an mórtas cine, áite agus teanga a bhain le bua Chumann Caide na Gaeltachta i gcluiche ceannais idirmheánach na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite. Pléitear an t-ardú croí a bhain leis an ngaisce do mhuintir Chorca Dhuibhne agus don...

Listen to the AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.