Tuairisc
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
‘Beidh ‘backlash’ i gcoinne na Gaeilge i mbliana’ 08.01.2026 54:35
I dteannta Bridget Bhreathnach agus lucht fáistine Tuairisc an tseachtain seo, tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir agus iriseoir, agus gach duine ar a ndícheall ag iarraidh léamh ar an rud atá le teacht. Titim Stormont, éirí amach naimhde na Gaeilge agus óráidí Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh – níl ansin ach cuid de na tuartha atá againn do 2026. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaei...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Póilín Ní Chiaráin – ‘Bhí uaisleacht thar cuimse ag baint le muintir na marbh’ 07.01.2026 42:08
Ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste rinneadh taifeadadh beo ar eagrán speisialta de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’. Os comhair lucht féachana ag féile mhór na nGael, labhair Helen leis an iriseoir agus craoltóir iomráiteach Póilín Ní Chiaráin faoi na blianta fada atá caite aici i mbun iriseoireachta sa Tuaisceart ó aimsir na dTrioblóidí go dtí an próiseas síochána. Labhraíonn Póilín faoi na...
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Ó Dálaigh – Ag fágáint shaol an airgeadais le filleadh ar an bhfeirm i nDún Chaoin… 01.01.2026 59:29
Tá Paiste Cainte ag Helen Ní Shé ar ais don dara sraith agus i mBaile Ícín i nDún Chaoin atá sí sa chéad eagrán den tsraith nua chun labhairt le Pádraig Ó Dálaigh faoi na cúiseanna gur fhág sé post sinsearach i saol an airgeadais chun dul ag feirmeoireacht ag baile. Labhraíonn siad faoin mealladh a bhaineann leis an mbaile, an traidisiún agus an dúchas, faoin saol a chaith Páidí ag bainistiú cistí...
Cé hé Gael na bliana? Buaicphointí na Gaeilge in 2026 roghnaithe le cabhair ó ghiúiré an Antartaigh 25.12.2025 31:47
Sa dara cuid dár n-eagrán speisialta de ‘An Pod Gaeilge’ faoin mbliain 2025, roghnaítear dea-scéal Gaeilge na bliana, drochscéal Gaeilge na bliana agus Gael na Bliana. In éineacht le Bridget arís tá Pádraic, agus Seán Tadhg ó Tuairisc agus Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta. Tá iriseoir eile ó Tuairisc linn chomh maith, Maitiú Ó Coimín atá ar bhord loinge amach ó chósta an Antart...
Súil siar ar bhliain nárbh fhéidir éalú ó fhaisean na Gaeilge… 18.12.2025 42:57
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá Máirín Ní Ghadhra, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí in éineacht le Bridget Bhreathnach chun súil siar a chaitheamh ar scéal na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2025. Pléitear ‘móimint’ na Gaeilge, tionchar Kneecap, an tslí ar chuir Catherine Connolly an teanga i lár an aonaigh agus na dúshláin atá le sárú i gcónaí in ainneoin na dea-thola go léir...
‘Is cuimhin liom turcaithe na Nollag ag siúl timpeall leithreas na bhfear’ 11.12.2025 51:26
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear suáilcí agus duáilcí na Nollag, sean-nósanna agus nósanna nua na féile, an t-iontas, an comhluadar agus an t-uaigneas a bhaineann leis an tréimhse seo bliana. In éineacht le Bridget Bhreathnach agus Máire Ní Fhinneadha Tuairisc, tá an craoltóir Dara Ó Cinnéide agus an cócaire agus amhránaí Brian Ó Domhnaill. Cad iad na cuimhní atá acu den N...
Na leabhair Ghaeilge is fearr don stoca Nollag… 04.12.2025 53:51
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh. In éineacht le Bridget Bhreathnach agus Maitiú Ó Coimín Tuairisc, tá an léirmheastóir Dónall Ó Braonáin agus an scríbhneoir Éilís Ní Dhuibhne. Agus é ag tagairt d’úrscéal Dharach Uí Scolaí a bhuaigh na duaiseanna móra in 2025, deir Dónall go raibh ‘an-bhliain ag Bódléar’, ach cérbh iad na leabhair...
‘Ní bheidh mé ábalta intinn polaiteoirí atá glan i gcoinne na teanga a athrú ach beidh mé ag iarraidh iad a thabhairt chun cuntais’ - An Coimisinéir Gaeilge 27.11.2025 35:44
In agallamh le Tuairisc, labhair an Coimisinéir Gaeilge nua, Pól Deeds, faoi na dúshláin agus na deiseanna atá roimhe sa ról, faoin bhfrustrachas atá air maidir le heaspa cumhachta agus tuilleadh Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tua...
‘An difríocht is mó idir AI agus duine daonna ná nach bhfuil AI in ann 'Níl 's agam' a rá’ 27.11.2025 51:14
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear na buntáistí agus na míbhuntáistí a d’fhéadfadh an intleacht shaorga a chruthú do phobal na Gaeilge, an ról a d’fhéadfadh a bheith ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí tithíochta agus a bhfuil i ndán don mhéid atá fágtha don MV Naomh Éanna, an bád farantóireachta a thugadh daoine agus lastas chuig Oileáin Árann san am atá caite. I dteannta Bhr...
‘Tá obair le déanamh le dul i bhfeidhm go ciúin ar dhaoine’ - Coimisinéir Gaeilge nua agus na dúshláin atá roimhe 20.11.2025 41:57
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear an obair atá roimh an gCoimisinéir Gaeilge ó thuaidh agus é tosaithe sa ról, tugtar blaiseadh beag den Ultais dúinn agus labhraítear faoin bpraiseach a rinne coláiste i mBaile Átha Cliath den leagan Gaeilge dá ainm. I dteannta Bhridget Bhreathnach ar an eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’ tá Gráinne Ní Ghilín, Máirín Ní Ghadhra agus Maitiú Ó Coi...
‘Send the fool further’ - An Ghaeilge, an rialtas agus Catherine Connolly 13.11.2025 50:04
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear polasaí nua na Roinne Oideachais don ghaeloideachas, insealbhú Catherine Connolly I dteannta Bhridget Bhreathnach ar an eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’ tá Máire Ní Fhinneadha, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí. Phléigh siad an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus a laghad sonraí atá ann. Labhair siad...
‘Cá bhfuil an masla i labhairt na Gaeilge?’ - eagrán speisialta beo ó Bhéal Feirste 06.11.2025 1:00:56
An teanga gan teorainn í an Ghaeilge.? Bhí eagrán speisialta beo againn de ‘An Pod Gaeilge’ ag Oireachtas na Samhna chun é sin agus go leor eile a phlé. I dteannta Bhridget Bhreathnach don chéad phodchraoladh beo ó Tuairisc Ó Bhéal, bhí Cormac Ó hEadhra, Gráinne Ní Ghilín, Antain Mac Lochlainn agus Clíodhna Ní Mhianáin. Rinne siad plé bríomhar san ICC i mBéal Feirste ar chás na teanga, thuaidh, th...
‘Seod é muide agus táimid bródúil as seo’ – an tOireachtas i mBéal Feirste 28.10.2025 43:29
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Caitlín Ní Chualáin agus Tomaí Ó Conghaile i dteannta Bhridget Bhreathnach agus Seán Tadhg Ó Gairbhí, chun gach rud a bhaineann le hOireachtas na Samhna a phlé. Cad atá romhainn i mBéal Feirste agus an tOireachtas ag filleadh ar an gcathair den chéad uair ó 1997? Cad is Oireachtas ‘maith’ ann? Cad iad na háiteanna le dul i mBéal Feirs...
Na cúiseanna go mbeidh Catherine Connolly ag triall ar an Áras… 23.10.2025 58:29
An toghchán uachtaránachta agus a impleachtaí don pholaitíocht amach anseo, ó Theach Laighean go dtí Gaillimh Thiar, atá ag dó na geirbe againn ar an eagrán is déanaí de An Pod Gaeilge. Linn chun féachaint siar ar an bhfeachtas agus chun cinn ar an rian a fhágfaidh sé ar an bpolaitíocht, tá an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, an craoltóir le Raidió na Gaeltachta Máirín Ní Ghadhra agus Harry Mag...
Díospóireacht na huachtaránachta – a seans mór deireanach caillte ag Heather Humphreys? 21.10.2025 29:34
Thug Catherine Connolly agus Heather Humphreys aghaidh ar a chéile i ndíospóireacht Prime Time RTÉ aréir, díospóireacht dheireanach an fheachtais uachtaránachta roimh lá na vótála Dé hAoine. Cé a thug an lá léi? Ar éirigh le Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael, an taoide a chasadh nó an ndearna rogha na coitiantachta, an t-iarrthóir neamhspleách, Catherine Connolly, tuilleadh dul chun cinn? D...
Droch-chomharthaí – ‘Cul de sac’ scriosta ag an UDA ar fhaitíos gur Gaeilge atá ann 16.10.2025 53:07
San eagrán is déanaí sa dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Fionntán de Brún i dteannta Bhridget Bhreathnach, Maitiú Ó Coimín agus Máirín Ní Ghadhra. Pléitear conspóid na comharthaíochta dátheangaí ó thuaidh, mar a bhfuil páirtithe aontachtacha in adharca a chéile faoi cé acu is naimhdí don Ghaeilge. Caitear súil chun cinn ar Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste agus pléitear na s...
An bás, an bheatha agus ag déanamh uibheacha scrofa d’uachtarán na hÉireann 09.10.2025 43:42
San eagrán is déanaí sa dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann tá Alex Hijmans i dteannta Bhridget Bhreathnach, Maitiú Ó Coimín agus Máirín Ní Ghadhra. Labhraíonn Alex faoin gcolún ‘Cuimhne agus Dearmad’ ar Tuairisc, colún a scríobh sé ar feadh seacht mbliana faoin ngalar alzheimer a bheith ar a mháthair, a fuair bás le déanaí, trócaire uirthi. Pléitear chomh maith bás an scríbh...
An buiséad is flaithiúla riamh don Ghaeilge? 07.10.2025 18:07
San eagrán breise seo de An Pod Gaeilge, pléann Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Pádraic Ó Ciardha cás na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2026. Déantar briseadh síos ar an maoiniú breise don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do TG4. Pléitear cáineadh an fhreasúra ar an rialtas agus cuirtear an cheist, an cabhair a bhí ann go raibh aire sinsearach ag déanamh chás na Gaeilge roimh an mbuiséad don chéad u...
Na 25 leabhar Gaeilge is Fearr le 25 Bliain agus plean dúnmharfach Alan Titley 02.10.2025 54:29
Sa dara heagrán den dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann Bridget Bhreathnach, Darach Ó Scolaí, Alan Titley agus Maitiú Ó Coimín plé ar liosta na hirise Comhar de na 25 Leabhar Gaeilge is Fearr le 25 Bliain Anuas agus ar cén fáth go bhfuil an-tábhacht leis mar liosta ach nár cheart é a thógáil ródháiríre. Pléitear chomh maith duais mhór Dharach, an aip léitheoireachta is ansa l...
‘Mionnaím go sollúnta go bhfoghlaimeoidh mé Gaeilge má thoghtar i m’Uachtarán ar Éirinn mé…’ 25.09.2025 46:05
Sa chéad eagrán den dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann Bridget Bhreathnach, Máirín Ní Ghadhra, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar thoghchán na huachtaránachta agus ar ghealltanais na n-iarrthóirí faoin nGaeilge. An mbeidh sé ina bhuntáiste ag Catherine Connolly go bhfuil Gaeilge aici, nó an cuma le daoine in ainneoin an teanga a bheith sa bhfaisean? Pléitear c...
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Hamilton – ‘Tá an Ghaeilge in uachtar i gcónaí – ní hí an teanga chéanna atá ann, mar ní hé an saol céanna atá ann’ 25.09.2025 43:45
Don eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Corcaigh chun labhairt le Pádraig Hamilton, Corcaíoch a bhfuil dlúthcheangal aige le Corca Dhuibhne agus le Dún Chaoin go háirithe ó thosaigh sé ag dul ann sna caogaidí. Labhraíonn Pádraig ar an nGaeltacht mar a bhí agus mar atá, ar na pearsana móra a raibh aithne aige orthu i nDún Chaoin, agus ar chúrsaí litríochta ag...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Gearóid Ó Tuathaigh– ‘Tá na maistíní i gceannas, tógfaidh sé tamall iad a bhogadh’ 18.09.2025 1:04:19
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go stiúideo Tuairisc i mBearna na Gaillimhe chun labhairt le Gearóid Ó Tuathaigh, ó Luimneach ó dhúchas, a bhí ina ollamh le stair in Ollscoil na Gaillimhe agus atá ar dhuine de mhórstaraithe na hÉireann. Agus toghchán uachtaránachta ar na bacáin, labhraíonn an tOllamh Emeritus le Stair faoi ról traidisiúnta an uachtaráin agus...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Darán Ó Droma - 'Tá mé ar mo seachtú nó ochtú súil, tá cúpla ceann acu fós sa tarraiceán' 11.09.2025 53:40
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Ceann Heilbhic sna Déise chun labhairt le Darren Ó Droma faoin tragóid a sciob léi beirt chairde leis agus a spreag é chun tús a chur le snámh carthanachta. Labhraíonn sé le Helen faoin gcumhacht a bhaineann le spiorad pobail agus leis an gcairdeas. Labhraíonn Darren chomh maith faoin timpiste ar pháirc na himeartha a d...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Eamon O Siochrú - 'Níor cheart sin á thógáil as an Liobáin, tá imní orm gur Gaza eile a bheidh ann' 04.09.2025 49:48
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Luimneach chun labhairt le hÉamon Ó Siochrú, ó Bhaile an Ghóilín i gCorca Dhuibhne ó dhúchas, a chaith trí thréimhse ar dualgas sa Liobáin nuair a bhí sé in arm na hÉireann, in 1981-82, 1985-1986 agus in 2007-2008. Labhair an t-iarchoirnéal agus iarthaidhleoir le Helen faoi na tréimhsí sin agus faoin gcinneadh a dhein n...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Jack O’Connor - 'Bainfidh mé triail amháin eile as...beidh galar na caide go deo orm' 26.08.2025 59:37
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le bainisteoir fhoireann peile Chiarraí Jack O’Connor a bhfuil cúig chraobh na hÉireann buaite aige, ceann na bliana seo ina measc. Chuaigh Helen go dtí Uíbh Ráthach a dhúchais chun labhairt le Jack díreach roimh an bhfógra oifigiúil go mbeadh sé ag fanacht mar bhainisteoir ar a chontae. Labhraíonn siad faoin gcinneadh sin,...
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.