Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

News GD ↓ 104 episodes

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.

Author

Tuairisc

Category

News

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Jul 8, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hAndrea Palandri – ‘Bhí Gaoluinn agus ceol agam — bhí ‘camouflage’ maith orm!’ 21.08.2025

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le hAndrea Palandri, ceoltóir agus scoláire a bhfuil a chlann á tógáil trí Ghaeilge agus Iodáilis i gCorca Dhuibhne San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen leis an Iodálach Andrea Palandri, ceoltóir agus scoláire atá ag cur faoi i gCorca Dhuibhne. Labhraíonn siad faoina shuim sa seanstair...

Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Colm Mac Con Iomaire - ‘Teach dátheangach a bhí ann, bhí Gaeilge ann agus bhí ceol ann’ 14.08.2025

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Colm Mac Con Iomaire, ceoltóir agus cumadóir as Baile Átha Cliath, faoina shaol ag plé leis an gceol, faoi bhunú na mbannaí Kíla agus The Frames agus faoi bheith ar chamchuairt le Bob Dylan. Is ar stáitse in áiteanna ar nós an Sydney Opera House agus an Hollywood Bowl a bhí The Frames agus iad i mbarr a réime ach déanann...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Bríd Ní Neachtain – ‘I Ros Muc a fhaighim inspioráid – siad mo mhuintir féin iad’ 07.08.2025

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Bríd Ní Neachtain, an sár-aisteoir as Gaeltacht Chonamara, faoi cheird na haisteoireachta agus saol an aisteora, faoi thábhacht agus áilleacht na Gaeltachta, faoi Ros Muc agus Broadway, TG4 agus Amharclann na Mainistreach.   Pléann siad na difríochtaí idir obair stáitse agus obair scáileáin agus an borradh atá faoi scann...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hÁine Uí Fhoghlú – ‘Bhí léachtóirí ann nár chreid go raibh an Ghaelainn fós againn sa Rinn’ 31.07.2025

Eagrán #6: San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le hÁine Uí Fhoghlú ón Rinn, file, poblachtánach agus gníomhaí ar son na gceart, faoi chás na Gaeltachta agus na teanga, faoi cheird na filíochta, faoina muintir agus a cúlra agóidíochta agus faoi cad a chiallaíonn an poblachtánachas di. Labhraíonn sí faoina tréimhse ag obair mar chraoltóir i gCorca Dhuibhne, an...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Máirín Ceárnaigh 24.07.2025

Eagrán #6: ‘Cé a ghabh an doras isteach chugam ach garsúinín Pheats Tom?’ Cailleadh le déanaí Mairéad Ní Chearnaigh, a bhí 102 bliain d’aois, an bhean dheireanach a mhair ar saolaíodh ar an mBlascaod Mór í. Labhraíonn a neacht Máirín Ní Chearnaigh le Helen faoina haintín agus faoi dheireadh a bheith tagtha le ceangal dlúth áirithe le saol atá imithe. Labhraíonn Máirín faoina saol féin, faoina muin...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Ciarán Dawson – ‘Ní thuigeann an Tuaisceart an Deisceart ach oiread’ 17.07.2025

Eagrán #5: ‘Ní thuigeann an Tuaisceart an Deisceart ach oiread’ Sa chúigiú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an Dr Ciarán Dawson as Béal Feirste, léachtóir Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus iarbhall den IRA a chaith sé bliana i bpríosún le linn na dTrioblóidí. Pléann Helen le Ciarán an cogadh ó thuaidh, saol an p...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Angela Bourke – ‘Tá mé tagtha, b’fhéidir, ar ath-thuiscint ar mharú Bridget Cleary’ 10.07.2025

Eagrán #4: ‘Tá mé tagtha, b’fhéidir, ar ath-thuiscint ar mharú Bridget Cleary’ Sa cheathrú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an scoláire agus údar aitheanta Angela Bourke faoina leabhar cáiliúil The Burning of Bridget Cleary: A True Story, saothar ceannródaíoch faoi mharú mná i dTiobraid Árann 130 bliain ó shin. In 1895 d’imigh...

An Spailpín, an seanchas agus an spórt 03.07.2025

Sa tríú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, tá Helen ag labhairt leis an iarchraoltóir Micheál Ó Sé faoina bhfód dúchais, Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne.  Déanann Micheál cur síos ar stair na háite, ar chuimhní óna óige agus ar dhaoine ón mbaile a bhain cáil amach, bíodh sin leis an gcaid nó leis an bpeann. Tá leabhar á scríobh ag Micheál faoi dhuin...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Peadar Ó Lionáird, fear ‘Folláin’ 26.06.2025

Eagrán #2 ‘Subh agus seodóireacht’ Sa dara heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, tá Helen i gCúil Aodha chun labhairt le Peadar Ó Lionáird, faoi shlán á fhágáil lena chomhlacht cáiliúil suibhe ‘Folláin’ agus aghaidh a thabhairt ar an tseodóireacht. Labhraíonn Helen le Peadar faoi chúrsaí gnó, faoin rath a bhí ar ‘Follaín’, faoi cad is saibhreas ann, fao...

'Scéal maith, ní bhuafadh faic é’ –podchraoladh ag Helen Ní Shé agus ‘Mo chara’ sa chúirt i Londain 19.06.2025

Tá an craoltóir Helen Ní Shé agus an t-abhcóide agus ceoltóir Méabh Smyth i dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun labhairt faoi shraith nua agallamh Helen do Tuairisc, ‘Paiste Cainte…’ agus cás cúirte Liam Óg Ó hAnnaidh ó Kneecap i gCúirt Dúiche Westminster i Londain. Ar deireadh, agus criú ‘An Pod Gaeilge’ ag tógáil sos samhraidh, is ábhar iontais dóibh gur éirigh leo 19 eagrán a...

An Pod Gaeilge – ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Seán Mac an tSíthigh… 19.06.2025

Eagrán #1 – ‘Ag cur Gaeilge ar na réalta…’   Tá áthas ar ‘An Pod Gaeilge’ le Tuairisc tús a chur le ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’, sraith nua agallmah ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Sa chéad eagrán déanann Helen paiste cainte leis an iriseoir Seán Mac an tSíthigh. Tá scéal diamhair álainn le hinsint ag Seán do Helen faoina shuim sa seanchas agus i réalt...

An difríocht idir Béarla is Gaeilge na hArdteiste, díol Arramara agus an státseirbhíseach macánta 13.06.2025

Tá Máirín Ní Ghadhra I dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun ceisteanna beaga fánacha agus ceisteanna móra fealsúnacha an tsaoil a phlé. Pléitear an difríocht mhór idir scrúdú Béarla na hArdteiste agus an scrúdú Gaeilge, scéal fada dhíol an chomhlachta feamainne Gaeltachta, Arramara, agus, an rud is annamh is iontach, státseirbhíseach os comhair choiste Oireachtais na Gaeltacha ag...

Fliuch báite ag déanamh na hArdteiste, geáitsí Geert Wilders agus ciste fhógraí RnaG 05.06.2025

I dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun mórcheisteanna na hEorpa agus mioncheisteanna na hArdteiste a phlé tá an craoltóir agus iriseoir Máirín Ní Ghadhra agus an t-iriseoir agus údar Alex Hijmans, atá linn ón Ísiltír. Pléitear titim rialtas na hÍsiltíre, agus dul chun cinn na heite fíordheise ar fud na hEorpa. Caitear súil chomh maith ar an Ardteist agus tugann Alex marc dúinn dá...

Ag gáirí faoi chaint Mháirtín Uí Chadhain ar an WhatsApp agus ‘carnabhal mearbhaill’ Kneecap 29.05.2025

I dteannta chriú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá Colm Ó Cuaig, duine d’eagarthóirí ‘Dúchan’, leabhar nua de bhlúirí ó fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain. Pléitear cúlra an leabhair, an chraic a bhaineann le caint an Chadhnaigh agus an tábhacht atá le caomhnú shaibhreas na Gaeilge. Caitear súil chomh maith ar chás Sue Pentel, bean 72 bliain d’aois a gabhadh i mBéal Feirste ag agóid ar son mhuintir n...

‘Sí Ráth Chairn an Ghaeltacht bheag a bhfuil croí mór inti’ 22.05.2025

Gaeilge’. An t-aon locht atá ar Ráth Chairn ná nach féidir é a fhágáil a deir Ciarán Ó Fátharta le Bridget Bhreathnach agus é in éineacht le Máirtín Ó Méalóid, Liam Mac Cóil agus Brídóg Ní Chonaire don eagrán speisialta seo. Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc....

Béarla amháin ar earraí bia, Leon agus Leo, Gaeilge gan chiall… 15.05.2025

Idir pholasaí ‘Béarla amháin’ an Rialtais, ainm Gaeilge an Phápa agus Gaeilge a chodail amuigh na bpreasráiteas tá neart ábhar cainte an tseachtain seo ag criú ‘An Pod Gaeilge’ ó Thuairisc Ó Bhéal. San eagrán is déanaí, tá Breandán Mac Gearailt, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí i dteannta Bhridget Bhreathnach chun plé a dhéanamh ar chuid de scéalta na seachtaine. Podchraoladh é ‘An Pod Ga...

An samhradh sa Ghaeltacht – ná bí ag smaoineamh faoi na cnoic, bí ag smaoineamh leo… 08.05.2025

San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Dara Ó Cinnéide, Fiona Ní Fhlaithearta, Rónán Ó Dochartaigh agus Maitiú Ó Coimín i dteannta Bhridget Bhreathnach chun plé a dhéanamh ar an samhradh sa Ghaeltacht, an gá le cuairteoirí a mhealladh agus an dúchas a chosaint ag an am céanna. Pléitear chomh maith na rudaí is fearr le déanamh sna cheantair Ghaeltachta éagsúla, an draíocht...

Cá bhfuil an fhírinne i gconspóid Kneecap? 02.05.2025

San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal tá Póilín Ní Chiaráin, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí i dteannta Bhridget Bhreathnach chun plé a dhéanamh ar chonspóid Kneecap, ar fhoclóir nua ríme don Ghaeilge agus ar an bhfoghlaimeoir cáiliúil is déanaí atá againn…

Pápa an phobail agus Teach an Phobail 24.04.2025

San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Frainc Mac Brádaigh, Micheál Mac Craith, Áine Ní Bhreisleáin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar oidhreacht an Phápa Proinsias, ar an dán Gaeilge is mó a thaitneodh leis agus ar cad atá i ndán don eaglais Chaitliceach ina dhiaidh. Pléitear chomh maith an drochscéal faoi loisceadh Theach an Phobail i nGaoth Dobhai...

Oidhreacht Alan Esslemont agus todhchaí TG4; an Ghaeilge sna meáin Bhéarla; ag tarraingt anála 17.04.2025

San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Norita Ní Chartúir, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar ré Alan Esslemont mar cheannaire ar TG4 agus ar a bhfuil i ndán don stáisiún, ar fhás na bhforlíonta Gaeilge sna nuachtáin Bhéarla agus an tábhacht a bhaineann le d’anáil a tharraingt. Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairi...

An bhfuil plean ann don phleanáil teanga sa Ghaeltacht? 10.04.2025

San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéaldéanann Bridget Bhreathnach, Dónall Ó Cnáimhsí, oifigeach pleanála teanga an iarthuaiscirt, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar chóras na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Déanann Dónall cur síos macánta dúinn ar na dúshláin a bhaineann le hobair an oifigigh pleanála teanga agus ar an bhfrustrachas agus éiginnteacht a bhaineann l...

Ar cheart do mhuintir na Gaeltachta a bheith níos tuisceanaí le foghlaimeoirí? 04.04.2025

San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Áine Ní Bhreisleáin, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Breandán M Mac Gearailt plé ar an turasóireacht teanga, míshonas an DUP is an Ghaeilge, taraifí Trump agus oidhreacht Mhick O’Dwyer. Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gae...

Bíonn na céadta leathanach Shakespeare ag an dalta Gaeltachta sa Bhéarla agus gan acu ach ‘Cáca Milis’ sa Ghaeilge 27.03.2025

San eagrán is déanaí de‘Tuairisc ó Bhéal’, tá Eimear Nic Dhonnchadha dalta Ardteiste Gaeltachta, ibhfochair Bhridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí le plé a dhéanamh ar an éagóir a dhéantar sa chóras oideachais ar an gcainteoir dúchais Gaeilge, ar éagsúlacht litríocht na Gaeltachta agus ar an raic is déanaí sa Dáil.   Podchraoladh é seo sa tsraith Tuairisc ó Bhéal ó she...

Céard is ‘Irish Literature’ ann gan litríocht na Gaeilge? 20.03.2025

Déanann Bridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha, Dónall Ó Braonáin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar liosta an Irish Times den chéad leabhar ‘Éireannach’ is fearr le 25 bliain anuas, ar an gcaoi a mbrúitear litríocht na Gaeilge go dtí an t-imeall agus ar na dúshláin a bhaineann le léirmheastóireacht na Gaeilge. Podchraoladh de chuidTuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.

An bhfuil aon mhaith a bheith ag eascainí faoi dhíospóireacht ‘Upfront’ RTÉ faoin nGaeilge? 13.03.2025

San eagrán is déanaí de ‘Tuairisc ó Bhéal’, déanann Bridget Bhreathnach, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar chuairt an Taoisigh ar an Teach Bán ar Díospóireacht mhór bhliantúil RTÉ faoin nGaeilge agus ar an maitheas a bhaineann le bheith ag eascainí… Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.

Listen to the AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.