uk

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tús Áite

News GA ↓ Епізодів: 353

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Обов'язково відвідайте сайт подкасту та підтримайте його автора: www.rte.ie

Автор

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Категорія

News

Сайт подкасту

www.rte.ie

Останній епізод

27 лис 2026

Де слухати?

Подкасти в застосунку Replaio Radio Уже незабаром

Подкасти незабаром з'являться в застосунку. Встановіть уже зараз і першими побачте зовсім новий погляд на подкасти

Завантажити з Google Play Встановіть безкоштовно Android 10 млн+ завантажень · рейтинг 4,7+ iOS незабаром

Епізоди

Tús Áite: Painéal Toghcháin Lár Téarma SAM: 04.11.2026

Plé ar na Toghcháin Lár Téarma sna Stáit Aontaithe le Breandán Ó Dálaigh, Fear gnó san earnáil SI lonnaithe i Michigan, Deirdre Nic Ruairí, Leabharlannaí Scoile in Austin Texas, agus An tOllamh Brian Ó Broin, Ollamh in Ollscoil William Patterson New Jersey, údar agus tráchtaire.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 04.11.2026

Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le Muiris Ó Cearbhaill Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Daily Mail.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Rialacha saorántachta, Stailc na ndlíodóirí, agus Aighneas páigh. 03.11.2026

Tá athrú molta ar rialacha saorántachta; stailc na ndlíodóirí ag leanúint ar aghaidh, chomh maith le haighneas páigh na hearnála poiblí. Iad sin ar fad á bple le Barry Ward, Teachta Dála d'Fhine Gael i nDún Laoghaire, Abhcóide Sinsireach agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Ráiteas Thinteáin agus CnaG ar tithíocht 03.11.2026

"Caithfear rialú a dhéanamh ar ligint gearrthréimhseach ar mhaithe ár bpobail, ár dteanga agus ár dtodhchaí", Sin a dúirt John Prendergast, Bainisteoir Abhcóideachta ó dheas le Conradh na Gaeilge & Urlabhraí do Thinteán maidir leis an mBille um Ligean Gearrthéarmach agus Turasóireacht. Phléamar an ráiteas leis. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 03.11.2026

Na scéalta móra idirnáisiúnta á bplé le Úna Ní Bhroiméil Staraí agus Tráchtaire ar Stair Mheiriceá, agus Michael McCaughan, Iriseoir.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 03.11.2026

Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le Muiris Ó Cearbhaill, Comhfhreagraí Polaitíochta, The Irish Daily Mail.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Carla Lockhart ag fágáil an DUP 02.11.2026

D'fhógair Carla Lockhart go bhfuil sí ag fágáil an DUP inniu, phléamar an scéal leis an bpainéal.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Ard Fheis Fhine Gael 02.11.2026

D’fhógair an Tánaiste Simon Harris go nglacfaidh an tAire Peter Burke freagracht as cúram an Aire Patrick O’Donovan le linn dó a bheith ag teacht chuige fhéin ó thinneas. Phléamar seo leis an bpainéal.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Ciara Mageean 02.11.2026

Adhlacadhófar an lúthchleasaí Éireannach Ciara Mageean i bPort an Pheire i gCo an Dúin amárach. Bhásaigh sí de bharr ailse putóige agus gan í ach 34 bliain d’aois. Roinn Tomaí Rua Ó Conghaile dán a scríobh sé faoi Ciara.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Toghcháin lár téarma na Stáit Aontaithe 02.11.2026

Beidh na toghcháin meántéarma sna Stáit Aontaithe amárach ach tá vótaí caite go luath ag breise agus 54 milliún duine. Ba chóir go mbuafadh na Daonlathaigh mórán i dTeach na nIonadaithe más fíor do na pobalbhreitheanna. Roinn an painéal a dtuairimí.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Cainteanna Pá 02.11.2026

Tháinig ceardchumainn na hearnála poiblí le chéile inniu chun caint faoi stailc agus agóidí phoiblí a d’fhéadfadh tarlú Dé Céadaoin na seachtaine seo chugainn mar nach bhfuil comhaontú pá nua bainte amach acu fós. Phléamar an scéal leis an bpainéal.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Gadaíocht Chriptea 02.11.2026

Goideach luach $6.3 Billiún i gcriptea-airgeadra ón árdán trádála Binance i gcibear-ionsaí inné. Labhair muid faoin scéal le hEmmet Ryan, Saor-iriseoir.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Ionaid Sonraí 30.10.2026

De réir figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, úsáideann ionaid sonraí beagnach 25% den leictreachas ar fad in Éireann anois. Labhair Cearbhall Ó Síocháin le Trish Ní Fhoghlú, Urlabhraí Feachtas Feasachta Ionad Sonraí Chill Dara, faoin gceist.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine 30.10.2026

Súil siar ar scéalta móra na seachtaine le Marc Ó Cathasaigh, Iar-Theachta Dála an Comhaontais Ghlais agus Múinteoir Bunscoile, agus Noreen Darcy, Úinéir agus Stiúrthóir D’Arcy Marketing & PR.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 30.10.2026

Scéalta móra an lae á bplé le hÁine Ní Chiaráin, tráchtaire polaitíochta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 29.10.2026

Scéalta sna nuachtáin ó fud fad na tíre.  á gcur i láthair ag Concubhar Ó Liatháin, Iriseoir Ilmheáin le TG4.    See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Scannánaíocht na Gaeilge san IFI 29.10.2026

Agus borradh faoi chúrsaí scannán Gaeilge, pléifear ábhar an leabhair nua Scannánaíocht na Gaeilge ag painéal speisialta mar chuid d'Fheile Leabhar Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn. Inár dteannta bhí Aodh Ó Coileáin, Léachtóir sna Meáin OE Gaillimh.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: TG4 30 bliain 29.10.2026

Tá TG4 ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód an deireadh seachtaine seo. Inár dteannta bhí; Ciarán Ó Féinneadha, Comhairleoir Cánach agus gníomhaí teanga, agus Donncha Ó hÉalaithe, Colúnaí le Tuairisc.ie.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Cruinniú an DUP inniu 29.10.2026

Tá bac curtha ag ceannaire an DUP agus leas Chéad Aire Thuaisceart na hÉireann Emma Little Pengelly ar an gCéad Aire Michelle O'Neill freasral ar mór ócáid eacnamúil i nGlaschú amárach. Phléamar an scéal le Ursula Ní Shabhaois, Tráchtaire Polaitiúil.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 29.10.2026

Scéalta móra an lae á bplé le Muiris Ó Cearbhaill, Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Daily Mail.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Tionóisc traenach ard-luais sa Spáinn 28.10.2026

Tá ar a laghad 68 duine marbh agus 80 gortaithe tar éis na tionóisce idir dhá thraein ardluais i ndeisceart na Spáinne inniu. Tharla an timpiste díreach tar éis a hocht ar maidin, am na hÉireann. Phléamar an scéal le Cathal Ó Cuaig, Iriseoir agus Scannánóir i mBarcelona.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Torthaí Olltoghchán Iosrael 28.10.2026

Plé ar an Olltoghchán in Iosrael le Fionnuala Ní Aoláin, Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota agus ag Ollscoil na Ríona, Iar-Rapporteur Speisialta um Chearta Daonna leis na Naisiún Aontaithe See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Bóthar Gharbh Achaidh 28.10.2026

Rialaigh cúirt i mBéal Feirste gur ghlac an Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann cinneadh dleathach nuair a chuir sé cosc ar pharáid Dhroim Crí níos luaithe an mhí seo. Labhair muid le Máirín Hurndall, Tráchtaire agus Craoltóir ó Chúlra Aontachtach.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 28.10.2026

Scéalta móra polaitíochta na lae á bplé le Muiris Ó Cearbhaill, Comhfhreagraí Polaitíochta, The Irish Daily Mail.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Mír na Meán 28.10.2026

Súil á chaitheamh ar cad atá sna meáin, idir Theilifís, Raidió, Litríocht, agus eile! Inniu bhí dhá chláir á phlé, 'Gealtra' agus 'Naoínra', an dá cheann ar TG4 agus Norita Ni Chartúir inár dteannta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Слухайте подкаст Tús Áite у Replaio

Радіо та подкасти в одному застосунку - безкоштовно й без реєстрації. Встановіть уже сьогодні та не пропустіть запуск

Завантажити з Google Play

Replaio не є видавцем подкастів; назви шоу, обкладинки та аудіо належать їхнім авторам і поширюються через публічні RSS-канали