RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tús Áite
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Обов'язково відвідайте сайт подкасту та підтримайте його автора: www.rte.ie
Де слухати?
Подкасти в застосунку Replaio Radio Уже незабаромПодкасти незабаром з'являться в застосунку. Встановіть уже зараз і першими побачте зовсім новий погляд на подкасти
Епізоди
Painéal an Luain: An Úcráin 16.11.2026 21:48
Tá céad is a trí déag smachtbhanna nua curtha i bhfeidhm ag an Eoraip i gcoinne na Rúise - ina measc smachtbhannaí ar an iriseoir Éireannach Chay Bowes - agus Dé Céadaoin beidh Comhairle na hEorpa ag nochtadh a moladh faoi conas deigheáil leis an €70 míle milliún de bhearna i mbuiséad na hÚcráine an bhliain seo chugainn. Phléamar an scéal is déanaí leis an bpainéal. See omnystudio.com/listen...
Tús Áite: Mír na Meán 11.11.2026 9:01
Plé ar dhá chláir iontacha ar féidir breathnú orthu,Snámh in Aghaidh Easa agus Áras Éanna, phléamar iad le Norita Ní Chartúir. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: IMEASC agus Gaeloideachas 11.11.2026 16:00
Léirítear in anailís a d'fhoilsigh IMEASC inniu nach bhfuil ach 43,000 duine in ann freastal ar Ghaelscoil faoi láthair, cé go bhfuil éilimh suntasach ann. Bhí ár dtuairisceoir Jack Basquille i láthair ag lá stocaireachta IMEASC in óstán Buswells inniu. Anuas ar sin, labhair muid le Rónán Mac Grianna Príomhoide Scoil Naomh Lorcáin, An Óméith, maidir leis an féidearthacht go n-aistreofaí an s...
Tús Áite: Cruinniú Mullaigh Comhshaoil COP31 11.11.2026 6:03
Labhair na scórtha ceannairí le linn na "plé ardleibhéil" ar siúl inniu agus amárach ag Cruinniú Mullaigh Comhshaoil COP31 sa Tuirc ina measc, Uachtarán na Tuirce, Uachtarán na Brasaíle agus Uachtarán na hIaráine, phléamar an scéal le Gráinne Ní Aodha, Tuairisceoir leis an Irish Examiner. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae. 11.11.2026 12:14
Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: "Ní creachadóir gnéis mé" - David Walliams 10.11.2026 5:10
"Ní creachadóir gnéis mé" Sin an freagra a thug David Walliams, an scríbhneoir aitheanta agus iar-mholtóir ar Britain's Got Talent, mar fhreagra ar na líomhaintí gur bhain sé míleas as a chlú agus stádas chun caidrimh ghnéis a a bheith aige le mná óga agus déagóirí. Labhair muid faoi le Tom Ó Ceallaigh, tráchtaire lonnaithe i Londain. See omnystudio.com/listener for privacy infor...
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 10.11.2026 18:20
Na scéalta móra idirnáisiúnta, ina measc: An Úcráin, An Iaráin, agus Nvidia, iad seo á bplé le John Maguire, Iriseoir agus Tráchtaire i bPáras, agus Peadar De Blúit, Tráchtaire. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Rún dollaí bóthair agus léirsithe breosla 10.11.2026 9:17
Tá Cúrsaí taistil agus bóithre ina ualach ar intinn mhórán againn - Tá ardú le teacht ar na dolaí mótarbhealaigh san athbhliain, mar a d’fhógair Bonneagair iompar Éireann le déanaí; tá costas ticéad bus nó traenach ag ardú chomh maith i mí Eanáir. Phléamar an scéal seo le Pa Daly, urlabharaí iompair Shinn Féin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 10.11.2026 10:05
Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Painéal an Luain: An Timpist i nDún Laoghaire 09.11.2026 8:03
Dúirt comhairleoir áitiúil i nDún Laoghaire go bhfuil an pobal áitiúil “faoi uafás agus croíbhriste” i ndiaidh na timpiste i ndeisceart Bhaile Átha Cliath inné, inar gortaíodh seisear déagóirí agus bean atá sna daichidí. Labhair muid leis an bPainéal faoi, agus freisin le Barry Ward, TDd'Fhine Gael i nDún Laoghaire, Abhcóide Sinsireach agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh.&...
Painéal an Luain: DUP vs Gaeloideachas 09.11.2026 4:33
Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, agus ionadaí ar Ghrúpa Oibre don Straitéis Ghaelscolaíochta sa Roinn Oideachais: “Is scannal iomlán é cinneadh an DUP agus an Aire Oideachais veto a dhéanamh ar an Bhille Gaelscolaíochta amárach tríd an ‘achainí ar bhonn ábhar buartha’. Labhair muid leis maidir leis an scéal. See omnystudio.com/listener for privacy informat...
Painéal an Luain: Cainteanna Pá 09.11.2026 17:00
Tá cainteanna ag leanúint ar aghaidh idir an rialtas agus ceardchumainn mar gheall ar aighneas pá san earnáil phoiblí. Phléamar an scéal leis an bPainéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Painéal an Luain: Cruinnithe AE agus Comhphobal Polaitiúil na hEorpa 09.11.2026 11:37
Tá dhá chruinniú mullaigh ollmhór idirnáisiúnta ag tarlú i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Déardaoin tiocfaidh 45 ceannaire Eorpach le chéile do chruinniú den Comhphobal Polaitiúil Eorpach. Phléamar é leis an bPainéal See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Ionsaithe hibrideacha ar an Eoraip agus ról na Rúise iontu 09.11.2026 9:21
Plé ar n hIonsaithe hibrideacha ar an Eoraip agus ról na Rúise iontu Dr. Conchubhar Ó Dálaigh, Comhalta Taighde ar cuairt Roinn an Léinn agus Shlavaigh, Coláiste na Trionóide. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Anailís slándála ar an mbagairt bhuama 09.11.2026 6:04
Plé an mbagairt bhuama le Frank Reidy, Iar-Cheannfoirt Airm agus Saineolaí Míleata See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 09.11.2026 6:25
Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Bagairt Bhuama 09.11.2026 17:40
Plé ar an mBagairt Bhuama a fógraíodh inniu, Labhair muid le Tristan Rosenstock, Craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhí ar an gcampas nuair a fógraíodh an bagairt bhuama in RTÉ Domhnach Broc, labhair sé linn maidir leis an eachtra. le Sean Kelly, Feisire Eorpach le Fine Gael, maidir le himpleachtaí Eorpacha, Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach agus eile. Agus le Donncha Ó Laoghair...
Tús Áite - 'What's Up With America?' podcraoladh 06.11.2026 8:22
Labhrann Cearbhall Ó Síocháin le David Traynor atá i mbun podcraoladh 'What's Up With America?' i Nua Eabhrac. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 05.11.2026 4:39
Scéalta ó na nuachtáin áitiúla, á gcur i láthair ag Conall Mac Dhonnagáin, Saor-léiritheoir. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Leabhar nua Shaun Harte - "Book of Irish Puns" 05.11.2026 10:52
Tá leabhar foilsithe ag Shaun "WithAFada" Harte - Book of Irish Puns - atá lán d’imeartas focal, agus de scéalta grinn atá bunaithe ar na cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus an Béarla. Labhair Jack Basquille faoi ar an gclár. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Raidió Rí-Rá vs Coimisiún na Meán maidir le FM 05.11.2026 5:40
Tá Raidió Rí Rá ag áiteamh ar an bpobal ríomhphostanna a sheoladh go Coimisiún na Meán ag tacú lena n-éileamh go mbunófaí stáisiún ar FM dírithe ar an aos óg. Níl stáisiún FM Gaeilge don aos óg i measc na moltaí atá déanta i gcáipéis plé faoi sheirbhísí craoltóireachta atá foilsithe ag an gCoimisiún áfach. Labhair muid le Emma Ní Chearúil, bainisteoir Raidió Rí-Rá. See omnystudio.com/listener for...
Tús Áite: Fórsa slándála príobháideach sa chathair? 05.11.2026 5:50
Cuirfear isteach go mór ar dhaoine ag taisteal agus ag obair i gcathair Bhaile Átha Cliath ar feadh ceithre lá an tseachtain seo chugainn nuair a chuirfear an beartas póilíneachta ii mó i stair an Stáit i bhfeidhm mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach. Mícheál Mac Donncha, Comhairleoir le Sinn Féin ar Chomhairle Chathrach Átha Cliath agus iar-Ardmhéara na Cathrach. ...
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 05.11.2026 6:21
Scéalta móra polaitíochta na lae á bplé le Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuachta RTÉ/TG4. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Tionchar Thoghcháin meán-téarma Mheiriceá ar an gcogadh san Úcráin: 05.11.2026 10:13
Tá neart tráchtaireachta i nuachtáin na Rúise inniu gur droch scéal iad torthaí toghchán méantéarma Mheiriceá don Rúis agus d’iarractaí teacht ar réiteach idir Meiriceá agus an Rúis faoi cheist na hÚcráine a bheadh fabhrach don Rúis. Nadia Dobrianska, Stairí, Tráchtaire agus Iar-Oibrí Cearta Daonna san Úcráin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Mír na Meán 04.11.2026 9:37
Plé ar 'Crá' Séasúr a 2, agus ar 'Hola Hector - Ó Bogota go Buenos' Aires, le Gráinne Ní Chaomhánaigh. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Схожі подкасти
Replaio не є видавцем подкастів; назви шоу, обкладинки та аудіо належать їхнім авторам і поширюються через публічні RSS-канали