RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tús Áite
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Vizitează neapărat site-ul podcastului și susține-i creatorul: www.rte.ie
Autor
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Categorie
Site-ul podcastului
Cel mai nou episod
19 nov. 2026
Unde asculți?
Podcasturi în aplicație Replaio Radio În curândPodcasturile ajung în curând în aplicație. Instaleaz-o acum și fii primul care descoperă o abordare complet nouă a podcasturilor
Episoade
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 29.10.2026 4:44
Scéalta sna nuachtáin ó fud fad na tíre. á gcur i láthair ag Concubhar Ó Liatháin, Iriseoir Ilmheáin le TG4. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Scannánaíocht na Gaeilge san IFI 29.10.2026 10:39
Agus borradh faoi chúrsaí scannán Gaeilge, pléifear ábhar an leabhair nua Scannánaíocht na Gaeilge ag painéal speisialta mar chuid d'Fheile Leabhar Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn. Inár dteannta bhí Aodh Ó Coileáin, Léachtóir sna Meáin OE Gaillimh. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: TG4 30 bliain 29.10.2026 17:15
Tá TG4 ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód an deireadh seachtaine seo. Inár dteannta bhí; Ciarán Ó Féinneadha, Comhairleoir Cánach agus gníomhaí teanga, agus Donncha Ó hÉalaithe, Colúnaí le Tuairisc.ie. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Cruinniú an DUP inniu 29.10.2026 5:50
Tá bac curtha ag ceannaire an DUP agus leas Chéad Aire Thuaisceart na hÉireann Emma Little Pengelly ar an gCéad Aire Michelle O'Neill freasral ar mór ócáid eacnamúil i nGlaschú amárach. Phléamar an scéal le Ursula Ní Shabhaois, Tráchtaire Polaitiúil. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 29.10.2026 4:28
Scéalta móra an lae á bplé le Muiris Ó Cearbhaill, Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Daily Mail. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Tionóisc traenach ard-luais sa Spáinn 28.10.2026 4:30
Tá ar a laghad 68 duine marbh agus 80 gortaithe tar éis na tionóisce idir dhá thraein ardluais i ndeisceart na Spáinne inniu. Tharla an timpiste díreach tar éis a hocht ar maidin, am na hÉireann. Phléamar an scéal le Cathal Ó Cuaig, Iriseoir agus Scannánóir i mBarcelona. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Torthaí Olltoghchán Iosrael 28.10.2026 6:25
Plé ar an Olltoghchán in Iosrael le Fionnuala Ní Aoláin, Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota agus ag Ollscoil na Ríona, Iar-Rapporteur Speisialta um Chearta Daonna leis na Naisiún Aontaithe See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Bóthar Gharbh Achaidh 28.10.2026 10:18
Rialaigh cúirt i mBéal Feirste gur ghlac an Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann cinneadh dleathach nuair a chuir sé cosc ar pharáid Dhroim Crí níos luaithe an mhí seo. Labhair muid le Máirín Hurndall, Tráchtaire agus Craoltóir ó Chúlra Aontachtach. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 28.10.2026 4:05
Scéalta móra polaitíochta na lae á bplé le Muiris Ó Cearbhaill, Comhfhreagraí Polaitíochta, The Irish Daily Mail. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Mír na Meán 28.10.2026 10:10
Súil á chaitheamh ar cad atá sna meáin, idir Theilifís, Raidió, Litríocht, agus eile! Inniu bhí dhá chláir á phlé, 'Gealtra' agus 'Naoínra', an dá cheann ar TG4 agus Norita Ni Chartúir inár dteannta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 27.10.2026 23:00
Na scéalta móra idirnáisiúnta á bplé leis an Dr. Bairbre Ní Chiosáin, Léachtóir in Ollscoil Toulouse, agus Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Víosaí do mhic léinn ó Ghaza 27.10.2026 6:29
Tá an Ard-Chúirt tar éis cinneadh ón Aire Dlí agus Cirt víosa staidéir a dhiúltú do mhac léinn as Gaza a chur ar ceal agus d’ordaigh sí go ndéanfaí athbhreithniú ar an iarratas agus go ndéanfaí cinneadh nua laistigh de dheich lá. Phléamar an scéal le Naoise Dolan, Scríbhneoir agus Gníomhaí Cearta Daonna See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 27.10.2026 5:41
Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le Muiris Ó Cearbhaill, Comhfhreagraí Polaitíochta, The Irish Daily Mail. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Seoladh Phlean forbartha tuaithe nua 27.10.2026 7:30
Sheol an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail, agus Gaeltachta Dara Calleary Plean forbartha tuaithe nua i mBÁC inniu. Bhí ár dtuairisceoir Jack Basquille i láthair ag an seoladh, labhair sé leis an Aire Calleary maidir leis an bplean nua. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Iosrael 23.10.2026 6:02
Ghortaigh gunnadóirí Palaistíneacha cúigear Iosraelach sular maraíodh beirt acu tar éis malartú lámhaigh fada. Mar thoradh ar an eachtra sin, d’ordaigh Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, dianghlasáil ar fud an Bhruach Thiar. Phléamar an scéal le Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine 23.10.2026 13:22
Scéalta móra na seachtaine á bplé le Clodagh Ní Mhuirí, Comhairleoir cathrach BÁC le Fine Gael, agus Míde Nic Fhionnlaíoch, Ball de na Daonlathaigh Sóisialta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Seoladh leabhair - 'An Saol Bocht' 23.10.2026 8:56
Tá an chéad bheathaisnéis mór ar Flann O’Brien nó Myles na gCopaleen nó Brian Ó Nualláin le tríocha bliain anuas á sheoladh ag ionad ollscoil Notre Dame i mBaile Átha Cliath um thráthnóna. Tá Brian Ó Conchubhair, údar agus Ollamh le Teanga agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame, linn ar an gclár chun é a phlé. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Dónal Lunny imithe ar shlí na firinne 23.10.2026 12:13
Tá Dónal Lunny, Ceoltóir mór le rá a bhí mar bhall den ghrúpa Planxty, agus a bhí mar cheannródaí i saol an cheoil thradisiúnta i gcoitinne, imithe ar shlí na fírinne. Labhraíomar le Paddy Glackin, fidléir, ball bunaidh de The Bothy Band, agus le Macdara Ó Faoláin, ceoltóir traidisiúnta bouzuki a bhí ag seinm le Dónal Lunny le déanaí. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 22.10.2026 5:51
Scéalta ó na nuachtáin áitiúla ó fud fad na tíre á gcur i láthair ag Jack Basquille. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: El Niño 22.10.2026 9:02
Is feiniméan aimsire é El Niño ina n-éiríonn uiscí dromchla an Aigéin Chiúin níos teo ná mar is gnách, rud a mbíonn tionchar aige ar phatrúin aimsire ar fud an domhain. Táthar ag súil leis an mbuaicphointe i mí na Nollag. Seo tuairisc ag Cearbhall Ó Síocháin ar an eachtra aeráide agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige orainn. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an lae 22.10.2026 6:30
Scéalta móra polaitíochta na lae á bplé le Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuachta RTÉ/TG4. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Liostaí Feithimh 22.10.2026 5:56
D'fhág níos mó ná 70,000 duine na ranna éigeandála ospidéil gan fanacht, nó d'fhág siad sular críochnaíodh a cóir leighis, le linn na chéad seacht mí den bhliain seo, de réir figiúirí nua. Phléamar é le Dr. Anthony O'Connor, Dochtúir Comhairleach in Oispidéal Thamhlachta agus Ollamh le Leighis i gColáiste na Trionóide. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Múinteoirí Thar Lear 22.10.2026 11:58
Labhair muid faoi thaithí mhúinteoirí thar learr, coinníollacha, agus an aighneas pá sa bhaile le beirt a thóg an chinneadh fágáil, Áine Ní hEósa, Múinteoir bunscoile as Corcaigh, Perth, agus Eva Ní Dhoibhleann, Múinteoir bunscoile as Gaoth Dobhair, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Mír na Meán 21.10.2026 9:36
Súil á chaitheamh ar cad atá sna meáin, idir Theilifís, Raidió, Litríocht, agus eile! Inniu bhí dhá chláir á phlé, 'Glúin an tSosa Cogaidh' agus 'Ceol 1798', an dá cheann ar TG4 agus Rob Ó Conchúir inár dteannta chun iad a phlé. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Gaeloideachas agus Stailc na nAturnaetha le Barry Ward 21.10.2026 6:46
Bhí TD d'Fhine Gael Barry Ward ag tagairt do líomhaint an Aire go raibh dlíodóirí cosanta tar éis díriú isteach go sonrach ar chásanna éignithe chun bac a chur orthu mar chuid dá n-aighneas faoi íocaíochtaí agus dúirt sé go raibh an méid a dúirt an tAire mhífhéaráilte agus gur chóir dó é a tharraing siar. Labhair muid leis an fear féin maidir leis an gceist seo. See omnystudio.com/listener f...
Podcasturi asemănătoare
Replaio nu este editorul podcasturilor; numele emisiunilor, coperțile și materialul audio aparțin autorilor lor și sunt distribuite prin fluxuri RSS publice