Tuairisc
TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal
Na scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024 á bplé ag tráchtairí Tuairisc agus aíonna speisialta. Seo an chéad phodchraoladh i Tuairisc Ó Bhéal – Tuairimí Toghcháin, sraith nua ag Tuairisc, an tseirbhís nuachta Gaeilge ar líne.
Vizitează neapărat site-ul podcastului și susține-i creatorul: podcasters.spotify.com
Autor
Tuairisc
Categorie
Site-ul podcastului
Cel mai nou episod
3 dec. 2024
Unde asculți?
Podcasturi în aplicație Replaio Radio În curândPodcasturile ajung în curând în aplicație. Instaleaz-o acum și fii primul care descoperă o abordare complet nouă a podcasturilor
Episoade
Tuairimí Toghcháin #09 03.12.2024 44:42
San eagrán iarthoghcháin seo de ‘Tuairimí Toghcháin’ pléann Cathal Mac Coille, Éamon Ó Cuív, Áine Ní Chiaráin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí cé a bheidh sa chéad rialtas eile, na Gaeilgeoirí a bheidh sa chéad Dáil eile, cúrsaí pobalbhreitheanna, aireacht na Gaeltachta agus neart eile. Labhraíonn Éamon Ó Cuív chomh maith faoin uair a bhí sé ina aire rialtais agus é ag margántaíocht le Jackie Healy-Rae....
Tuairimí Toghcháin #08 28.11.2024 53:41
San eagrán deireanach de ‘Tuairimí Toghcháin’ roimh lá na vótála, pléann Breandán M Mac Gearailt, Máirín Ní Ghadhra, Donncha Ó hÉallaithe agus Seán Tadhg Ó Gairbhí cora an fheachtais agus a bhfuil i ndán dúinn nuair a bheidh an comhaireamh déanta. Pléitear chomh maith a imeallaí is a bhíonn an Ghaeilge i dtoghcháin. Déantar scagadh ar ghealltanais na bpáirtithe faoin teanga agus ar dhuáilcí shaol...
Tuairimí Toghcháin #07 26.11.2024 36:00
San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’, sraith podchraoltaí ó 'Tuairisc ó Bhéal’, phléigh Breandán M Mac Gearailt le Dara Ó Cinnéide, Toiréasa Ferris agus Seán Tadhg Ó Gairbhí na torthaí ó phobalbhreith TG4 i ndáilcheantar Chiarraí agus an feiniméan Healy-Rae. An mórán mar a chéile a bheidh dáileadh na suíochán i gCiarraí? An údar díomá do Shinn Féin i gCiarraí torthaí na pobalbhreithe? Agus...
Tuairimí Toghcháin #06 22.11.2024 24:14
I bhfochair Mhéabh Ní Thuathaláin ar an eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá aire stáit na Gaeltachta Thomas Byrne agus an t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne. Pléann an bheirt, a d’fhéadfadh a bheith ina n-airí Gaeltachta, nó airí stáit is dóichí, sa gcéad Rialtas eile, géarchéimeanna teanga agus tithíochta na Gaeltachta agus céard a d’fhéadfadh a bheith i ndán don te...
Tuairimí Toghcháin #05 21.11.2024 27:32
San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal, pléann Cathal Mac Coille leis an tráchtaire polaitíochta Áine Ní Chiaráin agus an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív torthaí phobalbhreith TG4 i Maigh Eo. An mbuafaidh Fianna Fáil an dara suíochán? An gcabhróidh lucht Fhine Gael le Sinn Féin? Labhraíonn siad chomh maith faoi na scéalta is déanaí ó fheachtas Olltoghchán 24
Tuairimí Toghcháin #04 20.11.2024 48:24
San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Cathal Mac Coille pobalbhreith TG4 i nGaillimh Thiar leis an iar-aire stáit Gaeltachta de chuid Fhine Gael, Dinny McGinley, an tráchtaire polaitíochta Áine Ní Chiaráin agus an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin. Agus an baol atá ann go mbeidh Fine Gael fágtha gan suíochán Dála sa chontae den chéad uair le 100 bliain, pléitear deacr...
Tuairimí Toghcháin#03 18.11.2024 39:03
San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Méabh Ní Thuathaláin tábhacht na ndísopóireachtaí teilifíse le heagarthóir agus léirmheastóir teilifíse Tuairisc, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Breandán M Mac Gearailt. Labhraíonn siad chomh maith faoi chur chuige na meán aimsir na dtoghchán, na meáin shóisialta agus na roghanna a bhíonn le déanamh ag na meáin Ghaeilge.
Tuairimí Toghcháin#02 14.11.2024 53:49
San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Cathal Mac Coille pobalbhreith TG4 i nGaillimh Thiar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, an léachtóir Norita Ní Chartúir agus an craoltóir Máirín Ní Ghadhra
Tuairimí Toghcháin #01 11.11.2024 14:51
Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Méabh Ní Thuathaláin le John Downing. Na scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024 á bplé ag tráchtairí Tuairisc agus aíonna speisialta. Seo an chéad phodchraoladh i Tuairisc Ó Bhéal, sraith nua ag Tuairisc.ie, an tseirbhís nuachta Gaeilge ar líne.
Podcasturi asemănătoare
Replaio nu este editorul podcasturilor; numele emisiunilor, coperțile și materialul audio aparțin autorilor lor și sunt distribuite prin fluxuri RSS publice