Nuall na nÓg
Nuall na nÓg
Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓgTabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhaineann go mór leis an aos óg in Éirinn agus ar fud fad na cruinne. Beidh spraoi againn fosta ag plé an tsó agus an anró, uilig faoi anáil na heite clé agus na Gaeilge. Bígí linn ⭕️🎉
Author
Nuall na nÓg
Category
Podcast website
Latest episode
Oct 23, 2025
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Fuaim an Fhómhair: Agóid, Amhráin, & Athrú 23.10.2025 43:53
Sa chlár seo, labhraímid faoi na scéalta móra atá i mbéal an phobail; rás don uachtaránacht, an agóid náisiúnta ar son na Gaeilge, (easpa) nasc idir uathachas agus Tylenol, agus (easpa) sos cogaidh i nGaza. Ar an taobh níos éadroime, tá muid ag súil le Cork Jazz Festival agus Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste! I saol na healaíne, roinnimid ár gcuid moltaí le déanaí: Staidéar ar an gCailleach l...
Baois na hóige: Polaitíocht, Brídeoga Róbatacha agus Droch-Fhuáil 25.08.2025 48:20
An tseachtain seo, déanann Anna cur síos ar a ról úr mar bhanríon FOMO i ndiaidh chúrsaí craiceáilte an tsamhraidh. Pléimid an méadú ar ionsaithe ciníocha in Éirinn, chomh maith leis an mbaol a bhaineann leis an ngluaiseacht frithvacsaíní, atá á tiomáint ag RFK jr i Meiriceá. Chomh maith leis sin, déanaimid iniúchadh ar shaol aisteach de dhaoine atá ag pósadh róbait AI, agus ar iarracht Anna a cui...
Soiscéal na nUltach: Sinners, Spallaíocht agus Sluaite i Westminster 13.06.2025 55:20
An tseachtain seo, pléimid na heachtraí a thit amach le mí anuas – tá Trump agus Musk ag troid lena chéile, téann Kneecap ó shluaite ag Coachella go cúirteanna i Westminster, agus an cheist mhór - an bhfuil na hUltaigh na OGs de Phrotastúnachas Soiscéalach? Tchífidh muid ag Féile na Gealaí sibh! Ceol na míosa: Phases le Beoga Scannán na míosa: Sinners
Breith Suas Linn: An scannal is déanaí is saol na polaitíochta & an chultúir 06.03.2025 45:19
Sa chlár seo, pléimid tionchar an chultúir nua-aimseartha ar mheon na mac léinn maidir leis an Ghaeilge, ach an bhfuil an córas oideachais fós ag teip orthu? Ansin, caithfimid trácht a dhéanamh ar pholaitíocht chonspóideach Mheiriceá agus ar phleananna Trump, atá idir aisteach agus dáinséarach. Níos cóngaraí dúinn féin, bhí athrú stairiúil ann i gcúirteanna an Tuaisceart ó aimsir na Péindlíthe, ch...
Pod Chinn Bhliana 2024 - Ar Bealach na Réabhlóide 08.02.2025 1:11:03
Sa chlár seo dár bpodchraoladh, caithimid súil siar ar na scéalta móra ó 2024. Ón bhfuacht go dtí an teas, is cosúil go bhfuil an domhan faoi uisce agus trí thine ag aon am amháin. Éist linn agus muid ag déanamh athbhreithniú ar an bhliain seo caite, ag déanamh anailíse ar chúrsaí reatha, ar ealaín, scannáin agus go leor eile. Ach agus muid ag smaoineamh ar fhéidearthachtaí fiáine 2025, is í an ch...
Bród: Stair agus Todhcaí an Gníomhaíochais 01.07.2024 34:00
Toisc gur deireadh seachtaine ceiliúrtha bród a bhí ann, chaith Anna & Kathleen súil siar ar bhunús Pride, ó círéibeacha Stonewall go dtí an lá inniu. Le cloisteáil anois ar Spotify, Apple Podcasts srl.
Oidhreacht Chultúrtha a Chaomhnú Trí Cheol: Comhrá le Catríona Ní Ghribín 09.04.2024 41:14
Sa phodchraoladh seo, labhair Anna le Catríona Ní Ghribín fána obair a rinne sí don mháistreacht ag caomhnú amhráin a bhí i mbaol caillte in iarthuaisceart Tír Chonaill, agus an tábhacht idir an béaloideas agus an ceol. Fosta, insíonn sí dúinn faoina bhanna úr Huartán, agus an dóigh a meascann siad gnéithe nua-aimseartha leis an cheol traidisiúnta. Is féidir éisteacht leis an eagrán seo ar spotify...
Comhghuaillíocht leis an Phalaistín 12.02.2024 32:51
Sa phodchraoladh seo, pléimid stair bhréige de bhunú an Iosrael, chomh maith leis an easpa tacaíochta a léirigh rialtas na hÉireann don chás sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus tíortha ag baint a gcuid maoiniú ón UNWRA. Ar a bharr sin, bíonn muid ag caint ar cinneadh Sinn Féin chun taisteal go Meiriceá agus buaileadh le Genocide Joe, ról an Éimin ag saoradh na Palaistíne agus níos mó… Ná d...
An Ghaeilge agus an Eite Chlé | Scoil Chois Claí 2023 12.01.2024 54:03
Phléigh an painéal seo go leor gnéithe den Ghaeilge agus a nasc leis an eite chlé, ó obair óige agus tumoideachas go díchoilíniú agus meabhairshláinte. Tá Orla Nig Oirc, Ben Ó Ceallaigh, Andrias Ó Cathasaigh agus Kerron Ó Luain le cloisteáil ann. Bígí cinnte éisteacht leis an eipeasóid seo, tá sé suimiúil ar fad!
Dúshlán Uí Chonghaile le hAndrias Ó Cathasaigh | Scoil Chois Claí 2023 24.12.2023 28:56
Is staraí, scríbhneoir agus gníomhaí as Baile Átha Cliath é Andrias a bhfuil roinnt leabhair scríofa aige ar Karl Marx, Séamus Ó Conghaile, réabhlóid na Rúise, agus scríbhneoirí radacacha Gaeilge cosúil le Pádraic Ó Conaire. Labhair sé ag Scoil Chois Claí faoina chuid oibre ar Uí Chonghaile agus an dúshlán a thugann smaointe agus obair Uí Chonghaile don éite chlé inniu.
Comhráite Oileánacha: le Fionnan Ó Conaola 30.09.2023 40:56
An tseachtain seo, téann muid go hInis Oírr, áit ar bhuail Anna le Fionnan tráthnóna breá grianmhar. Labhraíonn Fionann fán tsaol san oileán, veigeánachas & biafhlaitheas, agus an tábhacht a bhaineann le caomhnú shaibhreas na teanga san oileán, agus a gcuid iarrachtaí sin a dhéanamh. Labhraíonn siad ar na dúshláin atá ag teacht le géarchéim na haeráide, agus cuireann siad béim ar na buntáistí...
Athbheochan na scannánaíochta, an Ghaeilge ar an scáileán, agus stailceanna stairiúla in Hollywood. 24.08.2023 49:53
Bígí le hAnna agus le Kathleen agus iad ag déanamh anailíse ar saol aoibhinn na pictiúrlainne le déanaí. An ceacht é Barbie ar smaointe Feimineacha? An ndéanann Oppenheimer tionscadal Manhattan a ghlóiriú? Nó nach bhfuil iontu ach scannáin iontacha? Pléann siad an tallann atá ag teacht chun cinn in Éirinn agus aon díol bíse atá fós le teacht. Ar ndóigh, cloisimid roinnt anailísí láidre ó Andrew fo...
Breith Suas Linn! Mí an Mheithimh 14.07.2023 39:46
Thugamar féin an samhradh linn leis an phod seo a chomrádaícunts. Ar ndóigh bhí an submarine (fomhuireán) sin ina cheap magaidh againn; ní éistfear le haon duine eile a deir go ndáiltear saibhreas an domhain ar mhaithe leis an tsaol fán chaipitleachas - go háirithe nuair is féidir le biliúnaithe 250k a íoc chun lámh a chur ina mbás féin... Agus muid ag trácht ar rudaí ar cheart iad a chur go bun n...
Breith Suas Linn! Mí Aibreáin 17.05.2023 1:05:18
Comhrá den scoth idir Anna agus Andrew ag amharc siar dóibh ar aistear s’aige go Hong Cong. Ba chaoin na cuimhní a bhí le cíoradh acu seal pléite na saoire. Tá rudaí maithe ar na bacáin d’Anna agus í ag pilleadh ar Éirinn go luath. Buille fá thuairim cé acu a chaill fidil sa tSín ? Tuilleadh fán chlann ríoga agus slíomadóirín eile…
I gcroílár Ghaeltacht Bhéal Feirste le Darán Ó Dochartaigh 18.04.2023 39:58
Is beag rud níos deise ná suí cois tine le pionta Guinness i gcroílár Gaeltacht Bhéal Feirste, is cinnte é sin! Bhuail Anna isteach go Cumann Chluain Ard cúpla mhí ó shin chun caint le Darán ó Dochartaigh - aistritheoir agus gníomhaí teanga, fá stair agus todhchaí cumann cluain ard, láidreacht an teanga i mBF agus a aistear féin leis an Ghaeilge & an obair go dtí seo. Bainigí sult as!
Breith Suas Linn! Machnamh ar Mhí Feabhra... 23.03.2023 58:46
Is mó an rud a tharla le mí anuas, agus tá Anna & Andrew níos faide óna chéile na mar a bhí siad ariamh, ach bíonn am acu i gcónaí fá choinne dreas chomhrá agus giota scannal;)
Machnamh, le Síomha 04.03.2023 36:04
SÍOMHA, sea SÍOMHA sa chathaoir the a chomhrádaithe. Ba ardú croí é an eipeasóid seo. Agus é ag druidim le comóradh bliana a halbaim ‘infinite space’, bí sé de phribhléid ag Anna a bheith ag labhairt le Síomha faoi na gnéithe éagsúla a bhaineann le halbam a chruthú, faoi bheith ainmninithe do na RTÉ Folk Awards, faoina cuid oibre le hAclaí Palestine, agus a podchraoladh nua ‘exploring infini...
Ag foghlaim mar dhuine fásta: idir theanga agus cheol, le Miadhachlughain O'Donnell 25.01.2023 21:49
Shuigh Anna le Miadhachlughain O’Donnell ag amharc siar ar an am a chaith siad lena chéile i rith na paindéime ag labhairt Gaeilge, ag canadh agus dar ndóigh, ag ól. Pléifidh Miadhach an dóigh ar bailíodh agus ar taifdeadadh na hamhráin dá EP úr, atá á sheoladh Dé hAoine beag seo (27ú Eanáir) sa Chultúrlann i mBéal Feirste agus tá ticéid ar fáil saor in aisce ó shuíomh idirlín na Cultúrlainne - tá...
Pod Cinn Bhliana 2022 17.01.2023 56:59
Bhuel féach a bhfuil anseo againn, pod úr cinn bhliana a chomrádaithe agus é i bhfad thar am. Éistigí le Andrew agus le Anna an uair seo. Beidh slíomadóirí na bliana 2022 á ndíchonstráidiú acu leis an deisbhéal, an giúmar agus an aiféis is dual daofa. Déanfar buaicphointí cultúir na bliana a chéiliúradh agus sceithfear sonraí samhnasacha Spotify Wrapped ó dhuine amháin acu. N’fheadar cé a bhí ann?...
Scéim Cónaithe Gaeilge QUB le Kathleen Ní Nualláin & Ciara Ní Ghadhra 08.11.2022 34:23
Labhraíonn Anna le Kathleen Ní Nualláin & le Ciara Ní Ghadhra fán chéad scéim cónaithe Gaeilge in Ollscoil na Ríonna, fiafraítear daofa má tá siad ina mbaill de Chumann na bhfear buí agus fiosraítear cé na háiteanna is fearr fá choinne oíche drabhláis mBéal Féirste (glac a gcuid moltaí ar do phriacal féin - beirt culchies sa chéad bhliain iad ar ndóigh)
Gadaíocht Aitheantais & Gabhar ar Bhus | Scéalta ó Vítneam cuid a haon 27.09.2022 27:46
Tá Anna agus a deirfiúr Kathleen ag caitheamh súil siar ar a gcuid ama i Vítneam agus na heachtraí craiceáilte a tharla inti cosúil le gadaíocht aitheantais ar theorainn Laos, meaisín níocháin strapáilte ar chúl gluaisrothair, agus daoine Sasanacha nach raibh a fhios acu go bhfuil ár dteanga féin againn in Éirinn. Bainigí sult! Le fáil ar Spotify, Anchor, Apple Podcasts srl. www...
Eachtraí Mhí Aibreáin - Aistir Féinaithne i gCéin is i gCóngair 28.04.2022 45:06
D'admhaigh an gang d'aon ghlór go raibh sé thar am againn pilleadh ar an chraoltóireacht. Agus BLD char tháinig meirg ar ár gcaint. Sceitheann Andrew fá dtaobh d'eachtraí s'aige sa Téalainn agus tá scéal grá NÓ DHÓ le cíoradh fosta. Nach méanar do chuid de na daoine?
Pod Chinn Bhliana 2021: Gameshow Gaeilge - Ó ó ochómicron 07.01.2022 37:38
Ár gcuid den bhliain nua oraibh a chairde agus a chomrádaithe! Cuirfidh sé ola ar an chroí a chluinstean go raibh muid in éineacht a chéile le linn na Nollag. Ach, tholg beirt den triúr againn an víreas úd. Meas sibh cé a sheachain é? Ar aon nós, seo ócáid le buaiceannaí na bliana groí a d'imigh tharainn a chomóradh agus na híosphointí a olagón. Seans go bhfuil cur amach agaibh ar an leagan...
Múinteoir le linn an Lae, Striapach le linn na Sheets - Sraith II Eip 1 Cuid 1 11.11.2021 43:56
Tá muid ag dúil go mór mór leis an cheann seo a chur in bhur gcluasa a chomrádaithe. Tá muid ar ais aríst le sraith úrnua agus lógó diamhar ón Diabhal é féin @_diabhal666_ . Labhraíonn muid go mion ach go gealgháireach fá gach rud fán spéir a bhaineann leis an tús nua, bíodh sé ina phost nó ollscoil nua etc. agus bhí aoichainteoir seoigh linn @ItsTurlough le hé seo uilig a chur fá chai...
Bliain ar an Aer |#15 05.08.2021 15:11
Catchup mór de dhíth agus Andrew ar ais ó Abu Dhabi. Giota spraoi agus muid uilig le chéile arís. Níor thuig muid a mhéad a chrónaigh muid an chraic!
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.