Raidió Rí-Rá
Raidió Rí-Rá
Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge. Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do scíth agus roinn do thuairimí linn faoin ábhar atá idir láimhe. Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira
Author
Raidió Rí-Rá
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 10, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Bainis Taylor Swift, albam Olivia Rodrigo & gigeanna rúnda? 10.07.2026 37:47
Tá foireann RRR ar fad le chéile don eagrán seo chun sceideal Phicnic Leictreach, bainis Taylor Swift, ceol nua Charli xcx agus go leor leor eile a phlé! Lean sinn ar na meáin shóisialta ag @raidiorira <3
'An Mháthair' ag Fleadh Scannánaíochta na Gaillimhe 07.07.2026 10:38
Labhair Aisling leis an scríbhneoir Seán Keeley faoin ngearrscannán is déanaí leis darb ainm 'An Mháthair', a bheidh le feiscint an tseachtain seo mar chuid de Fleadh Scannánaíochta na Gaillimhe. Gach eolas faoi na ticéid anseo: https://tht.ie/
Lón Machnaimh: Ceol 's cos le Caoimhe Ní Mhaolagáin 06.07.2026 24:06
Labhair Aisling le Caoimhe Ní Mhaolagáin, rinceoir agus ceoltóir, atá ag iarraidh cultúr an cheoil thraidisiúnta a dhéanamh níos inrochtana do chách tríd a leathanach instagram @ceol_s_cos Tá sí tar éis an domhan a thaisteal ag seinm agus ag rince agus ba mhaith léi gach rud atá foghlamtha aici i gcaitheamh na mblianta a roinnt le hoiread daoine agus is féidir.
Comhrá le Blue Niall 03.07.2026 44:24
Bhí deis ag Jade suí síos agus labhairt leis an gceoltóir agus ealaíontóir Blue Niall ar choinne chultúir na seachtaine, idir cúrsaí ceoil go ceist an choilíneachais is beag ábhar nár chlúdaigh siad.
Lón Machnaimh: Conas pobal sláintiúl, Gaelach & inbhuanaithe a chruthú ón mbonn aníos le Clíodhna Ní Mhianáin 03.07.2026 19:42
Táimid ag dul ó thuaidh ar eagrán na seachtaine seo go baile beag gaelach i gcontae Dhoire darb ainm Carn Tóchair. Seans nár chuala cuid agaibh faoin mbaile seo cheana, ach le déanaí mhol coiste Oireachtais na Gaeilge go mbeadh sé ina pholasaí ag an Rialtas múnla Charn Tóchair a leanúint chun ceantair ‘Ghaeltachta’ a fhorbairt i ngach contae sa tír taobh istigh de 20 bliain. Siar i 1992, bunaíodh...
Lón Machnaimh: Cogar seo liom! 19.06.2026 12:29
An bhfuil ardán meán sóisialta Gaeilge uait? Gan IS? Gan fógraí? Sin atá i gceist le Cogar! Labhair Aisling le cruthatheoir na haipe, Rónán Ó Laoire, ar eagrán na seachtaine seo.
Ceoltóirí Éireannacha le dath le cur le do sheinnliostaí 18.06.2026 23:10
I ndiaidh na gcíréabacha lofa a thit amach i mBéal Feirste an tseachtain seo caite, theastaigh ó fhoireann RRR solas a leagadh ar cheoltóirí Éireannacha le dath a chuireann go mór lenár gcultúr,le ceol agus le hanam na tíre seo. Ceol luaite san eagrán: Amano - Thread Aby Coulibally - Control Monjola - Weight On Me Cable Boy - Icarus Bukky - don't tell them you suffer Mohammad Syfhkan - I am Kurd...
Lón Machnaimh: Conas gur féidir linn pobail mhionteangacha a chumasú & a neartú? 15.06.2026 18:10
Ar eagrán na seachtaine seo labhair Aisling le Conchúr Ó Giollagán faoin dtorga Eorpach Fosterlang atá ag iarraidh pobail mhionteangacha na hEorpa a chumasú agus a neartú le go bhfásfaidh said agus go mbeidh siad an fhód a sheasamh i gcoinne mórtheangacha an domhain sa todhchaí. Is féidir leatsa cabhrú lena gcuid oibre tríd an suirbhé Gaeilge a líonadh isteach atá ar fáil anseo: https://odk.al.uw....
Lón Machnaimh: Cad é an Ghaeilge ar Zaddy? 12.06.2026 32:38
Tá mí an bhróid bualite linn agus labhair Aisling le baill Aerach Aiteach Gaelach faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl acu i gcaitheamh na míosa idir bál agus comhdháil. Is féidir ticéad a fháil do na himeachtaí atá luaite ar https://www.aerachaiteachgaelach.net/ Is féidir tacú le Raidió Rí-Rá trí sinn a leanúint ar na meáin shóisialta.
Rua Rí: Tell Your Mother I Saved Your Life 11.06.2026 42:15
Pléann Emma & Aisling cuid de na gigeanna a sheas amach dóibh le déanaí agus tugann siad léirmheas iomlán ar chéad albam Rua Rí 'Tell Your Mother I Saved Your Life'.
Lón Machnaimh: Féile na Gealaí 10 mbliana ar an bhód 09.06.2026 25:40
Cuimhní Fhéile na Gealaí agus iad ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód le Caoimhe Ní Chathail agus éisteoirí Raidió Rí-Rá.
Cad í an Ghaeilge ar 'streamtrolling'? 29.05.2026 28:08
Gradaim NÓS 2026, Duffy ag filleadh ar ais, ceol nua Charli XCX agus ... Drake (AKA IceMan) Tar ar choinne chultúir na seachtaine seo le hEmma, Aisling agus Jade! Tamall ó a bhíomar triúir istigh ar an gcoinne libh, ⁊ neart le plé ... - Is féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie , ar an aip ⁊ ar D.A.B am ar bith, áit ar bith!
FENIAN le KNEECAP 15.05.2026 52:40
Eagrán fíor speisialta le hAisling ⁊ Jade an tseachtain seo! Bígí linn ⁊ muid ag déanamh plé ar albam nua KNEECAP ó thús go deireadh. Bhí an-craic againn leis an gcean seo ... Is féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B ⁊ ar an aip Bígí linn ar instagram ⁊ TikTok @raidiorira
Cad a bhí ar bun againn in 2016? 23.01.2026 22:54
Cá raibh foireann RRR i 2016? A leithéid de bhliain! Labhair na gals faoi 2016 i gCoinne Chultúir na seachtaine seo.
Nollaig na mBan agus Rúin 2026 06.01.2026 45:45
Labhraíonn Aisling agus Emma faoi bhuanna na mban i 2025, mná spreagúla 2026, rúin athbhliana, agus na rudaí ar mhaith linn caitheamh amach i 2026!
Achoimre Cheoil 2025 18.12.2025 45:14
Féachann Jade & Aisling siar ar 2025 agus an ceol a sheas amach dóibh. Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh!
An Chéad Mhórfhoclóir Aonteangach Gaeilge 10.12.2025 8:11
Labhair Aisling le Cormac Breathnach & Sorcha Ní Mhonacháin ag seoladh an chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge san ionad EPIC i mBaile Átha Cliath. Is féidir úsáid a bhaint as an bhfoclóir ar www.focloir.ie Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira
LUX le Rosalía 18.11.2025 35:57
Labhraíonn Aisling, Emma agus Jade faoin albam nua ilghnéitheach, ilteangacha le Rosalía.
Cruthaitheacht Cheannródaíoch: Ról na Meán i bhFás Pobail & Teacht Aniar 06.11.2025 22:22
Coinne Chultúir beo ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste le Caoimhe Ní Chathail, Aodhán Ó Baoill & Torby. Labhraíomar faoi bhuaicphointí na gluaiseachta ó thuaidh go dtí seo, na dúshláin atá fós rompu, na ceachtanna go bhféadfaimis foghlaim uathu anseó ó dheas agus go leor leor eile. Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira
EUROCOUNTRY le CMAT 16.09.2025 32:02
Déanann na cailíní léirmheas ar an albam is déanaí le CMAT san eagrán seo. Lean RRR ar na meáin shóisialta @raidiorira agus éist linn beo ar an aip, go digiteach nó sa charr ar DAB!
Closleabhar Madame Lazare 07.07.2025 19:12
Labhair Aisling le Tadhg Mac Dhonnagáin, údar Madame Lazare, faoin leagan closleabhar don scéal atá eisithe aige le gairid.
Dúchan: Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain 23.06.2025 25:37
Labhair Aisling le Colm Ó Cuaig agus Charlie Dillon san eagrán seo faoi leabhar nua de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann darb ainm Dúchan. Blúirí atá sa leabhar seo den bhfoclaíocht agus nathanna cainte a bhailigh Máirtín Ó Cadhain le linn a shaoil. Beidh an leabhar á sheoladh i Stúideó Cuan, An Spidéal ar an 28ú Meitheamh. Is féidir clár don imeacht sin anseo: https://www.tickettailor.com/events/ro...
Tech Duinn le Cushla 03.06.2025 26:08
San eagrán seo, déanann Emma & Aisling plé ar chéad albam Cushla, Tech Duinn. Ceol leictreonach le glór Nell Ní Chróinín atá san albam seo a mheascann amhránaíocht an tsean-nóis le ceol damhsa agus leictreonach. Is féidir Raidió Rí-Rá a leanúint ar na meáin shóisialta ag @raidiorira
Adolescence 08.04.2025 33:13
Ní fhéadfaimis an ceann seo a fhágaint ar lár. Déanann Aisling agus Emma plé ar an mionsraith is rathúla ar Netflix , Adolescence. Pléitear ábhair níos troime san eagrán seo.
Small Town, Big Story le hEvanne Kilgallon 10.03.2025 17:55
Labhraíonn aisteoir agus scríbhneoir Evanne Kilgallon faoina taithí ag obair le Chris O'Dowd ar sraith nua ar Sky TV, a gairm mar chruthaitheoir lánaimseartha, ócáidí Off Topic, agus físeáin fheisteas an lae ar TikTok!
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.