Nuall na nÓg

Nuall na nÓg

Arts GA ↓ 39 episodes

Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓgTabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhaineann go mór leis an aos óg in Éirinn agus ar fud fad na cruinne. Beidh spraoi againn fosta ag plé an tsó agus an anró, uilig faoi anáil na heite clé agus na Gaeilge. Bígí linn ⭕️🎉

Author

Nuall na nÓg

Category

Arts

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Oct 23, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Comhrá fán Phalaistín le hEoghan Ó Ceannabháin | #14 02.06.2021

An tseachtain seo bhí deis ag Cillian agus Andrew giota cainte a dhéanamh le hEoghan O’Ceannabháin ó Phobal Seachas Brabús. Labhair siad fán éagóir leanúnach atá ag dul ar aghaidh sa Phailistín agus fuaireadar amhrán uaidh fosta.

An tSárshraith Eorpach - Scannal Saolta Sacair | #13 23.04.2021

An tseachtain seo bhí an gang ag plé peil sacair. Bhí Andrew ar seachrán ar feadh tamaill ach buíochas le dia tá sé ar ais agus níos rancásaí ná riamh! Dar ndóigh, bhí muid ag olagón fán chaipitileachas agus fán tSárshraith Eorpach ba ábhar mór conspóide le linn na seachtaine.    

Cealchultúr: Ar Ceal nó Ar Athlá? | #12 25.03.2021

An bhfuil an chumhacht agat duine eile a chealú nó ar chóir duit sochar an amhrais a thabhairt dóibh?   Agus cealchultúr go mór i mbéal an phobail ar líne fá láthair, rinne Anna agus Cillian mionscrúdú ar an ábhar le fáil amach.   Fosta beidh neart craice, cúpla cluiche agus roghnóidh an dísreach slíomadóir na seachtaine (prick of the week)! 

Réaltchomharthaí an Stoidiaca Cuid a hAon - An tIasc an tUisceadóir Agus an Leon | #11 20.02.2021

Tá an saol gann ar chreidimh a thugann léiriú macánta ar chastachtaí an nuashaoil  Téann Anna agus Andrew i ngleic le ceist na spioradáltachta agus déanann siad scagadh ar na réaltchomharthaí (Sea léigh sibh mar is ceart é). Fuasclaíonn siad an cheist: An leigheas nua - aimseartha ar an aindiachas iad nó an é nach bhfuil iontu ach cur i gcéill agus ábhar magaidh? Ó agus tá...

Sraith Agallamh Cuid a 2: Gafa le Gaylgeoirí | #10 26.01.2021

Bhriseamar fríd dromchla ardghlórach, álainn, aerach, mar is fearr aithne atá air, agus bhuaileamar le Cian Ó Gríofa, file, eiseamláir, agus gnáthfhear galánta.   Labhair sé faoina shaoldearcadh i dtaobh na Gaeilge, faoina chúlra teanga agus faoin dóigh ar chuir sé aithne air féin agus ar ar a ghnéasúlacht i neadóg na Gaeilge.  D’imríomar cúpla cluiche leis an scu...

Pod Chinn Bhliana 2020: Gameshow Gaeilge - An Gol is An Gáire | #9 05.01.2021

Seo seó i bhfoirm Reeling in the Years. Triaileann muid idir an mhaith is an t-olc a phlé den raic ar fad ón bhliain úd atá imithe tharainn (buíochas le focain dia). Cuireann muid sraith le chéile de na buaicphointí nuachta, ceoil, cultúrtha agus tallainne a chuir go mór mór le saibhreas an tsaoil Éireannaigh i mbliana. Luafar na daoine galánta thíos.   Bhí dúshláin mhóra le sarú ag an triúr...

Scannal Scaipthe na Nocht-Íomhánna (Nudes Leak Scandal): Comhfhreagracht, Cearta agus Coireanna | #8 05.12.2020

GNÉAS-FHORÉIGEAN ÍOMHÁBHUNAITHE (image-based sexual violence) .i. leagan níos cirte den díoltas phornagrafach (revenge porn): Foréigean gnéasach a imirt ar dhuine trí mheán íomhánna graosta nó gáirsiúla a chur ar taispeáint sa timpeallacht. NÓ Díoltas a bhaint amach ar dhuine trí íomhánna príobháideacha de nó di a sceitheadh os comhair an tsaoil mar a bheadh pornagafaíocht...

Cuir Síoda ar Biden ach is Nua-Liobrálach i gcónaí é | #7 12.11.2020

Cinnte dearfa, is díol céiliúrtha í treascairt Donald Trump. Ach, an dtráfaidh borradh seo an dóchais fá riail Biden agus Kamala?  Seo comhrá gairid idir Anna agus Andrew a phléann ár dtuairimí ar thoghchán Uachtarán SAM.  (Cuirtear béim ar na gnéithe dearfacha in amantaí)

Anna i nGaillimh: Meabhairshláinte, Murica & rúinne beag Marxachais | #6 30.10.2020

Cuireann fuaimrian galánta leis an phianódóir @ellamcgrory ola ar chroí is ar intleacht na mbuachaillí sa chlár seo. Déanann siad domhantuiscintí pearsanta ar chúrsaí meabhairshláinte a chíoradh le chéile agus triaileann siad an teoireann idir mórcheisteanna eacnamaíocha agus cúinsí saoil an lae inniu a réabadh ó bhun. Ar a bharr sin, bíonn deis cainte ag @cillianmaccaba fá dheireadh 😩 (in éagmai...

Cleamhnas, Cardi B agus ag Cronú Cairde le hEmma Ní Fhíoruisce | #5 09.10.2020

An tseachtain seo labhair muid le hEmma Ní Fhíoruisce fá gach rud óna cúlra sa cheol go dtí an próiseas scríbhneoireachta s’aici, chomh maith le go leor craice agus cúpla amhrán. An rud amháin a bhí in easnamh ná cúpla jagerbomb agus suíochán in Hiúdaí Beags. Tá súil againn go mbeidh muid uilig ‘Ar Ais go Gaoth Dobhair’ gan mhoill!

Na hEalaíona - Earnáil in Éag? | #4 14.09.2020

Bígí linn más suim libh ainm gaelach funky-áilte a chur ar bhur mbaibí nó má ba mhaith leat co-op de cheoltóirí a thoiseacht.

#MiseFosta | #3 14.08.2020

Labhair Anna inniu le Pauline Scanlon (FairPlé) agus Deirbhle Nic an Aoire faoin ghluaiseacht a tháinig chun solais i saol an cheoil thraidisiúnta le déanaí - #MiseFosta

COVID, Caipitleachas agus Caife ó Chúba | #2 31.07.2020

Labhair muid inniu faoi na himpleachtaí fadtéarmacha a bheidh ag COVID ar dhaoine óga - i dtéarmaí eisimirce, fostaíochta, oideachais agus tithíochta - uilig agus póit an diabhail orainn...

An bhfuil an teanga ag fáil bháis? | #1 17.07.2020

Labhraíonn muid ar ár dtaithí féin leis an teanga, béarlachas, agus neart eile le linn an chéad phodchraoladh seo- bainigí sult!

Listen to the Nuall na nÓg podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.