Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

An Spota Dubh

Sports GA ↓ 389 episodes

Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh, aoíanna, comhrá agus neart eile acu ag plé scéata móra spóirt na seachtaine.

Author

Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Category

Sports

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

Jul 10, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Sraith Peile Babhta 1 27.01.2025

Phlé Rónán Ó Beoláin na cluichí ó Roinn 1 na sraithe peile le Cárthach, tionchar na rialacha nua agus imreoirí a sheas amach.

Sraith Iomána Babhta 1 27.01.2025

Bhí Paudie O Neill ag plé tús maith i Roinn 1A ag Corcaigh , Cill Chainnigh agus Tiobraid Arainn, agus an struchtúr nua sa sraith.

NFL - Craobhacha AFC agus NFC 23.01.2025

Níl fágtha againn anois ach ceithre fhoireann agus na cluichí craobha don AFC agus NFC ag an deireadh seachtaine, na cluichí leathcheannais don Super Bowl. Bhí Brian Barry agus James Ó Flatharta linn agus muid ag breathnú ar na cluichí agus na mórscéalta ar fad.

Cath mór idir Allen agus Jackson 16.01.2025

Ceithre chluiche iontacha le teacht ag an deireadh seachtaine agus an ceann is fearr b'fhéidir ná an cluiche idir na Ravens agus na Bills agus Josh Allen agus Lamar Jackson ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Bhí muid ag caint le Emmet Ryan agus Brian Barry faoi seo agus na cluichí eile ar fad.

Na Playoffs ag Tosú 09.01.2025

Tús á gcuir leis na Playoffs an deireadh seachtaine seo agus 6 chluiche mhóra ann. Labhair muid le Naoise Waldron agus James Ó Flatharta maidir leis na mórscéalta ar fad.

Briseadh Croí san Aviva 05.12.2024

Bhí imreoir Shamrock Rovers agus imreoir faoi aois na hÉireann Scarlett Herron ag caint le Cárthach faoin cluiche cinniúnach ar an Máirt sa Staid Aviva.

Éire agus An Astráil 27.11.2024

An cluiche deireanach sa tsraith seo agus foireann na hAstráile ag teacht go Baile Átha Cliath agus Joe Schmidt i gceannas. Bhí muid ag caint le Jeff Neville ó The Loose Head faoina mór scéalta ar fad.

Morgiana, Constitution Hill & Rásaí na deireadh seachtaine 21.11.2024

Bhí Paddy Desmond ar ais le Cárthach chun plé a dhéanamh ar na rásaí móra atá ar bun ag an deireadh seachtaine.

Éire vs na hAirgintíne 13.11.2024

Taispeántas díomach an tseachtain seo caite agus seans ag buachaillí na hÉireann rudaí a chur ina gceart ach ní bheidh sé éasca i gcoinne foireann láidir na hAirgintíne. Bhí Dylan Donnellan linn agus muid ag breathnú ar na mórscéalta ar fad.

Éire vs An Nua-Shéalainn 07.11.2024

Cluiche eile iontach suimiúil idir na sean-náimhde seo. Beidh an Nua-Shéalainn ag teacht don Aviva oíche Dé Aoine agus bhí Conán O'Donnell linn chun breathnú ar na mór scéalta ar fad.

Rialacha Nua Peile 22.10.2024

Bhí Paddy Ó Gríofa ag plé na rialacha nua a chonaic muid i bPáirc an Chrócaigh ar an deireadh seachtaine, agus chomh maith le sin cloisfidh muid céard a cheap na himreoirí Seán Ó Maoilchiaráin a bhí le Cúige Chonnacht agus Conor Ó Cuirrín a bhí ag imirt le cúige Mumhan sna cluichí sin.

Rasaí móra in Ascot Dé Sathairn 16.10.2024

Bhí ár saineolaí rásaí linn Sarah Lynam agus muid ag breathnú chun cinn ar lá mór rásaíochta ar an talamh cothrm in Ascot ar an Satharn.

Scéalta móra ón NFL go dtí seo 10.10.2024

Tá cúig seachtaine curtha i gcloch cheanna agus bhí Brian Barry agus Naoise Waldron ag caint le Cian agus iad breathnú siar ar na mór scéalta ar fad atá ann sa tsraith go dtí seo.

Troid mór Callum Walsh agus Thomas Carty 19.09.2024

Tá oíche mhór dornálaíochta sa 3 Arena dé haoine agus Callum Walsh Chorcaigh ag troid don chéad uair sa mbaile, freisin beidh Thomas Carty ag iarraidh bua eile a fháil. Labhair an bheirt acu le Cárthach.

Cluichí 1/2 Cheannais na hÉireann - Camogie 26.07.2024

Bhí iar-bhainisteoir Thiobraid Árann Brian Boyle ag plé an dá chluiche 1/2 cheannais atá ar an bun ar an satharn le Cárthach.

Cluiche Ceannais Peile - Ard Mhacha 25.07.2024

Bhí Finbar Burns agus Charlie Vernon ag caint le Carthach faoin gcluiche ceannais , agus mar atá Ard Mhacha roimh an chluiche ollmhór.

Cluiche Ceannais Peile - Gaillimh 23.07.2024

Bhí Gary Sice agus Seán Denvir ag caint le Carthach faoi seans na Gaillimhe i gCluiche Ceannais na hÉireann ar an Domhnach.

Craobh Iomána na hÉireann - Súile Neodracha 19.07.2024

Don triú chuid don tsraith ag breathnú chun cinn ar Chraobh Iomána na hÉireann leabhair muid le beirt neodrach, Paudie Ó Néill agus Pádraig Ó Murchú agus muid ag plé na mórscéalta ar fad.

Craobh Iomána na hÉireann - Corcaigh 18.07.2024

Bhí iar laoch Chorcaigh Tom Kenny ag caint le Cárthach faoi chluiche ceannais na hÉireann agus an féidir le Corcaigh Liam a thabhairt Cois Laoi don chead uair le 19 mbliana déag.

Craobh Iomána na hÉireann - An Clár 17.07.2024

Labhair muid le Cyril Lyons agus Marc Ó Domhnaill as contae an Chláir agus muid ag breathnú chun cinn ag an gcluiche mór ar an Domhnach.

Ciarraí vs Ard Mhacha 11.07.2024

Bhí Dara Ó Cinnéide ag caint le Cian agus iad ag plé an chluiche idir Ciarraí agus Ard Mhacha ag an deireadh seachtaine.

Gaillimh v Dún na nGall 10.07.2024

Bhí Dónal Ó Fátharta ag caint le Cárthach faoi chluiche 1/2 cheannais na hÉireann idir Gaillimh agus Dún na nGall.

Cluichí 1/2 Cheannais Iomána na hÉireann 04.07.2024

Bhí Mark Foley ag caint le Cárthach faoi an dá chluiche mór iomána atá amach romhainn ag an deireadh seachtaine.

Súil siar ar chluichí peile an deireadh seachtaine 24.06.2024

Neart le plé agus fios againn anois cé atá sna cluichí ceathrú ceannais agus bhí Cian ag caint le Paddy Ó Gríofa agus iad ag breathnú siar ar na cluichí agus na mórscéalta á bplé acu.

Cluichí 1/4 Ceannais Iomána 20.06.2024

Bhí Marc Ó Domhnaill ag caint le Cárthach faoin dá cluiche 1/4 ceannais iomána ar an Satharn. BÁC agus Coracigh agus ansin Clár agus Loch Garman.

Listen to the An Spota Dubh podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.