Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

An Spota Dubh

Sports GA ↓ 389 episodes

Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh, aoíanna, comhrá agus neart eile acu ag plé scéata móra spóirt na seachtaine.

Author

Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Category

Sports

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

Jul 10, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Cluiche Ceannais Iomána - Gaillimh 10.07.2026

Bhí Cathal Moore agus Conor O Shea ag caint le Cárthach faoi Gaillimh agus an seans atá acu i gCluiche ceannais na hÉireann . Iad arais ann don chéad uair ó 2018.

Ciarraí va Átha Cliatha - Cluiche Leathcheannais na hÉireann 09.07.2026

Tabharfaidh na seanchairde aghaidh ar a chéile ar an Domhnach agus iad sa tóir ar áit i gCraobh na hÉireann. Bhí muid ag caint le Dara Ó Cinnéide agus muid ag breathnú chun cinn ar an gcluiche.

An Lú vs Maigh Eo - Cluiche Leathcheannais na hÉireann 08.07.2026

Is cluiche iontach suimiúil é an cluiche seo ar an Satharn agus an chéad chluiche leathcheannais ar bun i bPáirc an Chrócaigh. Labhair muid le Rónán Mac Grianna agus na mórscéalta á bplé againn.

Corcaigh v Gaillimh Cluiche 1/2 Cheannais 01.07.2026

Bhí iar-imreoir Chorcaigh Tom Kenny ag caint le Cárthach faoin cluiche 1/2 cheannais ar an Sathairn idir Gaillimh agus Corcaigh.

Craobh na hÉireann - Babhta Ceathrú Ceannais 25.06.2026

Díreofar aird na tíre ar Pháirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine agus ceithre chluiche iontacha ar bun. Bhí muid ag caint le Rónán Mac Grianna agus Gary Sice agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluichí ar fad.

Tarraingt déanta do na Cluichí 1/4 Ceannais 22.06.2026

Labhair Cárthach le Lorcán Ó Máirtín faoin tarraingt a tharla ar maidin do Clhuichí 1/4 Ceannais Peile na hÉireann. Gaillimh agus Ath Cliath, Corcaigh agus Maigh Eo, Ciarraí agus Tír Eoghan, An Lú le Muineacháin.

Craobh na hÉireann - Babhta 3 18.06.2026

Tharraing cluiche an deireadh seachtaine seo caite go leor cainte agus an deireadh seachtaine seo beidh níos mó cainte fós ann. Bhí muid ag caint le Kevin Cassidy agus muid ag plé na mórscéalta ar fad.

Cluichí 1/4 Ceannais Iomána 17.06.2026

Bhí Marc Ó Domhnaill ag caint le Cárthach faoi chluichí móra iomána na deireadh seachtaine, Áth Cliath agus an Clár agus Uibh Fhaillí ag tabhairt aghaidh ar Chorcaigh.

Craobh na hÉireann - Grúpa 2B 12.06.2026

Tá ceithre chluiche mhóra i ndán dúinn ag an deireadh seachtaine agus fios ag foirne go mbeidh siad ag fágáil slán leis an gcraobh má chailleann siad. Bhí David McCague linn agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluiche seo a fad.

Craobh na hÉireann - Grúpa 2A 10.06.2026

Tá ceithre chluiche an deireadh seachtaine seo i ngrúpa 2A agus bhí Rónán Ó Beoláin linn agus muid ag breathnú chun cinn ar na mórscéalta ar fad.

Cluiche Ceannais Iomána Laighean 04.06.2026

Bhí Dónal O`Shea ag caint le Cárthach faoin cluiche mór ar an Sathairn idir Gaillimh agus Áth Cliath.

Cluiche Ceannais na Mumhan 2026 03.06.2026

Bhí Mark Foley ag caint le Cárthach faoi Luimneach agus Corcaigh ag imirt sa  Chluiche Ceannais ar an Domhnach.

Ceisteanna móra le freagairt ag foirne an deireadh seachtaine seo 28.05.2026

Tá ceithre chluiche eile i ndán dúinn ag an deireadh seachtaine agus cluichí suimiúla agus ceisteanna le freagairt ag foirne. Bhí muid ag caint le Máirtín Ó Conghaile agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluichí ar fad!

Craobh na hÉireann - Cath mór i gCill Airne 21.05.2026

Beidh tús á chur leis an gcóras nua i gcraobh na hÉireann ag an deireadh seachtaine agus cad é mar thús. Tá ceithre chluiche iontacha i ndán dúinn agus bhí Frank McGlynn linn agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluuichí ar fad.

Babhta na Cinniúna i gCúige Laighean 21.05.2026

Bhí Liam Breathnach iar roghnóir agus imreoir le Áth Cliath ag plé cluichí móra iomána na deireadh seachtaine le Cárthach. An ceann mór in Parnell agus Clár agus Corcaigh ag troid le áit i gCluiche Ceannais na Mumhan.

Craobh Uladh agus Laighean 15.05.2026

Shílfeá gur anois nó riamh é d'Ard Mhaca an deireadh seachtaine seo i gcraobh Uladh agus i gCúige Laighean tá na Dubs ag iarraidh Craobh Laighean a sciobadh ar ais arís. Labhair muid le Charlie Vernon agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluichí ar fad.

Féasta Iomána i Laighean agus Mumhan 14.05.2026

Béidh deireadh seachtaine ollmhór i gcursaí iomána i gCúige le deis mór ag Uibh Fhailí agus Gaillimh dul chun cinn a dhéanamh, bua nó bás i Stáid Semple agus neart eile le Naoise De Bhaldraithe ag caint le Cárthach.

Babhta 3 i gCúige Laighean agus Cluiche mór na Mumhan 07.05.2026

Paudie O`Neill ar ais linn ag caint le Cárthach faoi Chorcaigh agus Port Láirge i gCúige Mumhan agus cluichí móra Laighean.

Cluiche Ceannais na Mumhan agus Connacht 06.05.2026

Bhí an Ciarraíoch Declan Quill linn an tseachtain seo agus muid ag breathnú chun cinn ar an dá chluiche mhóra atá ag an deireadh seachtaine - cluiche ceannais na Mumhan idir Ciarraí agus Corcaigh, agus cluiche ceannais Connacht idir Gaillimh agus Ros Comáin.

An Clár v Luimneach 30.04.2026

Bhí Paul Flanagan ag breathnú chun cinn ar chluiche mór na Mumhan idir na comharsan ar an Domhnach.

Babhta leathcheannais i gCúige Uladh agus Laighean 30.04.2026

Tá ceithre chluiche iontacha ar siúl ag an deireadh seachtaine ó thuaidh agus i gCúige Laighean agus bhí David McCague linn agus muid ag breathnú ar na cluichí ar fad.

Cluichí leathcheannais Chonnacht agus na Mumhan 24.04.2026

Beidh neart foirne móra le feiceáil ag an deireadh seachtaine agus cluichí móra arís fud fad na tíre. Bhí Paddy Kelly as Corcaigh agus Gary Sice as Gaillimh linn chun súil a chaitheamh ar na cluichí ar fad.

Craobh Uladh agus Laighean 19.04.2026

Cluichí móra ar bun ag an deireadh seachtain ó thuaidh agus i gCúige Laighean. Bhí muid ag caint le Dessie Mone agus muid ag breathnú ar na cluichí go léir.

Craobh Iomána Babhta 1 16.04.2026

Bhí iománaí Chill Dara Frank Bass ag caint le Cárthach faoi chluichí na Mumhan agus Laighean ag an deireadh seachtaine.

Craobh Peile 2026 10.04.2026

Beidh tús le Craobh Peile 2026 ag an deireadh seactaine agus bhí Lorcán Ó Máirtín linn chun breathnú ar na hathraithe agus na feachtais cúigí atá ag tosnú ag an deiredh seachtaine..

Listen to the An Spota Dubh podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.