Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Scrathóg

Sports GA ↓ 49 episodes

Podchraoladh de chuid Raidió na Life é 'Scrathóg' atá dírithe ar Pheil Mheiriceánach agus an NFL. Bí linn i gcomhair plé ar mhórimeachtaí na seachtaine chomh maith le scagadh ar na cluichí réitigh, rás don MVP agus tuilleadh. Le fáil ar 106.4FM gach Déardaoin ag 2 i.n. agus i ngach áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí.

Author

Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Category

Sports

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

Feb 5, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Scrathóg S3E16 - Superbowl LX 05.02.2026

Tá sean aithne ag na Seattle Seahawks agus na New England Patriots ar a chéile sa Superbowl, agus tabhairfear aghaidh ar a chéile arís i mbliana. Plé againn an tseachtain seo ar an gcluiche míchlúiteach sin a tharla 11 bliain ó shin, agus ar an gcluiche atá le teacht Domhnach beag seo!

Scrathóg S3E15 - Babhta Conference agus Cóitseálaithe Nua 23.01.2026

Neart ag tarlú i saol an NFL agus an-chuid cóitseálaithe imithe agus ag teacht i dtír ar foirne éagsúla. Agus, ar ndóigh, tá dhá cluiche le imirt sna cluichí cheannais san AFC agus san NFC, le na Denver Broncos ag tabhairt aghaidh ar na New England Patriots, agus na Seattle Seahawks ag tabhairt aghaidh ar an Los Angeles Rams.

Scrathóg S3E14 - Babhta Divisional 15.01.2026

Tar éis deireadh seachtain spleodrach sa bhabhta Wildcard, tabharfaimid aghaidh an tseachtain seo ar an mBabhta Divisonal. Beidh na Broncos agus na Seahawks linn an tseachtain seo tar éis dóibh sos a fháil mar an #1 seed. Playoffs agus scéalta eile uaidh athruithe cóitseáileaithe san eagrán seo.

Scrathóg S3E13 - Babhta Wildcard 06.01.2026

Táimid druidte anois ag na playoffs! 6 cluichí ollmhóra ós ár gcomhair, agus tá na leaids chun plé a dhéanamh ar gach ceann dóibh, agus a rogha do na buaiteoirí a roinnt linn comh maith.

Scrathóg S3E12 - Gortaithe go Dona 18.12.2025

Patrick Mahomes agus Micah Parsons críochnaithe don séasúr tar éis péire gortú. Cén tionchar a bheidh aige ar an dá fhoireann? An iad na Broncos an foireann is fearr san AFC? Agus an é Charlie Smyth an ciceálaí is fearr san NFL (is é, ar ndóigh)? Sin agus tuilleadh an tseachtain seo.

Scrathóg S3E11 - Cluichí Móra na Roinne 03.12.2025

Tá neart cluichí móra san AFC North, san NFC North agus san AFC South an deireadh seachtain seo agus muid ag teannadh le na playoffs. An mbeidh na Bears in ann fanacht ar bharr an NFC? An bhfuil na Colts i lár cliseadh iomlán? Agus an gcaillfidh na Chiefs amach ar na playoffs? Sin agus tuilleadh an tseachtain seo.

Scrathoóg S3E10 - Bhfuil Oiread is Foireann Amháin Maith Ann..? 19.11.2025

...Tá! Ach beidh ort tiúnáil isteach an tseachtain seo le fáil amach cé hiad. Plé faoi an mbeidh na Chiefs in ann na playoffs a bhaint amach, bhfuil na Broncos comh maith leis an gcéad áit san AFC, agus cé a bheidh ar bharr an NFC North faoi dheireadh na bliana san eagrán seo.

Scrathoóg S3E09 - Spriocdháta na Trádála 06.11.2025

Tá spriocdháta na trádala don NFL druidte linn agus cúpla ainmneacha móra ag athrú foirne go tobann! Beidh Sauce Gardener ag dul ó na Jets go na Colts, agus fear eile ón bhfoireann chosanta na Jets, Quinnen Williams, imithe go na Cowboys. Labhróimid futhu siúd, Eagles @ Packers agus Rams @ 49ers comh maith.

Scrathoóg S3E08 30.10.2025

Tá na Colts FÓS ar bharr an AFC théis bua eile dóibh. Bhfuil Jonathan Taylor anois sa chomhrá faoi MVP? Fear eile atá sa comhrá sin ná Jordan Love, théis bua mór aige agus na Packers thar sean-QB s'acu, Aaron Rodgers. Tá na Bills ag tabhairt aghaidh ar na Chiefs an tseachtain seo, agus an dá cosaint is fearr san NFL, na Texans agus na Broncos.

Scrathoóg S3E07 - Bye Week d'Fhoireann Scrathóg! 23.10.2025

'Bíonn bye week ag foireann Scrathóg?' a deir tú. 'Ar ndóigh!', a deirfimid. Bhuel, táimid ar ais ón mbriseadh beag le gortú amháin le tuairisciú, agus an t-Uasal Ó Flatharta amach ar feadh seachtain amháin ar a laghad. An mbeidh Conchúr agus Naoise in ann podchraoladh iomlán a chur le chéile le James in easnamh? Nó an dtitfidh an podchraoladh as a chéile? Tabharaigí bhur mbreithiúnas féin! Bucs-L...

Scrathóg S3E06 - Colts ar bharr an AFC 09.10.2025

Bhí an chéad sos ag roinnt foirne an tseachtain seo. In ainneon sin, bhí an-chuid torthaí móra ón deireadh seachtain, ach cén ceann a chur an méid is mó ionadh ar na leaids?

Scrathóg S3E05 - An Bhfuil tú Dáríre? 02.10.2025

Plé ag na leaids an tseachtain seo ar cluiche mór i bPáirc an Chrócaigh, an chéad comhscór san NFL feadh beagnach trí bliain, agus cé hiad na foirne atá *dáríre* in ann na playoffs a bhaint amach agus muid ag teannadh le Seachtain a Cúig.

Scrathóg S3E04 - NFL in Éirinn 24.09.2025

Seachtain speisialta don NFL agus é in Éirinn don chéad uair ariamh, áit a dtabharfaidh na Pittsburgh Steelers aghaidh ar na Minnesota Vikings i bPáirc an Chrócaigh. Cé acu a bheidh an t-ádh leo? Cé acu is mó atá bua ag teastáil uathu idir na Ravens agus na Chiefs? Agus an bhfuil na Cowboys in ann díoltas a fháil ar na Packers?

Scrathóg S3E03 - An bhfuil na Chiefs i dtrioblóid? 18.09.2025

Pléann James agus Naoise na scéalta is mó ón NFL i seachtain a dó. An bhfuil na Chiefs i dtrioblóid?

Scrathóg S3E02 - Eagles agus na Chiefs 11.09.2025

Déanann Naoise agus James plé a na torthaí ó seachtain a 1 chomh maith le súil a chaitheamh ar rematch don Super Bowl a bhfuil ar bun I seachtain 2 idir na Kansas City Chiefs agus na Philadelphia Eagles.

Scrathóg S3E01 - Séasúr Nua 04.09.2025

Leis an séasúr nua ag tosú déanann James, Naoise agus Conchúr a gcuid tuairimí a phlé maidir le na forne a mbeidh sna playoffs, buaiteoirí an SuperBowl, an MVP chomh maith le labhairt faoi Micah Parsons ag fáil baile nua i Green Bay.

Scrathóg - Eagrán Speisialta 14.05.2025

Nuacht i ndomhain an NFL gurb iad na Minnesota Vikings a bheidh ag imirt i mBaile Átha Cliath i gcoinne na Pittsburgh Steelers ar an 28 Meán Fomhair. Plé ag James agus Conchúr ar an nuacht seo, agus na cluichí idirnáisiúnta eile a bheidh ar siúl i mbliana.

Scrathóg S2E22 - Jalen Hurts MVP & Steelers i mBÁC 20.02.2025

Philadelphia Eagles ina seampíní tar éis bua suntasach i gcoinne na Kansas City Chiefs. Cad at a i ndán anois do na foirne eile timpeall an NFL don bhliain seo chugainn? Agus cé a bheidh ag teacht go Bhaile Átha Cliath in éineacht le na Pittsburgh Steelers?

Scrathóg S2E21 - Superbowl LIX 06.02.2025

Tá na Kansas City Chiefs ag cuartú 3 bua Superbowl as a chéile - rud nach bhfuil déanta i ré an chomórtais. Ag seasamh sa bhealach, tá Saquon Barkley agus na Philadelphia Eagles. Cé acu a bheidh an bua in New Orleans?

Scrathóg - S2E20 - Cluiche Ceannais AFC & NFC 23.01.2025

Táimid buailte ag cluiche ceannais an AFC agus an NFC. Beidh na Bills ar ais in Arrowhead arís agus iad ag iarraidh an Super Bowl a bhaint amach don chéad uair ó 1993, nuair a chailleadar i gcluiche cheannais an Super Bowl don ceathrú uair ó a bhí 1990 ann. Ar thaobh an NFC, beidh cath an NFC East againn in Philadelphia, tar éis bua mór do na Commanders i gcoinne na Detroit Lions. Beidh súil ag na...

Scrathóg – S2E19 – Babhta Divisional 16.01.2025

Beidh na Kansas City Chiefs agus na Detroit Lions ar ais linn don Babhta Divisional tar éis an sos acu an tseachtain seo chaite. Beidh Patrick Mahomes ag tabhairt aghaidh ar cosaint na Heuston Texans, agus na Lions ag imirt i gcoinne Jayden Daniels agus na Washington Commanders. An leanfaidh séasur dochreidte na Philadelphia Eagles ar aghaidh i gcoinne na LA Rams, agus cé a bheidh an bua acu i gcl...

Scrathóg – S2E18 – Babhta Wildcard 09.01.2025

Táimid buailte ag an babhta Wildcard faoi dheireadh! Cé acu a bheidh ag leanúint ar aghaidh chuig an chéad babhta eile, agus cé a bheidh ag bualadh bóthair?

Scrathóg – S2E17 – Sí an Nollaig í! 23.12.2024

Tá bronntanas deas faighte againn i mbliana agus dhá cluiche ar súil ar Lá Nollag. Cé go bhfuil ach coicís fágtha, tá an-chuid le dhéanamh faoi cá háit a bheidh na foirne ar fad faoi dheireadh na bliana, agus cluichí iontach tábachtach ag tarlú ag an deireadh seachtaine.

Scrathóg – S2E16 – Gortú Patrick Mahomes & Féidearthachtaí na Playoffs 19.12.2024

Tá an-chuid gortuithe ag na Detroit Lions faoi láthair, comh maith le amhras ag na Kansas City Chiefs faoi Patrick Mahomes agus é gortuithe i gcoinne na Browns. Ar cheart dó imirt i gcoinne na Texans dé Sathairn? Agus an mbeidh aon athrú idir anois agus deireadh na bliana ar na foirne sna playoffs?

Scrathóg – S2E15 – Na Dallas Cowboys ar Shlí na Fírinne 12.12.2024

Tar éis dóibh cluiche a chailleadh i gcoinne na Bengals ar an Luain, ní bheidh na Cowboys sna playoffs i mbliana. Ach cé a bheidh? Tá iomaíocht géarr chun na playoffs a bhaint amach, agus ach ceithre seachtain fágtha den gnáth-séasúr.

Listen to the Scrathóg podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.