Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
An Spota Dubh
Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh, aoíanna, comhrá agus neart eile acu ag plé scéata móra spóirt na seachtaine.
Author
Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 10, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Leathchraobh Iomána na hÉireann 02.07.2025 27:29
Dhá chluiche iontacha i ndán dúinn ag an deireadh seachtaine nuair a rachaidh Corcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann chun páirce i gcluichí leathchraobh na hÉireann. Bhí Paudie Ó Néill linn agus muid ag breathnú ar an dá chluiche.
Cluichí 1/4 Ceannais Peile 25.06.2025 30:37
Imreoir Mhuineachain Dessie Mone agus iar-imreoir Chiarraí Éanna Ó Conchúir ag plé an féasta peile atá ar bun i bPáirc an Chrócaigh ar an deireadh seachtaine.
Cluichí móra do sheaimpíní na gcúigí 19.06.2025 33:24
Ceithre chluiche sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais ar siúl ag an deireadh seachtaine agus cluichí suimiúla cinnte. Bhí Seán Denvir linn agus muid ag breathnú ar na cluichí ar fad.
Cluichí 1/4 Ceannais Iomána 19.06.2025 19:35
Bhí Conor 0`Shea ag plé cluichí móra iomána na deireadh seachtaine le Cárthach. Tiobraid Arainn agus Gaillimh ar dtús agus Luimneach agus Baile Átha Cliath théis sin.
Babhta cinniúnach i gCraobh Peile na hÉireann 12.06.2025 31:34
An babhta cinniúnach tagtha agus gach foireann ag iarraidh rud éigin a bhaint as na cluichí an deireadh seachtaine seo agus mar sin neart le plé. Labhair muid le Kevin Cassidy agus Rónán Ó Beoláin agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluichí ar fad.
Blathú Iomáint Chill Dara 03.06.2025 29:57
Bhí iar-iománaithe Chill Dara Tony Murphy agus Fiachra Ó Muineacháin ag caint le Cárthach faoi chluiche mór i stair iomáint i gCill Dara ar an Domhnach.
Babhta 2 i gCraobh na hÉireann 29.05.2025 37:22
Deireadh seachtaine mór i ndán dúinn agus ocht gcluiche ar bun i Craobh na hÉireann agus roinnt cluichí an-tábhachtach go deo. Bhí ár gcara Gary Brennan linn agus muid ag breathnú chun cinn ag na cluichí go léir.
Tuilleadh cluichí móra ó Chúige Uladh 22.05.2025 36:10
An chuid eile do chluichí ó bhabhta a haon i gCraobh na hÉireann againn an satharn seo agus ceithre chluice iontacha i ndán dúinn. Labhair muid le Conall Ó Máirtín faoi na mórscéalta ar fad.
Cruth anois ar Chraobh na Mumhan agus Laighean 19.05.2025 26:04
Bhí Tony Murphy ag caint le Cárthach faoi chluichí i graobh na Mumhan, cluichí i Laighean agus bua mór Chill Dara.
Cluiche mór peile i Stad an Phiarsaigh agus go leor eile 15.05.2025 20:34
Beidh tús spleodrach le Craobh na hÉireann ag an deireadh seachtaine agus ceithre chluiche mhóra ar bun ó bhabta a haon. Bhí Gary Sice, iarimreoir na Gaillimhe, linn agus muid ag breathnú ar na cluiché ar fad.
Conspóid Camogaíochta agus Cluichí Iomána 08.05.2025 23:34
Bhí Aoife O'Connor ag caint le Cárthach faoin conspóid Camogaíochta an tseachtain seo , agus na cluichí móra i gcúige laighean agus cluiche ollmhór i gcuige Mumhan.
Cluichí leathcheannais i gCorn na Seaimpíní 30.04.2025 21:46
Dhá chluiche mhóra ag an deireadh seachtain sa rugbaí agus na cluichí leathcheannais i gCorn na Seaimpíní ar bun. Labhair muid le Hugh O'Sullivan agus muid ag breathnú chun cinn ag na cluichí móra.
Antoine Óg Ó Mainín 30.04.2025 9:59
Tá dornálaí as Conamara Antoine Óg Ó Mainín ag troid go profisiúnta don chéad uair agus é ag troid san Astráil oíche Dé Domhnaigh seo chugainn.
Craobh Iomána Babhta 2 24.04.2025 24:43
Bhí Darragh O'Connell ag plé na cluichí móra atá againn i gcraobh Laighean agus na Mumhan ar an Sathairn agus Domhnach.
Cluichí Leathcheannais Craobha 24.04.2025 27:59
Ceithre chluiche mhóra ag an deireadh seachtaine agus cluichí leathcheannais peile ar bun i gCúige Uladh agus Cúige Laighean. Bhí Lorcán Ó Máirtín linn agus muid ag plé na mórscéalta ar fad.
Craobh Iomána Babhta 1 18.04.2025 24:07
Bhí Naoise De Bhaldraithe ag plé cluichí mór i gcúige Mumhan agus Laighean agus tús á chur le Craobh Sinsir Iomána na bliaina seo.
Craobh Peile - Neart scéalta ó chraobhacha na gcúigí 18.04.2025 27:27
Neart cluichí suimiúla ag an deireadh seachtaine agus cluichí fud fad na tíre. Bhí Gary Sice agus Paddy Kelly linn agus muid ag breathnú ar na scéalta móra ar fad.
Augusta Masters 2025 09.04.2025 20:35
Bhí Séamus Ó Fátharta agus Aodan Comerford ag plé Comórtas na Masters in Augusta le Cárthach an tseachtain seo.
Cluichí Ceannais Sraithe na Peile 28.03.2025 21:24
Bhi Iar-roghnoir Mhaigh Eo Martin Connolly ag plé cluiche mór an domhnach le Cárthach idir Maigh Eo agus Ciarraí agus na cluichí ceannais eile i Roinn 2,3 agus 4.
Cheltenham Dé Máirt agus Dé Céádaoin 03.03.2025 49:08
Bhí oíche den scoth againn ag an seó beo a bhí ag an Spota Dubh thar an deireadh seachtaine agus muid ag breathnú ar Fhéile Rásaíochta Cheltenham. Seo páirt a haon den seó sin agus muid ag breathnú ar an Máirt agus an Céadaoin le Manus Ó Conghaile, Evelyn Ní Ghriallais agus Paddy Desmond.
Cheltenham Déardaoin agus Dé hAoine 03.03.2025 51:27
Bhí oíche den scoth againn ag an seó beo a bhí ag an Spota Dubh thar an deireadh seachtaine agus muid ag breathnú ar Fhéile Rásaíochta Cheltenham. Seo páirt a dó den seó sin agus muid ag breathnú ar an Déardaoin agus an Aoine le Manus Ó Conghaile, Evelyn Ní Ghriallais agus Paddy Desmond.
Sraith Camogie na Bliana ag Tosnú 22.02.2025 18:02
Bhí iar-bhainisteoir Thiobraid Árainn Brian Boyle ag caint le Cárthach faoi thús Roinn 1 sa Camogie.
Super Bowl 2025 07.02.2025 31:57
An séasúr NFL ag teacht chun críche agus cluiche iontach a bheidh ann cinnte le na Chiefs agus iarraidh an tríú Super Bowl as a chéile a bhuachaint i gcoinne na Eagles. Bhí Naoise Waldron agus Emmet Ryan linn chun na mórscéalta ar fad a phlé.
Féile mhór rásaíochta i mBaile na Lobhar 31.01.2025 30:47
Ceann de na féilte rásaíochta is fearr agus an DRF ar bun ag an deireadh seachtaine. 9 gcinn de rásaí Grád 1 agus bhí Paddy Demond linn agus muid ag breathnú ar na rásaí ar fad.
Craobh na Sé Náisiún - Babhta 1 30.01.2025 18:16
Beidh tús spleodrach leis an gcraobh i mbliana agus Sasana ag teacht go Baile Átha Cliath don chéad chluiche sa bhfeachtas. Bhí Conán O'Donnell linn agus muid ag breathnú ar na cluichí ar fad.
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.