Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
An Spota Dubh
Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh, aoíanna, comhrá agus neart eile acu ag plé scéata móra spóirt na seachtaine.
Author
Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 10, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
An mbuailfidh Gaillimh Maigh Eo??? 05.07.2019 34:07
An tseachtain seo bhí deis againn labhairt le Joe Ó Conaire agus Craobh Oscailte na hÉireann ar bun. Chomh maith le sin labhair muid le Seán Denvir, iar-pheileadóir shinsir na Gaillimhe, agus John Ó Clochartaigh, fearr ón taobh eile don teorainn, agus cluiche cinniúnach ar bun ag an deireadh seachtaine!
Seaimpiní Cúige 28.06.2019 37:10
An tseachtain seo le trí chluiche mhór san iomáint, bhí Tony Murphy iar-imreoir Chill Dara linn chun an chraobh iomána a phlé.
Féasta Peile an Deireadh Seachtaine 21.06.2019 33:48
Trí chluiche ceannais cúige atá faoi chaibidil againn an tseachtain seo ar an gclár. Labhair muid le imreoir Cheatharlaigh Daragh Ó Brien agus le Anailísí Tg4 Mark Harte faoin méid a bheidh ag tarlú an deireadh seachtaine seo!
Comórtas fiachmhar i Laighean agus Pebble Beach 14.06.2019 45:35
Beidh comórtas mór san iománaíocht an deireadh seachtaine seo agus labhair muid le Brian Barry ó Sky Sports agus le Michael Rice, anailísí agus imreoir Chill Chainnigh, faoi na cluichí. Chomh maith le sin bhí Joe Ó Conaire linn chun an US Open a phlé!
Craobh an Domhain le Banríon Méabh agus Iomáint le Antaine an Rí 06.06.2019 45:01
An tseachtain seo ar an gclár bhí Antaine Ó Conghaile tráchtaire le Raidió na Gealtachta linn le cluichí móra iománaíochta an deireadh seachtaine a phlé agus bhí Méabh de Búrca linn, peileadóir idirnáisiúnta na hÉireann, agus Craobh an Domhain faoi chaibidil againn.
Derby... nó Derby sacair? 31.05.2019 37:03
Ar an gclár an tseachtain seo labhair muid le traenálaí capaill Sarah Lynam agus fuair muid a tuairimí maidir le rásaí Móra an deireadh seachtaine, an Derby agus an Oaks ina measc. Chomh le sin labhair muid le lucht leanta Spurs agus Liverpool roimh cluiche ceannais Sraith na Seaimpíní ar an Satharn.
Dorn san Aer 17.05.2019 22:16
Bhí Diarmuid Gizzy Lyng ar ais linn an tseachtain seo agus Craobh iomána tosaithe. chomh maith le sin bhí Sean McComb linn agus é ag troid De hAoine ag iarraidh a seachtú bua as a chéile a bhaint amach go proifisiúnta.
Tá an Samhradh ag teacht 10.05.2019 37:39
Bhí iar-roghnóir Tiobraid Árann Paudie Ó Néill linn ag plé craobh iomána an deireadh seachtaine. Labhair muid le Liam Ó Lionáin, Port Láirge, faoi chluichí peile an deireadh seachtaine agus bhí Jeff Neville ó The Loose Head linn chun cluiche ceannais Champions Cup a phlé.
Gáire le Máire agus Cluichí Ceannais Sraithe na mBan 03.05.2019 39:58
Cluichí ceannais Sraithe na mBan ag teacht aníos ag an deireadh seachtaine agus bhí Máire Brennan na Gaillimhe, Aisling Ní Bhroin Laoise agus Michelle Ryan Phort Láirge linn chun na cluichí a phlé.
Cailín na Gaillimhe agus Ciarán an Rugbaí 19.04.2019 36:07
An tseachtain seo ar an gclár shuí muid síos le Áine McDonagh, imreoir le Gaillimh, chun cluichí leathcheannais sraithe na mban a phlé! Chomh maith le sin labhair muid le Ciarán Ó Raghallaigh ó The Times Ireland Edition chun na cluichí leathcheannais sa Champions Cup a phlé!
Ní Máistirí Muidne. 12.04.2019 43:17
An tseachtain seo ar an gclár chaith muid súil ar chomórtas na Máistrí agus bhí Joe Ó Conaire linn agus é tabhairt roinnt a thuairimí linn.
An mbéidh an Tiger a rolláil Dé Sathairn? 05.04.2019 39:20
Fuair Cian agus Cárthach roghanna Paddy ó Gríofa, Sarah Lynam, Feilim Mac an Iomaire agus Declan Maronn don Grand National in Aintree ar an Sathairn, agus bhí scéalta na seachtaine á phlé acu freisin.
Sraitheanna ag teacht chun críche agus Éire vs cloch mhór Gibraltar 22.03.2019 48:09
An tseachtain seo bhí Seán Denvir linn chun babhtaí deireanacha na sraith peile a phlé linn, phlé muid cluichí leath cheannais in éineacht le Brian Barry ó Sky Sports. Chomh maith le sin phlé muid an dá cluiche mór sacair agus Éire ag cúr tús lena bhfeachtas cáiliúcháin.
Trup trup a chapaillín!! 08.03.2019 34:40
Tá Cheltenham ar leic an dorais againn agus bhí Paddy Desmond ó Paddy Power agus Daragh Ó Conchúir ón Irish Field linn ag plé rásaí Móra na seachtaine.
Celtic 'is na camáin 01.03.2019 45:37
An tseachtain seo bhí Ciarán Ó Gallachóir linn agus é ag plé todhchaí Celtic agus Brendan Rogers tar éis a phost a fhágáil. Freisin bhí iarr imreoirí Cathal Moore agus Tony Murphy linn agus an tsraith iomána ag teacht chun críche.
Colm De Buitléar 26.02.2019 21:13
Ní minic a thagann imreorí Rugbaí chun cinn as Gaeltacht Chonamara , ach tá Colm De Buitléar ag dul ó neart go neart I ngeasaí glas Chonnacht I mbliana. Labhair sé le Cárthach i rith na seachtaine.
Sacar, Sigerson 'is Ross 15.02.2019 53:15
Bhí Fiachra Ó hEochaidh linn agus é ag breathnú ar aghaidh ag Sraith na hÉireann atá le tosú an deireadh seachtaine seo. Bhí Cian Kiely linn agus Corn Sigerson á phlé aige agus bhí Ross O'Carroll linn chomh maith chun babhta a trí don tSraith Iomána a phlé.
Clár 47 - 2019 - Raidió na Life 08.02.2019 51:10
Bhí An Spota Dubh i bPáirc an Chrócaigh agus sraitheanna Allianz á phlé againn. Le Cárthach agus Cian bhí Paul Conroy, Donie Breathnach, Fiona Ní Chorcoráin agus Cian Ó Connell.
Clár 46 - 2019 - Raidió na Life 08.02.2019 35:08
An tseachtain seo bhí Máire Treasa Ní Dhubhghaill ó TG4 linn chun cúrsaí rugbaí a phlé agus bhí bainisteoir Castleblaney Jimmy Lacey ar an bhfón chomh maith agus é ag breathnú chun cinn ar chluiche ceannais Iomána Sóisir na hÉireann ar an Domhnach.
Clár 45 - 2019 - Raidió na Life 01.02.2019 55:17
An tseachtain seo bhí anailísí RnaG agus TG4 Cian de Buitléir agus Jeff Neville ó the Loose Head linn ag breathnú ar aghaidh ar an 6 Nations. Freisin bhí Daragh Ó Conchúir ó The Irish Field ag plé an Dublin Racing Festival ag an deireadh seachtaine.
Clár 44 - 2019 - Raidió na Life 25.01.2019 43:05
An tseachtain seo ar an gclár bhí muid ag breathnú ar aghaidh ag tús na sraitheanna náisiúnta agus bhí Eoin Carroll linn, peileadóir le Uíbh Fhailí ag caint faoin réiteach atá siad ag déanamh roimh an cluiche ag an deireadh seachtaine. Chomh maith le sin bhí Emmet Ryan linn ag breathnú chun cinn ar an SuperBowl.
Clár 43 - 2019 - Raidió na Life 18.01.2019 35:41
Agus an babhta deireadh go chluichí na hEorpa an deireadh seachtaine seo bhí Ciarán Ó Raghallaigh linn ó The Times ag plé seansanna na gcúigí. Chomh maith leis sin bhí Maghnus Breathnach linn ag plé cluichí mór an Spidéil de Domhnaigh agus iad ag imirt i gcluiche leathcheannais idirmheánach na hÉireann.
Clár 42 - 2019 - Raidió na Life 11.01.2019 47:58
Bhí Padraig Kelly linn ó 2nd Row Podcast ag caint ar Chluichí sa Champions Cup agus Challenge Cup sa Rugbaí Agus Bhí Fiachra ar ais linn faoin Premier League agus an Rása idir Rangers agus Celtic..
Clár 41 - 2018 - Raidió na Life 21.12.2018 31:13
An tseachtain seo bhí Declan Marron linn ón Extratime podcast agus Ladbrokes ag caint ar Mourinho ag imeacht, Solksjaer istigh agus scéalta sacair eile. Bhí Paddy Desmond linn, Ceannaire Rásaíochta PaddyPower, ag plé Rásaí Na Nollag, an King George i Kempton, agus dár ndóigh féile Leopardstown.
Clár 40 - 2018 - Raidió na Life 14.12.2018 32:08
Bhí Emmet Ryan iriseoir de chuid The Business Post linn ag plé cúrsaí NFL agus na playoffs ag druidim linn. Bhí Jeff Neville ó The Loose Head ar ais le faoin Champions Cup
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.