Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
An Spota Dubh
Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh, aoíanna, comhrá agus neart eile acu ag plé scéata móra spóirt na seachtaine.
Author
Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 10, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Maria agus na Sáirséalaigh 21.03.2020 9:30
Bhuaigh Maria Cooney Craobh Sinsir Camogaiochta lena contae agus lena club i mbliana labhair Cárthach leithi faoin cupla mí iontach sin.
Bang Bang Gravy Chip 20.03.2020 9:56
Bhí an Dornálaí Seán McComb ar ais linn agus é le bheith ag troid i mí Aibreáin, labhair muid faoi sin, an campa agus go leor eile.
Cheltenham 2020 - Dé hAoine Lá 4 06.03.2020 21:21
Tá Daragh Ó Conchúir ó The Irish Field, agus Declan Marron ó Ladbrokes linn, lá an Gold Cup agus rása mór na Bliana, Tá rogha an marcach Katie Ó Farrell againn freisin.
Cheltenham 2020 - Déardaoin Lá 3 06.03.2020 15:59
Tá Daragh Ó Conchúir ó The Irish Field, agus Declan Marron ó Ladbrokes linn agus muid ag díriú ar an Stayers Hurdle agus Paisley Park, freisin tá rogha an marcach Katie Ó Farrell againn.
Cheltenham 2020 - Dé Céadaoin Lá 2 06.03.2020 18:57
Tá Daragh Ó Conchúir ó The Irish Field, agus Declan Marron ó Ladbrokes linn agus an uair seo sé an Champion Chase atá á phlé, freisin faigheann muid rogha an traenálaí Sarah Lynam.
Cheltenham 2020 - Dé Máirt Lá 1 06.03.2020 18:32
Tá Daragh Ó Conchúir ó The Irish Field, agus Declan Marron ó Ladbrokes linn ag plé an Champion Hurdle agus cúpla ceann eile ar an Máirt, freisin tá tuaraim Patrick Mullins againn faoin rása mór.
Cén Sice Peile? 28.02.2020 17:06
Labhair Cian le iar imreoir na Gaillimhe agus laoch Corofinne Gary Sice maidir leis na cluichí atá ar bun ag an deireadh seachtaine agus an méid atá foghlamtha againn go dtí seo.
Ní Neart le Cúr le Chéile 28.02.2020 8:47
Labhair Cárthach le Aoife Ní Chaiside ó Sleacht Néill agus í ag réiteach do Chluiche Ceannais Club na hÉireann ar an Domhnach.
Camán a Chathail 14.02.2020 26:04
Labhair muid le iar iománaí na Gaillimhe Cathal Moore maidir le na cluichí móra iománaíochta atá ar siúl ag an deireadh seachtaine.
Laochra na Dubs 31.01.2020 15:38
Muireann Ní Scanaill, Aoife Kane agus Éabha Rutledge ag caint le Cárthach agus Cian i DCU le dearnaí Neart peile, comhrá ,seacláid agus amhrán fiú!
Craobh na Sé Náisiún 2020 28.01.2020 44:31
An tseachtain seo ar an gclár tá Craobh na Sé Náisiún faoi chaibidil againn agus labhair muid le Jeff Neville ó The Loose Head agus leis an Iriseoir Ciarán Ó Raghallaigh maidir le foirne agus seansanna na dtíortha ar fad.
Up tipp agus up..... 17.01.2020 33:54
An tseachtain seo bhí Brendan Timmons ar an gclár agus cúrsaí iomána á phlé. Phléigh muid Corn Mhic Ghiobúin, cluiche ceannais na gClub ag an deireadh seachtaine agus tuilleadh.
Bliain nua, ach an stuff céanna 10.01.2020 40:02
Labhair Muid Le Michelle Ryan agus í ag fágáil slán le peil Idirchontae le Port Láirge. Freisin bhí Jeff Neville ar ais linn ón Loose Head faoi cluichí Champions Cup.
Toto agus Na Cúigí 22.11.2019 28:51
Labhair muid Le Antoine Toto Ó Gríofa agus é ag troid i mBabhta Ceannais Dornálaíochta Na hÉireann Dé hAoine seo ar TG4, freisin bhí Colm De Buitléar fear Chonnachta agus é ag caint faoi cluichí í mBabhta a 2 den Champions Cup
Banríon Ulaidh agus sa tóir ar W san Eoraip! 15.11.2019 35:37
An tseachtain seo ar an gclár tá muid ag caint le Aidan Fitzmaurice agus muid ag breathnú chun cinn ag an gcluiche ollmhór atá ag foireann na hÉireann ar an Luan. Chomh maith le sinn labhair muid le Gráinne Ní Chatháin ó Sleacht Néill maidir leis an bua stairiúil a bhí acu an tseachtain seo caite.
W Chraobh an Chondae 08.11.2019 27:06
An tseachtain seo ar an gclár labhair muid le beirt a bhuach Craobh an Chontae an tseachtain seo caite! Ar dtús Gary Sice ar ais ag caint linn faoin Monday Club nua a bhí acu i mbliana agus ina dhiaidh sin bhí Rob McDaid linn ó Baile Buadáin Naomh Éanna agus iad ag fáil réidh do feachtas Laighean.
Underdogs agus na Big Dogs 25.10.2019 34:50
An tseachtain seo bhì Mel Boyce imreoir Crossmaglen Rangers linn agus iad tar éis Craobh Ard Mhacha a bhuachaint, bhí Kevin Cassidy linn faoi chluiche Underdogs agus Maigh Eo ar an sathairn agus labhair Cian de Buitléar linn faoi chluichi 1/2 Corn an Domhain sa Rugbaí.
Dhá fhoireann dhifriúil ach an scéal céanna? 18.10.2019 37:15
An tseachtain seo ar an gclár bhí Fiacha Ó hEochaidh linn ag breathnú siar ar an gcluiche in aghaidh na hEilvéise agus ar aghaidh ag an gcluiche deireanach sa bhfeachtas. Chomh maith leis sin bhí an t-iriseoir Ciarán Ó Raghallaigh linn ag breathnú ar aghaidh ag an gcluiche mór ar an Satharn, Éire in aghaidh na Nua-Shéalainne.
Cúis imní na Rúise? 04.10.2019 28:57
Bhí cúrsaí rugbaí lárnach an tseachtain seo agus an t-iriseoir Ciarán Ó Raghallaigh linn faoi chluiche na Rúise, chomh maith le scéalta spórt na seachtaine.
Agallamh le Deirbhile Nic an Bháird 27.09.2019 35:54
Bhí deis ag Cárthach agus Cian suigh síos in éineacht le Deirbhile Nic an Bháird, imreoir rugbaí na hÉireann seachtar an taobh agus cúigear déag an taobh. Labhair muid léi maidir leis an méid atá bainte amach aici, na deacrachtaí a bhí aici agus í ag iarraidh bheith ag imirt rugbaí agus í óg, an seal a chaith sí le Harlequins i Sasana, an bealach difriúil a ndeachaigh sí isteach ag traenáil le foi...
Cluichí Ceannais Peil na mBan 11.09.2019 27:16
Ba iad Colleen Barrett agus Máire Ní Bhraonáin a bhí linn roimh Cluiche Ceannais Peil Na mBan, freisin fuair muid tuairimí Róisín Tobin agus Emer Ní Ghallchóir.
Cluichí Ceannais Chamógaíochta na hÉireann 04.09.2019 36:18
An tseachtain seo ar an gclár labhair muid le Daragh Ó Conchúir agus Claire O'Connor ag breathnú chun cinn ag na cluichí Móra camógaíochta ag an deireadh seachtaine. Fuair muid tuairimí Deirdre Johnston, Fíona Ní Bhroin agus Gráinne Ní Chatháin chomh maith agus Bhí Cárthach ag caint le Maria Cooney imreoir shinsir na Gaillimhe.
Cluichí Leath Cheannais na mBan 23.08.2019 32:00
Bhí imreoir Dhún na nGall Emer Ní Ghallchóir agus iar-imreoir na Gaillimhe Máire Brennan linn ag caint ar an dá chluiche leath-cheannais i gCraobh Peil na mBan ar an domhnach.
Sár-choimhlint sa Sár-Ochtar 02.08.2019 36:09
Deireadh seachtaine ollmhór peile amach romhainn agus an babhta deireadh sa Sár-Ochtar faoi chaibidil againn. Labhair muid le Paddy Kelly, iar-imreoir sinsir Chorcaí, agus le Paul Conroy, imreoir peile na Gaillimhe, maidir lena dtuairimí faoi na cluichí ag an deireadh seachtaine.
Cluichí móra le Paddy Beag 19.07.2019 30:45
Bhí tráchtaire RTÉ RnaG Paddy ó Gríofa linn an tseachtain agus muid ag plé cluichí sna Super 8s ag an deireadh seachtaine é sin agus scéalta na seachtaine le Cárthach agus Cian.
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.