Seán Ó Dubhchon
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Koniecznie odwiedź stronę podcastu i wesprzyj twórcę: podcasters.spotify.com
Autor
Seán Ó Dubhchon
Kategoria
Strona podcastu
Ostatni odcinek
18 wrz 2026
Gdzie słuchać?
Podcasty w aplikacji Replaio Radio Już wkrótcePodcasty trafią do aplikacji już wkrótce. Zainstaluj teraz i jako pierwszy zobacz nowe podejście do podcastów
Odcinki
Paula Melvin 11.03.2022 32:20
Labhraíonn Paula Melvin le Seán faoin méid iontach atá déanta aici agus ar siúl aici le teanga agus pobal na Gaeilge a chur chun cinn. Insíonn sí dúinn faoin ról úr atá aici mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus tugann sí súil siar ar bhuaicphointí móra ina saol go dtí seo.
Karl James 04.03.2022 15:53
Labhraíonn an ceoltóir agus cumadóir Karl James le Seán faoina chuid ceoil agus cumadóireachta, a shingil nua iontach - Lockdown - ach go háirithe.
Gráinne Ní Mhuilneoir 04.03.2022 35:11
Labhraíonn Gráinne Ní Mhuilneoir le Seán faoina cuid oibre le litríocht agus léitheoireacht na Gaeilge, an méid a dhéanann sí mar bhainsteoir sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair agus Lá Domhanda na Leabhar.
Séaghan Ó Súilleabháin 04.03.2022 17:05
Labhraíonn Séaghan Ó Súilleabháin le Seán faoina ról mar ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge, an méid a dhéanann sé le Gaeilge a chur chun cinn ar líne agus sraith nua teilifíse atá a thaifead aige faoi láthair.
Cormac Ó hEadhra 04.03.2022 23:32
Labhraíonn Cormac Ó hEadhra le Seán faoin méid atá bainte amach agus ar siúl aige sa chraoltóireacht, a shaothar le RnaG agus RTÉ Raidió 1 agus a ról mar ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge 2022.
Éadaoin Fitzmaurice 25.02.2022 16:44
Labhraíonn Éadaoin Fitzmaurice le Seán faoina comhlacht nua FIA Digital agus a cuid oibre le hiriseoireacht dhigiteach a chur chun cinn. Insíonn sí dúinn faoin ról atá ag na meáin shóisialta agus an t-idirlíon san iriseoireacht agus i ndul chun cinn na Gaeilge agus tugann sí súil siar ar an méid iontach atá déanta aici go dtí seo.
Ciabhán Ó Murchú 25.02.2022 18:33
Labhraíonn Ciabhán Ó Murchú le Seán faoina shaol mar phíolóta agus é lonnaithe i Sevilla sa Spáinn. Insíonn sé dúinn faoi na rudaí a spreag é le bheith ina phíolóta, caide mar a mhothaigh a chéad eitilt agus an t-eitilt ar fad atá déanta aige go dtí seo. Tugann Ciabhán súil siar ar a shaothar aisteoireachta chomh maith.
Inni-K 25.02.2022 23:08
Labhraíonn Inni-K le Seán faoin albam nua Iníon atá díreach eisithe aici, chomh maith le camchuairt a bheidh a dhéanamh aici, ag tosú i mí Márta. Insíonn sí dúinn faoin chumadóireacht, amhránaíocht ar an sean nós agus go leor eile.
Seán Seoighe 25.02.2022 10:15
Labhraionn Seán Seoighe le Seán faoi na himeachtaí ar fad atá eagraithe ag Áras na nGael do Sheachtain na Gaeilge: Ceolchoirm ar an 5ú Márta, Oíche na mBanríon ar an 11ú Márta, Guerilla Gaeilge ar an 12ú Márta agus Cóisir Lá Fhéile Phádraig ar an 17ú Márta. Insíonn sé dúinn faoin méid iontach a bhí ar siúl ag Áras na nGael le cúpla mí anuas.
Orlaith Nic Ghearailt 25.02.2022 16:00
Labhraíonn Orlaith Nic Ghearailt le Seán faoi Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl ón 1-17ú Márta i mbliana. Insíonn sí dúinn faoin seoladh oifigiúil, na hambasadóirí agus an méid iontach a bheidh ar siúl i scoileanna agus i bpobail i rith SnaG. Breis eolais faoi SnaG ag snag.ie
Conor Ó Domhnaill 25.02.2022 12:42
Labhraíonn Conor Ó Domhnaill le Seán faoina bhanna ceoil The Restricted, a chuid cumadóireachta, a singil nua 'Working On A Dream' agus ceolchoirm a bheidh a dhéanamh ag The Restricted le hÁras na nGael, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.
Donatella 25.02.2022 3:17
Labhraíonn an taibheoir drag Donatella le Seán faoi Oíche na mBanríon, a bheidh a reáchtáil ag Áras na nGael i nGaillimh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge,
Conall Ó Máirtín 18.02.2022 39:49
Labhraíonn Conall Ó Máirtín le Séan faoina shaothar leathan sa raidió agus sa teilifís le BBC agus TG4. Insíonn sé dúinn faoin tsraith Blas ar BBC Raidió Uladh ar a mbíonn sé le cloisteáil gach seachtain, na sraitheanna Blas na nIriseoirí, Snámh Fiáin, agus Woofáil, chomh maith lena chuid oibre sa tráchtaireacht spóirt. Faighimid léargas ar na rudaí a spreag Conall le tosú ag obair sa chraoltóirea...
Éamonn Ó Dónaill 18.02.2022 30:58
Labhraíonn Éamonn Ó Dónaill le Seán faoina shaothar leathan: obair léachtóireachta agus teagaisc, cláir teilifíse (Turas Teanga agus Now You’re Talking), eagarthóireacht agus iriseoireacht (Beo.ie), leabhair ( Gramadach Gan Stró!, Essential Irish Grammar agus Gaeilge Gan Stró! ), Gaelchultúr a bhunú agus na hoícheanta iontach Sult, rudaí atá déanta aige le Gaeilge a spreagadh agus a neartú ar bhea...
Pádraic Breathnach 18.02.2022 15:22
Labhraíonn Pádraic Breathnach le Seán faoin oiread iontach atá déanta aige agus ar siúl aige sa drámaíocht. Faighimid amach faoina róil mar Sonny i Ros na Rún, Jacksie i Killnaskully agus Benny I Breakfast On Pluto. Insíonn Pádraic dúinn faoin méid iontach atá bainte amach aige le Macnas agus leis an Galway Arts Centre, agus go leor eile.
Siobhán Ní Ghadhra 18.02.2022 20:53
Labhraíonn Siobhán Ní Ghadhra le Seán faoina comhlacht nua Acadamh an Atlantaigh, cúrsa nua a bheidh ar fáil d’éinne le suim acu bheith ag obair san earnáil scannánaíochta agus stiúideonna nua (Atlantic Studios) atá a fhorbairt i nGaillimh. Faighimid amach faoina cuid oibre le Danú Media, a thaithí sa scannánaíocht agus go leor eile.
Róisín Chambers 11.02.2022 19:47
Labhraíonn Róisín Chambers le Seán faoin bhféile cheoil Féile Nasc a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine - féile ceoil traidisiúnta agus ceol tíre do gach aoisghrúpa i bPáirc Marlay i mBaile Átha Cliath. Faighimid amach faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl, an bhéim a chuirtear in inbhuanaitheacht agus an spreagadh taobh thiar den fhéile. Insíonn Róisín dúinn chomh maith faoina cuid ceoil féin agus an...
Julie Anne De Brún 11.02.2022 27:57
Labhraíonn Julie Anne De Brún le Seán faoin bhfeachtas Leabhra Feabhra, a dhéanann ceiliúradh ar na leabhair iontacha atá ar fáil i nGaeilge do pháistí agus do dhaoine fásta. Insíonn Julie Anne dúinn faoin méid a bheidh ar siúl ar líne, amhrán iontach atá scríofa agus comórtais atá ag teacht aníos. Faighimid moltaí ó Julie Anne maidir le cá háit leabhair Ghaeilge a cheannach agus conas an léitheoi...
Aedín Ní Thiarnaigh 11.02.2022 23:04
Labhraíonn Aedín Ní Thiarnaigh le Seán faoina sraith nua 'Faoi Bhláth' a bheidh a chraoladh ar RTÉ gach oíche Luan. Insíonn sí dúinn faoin taithí a bhí aici ag déanamh an tsraith agus faoin ghrá atá aici do bhláthanna, béaloideas agus eitneolaíocht. Cloisimid faoin mháistreacht a rinne Aedín agus an méid atá ar siúl aici le Bláthanna Fiáine - leathanach ar Instagram agus mionshraith ar Cúla 4 ar S...
Maitias Ó Gríofa 04.02.2022 14:45
Labhraíonn Maitias Ó Gríofa le Seán faoina shaothar mar aisteoir agus an ról atá a dhéanamh aige mar Rónán i Ros na Rún. Insíonn sé dúinn faoin gcarachtar agus na scéalta móra atá tar éis titim amach tar éis do Rónán filleadh ar Ros na Rún, téamaí ar nós disleicse agus an méid a tharla le Charlie i rith na seachtaine.
Isla Callister 04.02.2022 13:53
Labhraíonn Isla Callister le Seán faoin albam nua 'A Drop for Neptune' atá curtha amach ag a banna TRIP. Cloistear Isla ag labhairt i Manainnis agus Seán ag labhairt i nGaeilge. Insíonn Isla dúinn faoi na rudaí a spreag í mar cheoltóir, na cuimhní is fearr atá aici ó bheith ag seinm, an phróiseas a bhí i gceist le 'A Drop for Neptune' a thaifead agus go leor eile.
Seaghán Mac an tSionnaigh 04.02.2022 29:38
Labhraíonn Seaghán Mac an tSionnaigh le Seán faoina shaothar leathan mar aistritheoir, scríbhneoir, taighdeoir, file agus teagascóir. Insíonn sé dúinn faoina PhD, a thaithí le Gaeilge a theagasc thar lear, a shuim i réimse leathan teangacha, an chomhdháil Manmanra agus go leor eile.
Gearóid Denvir 04.02.2022 47:18
Labhraíonn Gearóid Denvir le Seán faoina shaothar leathan mar léachtóir, scríbhneoir, file agus taighdeoir, agus an méid a spreag a chuid suime san oideachas. Insíonn sé dúinn faoina sheal mar Uachtarán an Oireachtais, a chuimhní ón Oireachtas thar na blianta, an méid atá bainte amach le Coláiste Chamuis, cúrsaí CLG agus neart eile,
Diarmuid Ó Mathúna 28.01.2022 27:43
Labhraíonn Diarmuid Ó Mathúna le Seán faoin gcaifé nua - Pota - atá oscailte aige, an bhéim a chuireann siad ar bhia áitiúil, orgánach agus inmharthana agus na rudaí a thug spreagadh do Pota a bhunú. Faighimid amach faoin méid iontach atá ar siúl aige le mofoodblog.com., NeighbourFoods agus saothar teilifíse agus raidió. Insíonn Diarmuid dúinn chomh maith faoina thaithí i Scoil Chócaireachta Bally...
Frainc Mac Cionnaith 28.01.2022 34:38
Labhraíonn Frainc Mac Cionnaith le Seán faoin obair iontach atá a dhéanamh aige mar bhainisteoir forbartha le Glór na nGael. Faighimid amach faoina ról nua le gnó agus fiontraíocht, chomh maith le Gradaim Gnó na hÉireann atá a reáchtáil ag Glór na nGael i mbliana. Faighimid léargas ar na rudaí a spreag Frainc I dtreo na hoibre le teanga agus cultúr, a ghrá don timpeallacht, agus a bhua don ghriang...
Podobne podcasty
Replaio nie jest wydawcą podcastów; nazwy audycji, okładki i audio należą do ich autorów i są rozpowszechniane przez publiczne kanały RSS