Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie

Koniecznie odwiedź stronę podcastu i wesprzyj twórcę: podcasters.spotify.com

Autor

Seán Ó Dubhchon

Kategoria

Society

Strona podcastu

podcasters.spotify.com

Ostatni odcinek

18 wrz 2026

Gdzie słuchać?

Podcasty w aplikacji Replaio Radio Już wkrótce

Podcasty trafią do aplikacji już wkrótce. Zainstaluj teraz i jako pierwszy zobacz nowe podejście do podcastów

Pobierz z Google Play Zainstaluj za darmo Android prawie 10 mln pobrań · ocena 4,8 iOS niedługo

Odcinki

Caitríona Ní Chonaill 22.04.2022

Labhraíonn Caitríona Ní Chonaill le Seán faoina cuid oibre san iriseoireacht, a ról mar phríom-eagarthóir ar Iris Breac agus a saothar leis an University Express. Faighimid amach faoina taithí ag labhairt os comhair an Dáil, faoin tábhacht a bhaineann le cur chun cinn na hiriseoireachta sna hollscoileanna. Insíonn sí dúinn chomh maith faoin gCumann Drámaíochta i UCC agus Cumann Harry Potter na hol...

Ciarán Ó Maonaigh 22.04.2022

Labhraíonn Ciarán Ó Maonaigh le Seán faoi chúrsaí ceoil, scannánaíochta agus a shraith raidió nua - Ceol an Ghleanna - a bheidh a chraoladh gach oíche Déardaoin ag a 7 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Faighimid amach faoi na rudaí a spreag Ciarán mar cheoltóir, a thaithí ag stiúradh Sé Mo Laoch agus go leor eile. 

Aoife Granville 15.04.2022

Labhraíonn Aoife Granville le Seán faoina cuid ceoil agus an t-aistear iontach atá déanta aici sa cheol traidisiúnta. Faighimid amach faoi na ceoltóirí eile a bhí ina thionchar uirthi agus an cultúr ceoil sa Daingean. Insíonn Aoife dúinn faoin mbéaloideas agus cé chomh tábhachtach is atá a cuid oibre san ábhar sin di. Labhraíonn Aoife chomh maith faoina ról nua ar an gComhar Ealaíon agus feachtas...

Medb Ní Dhúláin 15.04.2022

Labhraíonn Medb Ní Dhúláin le Seán faoina chuid oibre mar léiritheoir agus físiriseoir, agus í ag obair le Meon Eile agus Below The Radar. Insíonn sí dúinn faoin dóigh a thosaigh sí ag obair sa teilifís, na rudaí a spreag í dul sa treo sin agus an tábhacht a bhaineann le scéalta agus an teicneolaíocht nua ina cuid oibre. Labhraíonn sí chomh maith faoin gCLG agus a club áitiúil, agus an tábhacht at...

Éanna Ó Conchúir 15.04.2022

Labhraíonn Éanna Ó Conchúir le Seán faoi Fhéile Ceoil Bhaile na nGall atá ar siúl thar an deireadh seachtaine (15-17 Aibreán), le scoth an cheoil, filíocht agus go leor eile.

Siún Ní Dhuinn 15.04.2022

Labhraíonn Siún Ní Dhuinn le Seán faoina ról mar Chomhordaitheoir Digiteach Gaeilge le RTÉ, an tábhacht a bhaineann leis an idirlíon agus na meáin shóisialta sa Ghaeilge agus an tsraith iontach Beo Ar Éigean. Tugann sí súil siar ar na cuimhní is fearr atá aici ó Bheo Ar Éigean agus a cairdeas le hÁine agus Sinéad, agus labhraíonn sí faoina priontaí ‘As An Nua’ agus iarchéim atá idir lámha aici fao...

Michelle Nic Grianna 08.04.2022

Labhraíonn Michelle Nic Grianna faoin méid iontach atá ar siúl aici agus bainte amach aici sa chraoltóireacht. Insíonn sí dúinn faoi Barrscéalta agus an tábhacht a bhaineann leis an tsraith go háitiúil agus go náisiúnta. Faighimid amach faoi bhuaicphointí móra craoltóireachta Mhichelle (gradam do Phearsa Raidió na Bliana ag Féile na Meáin Cheiltigh san áireamh), na rudaí is taitneamhaí faoi bheith...

Róisín Adams 08.04.2022

Labhraíonn Róisín Adams le Seán faoin méid atá a dhéanamh i mbliana le comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Chathail Uí Shandair, duine de na scríbhneoirí is rathúla agus is aitheanta riamh in Éirinn, a scríobh 120 leabhar do pháistí, foilsithe ag An Gúm. Faighimid amach faoi thaispeántas atá ag taisteal ar fud na tíre, sraith raidió agus leathanaigh ar líne ina bhfuil eolas fíorshuimiúil...

Caitlín Ní Chualáin 08.04.2022

Labhraíonn Caitlín Ní Chualáin le Seán faoin amhránaíocht ar an sean nós, Corn na mBan agus Corn Uí Riada a bhaint ag Oireachtas na Samhna, na daoine a bhí ina thionchar mhór ar a cuid amhránaíochta, agus na bealaí a dhéanann sí an sean nós a chur chun cinn ina cuid amhránaíochta agus ar an stáitse. Insíonn Caitlín dúinn faoi Raidió na Gaeltachta, atá ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód, agus an t...

Manchán Magan 08.04.2022

Labhraíonn Manchán Magan le Seán faoin tsraith nua – An Fód Deireanach – a théann amach gach tráthnóna Déardaoin ar TG4 agus a shraith raidió / podchraoladh nua Home Stories, a thosóidh ar an 16 Aibreán. Faighimid amach faoina chamchuairt Arán agus Im agus na leabhair atá scríofa aige - Dána Gránna – Nasty Words for People, Thirty-Two Words for Field agus Tree Dogs, Banshee Fingers and Other Irish...

Dónal O'Connor 01.04.2022

Labhraíonn Dónal O’Connor le Seán faoina shaothar leathan ceoil agus scannánaíochta. Insíonn sé dúinn faoina chúlra saibhir ceoil, saothar le bannaí ar nós Ulaid agus At First Light agus na rudaí a spreag é mar léiritheoir ceoil, agus a stiúideo féin RedBox Recording aige. Faighimid amach faoi Táin Media, na cláracha teilifíse atá léirithe aige (Seán Ó Riada: Mo Sheanathair agus Sruth, ina measc)...

Gormfhlaith Ní Thuairisg 01.04.2022

Labhraíonn Gormfhlaith Ní Thuairisg le Seán faoin méid iontach atá bainte amach aici sa chraoltóireacht, a cuid oibre ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus leabhair iontacha atá aistrithe aici. Labhraíonn sí chomh maith faoi RnaG ag 50.

Diarmuid Ó Meachair 01.04.2022

Labhraíonn Diarmuid Ó Meachair le Seán faoin duais mhór atá bainte aige mar Cheoltóir Óg na Bliana ag Gradaim Ceoil TG4. Faighimid amach faoin aistear ceoil atá déanta aige sa cheol traidisiúnta agus le hamhránaíocht ar an sean nós, agus an dóigh a dhéanann sé iad a spreagadh sa chéad ghlúin eile.

Jill McMahon 01.04.2022

Labhraíonn Jill McMahon le Seán faoin obair iontach atá ar siúl aici le Gaeilge a chur chun cinn san oideachas, faoina taithí le Fulbright i Meiriceá, a banna ceoil nua Bandia agus Aonach Amárach, imeacht eisceachtúil atá eagraithe aici faoi dhó le faisean inbhuanaithe a chur chun cinn.

Leah Ní Mhurchú 25.03.2022

Labhraíonn Leah Ní Mhurchú le Seán faoin méid iontach a dhéanann sí le Gaeilge a chur chun cinn ar líne – lena cuntais féin ar TikTok agus Instagram, leis an Ghaeltokt, le físeáin do Bhloc TG4 agus an podchraoladh iontach Tae Is Plé. Insíonn Leah dúinn faoin méid atá ar siúl aici in Ollscoil na Banríona agus le Coiste Ghnó Chonradh na Gaeilge, agus faighimid amach faoin dá grá mór atá aici – Danie...

Damian McCann 25.03.2022

Labhraíonn Damian McCann le Seán faoina scannán Doineann. Faighimid léargas iontach ar an bpróiseas scannánaíochta, an smaoineamh taobh thiar den scannán agus an méid iontach atá bainte amach ag an scannán go dtí seo. Insíonn Damian dúinn faoi na rudaí a tharraing i dtreo na scannánaíochta é agus an tábhacht a bhain le Doineann a dhéanamh i nGaeilge.

Seanán Ó Coistín 25.03.2022

Labhraíonn Seanán Ó Coistín le Seán faoin chathair Trier sa Ghearmáin, ina bhfuil sé lonnaithe faoi láthair, pobal na Gaeilge i Lucsamburg, a chuid oibre mar aistritheoir agus a ghnólacht Buachaill, a dhéanann fobhríste ar ardchaighdeán d’fhir.

Seán Ó Muireagáin 25.03.2022

Labhraíonn Seán Ó Muireagáin le Seán faoina shaothar scríbhneoireachta, idir filíocht, a chnuasach gearrscéalta Gáire In Éag agus a húrscéal nua. Faighimid amach faoin méid iontach atá bainte amach ag Seán le Gaelscoileanna ó thuaidh a chur chun cinn, a chuid craoltóireachta le Raidió Fáilte agus pobal na Gaeilge i mBéal Feirste.

Colm Mac Séalaigh 18.03.2022

Labhraíonn Colm Mac Séalaigh le Seán faoina shaothar ceoil - a shaothar féin, le Ty Bach agus na Fíréin. Faighimid amach faoina haistear ceoil, a chuid cumadóireachta agus buaicphointí móra. Insíonn sé dúinn faoin méid atá bainte amach aige san oideachas, le foirne CLG, coláistí samhraidh agus go leor eile. 

Seán Breathnach 18.03.2022

Labhraíonn an stiúrthóir agus scríbhneoir Seán Breathnach le Seán faoina scannán nua Foscadh atá sna pictiúrlanna faoi láthair agus aitheantas iontach faighte aige. Faighimid amach faoin scannán agus an aistear scannánaíochta atá déanta ag Seán go dtí seo.

Máire Eilis Uí Fhlatharta 18.03.2022

Labhraíonn Máire Eilis Uí Fhlatharta le Seán faoin dianchúrsa nua atá a chur ar fáil ag Acadamh Atlantach agus TG4, le deis a thabhairt do dhaoine a bheith ag obair san earnáil scannánaíochta. Faighimid amach faoin gcúrsa agus an méid iontach atá ag tarlú sa scannánaíocht in iarthar na tíre.

Maggie Hannon 18.03.2022

Labhraíonn Maggie Hannon le Seán faoina saothar ar an stáitse agus ar an teilifís. Faighimid amach faoina aistear drámaíochta agus an traenáil a rinne sí i bPrague, na drámaí ar an stáitse atá scríofa agus curtha i láthair aici (Sister Black agus Heart Shaped) agus a ról nua mar sadie ar Ros na Rún.

Máirín De Brún 11.03.2022

Labhraíonn Máirín De Brún le Seán faoin méid iontach atá bainte amach aici ina saol agus ina cuid oibre, mar mhúinteoir agus le heagraíochtaí ar nós Coiste Ghairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath, Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí, Coiste Náisiúnta an Oireachtais, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus go leor eile. Insíonn Máirín dúinn faoin meid atá déanta aici le hOireachtas na Gaeilge ó bhí 2003 an...

Cian Ó Maolchiaráin 11.03.2022

Labhraíonn Cian Ó Maolchiaráin le Seán faoi thiomsaitheoir airgid iontach atá a dhéanamh aige agus a chara Liam do Pieta House - Blue or Bald for Pieta House - ag deireadh na míosa seo. Insíonn Cian dúinn faoin gofundme atá a dhéanamh acu, leathanach Instagram atá bunaithe acu agus imeacht atá le bheith ar siúl acu ar an 31ú Márta i gClub Áras na nGael. Déanann Cian cur síos ar an tábhacht a bhain...

Mairéad Ní Mhaonaigh 11.03.2022

Labhraíonn Mairéad Ní Mhaonaigh le Seán faoin ról úr atá aici mar ealaíontóir cónaithe le GTeic Gaoth Dobhair. Faighimid amach faoi ceolchoirmeacha a bheidh ag teacht aníos aici le hAltan agus leis na SíFiddlers in Éirinn agus thar lear i mbliana. Insíonn sí dúinn faoi Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, ceol agus cultúr i dTír Chonaill agus an tábhacht a bhaineann le ceol traidisiúnta don chéad ghlú...

Słuchaj podcastu Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá w Replaio

Radio i podcasty w jednej aplikacji - za darmo, bez zakładania konta. Zainstaluj już dziś i nie przegap premiery

Pobierz z Google Play

Replaio nie jest wydawcą podcastów; nazwy audycji, okładki i audio należą do ich autorów i są rozpowszechniane przez publiczne kanały RSS