Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

News GD ↓ Odcinki: 111

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.

Koniecznie odwiedź stronę podcastu i wesprzyj twórcę: podcasters.spotify.com

Autor

Tuairisc

Kategoria

News

Strona podcastu

podcasters.spotify.com

Ostatni odcinek

8 paź 2026

Gdzie słuchać?

Podcasty w aplikacji Replaio Radio Już wkrótce

Podcasty trafią do aplikacji już wkrótce. Zainstaluj teraz i jako pierwszy zobacz nowe podejście do podcastów

Pobierz z Google Play Zainstaluj za darmo Android prawie 10 mln pobrań · ocena 4,8 iOS niedługo

Odcinki

Léirmheas ar albam nua Kneecap, dochar sláinte na Gaeilge, scileanna teanga i nGaillimh Thiar 30.04.2026

Darren, Maitiú agus Seán Tadhg atá i dteannta Bhridget ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ agus albam nua Kneecap, ‘Fenian’, á mheas acu. Pléitear chomh maith ceist na Gaeilge i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar. An buntáiste d’iarrthóirí Gaeilge a bheith acu nó an cuma le daoine? Caitear súil chomh maith ar an gcruinniú is déanaí ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, mar a...

Paiste cainte ag Helen Ní Sé le Phil Ní Sheaghdha: ‘Aon duine atá ag obair a bhfuil rud le rá acu ba chóir an ceart sin a bheith acu’ 28.04.2026

In Ardoifig Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann i lár Bhaile Átha Cliath atá Helen Ní Shé an tseachtain seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an gceardchumannaí aitheanta Phil Ní Sheaghdha Phil Ní Sheaghdha, ó Chorca Dhuibhne, Ard-Rúnaí Chumann Altraí agus Ban Chabhrach, atá linn an tseachtain seo ar Paiste Cainte ag Helen Ní Shé. Deir Phil gurb iad na díospóireachtaí ar ghlac sí páirt i...

‘I think go bhfuil sé absolutely ridiculous!’ – 100 bliain na Gaeltachta 23.04.2026

In éineacht le Bridget agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá an Dr John Walsh, sochtheangeolaí aitheanta ó Ollscoil na Gaillimhe agus an saineolaí is mó ar Choimisiún na Gaeltachta 1926 agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir agus iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Pléitear stair Choimisiún na Gaeltachta agus stair na Gaeltachta féin, an méid a baineadh amach agus...

Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Daráine Mulvihill: ‘Bhí a fhios acu ansin go mbeinn ceart go leor ach go gcaithfí mo chosa a bhaint…’ 21.04.2026

Bhuail ráig den ghalar meiningíteas oirdheisceart Shasana le déanaí agus sciob sí chun siúil beirt mac léinn agus d’fhág a thuilleadh an-bhreoite. Chuir an scéal i gcuimhne do Helen cás Dharáine Mulvihill an craoltóir agus gníomhaí de bhunadh Chorca Dhuibhne ar bhuail an meiningíteas í is í ina déagóir 20 bliain ó shin. B’ábhar misnigh do Helen bualadh le Daráine le déanaí chun paiste cainte a dhé...

‘Saipan’ eile? Athbhreithniú á dhéanamh ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge…. 16.04.2026

Ar ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo, tá Máire Ní Fhinneadha agus Kevin Hickey linn chun labhairt faoin athbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair ar an gCaighdeán Oifigiúil? Tá athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil ar bun faoi láthair ag Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais ach cad chuige an caighdeán céanna agus cén fáth go mbíonn daoine áirithe chomh buartha sin faoi agus daoine ei...

Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Ó Macháin - turas trí gheataí na lámhscríbhinní le Tomás Ó hIcí... 14.04.2026

Pádraig Ó Macháin ón Lios Mór sna Déise atá i dteannta Helen an tseachtain seo. Scoláire é Pádraig a bhfuil cuid mhór dá shaol caite aige ag póirseáil i lámhscríbhinní ársa na hÉireann. Deir an tOllamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh go rachadh sé aon áit ar domhan dá bhfaigheadh sé gaoth an fhocail go raibh lámhscríbhinn tagtha ar barra ann.  Gabha ceárta ab ea athair Phádraig a ra...

‘Tá rud éigin speisialta faoi Chorca Dhuibhne don duine a mbeadh spéis aige a bheith amuigh faoin aer’ 09.04.2026

Agus an clog curtha chun cinn, an lá ag dul chun síneadh, agus laethanta buí an tsamhraidh amach romhainn, labhair Bridget Bhreathnach agus Maitiú Ó Coimín, ar treoraí sléibhe é féin, leis na treoraithe Eoin Ó Tuairisg as Cois Fharraige agus Darach Ó Murchú as Corca Dhuibhne faoi na siúlóidí Gaeltachta is fearr leo.   Pléadh siúlóidí móra sna beanna arda, oilithreachtaí ársa agus nua, agus siúlóid...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Róisín Ní Chionnfhlaolaidh: ‘Is dóigh liom go mbeadh an saol an-leadránach ar fad gan ealaíontóirí’ 07.04.2026

Is ar ais in Uíbh Ráthach atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag bualadh leis an ealaíontóir gloine Róisín Ní Chionnfhlaolaidh. An dúlra agus an fharraige go háirithe a spreagann Róisín agus formhór a saoil caite aici cois cósta, ar a fód dúchais sa Rinn i nGaeltacht na nDéise go dtí an Rinn Rua i ndeisceart Chiarraí, áit a bhfuil sí anois ina cónaí lena clann. Labhair sí le Helen faoin...

‘Déanann an Ghaeilge difríocht, agus an-difríocht, i dtoghcháin i nGaillimh Thiar’ 02.04.2026

Tá an t-iar-aire Gaeltachta agus iar-Theachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív linn an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar fhothoghcháin na míosa seo chugainn, i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir. Tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Bridget agus Maitiú chomh maith chun plé a dhéanamh ar a mbeidh le foghlaim againn ó na fothoghcháin faoin Rialt...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Peadar Mac an Bháird: ‘Is fuath liom an bia ‘convenience’!’ 31.03.2026

Is i siopa bia Country Choice in Aonach Urmhumhan i dTiobraid Árann atá Helen d’eagrán na seachtaine seo.      Is ann a dhein sí paiste cainte le fear an tsiopa Peadar Mac an Bháird, atá ag soláthar togha agus rogha an bhia le breis agus daichead bliain.    Agus an Cháisc buailte linn, tá troscadh agus tréanas Aoine an Chéasta agus flúirse is ceiliúradh Dhomhnach Cáscaromhainn. Labhraíonn Peadar a...

Ag taisteal na hEorpa ar an traein 26.03.2026

Tá ár gcolúnaí Alex Hijmans linn an tseachtain seo agus tús curtha aige ar thuras traenach fada timpeall na hEorpa. Tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Bridget agus Maitiú chomh maith chun plé a dhéanamh ar chúrsaí polaitíochta san Eoraip, ar an easaontas san Aontas Eorpach, ar chúrsaí taistil, ar an ‘taisteal glas’ agus ar chaighdeán na seirbhíse a bhíonn ar fá...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Mossie Ó Scanláin: ‘Nuair a thagaim isteach anseo is féidir liom m’athair a fheiscint, m’athair críonna… iad go léir’   24.03.2026

Is i gCom an Lochaigh atá Helen an tseachtain seo, com breá, leathan, fairsing atá ar an dtaobh theas de Chnoc Bréanainn. I mBaile an Lochaigh ag béal Chom an Lochaigh a saolaíodh Mossie Ó Scanláin, ach amach as an gcam fhéin a tháinig a shinsir. Sa lá atá inniu ann bíonn Mossie, amhránaí agus údar aitheanta, ag tabhairt cuairteoirí go dtí an áit seo, mar a mbíodh sé féin ag baint mhóna sna portai...

Slabar AI, slán le Seachtain na Gaeilge agus ‘Seo linn go Meiriceá’… 19.03.2026

Tá lán an tí de Thuairisceoirí le Bridget an tseachtain seo agus Maitiú agus Pádraic léi chun slán á fhágáil le Seachtain na Gaeilge agus plé a dhéanamh ar thorthaí chomórtas conspóideach AI a reáchtáil Údarás na Gaeilge. Pléitear chomh maith cuairt an Taoisigh ar an Trumpach. Faoin am go mbeidh An Pod Gaeilge ar ais Dé hAoine seo chugainn, beidh a fhios againn an mbeidh foireann sacair na hÉirean...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Beartla Ó Flatharta: ‘Díolfar báid na hÉireann… agus beimid ag ceannach éisc i gcomhair na Nollag’ 17.03.2026

In Árainn a saolaíodh Beartla Ó Flatharta, nó Beirtí faoi mar a ghlaoitear go háitiúil air. Cháiligh sé ina mhúinteoir scoile agus chaith sé tréimhse ghairid ag múineadh i mBaile Átha Cliath, ach ar chuma an bhradáin a fhilleann ar a dhúchas mealladh Beartla ar ais siar abhaile go dtí Gaillimh agus tá an chuid is fearr dá shaol caite aige, os cionn dhá scór bliain, ag plé, slí amháin nó slí eile,...

‘Níl a fhios ag Meiriceá céard atá ar siúl acu, ach tá a fhios ag Netanyahu céard atá uaidh’ 13.03.2026

Tá beagnach 2,000 duine curtha den saol ó thosaigh na Stáit Aontaithe agus Iosrael a gcogadh ar an Iaráin ar an 28 Feabhra. In éineacht le Bridget agus Maitiú an tseachtain seo tá Seosamh Mac Donncha, iarchoirnéal in arm na hÉireann agus saineolaí ar chúrsaí míleata agus an t-iriseoir agus colúnaí le Tuairisc, Póilín Ní Chiaráin. Pléitear an cogadh, na spriocanna nó easpa spriocanna a bhí leis, ag...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Róisín de Buitléar: ‘Thóg sé trí seachtaine na píosaí gloine a phacáil le tabhairt go dtí Dún Chaoin’ 10.03.2026

I bhfochair an ealaíontóra Róisín de Buitléar atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo. In Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin a bhuail Helen le Róisín, mar a bhfuil sampla iontach dá sár-ealaín – fuinneog mhór ina bhfuil 350 píosa gloine. Tá an oiread pearsantachtaí ag an ngloine – is féidir í a lúbadh, a leá nó a shéideadh – ach draíocht an tsolais agus an tslí a dtéann sé i bhfeidhm ar an nglo...

‘Ní fíorghaelachas ná ardnósachas é seo, tá ciall ag brath ar na rudaí seo’ – tábhacht cheartúsáid na Gaeilge 05.03.2026

Tá an t-aistritheoir agus saineolaí teanga Antain Mac Lochlainn in éineacht le Bridget, Máire agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh ar chúrsaí teanga agus an tábhacht a bhaineann le cruinneas agus saibhreas. Is minic a bhíonn drogall ar dhaoine clamhsán a dhéanamh faoi chaighdeán teanga agus meastar gur cheart dúinn fáilte a chur i gcónaí roimh ‘an cúp...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le John Dairbe Ó Flatharta 03.03.2026

Ar an gCeathrú Rua atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar bhuail sí le John Deairbe Ó Flatharta, bádóir agus fear farraige ó rugadh é. Tá nach mór 40 bliain ann ó ritheadh an geall ó Árainn go Baile na nGall i gCorca Dhuibhne agus trí bhád mhóra ó Chonamara in iomaíocht le chéile – An Macdara, An Mac Duach agus an An American Mór. Ba le Tom Deairbe Ó Flatharta, deartháir John, An Amer...

Ar chóir do Chonradh na Gaeilge a bheith ag ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’? 26.02.2026

Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ pléitear cinneadh Chonradh na Gaeilge go mbeidh an eagraíocht ag ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’ feasta. An é an cinneadh ceart é? In éineacht le Bridget agus Maitiú ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá an t-abhcóide Cormac Ó Dúlacháin, Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge, agus Róisín Nic Liam, iníon léinn. Ritheadh rún stairiúil...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Maighread Ní Dhomhnaill: ‘Bhí ár gcroí istigh sna hamhráin Ghaeilge… sin an dúchas a bhí againne’ 24.02.2026

San ardchathair atá Helen san eagrán seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an amhránaí Maighread Ní Dhomhnaill. Saolaíodh Maighread i gCeannanas i gcontae na Mí ach is i Rann na Feirste i dTír Chonaill, ceantar dúchais a hathar, atá a croí. Is ann a chuir sí barr slachta ar a cuid Gaeilge agus is ann a tháinig sí ar thobar na n-amhrán a chan sí i gcaitheamh a saoil. Ní raibh sí ach cúig bliana dé...

100 lá Catherine Connolly, Éire in aghaidh Iosrael agus Micheál Martin agus an Ghaeilge 19.02.2026

Tá céad lá caite ag Catherine Connolly ina hUachtarán ar Éirinn. Conas atá ag éirí léi? An bhfuil beart de réir a briathair á dhéanamh aici? An bhfuil sí níos ciúine ná mar a síleadh a bheadh sí? Déanann Bridget Bhreathnach an scéal a phlé leis an gcraoltóir Máirín Ní Ghadhra agus le Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí ó Tuairisc. Pléann siad chomh maith an chonspóid mhór a bhaineann leis...

In Uíbh Ráthach atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar chas sí le Victor Bayda, an teangeolaí ón Rúis a bhfuil seacht mbliana caite aige ag plé leis an bpleanáil teanga i gCiarraí 18.02.2026

In Uíbh Ráthach atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar chas sí le Victor Bayda, an teangeolaí ón Rúis a bhfuil seacht mbliana caite aige ag plé leis an bpleanáil teanga i gCiarraí Cothrom an ama seo seacht mbliana ó shin a thuirling an teangeolaí ón Rúis, Victor Bayda i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh chun tús a chur le post nua mar phleanálaí teanga. Bhí mórán daoine meallta ag an scéal fao...

Sna hamhráin ghrá atá cuid den chuid is fearr de litríocht na Gaeilge… 12.02.2026

In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá an scríbhneoir Alan Titley agus an t-amhránaí agus léachtóir Odí Ní Chéilleachair. Cúrsaí grá atá faoi chaibidil acu agus Lá Fhéile Vailintín buailte linn. Tá Lá an Ghrá buailte linn agus beidh na cártaí, bláthanna, agus boscaí seacláidí go flúirseach i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Is é an grá an téama is mó a bhíonn faoi chaibidil in...

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Cathal Seoighe: An treise an dúchas ná an oiliúint? B’fhearr ceist a chur ar an eolaí… 10.02.2026

In Ollscoil na Gaillimhe atá Helen do phaiste cainte na seachtaine seo, mar ar chas sí leis an eolaí an tOllamh Cathal Seoighe chun cuid de cheisteanna móra na beatha agus an bháis a phlé. Éiríonn go seoigh leo na cesiteanna sin a chur trí chéile agus leathshúil amach an fhuinneog acu ar eagla go dtiocfadh lucht clampála an champais.  Tá suas le hochtó míle géin sa ghéanóm s’againne agus a cúram f...

Timpeall is timpeall ar an bhfáinne fí – ag dul in olcas atá cás na Gaeilge sa chóras oideachais 05.02.2026

In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá iar-phríomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin chun cásan ghaeloideachais a phlé Is léir ó na figiúirí is déanaí maidir le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge go bhfuil forbairt an ghaeloideachais ina lánstad i gcónaí. Ach an bhfuil aon leigheas ar an scéal ag an Roinn Oideachais seachas tascfhórsa a bhunú? Déanann Bridget...

Słuchaj podcastu AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal w Replaio

Radio i podcasty w jednej aplikacji - za darmo, bez zakładania konta. Zainstaluj już dziś i nie przegap premiery

Pobierz z Google Play

Replaio nie jest wydawcą podcastów; nazwy audycji, okładki i audio należą do ich autorów i są rozpowszechniane przez publiczne kanały RSS