RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tús Áite
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Určitě navštivte web podcastu a podpořte jeho tvůrce: www.rte.ie
Autor
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Kategorie
Web podcastu
Nejnovější epizoda
27. lis 2026
Kde poslouchat?
Podcasty v aplikaci Replaio Radio Už brzyPodcasty míří do aplikace už brzy. Nainstaluj si ji teď a jako první uvidíš úplně nový pohled na podcasty
Epizody
Tús Áite: Elon Musk 27.11.2026 8:34
Tá cead faighte ag Elon Musk ó na húdaráis i SAM milliún ionad sonraí satailíte a chur sa spás. Bhainfeadh na ionaid sonraí leas as cumhacht na gréine mar réiteach ar an deacracht teacht ar fhoinsí cumhachta d'ionaid sonraí nua. Phléamar é le Pádraig De Búrca, Iriseoir leis An Páipéar. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Cúrsaí sa Fhrainc 27.11.2026 8:35
Chuir Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, sotal i leith Marine Le Pen, mar gheall ar cháineadh a rinne sí ar iarrachtaí buiséad nua an Aontais Eorpaigh a thabhairt chun críche roimh thoghcháin na Fraince an bhliain seo chugainn. Leabhar muid le Darragh Ó Caoimh, Tráchtaire i bPáras. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine 27.11.2026 19:25
Plé ar scéalta móra na seachtaine le Liam Mac an Mhaoir, Tuairisceoir agus Iriseoir Spóirt, Maebh Ní Fhallúin, Saineolaí ar chúrsaí leighis poiblí. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 27.11.2026 5:35
Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 24.11.2026 16:26
Scéalta móra idirnáisiúnta á bplé le John Harrington, Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda Ollscoil Caerdydd agus Peadar De Blúit, Tráchtaire. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Toghchán na Spáinne 24.11.2026 10:50
Beidh pobal na Spáinne ag vótáil in olltoghchán luath Dé Domhnach, agus tá na coimeádaigh chun tosaigh sa chuid is mó de na pobalbhreitheanna tar éis ocht mbliana de rialtas faoi stiúir na Sóisialaithe faoi Pedro Sánchez. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Deacrachtaí san FSS 24.11.2026 8:28
Dúirt iar-Ard-Stiúrthóir an HSE, Tony O'Brien, nach bhfuil an smaoineamh nach raibh baint iomlán ag an Aire Sláinte le cinneadh an HSE Anne O'Connor a briseadh as a post inchreidte. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 24.11.2026 7:34
Scéalta móra polaitíochta á bplé le Cuan Ó Seireadáin, Eagaí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Oispidéal na hOllscoile Corcaigh 24.11.2026 17:42
Dúirt Anne O'Connor go an slí ar briseadh as post í mar Phríomhfheidhmeannach FSS míchothrom agus go ndéanfaidh sí gach rud atá ar a cumas chun dúshlán a thabhairt don chinneadh agus chun a háil gairmiúil a chosaint. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Cop 31 24.11.2026 11:13
Tá teip na gcainteanna fada aeráide sa Tuirc tar éis ceisteanna a spreagadh faoi leasú a dhéanamh ar an riachtanas go n-aontódh gach dream ionas go nglacfaí le comhaontú. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: An Rúis agus an Úcráin 24.11.2026 10:00
Dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, gur chuir fórsaí na hÚcráine long Rúiseach go tóin poill gar do chósta na Libia, ag úsáid seacht ndron chabhlaigh mara a déanadh san san Úcráin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Leasuithe ar pholasaí maidir le héide scoile 24.11.2026 2:36
Tá próiseas comhairliúcháin maidir le héide scoile, atá dírithe ar chostais do theaghlaigh a laghdú, fógartha ag an Aire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine 20.11.2026 20:31
Súil siar ar scéalta móra na seachtaine le Ciarán Dunbar, Scríbhneoir agus Iriseoir leis an Belfast Telegraph agus Seachtain an Irish Independent, agus Dr Seán Ó Conaill, Léachtóir Dlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: IPO Anthropic 20.11.2026 12:03
Seoladh an comhlacht Intleacht Shaorga Anthropic ag an stocmhargadh inné, agus chuaigh a luacháil i bhfad níos airde fiú ná mar a bhí á thuar - ag a bhuaic, bhi luach 2 TRILLIÚN dolar ar Anthropic. Labhair muid faoi le Conall Ó Móráin, Saineolaí Airgeadais agus Láithreoir an Phodchraoladh That Great Business Show. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 20.11.2026 10:14
Scéalta móra polaitíochta á bplé le Cuan Ó Seireadáin, Eagaí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Coimisinéir sabháilteachta bóithre 19.11.2026 8:31
Ba chóir go gceapfaí Coimisinéar Sábháilteachta ar Bhóithre chun dul i ngleic le comhordú agus freagracht ar shábháilteacht bóithre, de réir tuarascáil a d’fhoilsige an Comhchoiste Oireachtais um Iompar inniu. Labhair muid le Séin Ó Muineacháin,Teachta Dála Fianna Fáil, Baile Átha Cliath Thiar Lár agus Cathaoirleach Chomchoiste Gaeilge an Oireachtais. See omnystudio.com/listener for pr...
Tús Áite: Cinneadh an ICJ maidir le phobal Mhoslamach Rohingya 19.11.2026 8:20
Rinne Maenmar cinedhíóthú ar phobal Mhoslamach Rohingya na tíre, a dúirt an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta inniu i mbreithiúnas stairiúil. Labhair muid le Siobhán Ní Chualacháin, Abhcóide agus stiúrthóir Taighde leis an gCoimsiún Athchóiriú an Dlí. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Cruinniú Trump, Xi , Putin 19.11.2026 18:20
D’eisigh ceannairí na Síne, na Rúise agus Mheiriceá dearbhú comhpháirteach síochána inar aontaigh siad nach féidir cogadh núicléach a bhuachan, agus nach féidir ceann a throid dá réir. Phléamar an scéal seo le Dr. Conchubhar Ó Dálaigh, Comhalta Taighde ar cuairt, Roinn an Léinn Rúisigh, agus Shlavaigh, Coláiste na Trionóide, agus Pádraig Ó Dochartaigh, Iriseoir sa Ghearmáin. See omnyst...
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 19.11.2026 7:29
Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuacht RTÉ TG4. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Torthaí Taighde na Roinne Pobal Thuaisceart Éireann 17.11.2026 9:35
Tá duine as gach ceathrar déagóirí ó chúlra Protastúnach ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim i dTuaisceart Éireann. Phléamar an scéal le Dr. Stiofáin Carson, Bainisteoir Tionscadail Flourish, Protastúnach le Gaeilge. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 17.11.2026 17:08
Scéalta móra idirnáisiúnta á bplé le Michael McCaughan, iriseoir agus Údar, agus Antóin Mac Unfraidh, Iar-Thaidhleoir. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an lae 17.11.2026 6:54
Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le hÁine Ní Chiaráin, tráchtaire polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Daonáireamh 2027 agus an Ghaeilge 17.11.2026 8:16
Ní bheidh aon cheisteanna nua faoin nGaeilge i nDaonáireamh 2027 - sin a dúirt ionadaithe ón bPríomh-Oifig Staidrimh le Comhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais inniu. Phléamar an scéal le Séin Ó Muíneacháin, TD FF, Cathaoirleach Coiste na Gaeilge na Gaeltachta, Lucht Labhartha na Gaeilge. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Painéal an Luain: Burnham 16.11.2026 35:24
“Níor oibrigh Breatimeacht. Chailleamar níos mó ná mar a fuaireamar”. Sin a deirfidh Príomhaire na Ríochta Aontaithe Andy Burnham anocht ag dinnéar Mhéara Chathair Londain. Beidh Burnham ag freastal ar chruinniú mullaigh idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach Dé hAoine. Roinn an painéal a dtuairimí ar an scéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Painéal an Luain: Intleacht Shaorgá á Thástáil do chosaint tuillte 16.11.2026 6:51
Tá córas nua foláirimh tuillte le cur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Cén fáth go bhfuil seo suntasach? Mar go n-úsáidfidh an córas nua seo intleacht shaorga agus bunachar d’fhaisnéis tuillte le deich mbliana anuas chun foláireamh tuillte a thabhairt suas go 21 uair an chloig sula dtarlaíonn an tuilleadh. Phléamar é leis an bpainéal. See omnystudio.com/listener for privacy...
Podobné podcasty
Replaio není vydavatelem podcastů; názvy pořadů, obálky a audio patří jejich autorům a šíří se přes veřejné RSS kanály