Raidió Rí-Rá

Raidió Rí-Rá

Arts GA ↓ Episoade: 62

Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge. Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do scíth agus roinn do thuairimí linn faoin ábhar atá idir láimhe. Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira

Vizitează neapărat site-ul podcastului și susține-i creatorul: raidiorira.podbean.com

Autor

Raidió Rí-Rá

Categorie

Arts

Site-ul podcastului

raidiorira.podbean.com

Cel mai nou episod

29 oct. 2026

Unde asculți?

Podcasturi în aplicație Replaio Radio În curând

Podcasturile ajung în curând în aplicație. Instaleaz-o acum și fii primul care descoperă o abordare complet nouă a podcasturilor

Descarcă din Google Play Instalează gratuit Android aproape 10 mil. descărcări · nota 4,8 iOS în curând

Episoade

They Tried to Bury Us le Clare Sands 29.10.2026

Labhair Aisling leis an gceoltóir, gníomhaí, snámhaí agus file Clare Sands faoina halbam nua 'They Tried to Bury Us', faoin camchuairt agus a gníomhaíochas.   Is féidir ticéid a fháil do chamchuairt Clare ar www.claresands.com

An é an 424 an bus is fearr ar domhan? 28.10.2026

An 424, an bus íocónach a théann soir agus siar ó Chonamara go cathair na Gaillimhe. Is mó cuimhne agus scéil atá ag na Gaeil ón mbus céanna agus beidh siad sin á dtabhairt chun ardáin ag Féile Imram na bliana seo sa seó An 424: An Bus go dtí an Ghealchathair a bheidh ar siúl ar an 13 Samhain.   Labhair Aisling le Cúán de Búrca san eagrán seo faoin seó agus sheol lucht éisteachta RRR teachtaireach...

Pygmalion as Gaeilge 15.10.2026

Tá an comhlacht drámaíochta Aisling Ghéar tar éis leagan Gaeilge don dráma iomráiteach Pgymalion a chruthú agus iad ag dul ar an mbóthar leis timpeall na tíre an tseachtain seo chugainn. Labhair Aisling le scríbhneoir an dráma, Nuala Ní Néil, ar eagrán na seachtaine seo.  

Coinne Chultúir le hAisling Moran 29.09.2026

Tháinig Aisling Moran isteach go dtí an stúideó le labhairt faoin albam nua a bheidh á eisiúnt aici ar an 3ú Deireadh Fómhair sa Fumbally i mBaile Átha Cliath.   Is féidir ticéid a fháil ar leathanach Instagram Aisling @ceol_aisling   Éist le Raidió Rí-Rá ar an aip, ar DAB agus ar líne ag www.rrr.ie

Tar linn go hAirneán! 25.09.2026

Bhí gig Airneán ar siúl againn aréir in Small Changes in Ínse Chór le Aisling Moran, And he, the fool & Rónán Ó Snodaigh. Seo chugaibh blaiseadh de!   Beidh an chéad oíche Airneán eile ar siúl i mí Dheireadh Fómhair i mBóthar na gCloch mar chuid d'Fhéile Splanc. Coimeád súil ar Eventbrite & Instagram RRR 

Loch nEathach le Cassie Ní Chatháin 23.09.2026

Tá an loch is mó in Éirinn, Loch nEathach, á phlúchadh ag algaí gormghlasa. Tubaiste thimpeallachta é, an loch a bhfuil na mílte ag brath air ag fáil bháis os comhair ár gcuid súl.   Bígí páirteach san fheachtas @saveloughneagh    Agóid ar siúl lasmuigh de Chnoc an Anfa ar an 26 Meán Fómhair  

Comhdháil na Luathbhlianta le Gaeloideachas 23.09.2026

Tá Gaeloideachas ag eagrú Comhdháil na Luathbhlianta a mbeidh ar siúl ar 17 Deireadh Fómhair in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne, Baile Átha Luain. 'Ag fí na teanga' an téama atá ar an gcomhdháil agus labhair Nuala Ní Chonláin agus Katie Ní Riain faoi le hAisling ar eagrán an lae inniu.

Conas aire a thabhairt do na hormóin & don gcorp le linn an gheimhridh le Nell Ní Chíobháin 22.09.2026

Labhair Aisling le Nell Ní Chíobháin ó @anam_nutrition maidir leis an leigheas atá ar fáil sa bhia, conas gur féidir linn oibriú lenár hormóin agus conas an córas imdhíonach a neartú le linn an gheimhridh. Is féidir gach eolas faoi sheirbhísí Nell a fháil ar Instagram ag @anam_nutrition nó trí ríomhphost a sheoladh chuici ag anamnutrition@gmail.com.

Dublin By Dusk 21.09.2026

Tá scéim nua seolta ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, an Roinn Chultúir agus Fáilte Ireland darb ainm Dublin By Dusk agus mar chuid den scéim beidh imeachtaí ar siúl agus roinnt áiteanna ag fanacht oscailte níos déanaí mar a bhíonn siad oscailte de ghnáth an Déardaoin deireanach de ghach mí. Ar Choinne Chultúir na seachtaine seo chun é sin a phlé tá Caoimhe Seoige ó Fháilte Ireland.

Macklemore agus Ed Sheeran - Cad é an scéal? 18.09.2026

San eagrán Coinne Chultúir seo, labhraíonn Jade agus Aisling faoi chuile rud a thit amach idir Macklemore agus Ed Sheeran.   Má tá tuairim agat féin ar mhaith leat a roinnt, roinn linn é ar Instagram @raidiorira   Is féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B nó ar an aip

Lón Machnaimh: Kabin Crew & An Post 18.09.2026

Labhair Aisling le baill an Kabin Crew, Aaron & Liadh Crew faoin dtogra nua atá ar bun acu leis An Post darb ainm Ag Baint Feabhais Amach.

Coinne Chultúir: Saoirse agus Spraoi le Evanne Kilgallon 15.09.2026

Labhraíonn an t-aisteoir Evanne Kilgallon faoin dráma nua Saoirse atá á léiriú ag Dublin Fringe Festival, faoina cleachtas ealaíne, agus faoin tábhacht a bhaineann le spraoi sa lá atá inniu ann.

Lón Machnaimh: Irish for Parents 11.09.2026

Labhair Aisling le Clodagh Ní Mhuirí ó Ghaeloideachas maidir leis an mol nua atá seolta acu darb ainm 'Irish for Parents', a thacóidh le tuismitheoirí atá ag iarraidh cabhrú lena bpáistí agus iad ag foghlaim na Gaeilge nó le tuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáistí a thógaint trí Ghaeilge.    https://irishforparents.ie/  

Lón Machnaimh: Ceathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath 09.09.2026

Labhair Aisling le Maitiú Ó Casaide atá ceaptha ag Conradh na Gaeilge mar stiúrthóir ar Cheathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath.   Is féidir teagmháil le Maitiú ag maitiu@cnag.ie.

Electric Picnic 2026 - Siúl Siar 07.09.2026

Agus seachtain caite théis na féíle, tar ar Choinne Chultúir le Jade ⁊ Emma le léirmheas a fháil ar Electric Picnic 2026. Idir buachphointí, íosphointí ⁊ mianta na bliana seo chugainn- tá neart le plé againn san eagrán seo!   Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B nó ar an aip- am ar bith, áit ar bith.

Lón Machnaimh le Laoighseach Ní Choistealbha 07.09.2026

Ar eagrán an lae inniu labhair Aisling leis an bhfile, scríbheneoir agus an scoláire Laoighseach Ní Choistealbha. Tá eagrán filíochta Laoighseach 'Mainistir na Feola' ainmnithe do ghradam Uí Shúilleabháin Oireachtas na Samhna 2026, an t-aon bhean agus an t-aon file ar an ngearrliosta. Seo an dara cnuasach uaithi agus bhíomar chomh sástá a bheith in ann an gradam agus a saothar trí chéile a phlé lé...

An mbeidh an Ghaeilge ag na Oscars arís? 07.09.2026

Ar eagrán na seachtaine seo labhair Aisling le Damian McCann, stiúrathóir agus comhscríbhneoir an scannáin Aontas atá roghnaithe ag IFTA le hionadaíocht a dhéanamh ar Eireann ag na hOscars.   Is féidir féachaint ar Aontas saor in aisce ar sheinnteoir TG4.

Lón Machnaimh: Dornaclaíocht & Oidhreacht Katie Taylor 04.09.2026

Tá an tír ar fad ag ullmhú do throid deireanach Katie Taylor an deireadh seachtaine seo, agus theastaigh uainn labhairt faoi le Adam Mac Con Midhe, a dhéanann ranganna dornálaíochta trí Ghaeilge i dTamhlacht. Labhair sé liom faoina ghnó fhéin, na buntáistí a fhaigheann sé ón ndornálaíocht agus an oidhreacht a bheidh fágtha i ndiaidh Katie Taylor.   Lean Adam ag @dornaclaiocht

Lón Machnaimh: The Last Gaeltacht le Ryan Carlin 31.08.2026

Labhair Aisling leis an gcruthaitheoir Ryan Carlin faoin fhíschluiche atá á chruthú aige darb ainm The Last Gaeltacht, ina bhfuil ar charachtair an Ghaeltacht dheireanach sa tír a shábháil ó lucht an Bhéarla.   Níl an cluiche ar fáil go fóill ach is féidir é a réamhshábháil ar Steam.

Lón Machnaimh: Amhrán na Laoch 28.08.2026

Tá comórtas cumadóireachta amhrán Gaeilge á reáchtáil mar chuid de Mhí Cheoil na hÉireann arís i mbliana, le tacaíocht ó An Post, Gael Linn, Hot Press agus Cumann Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann.   Is é Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair 2026, an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha agus labhair Aisling le Críostóir Mac Afraidh faoin gcomórtas agus na duaiseanna atá ar fáil do na buaiteoirí.

Coinne Chultúir: Breith suas agus cuimhní na bhféilte 24.08.2026

Tá Emma, Aisling agus Jade ar ais sa stiúideo le chéile! Breith suas linn agus muid ag déanamh plé ar an nuacht is déanaí i saol an cheoil agus ag cuimhneamh siar ar scéalta na bhféilte ceoil thar na blianta! Labhrímid faoin scannán nua 'Tony', ré nua Fontaines D.C., comh maith le buachphointí ⁊ ceachtanna foghlamtha ag na bhféilte ceoil. Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B agus ar an aip

Coinne Chultúir: Achoimre ar ATN, saol gan Instagram agus The Backrooms 14.08.2026

Tar ar Choinne Chultúir le Jade ⁊ Aisling!   San eagrán seo insíonn Jade dúinn faoi conas mar a bhí All Together Now agus faighimid uasdátú ó Aisling maidir le conas atá ag eirí leí gan Instagram na laethanta seo... i measc neart eile!   Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B ⁊ ar an aip xoxoxo

Scileanna Caillte le Common Knowledge 13.08.2026

Is é an sprioc atá ag Common Knowledge ná cuid de na scileanna dúchasacha atá caillte againn a mhúineadh don chéad ghúin eile, le muinín a chothú agus comhoibriú a spreagadh. Reachtálann siad cúrsaí deireadh seachtaine ar bhunscileanna tógála agus inbhuanaitheachta chomh maith le meithleacha agus seisiúin ceoil.   Beidh féile ar siúl acu an deireadh seachtaine seo i gContae an Chláir darb ainm Rek...

Lón Machnaimh: Géarchéim Tithíochta do Mhic Léinn i nGaillimh 07.08.2026

Labhair Aisling le Cathal Ó hÉigeartaigh, Leas Uachtarán don Ghaeilge le Comhaltas na Mac Léinn i nGaillimh faoin ngéarchéim tithíochta do mhic léinn sa chathair agus faoin gcomharchumann tithíochta a theastaíonn uathu a bhunú.

Lón Machnaimh: Cad é 'Foraois'? 31.07.2026

Labhair Aisling le foireann Foraois atá ag iarraidh an Ghaeilge a leathnú amach ó gheataí na scoile go pobail fud fad Bhaile Átha Cliath trí chlubanna óige agus spóirt.   Is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann Foraois trí ríomhphost a chur chuig james@cnag.ie nó trí leathanach instagram na scéime ag @foraois.ga

Ascultă podcastul Raidió Rí-Rá în Replaio

Radio și podcasturi într-o singură aplicație - gratuit și fără înregistrare. Instaleaz-o azi și nu rata lansarea

Descarcă din Google Play

Replaio nu este editorul podcasturilor; numele emisiunilor, coperțile și materialul audio aparțin autorilor lor și sunt distribuite prin fluxuri RSS publice