Seán Ó Dubhchon
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Be sure to visit the podcast's website and support the creator: podcasters.spotify.com
Author
Seán Ó Dubhchon
Category
Podcast website
Latest episode
Sep 18, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Séaghan Ó Suilleabháin 12.02.2021 21:34
Labhraíonn Séaghan Ó Suilleabháin, an Kerry Cowboy, le Seán faoin méid iontach atá ar siúl aige faoi láthair, idir feirmeoireacht, staidéar agus a chuid leathanaigh iontacha ar TikTok agus Instagram mar an Kerry Cowboy. Insíonn Séaghan do Sheáin faoina mhadra caorach cliste Braindí agus na bealaí dearfacha atá na cuntais ar na meáin shóisialta i ndiaidh tacú le daoine anseo in Éirinn agus i bhfad...
Bláthnaid Ní Chofaigh 05.02.2021 29:58
Labhraíonn an sár-réalta craoltóireachta Bláthnaid Ní Chofaigh faoin méid iontach atá bainte amach aici agus an méid iontach atá ar siúl aici faoi láthair. Tugaimid súil siar ar an aistear atá déanta ag Bláthnaid óna óige i Rath Chairn, go RTÉ agus Raidió na Gaeltachta, chomh maith le hUCD, áit inar bhain sí céim mháistreachta amach. Labhróimid faoi go leor de cláir móra Bláthnaid – Echo Island, T...
Cillian Ó Donnachadha 05.02.2021 38:24
Labhraíonn Cillian Ó Donnachadha le Seán faoina shaothar leathan mar scríbhneoir, léiritheoir, aisteoir, stiúrthóir agus mar phuipéadóir, lena compántas drámaíochta Biscuits For Breakfast agus le déanaí le Fíbín agus ar Cúla 4. Tugann sé súil siar ar a dráma ‘Somewhere Under The Rainbow’, a thosaigh amach mar ghearrdráma agus a d’fhorbair go dtí gur cuireadh I láthair é os comhair teach lán san Ol...
Tessa Fleming 05.02.2021 22:44
Labhraíonn Tessa Fleming le Seán faoina sraith nua – Peataí – le BBC Gaeilge, ina bhfeicimid í ag cur aithne ar réimse leathan peataí agus a gcuid úinéirí. Insíonn sí dom faoi na rudaí spéisiúla a d’fhoghlaim an lucht féachana faoi na hainmhithe agus an spraoi a bhí aici ag déanamh an clár. Labhraíonn Tessa fosta faoina saothar iontach sna meáin, na cláir raidió Blas 5x5 agus Litreacha san áireamh...
Seosamh Mac Seoin 29.01.2021 13:38
Labhraíonn Seosamh Mac Seoin (Joseph Jones) le Seán faoina shaothar mar aisteoir (fógraí theilifíse, dráma ar stáitse agus físeáin cheoil) agus mar mhainicín i Nua Eabhrac. Tugann sé súil siar ar sheachtainí faisin atá déanta aige i Nua Eabhrac, Londain agus Páras agus saothar irisleabhair i leithéidí Vogue. Insíonn sé do Sheáin faoin obair a dhéanann sé le Strength to Strength, carthanacht a chab...
Aoife Scott 29.01.2021 24:46
Labhraíonn Aoife Scott faoin méid iontach atá bainte amach aici sa cheol go dtí seo. Déanfaimid comhrá faoina albaim 'Carry The Day' (2016) agus 'Homebird' a tháinig amach anuraidh, agus a singil is déanaí 'Sweet October'. Pléann sí tábhacht an cheoil tíre ina saol féin agus i gcoitinne agus insíonn sí dúinn faoina aistear ceoil, na rudaí is mó atá ina thionchar ar an stíl uathúil atá aici agus na...
Danny Mac Eachmharcaigh 29.01.2021 15:45
Labhraíonn Danny Mac Eachmharcaigh le Seán faoi na scéalta móra is déanaí lena charachtar Niall ar Ros na Rún. Insíonn sé do Sheáin faoin méid atá idir lámha aige faoi láthair - tograí nua scríbhneoireachta san áireamh - agus na nithe is mó atá ina thionchar ar a stíl scríbhneoireachta, stiúrthóireachta agus léiritheoireachta féin. Labhraíonn sé faoina scannán iontach Tyre Kickers a tháinig amach...
Caoimhe Ní Chathail 29.01.2021 18:18
Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail le Seán faoina clár úr 'Croí na Ceiste' a bheidh ar BBC2 oíche Dé Luain ag 10in. Beidh Caoimhe ag déanamh taighde agus iniúchadh ar Croí na Ceiste faoi cóireáil coiméideacha agus insíonn sí dúinn faoin bpróiseas a bhí i gceist leis an chlár a léiriú agus a thaifead, agus na daoine a chas sí orthu. Déanann sí cur síos ar an méid iontach atá ar siúl aici faoi láthair -...
Kobara 29.01.2021 19:37
Labhraíonn Kobara (Keith Ó Briain) le Seán faoina singil nua Addict To Your Love, a EP Five Lovely Poisons, a shaothar le Seo Linn, amhrán úr le Oh Bryan agus go leor eile. Tugann sé súil siar ar a haistear ceoil, na buaicphointí is mó atá bainte amach aige go dtí seo agus méid atá fós le teacht i 2021.
Marie Bheag Breathnach 24.01.2021 22:58
Labhraíonn Marie Bheag Breathnach le Seán faoina cuid saothar i Ros na Rún ó thosaigh sí ar an tsraith sa bhliain 2002. Insíonn sí do Sheáin faoina scéal mór is déanaí lena carachtar Mo Gilmartin, a mharaigh Frances ar Ros na Rún níos luaithe i sraith 25. Tugann Marie súil siar ar na cuimhní is fearr atá aici ó bheith ag obair ar Ros na Rún go dtí seo, na scéalta atá déanta aici agus na rudaí is f...
Deoraí 22.01.2021 20:38
Labhraíonn an Deoraí le Seán faoina singil nua 'Phase' atá díreach eisithe agus faoin bhfíseán ceoil a bhí stiúrtha ag Gerard Walsh. Tá comhrá álainn acu faoin stíl uathúil draíochtach atá ag an Deoraí, na hamhráin atá eisithe go dtí seo (Sceimhlitheoir, Concréit Fhuar, Digiteach agus Páiste Bocht) agus an méid atá le theacht i 2021.
Fiachna Ó Braonáin 22.01.2021 34:02
Labhraíonn an réalta ceoil, raidió agus teilifíse Fiachna Ó Braonáin le Seán faoina aistear ceoil inár bhain sé rath agus séan a bhain sé amach ar fud an domhain. Déanann sé cur síos ar a shaothar leathan, a chuid ceoil solo, leis na Hothouse Flowers, le Prenup agus go leor ceoltóirí eile. Tá comhrá againn faoina chuid cláracha raidió 'Late Date' (ar RTÉ Radio 1) agus 'An Seomra Glas' (ar RTÉ Raid...
Julie Anne de Brún 22.01.2021 37:42
Labhraíonn Julie Anne de Brún, múinteoir bunscoile le B.Oid, iarcheim san oideachas speisialta agus máistreacht san ICT, le Seán faoi conas Gaeilge a chur chun cinn ar scoil, sa chlann agus sa phobal. Tugann sí léargas den scoth dúinn ar an dátheangachas agus ilteangachas, oideachas bunscoile, na ceardlanna ceoil 'Colourstrings' a chuireann sí i láthair, a cuid saothar ar líne, an méid atá déanta...
Donncha Ó Murchú 15.01.2021 17:28
Labhraíonn Donncha Ó Murchú le Seán faoina ról nua mar láithreoir aimsire agus leanúnachais ar TG4. Tugann sé súil siar ar a thaithí agus a shaothar iontach le Molscéal agus mar thráchtaire agus craoltóir spóirt ar an raidió, seal torthúil a chaith sé i Montana agus a aistear iománaíochta le club CLG Cill Mochuda na Crócaigh.
Darach Ó Tuairisg 15.01.2021 18:36
Labhraíonn Darach Ó Tuairisg, stiúrthóir agus bunaitheoir Fíbín, le Seán faoin méid a bhí ar siúl ag Fíbín le bliain anuas (an dráma drive-in Fiach, an dráma meánscoile An Triail agus neart eile). Déanann sé cur síos ar an tsraith is déanaí de Cúla4 ar Scoil atá ag tosú ar TG4, an clár theilifíse Samhlú a chraoladh ar TG4 thar an Nollag agus Is Eolaí Mé, sraith ar a bhfuil leabhar nua a fhoilsiú g...
Emma Ní Chearúil 15.01.2021 29:02
Labhraíonn Emma Ní Chearúil le Seán faoi thogra úr atá idir lámha aici le TG Lurgan agus Urdd Gobaith Cymru. Faighimid amach faoin saothar leathan raidió atá aici le Raidió na Life, a ainmniúchán do Phearsa Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020, a clár nua Ceap Do Shuaimhneas, Meon na mBan (a fuair ainmniúchán do Shraith Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais...
Richie Conroy 15.01.2021 24:47
Labhraíonn Richie Conroy le Seán faoina ról nua mar Scríbhneoir Cónaithe le Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU. Insíonn sé do Sheán faoina úrscéal Dialann Emily Porter: An Jailtacht agus an dara leabhar sa tsraith Dialann Emily Porter: Thíos Seal, Thuas Seal a bhuaigh gradam i gComórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge i 2020. Tugann sé léargas dúinn ar an réimse leathan scripteanna a scríofa aige d...
Rúin Athbhliana 09.01.2021 7:24
Insíonn Ciara Ní É, Sinéad Ní Uallacháin, Cian Ó Dubhshláine, Caoimhe Ní Chathail, Colm Mac Gearailt, Matt Ó Baoill, Róisín Seoighe, Doireann Ní Ghlacáin, Áine Ní Bhreasláin, Ola Majekodunmi, Eoin Ó Dubhghaill, Cárthach Bán Breathnach, Kitty Ní Houlihan, Eoin McEvoy, Mícheál Ó Ciaraidh agus Muireann Nic Amhlaoibh dúinn faoi na rúin athbhliana atá acu do 2021.
Aindriú De Paor 09.01.2021 37:29
Labhraíonn Aindriú De Paor le Seán faoin chuid oibre le RTÉ 2FM agus an taithí a bhí aige le Raidió na Life, RTÉ agus BLOC TG4 thar na blianta. Insíonn sé do Sheáin faoi na rudaí go léir a tharraing i dtreo ne craoltóireachta é agus na cuimhní is fearr agus is greannmhara atá aige go dtí seo. Tugann sé léargas dúinn ar thiomsaitheoir airgid a rinne sé do Naomh Uinseann de Póil le gairid agus an mé...
Rút Ní Theimhneáin 09.01.2021 20:47
Labhraíonn Rút Ní Theimhneáin le Seán faoina cuid oibre le hICUF in Ottawa, Ceanada agus faoin saothar iontach a chruthaíonn sí don leathanach Instagram @dochailinrut. Insíonn sí do Sheán faoina taithí le ilteangachas agus í ag fás aníos I Rath Chairn, na rudaí is fearr faoin gceantar sin agus pobal na Gaeilge in Ottawa. Tugann sí léargas dúinn chomh maith ar a cuid scríbhneoireacht, filíocht agus...
Grooveline 09.01.2021 14:34
Labhraíonn Bronwyn, Tarach, Evan, Glen agus Matthew ó Grooveline le Seán faoin EP nua – Blind – atá eisithe acu, bailiúchán amhráin den scoth. Déanann siad cur síos ar na daoine agus na seánraí atá ina thionchar ar an gceol, an próiseas scríbhneoireachta agus taifeadta agus na cuimhní is fearr atá acu go dtí seo, ‘Blind’, ‘Deis Dall’ agus ceolchoirm ollmhór sa Glen Centre ina measc.
Éanna Ó Conchúir 09.01.2021 20:17
Labhraíonn Éanna Ó Conchúir, imreoir aitheanta le club CLG An Ghaeltacht le Seán faoin gym nua – Beo Fitness- atá bunaithe aige. Insíonn sé dúinn faoin ghnó nua agus tugann sé súil siar ar a chuid cuimhní is fearr le An Ghaeltacht go dtí seo, an lá a bhain siad Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 ina measc. Tugann sé comhairle mhaith dúinn chomh maith ó thaobh sláinte agus aclaíochta de, do 2021.
Proinsias Ó Coinn 21.12.2020 36:49
Labhraíonn Proinsias Ó Coinn le Seán faoina shaothar leathan ar an raidió – na cláir faisnéise atá déanta aige do BBC Radio 4 (Lacrimosa, Pen Pals agus To Whom It May Concern) agus Blas 5x5 ar BBC Sounds. Déanann sé cur síos ar thábhacht na scéalaíochta ina shaothar agus pléann sé ceisteanna móra saoil.
Kevin Boushel 21.12.2020 26:29
Labhraíonn Kevin Boushel le Seán faoina shaothar mar amhránaí agus mar chórchantaire, a thaithí le leithéidí an Marlborough Street Quartet agus Cór Palestrina, na daoine a spreag é le bheith ina amhránaí agus a shaothar mar láithreoir raidió le Raidió na Life.
Mícheál Ó Ciaraidh 3.0 21.12.2020 27:42
Labhraíonn Mícheál Ó Ciaraidh le Seán faoina chomhlacht úr MÓC², na buaicphointí is mó ó bunaíodh an comhlacht i mbliana agus an méid atá ar siúl acu faoi láthair. Insíonn Mícheál dúinn faoina chuid pleananna don Nollaig agus na rúin atá pioctha aige don bhliain úr.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.