Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Society GA ↓ 1146 episodes

Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie

Author

Seán Ó Dubhchon

Category

Society

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Jul 10, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Joe Ó hEachteirn 06.09.2020

Labhraíonn Joe Ó hEachteirn le Seán faoina ról nua mar múinteoir agus láithreoir ar Cúla 4 ar Scoil (le TG4 agus Fíbín Media), a shaol múinteoireachta, conas is fearr daltaí a spreagadh agus go leor leor eile. 

Eòghan Stiùbhart 31.08.2020

Labhraíonn Eòghan Stiùbhart le Seán faoi Gàidhlig agus Albain, a chuid leathanaigh Gàidhlig Gu Leòr - Apple Clips ar Facebook agus ‘love_gaidhlig’ ar Instagram, agus faoi mbealach a dhéanann sé an teanga a chur chun cinn ar fud na tíre.

Hugh Ó Raghallaigh 31.08.2020

Labhraíonn Hugh Ó Raghallaigh le Seán faoin mBlascaod Mhór, béaloideas agus stair na n-oileáin ar fud na tíre, cúrsaí scríbhneoireachta, ilteangachas, an saol ollscoile agus go leor leor eile. 

Róisín Ní Mhaoláin 31.08.2020

Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Seán faoina cuid oibre le Conradh na Gaeilge, a saothar raidió ar Raidió na Life (An Meangadh Mór, Bricfeasta Blasta agus Meon na mBan), GaelGals agus a cuid oibre le Gaeilge a chur chun cinn ar na meáin shóisialta agus sna meáin chumarsáide.

Caoimhe Ní Chathail 2.0 22.08.2020

Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail le Seán faoi Féile Liú Lúnasa atá ag tarlú ar líne ar an 28-29 Lúnasa, ina mbeidh go leor ócáidí speisialta; Comórtas Slamfhilíochta, painéal cainte ar 'An Timpeallacht', ceolchoirmeacha le Bréag agus Brìghde Chaimbeul, Jamie Murchadh & Edel Ní Churraoin, agus Dianchúrsa Gaeilge.

Niamh Ní Chróinín 22.08.2020

Labhraíonn Niamh Ní Chróinín le Seán faoi Oíche Mhór Gaeltacht X a bhí ar Raidió Rí-Rá agus ar RTÉ 2fm le ceiliúradh a dhéanamh ar Gaeltacht X. Insíonn sí dúinn faoi na haíonna speisialta agus na hiontais a bhí acu ar an gclár, amhráin nua trí Ghaeilge ó Picture This, Na Coronas agus Gabrielle Aplin ina measc.

Póilín Nic Géidigh 22.08.2020

Labhraíonn Póilín Nic Géidigh le Seán faoina cuid oibre le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a cuid cártaí agus priontaí atá ar díol ag poilin.com, a saothar le Cúla 4 ar Scoil agus Nós, a céim máistreachta, an cuntas TikTok 'An Ghaeltokt' agus go leor leor eile.

Doireann Ní Ghlacáin 18.08.2020

Labhraíonn Doireann Ní Ghlacáin le Seán faoi 'Fleadh 2020' a bhí a chur i láthair aici ar TG4, an cheol traidisiúnta, a podchraoladh 'Mise Éire' agus an PhD atá idir lámha aici. 

Síomha Ní Ruairc 18.08.2020

Labhraíonn Síomha Ní Ruairc le Seán faoina cuid oibre le Gaeltacht X, Conradh na Gaeilge, 'Ríl Deal' agus 'Réalta agus Gaolta' ar TG4, an faisean inbhuanaithe, a ngealltanas agus go leor leor eile. 

Mícheál Ó Ciaraidh 11.08.2020

Labhraíonn Mícheál Ó Ciaraidh le Seán faoina shaothar teilifíse ar TG4, na físeanna nua 'Mícheál agus the Moo Crew' atá taifeadta aige do pháistí bunscoile agus an obair atá ar siúl aige le Bloc TG4 . Tugann sé súil siar ar chuimhní scoile agus amharcann sé amach chun tosaigh agus go leor rudaí nua idir lámha aige. 

Caitríona Ní Chualáin 11.08.2020

Labhraíonn Caitríona Ní Chualáin, láithreoir aimsire agus leanúnachais ar TG4 agus múinteoir bunscoile, le Seán faoin cuid oibre ar an teilifís agus faoi chlár nua - Cúla 4 ar Scoil - atá a chur i láthair aici le freastal ar pháistí bunscoile le linn na pandéime. 

Brídín Ní Mhaoldomhnaigh 11.08.2020

Labhraíonn Brídín Ní Mhaoldomhnaigh le Seán faoina saol mar aisteoir ar Ros na Rún agus í i ról mar Katy Daly ó bhí 2010 ann. Déanann sí cur síos ar an réimse leathan scéalta agus téamaí atá clúdaithe aici ina saothar agus pléann sí cúrsaí Gaeilge, na meáin agus an scríbhneoireacht chomh maith. 

Jamie Ó Tuama 11.08.2020

Labhraíonn Jamie Ó Tuama, Oifigeach Forbartha Gaeilge leis an CLG, le Seán faoin méid atá ar siúl aige le Gaeilge agus cluichí CLG a chur chun cinn. Déanann sé cur síos ar Cuaille, irisleabhar iontach do pháistí agus do dhéagóirí, ar chúrsaí CLG trí mheán na Gaeilge. 

Pádraig Jack 11.08.2020

Labhraíonn Pádraig Jack, ceoltóir agus cumadóir de bhunú Árainn, le Seán faoina shaothar ceoil - amhráin i nGaeilge agus i mBéarla. Déanann sé a singil nua 'Streetbed Ridden' agus a chéad albam 'Making Sand' (atá ag teacht amach níos déanaí i mbliana) a phlé agus labhraíonn sé faoina shaol le ceol agus le Gaeilge. 

Ógie Ó Céilleachair 11.08.2020

Labhraíonn Ógie Ó Céilleachair, scríbhneoir agus múinteoir ó Ghaeltacht na Rinne, le Seán faoina shaothar - na leabhar Cúpla agus Katfish agus Scéalta Eile ina measc - agus faoin podchraoladh Podcast Ógie, ina ndéanann sé na leabhair sin a phlé. 

Aodhán Ó Deá 11.08.2020

Labhraíonn Aodhán Ó Deá, Leas Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, le Seán faoina chuid oibre le Gaeilge a chur chun cinn agus faoi chúrsa ar líne iontach - Coláiste na Físe - atá a chur ar fáil do dhaoine óga a bheadh ag cailleadh amach ar thaithí Gaeltachta i mbliana. 

JJ Ó Dochartaigh 11.08.2020

Labhraíonn JJ Ó Dochartaigh, ceoltóir agus cumadóir de bhunú Dhoire faoina shaothar ceoil atá thrasnaíonn teorainn ceoil - acústach, rince / leictreonach, rapcheol agus go leor eile. Labhraíonn sé faoina thogra nua, mar Losta Plot, agus na hamhráin I Am You, You Are Me agus I Mo Cheann . Pléann sé amhráin ar nós A Ghaela agus Ná hAbair É Déan É agus a shaol le ceol agus le Gaeilge. 

Moya Brennan 11.08.2020

Labhraíonn Moya Brennan, sár-réalta ceoil na hÉireann, le Seán agus tugann sí súil siar ar an 50 bliain atá caite aici le Clannad, ag tabhairt blaiseadh de na cuimhní is fearr atá aici ón tréimhse in - Clannad ag an Letterkenny Folk Festival, 'Theme From Harry's Game' ar Top of the Pops agus an chamchuairt agus dlúthdhiosca nua 'In A Lifetime', agus go leor eile. Déanann sí cur síos ar a saothar i...

Megan Nic Ruairí 11.08.2020

Labhraíonn Megan Nic Ruairí, ceoltóir agus cumadóir as Rann na Feirste, le Seán faoina singil nua Can't Trust The Moon . Déanann sí a saothar le Clann Mhic Ruairí agus a cuid ceoil nua ina aonar a phlé, chomh maith le go leor nithe eile. 

Róisín Seoighe 11.08.2020

Labhraíonn Róisín Seoighe, amhránaí agus cumadóir de bhunú Chonamara, faoina saothar - na hamhráin Geasa, Níl Mé Marbh agus An Teanga Linn ina measc - cúrsaí aisteoireachta, an saol ollscoile agus go leor leor eile.  

John Prendergast 11.08.2020

Labhraíonn John Prendergast le Seán faoin méid atá ar siúl aige le Tobar Dhuibhne i nGaeltacht Chiarraí, an feachtas #SeoÍAnGhaeltacht agus an méid atá déanta aige le Gaeilge a chur chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear chomh maith. 

Traolach Ó Buachalla 11.08.2020

Labhraíonn Traolach Ó Buachalla le Seán faoin cúig bliain atá caite ó baineadh amach Comhionnanas Pósta in Éireann tar éis reifreann stairiúil. Tugann Traolach súil siar ar an tréimhse sin agus an méid atá tarlaithe ó shin. 

Ciara Ní É 11.08.2020

Labhraíonn Ciara Ní É le Seán faoina cuid filíochta, na hoícheanta REIC, an chlár iontach Saol Trí Ghaeilge , a cuid oibre mar scríbhneoir cónaithe i DCU agus go leor leor eile. 

Siobhán Ní Dhúgáin 11.08.2020

Labhraíonn Siobhán Ní Dhúgáin ó Phobalscoil Chloich Cheannfhaola i gContae Dhún na nGall le Seán faoi físeán TikTok iontach a rinne foireann na scoile le slán a fhágáil ag daltaí ardteistiméireachta na scoile, a chuaigh 'viral' ar líne. 

Ciarán Mac Giolla Bhéinn 11.08.2020

Labhraíonn Ciarán Mac Giolla Bhéinn ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich le Seán faoi shár-obair na Cultúrlainne, an duais mór a bhronn Glór na nGael orthu, Gaeltacht Bhéal Feirste agus go leor leor eile.

Listen to the Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.