Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Society GA ↓ 1190 episodes

Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie

Be sure to visit the podcast's website and support the creator: podcasters.spotify.com

Author

Seán Ó Dubhchon

Category

Society

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Sep 18, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android almost 10M downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

James Riordan 26.03.2021

Labhraíonn James Riordan le Seán faoina ról nua mar Dan ar Ros na Rún, an dráma Selvage a scríobh sé agus a raibh an phríomhpháirt aige ann anuraidh, a chuid oibre mar stiúrthóir ealaíne le hAmharclann Bhrú i nGaillimh agus tograí móra drámaíochta idir lámha aige faoi láthair.

Seán T. Ó Meallaigh 19.03.2021

Labhraíonn an t-aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir Seán T. Ó Meallaigh le Seán faoina shaol sna scannáin, ar an teilifís, ar an stáitse agus ar an raidió, ag tabhairt siar ar bhuaicphointí agus cuimhní móra agus ag labhairt faoin méid iontach atá ar siúl aige faoi láthair. Pléitear na scannáin A Better You, I Am Patrick agus Arracht, na sraitheanna theilifíse Vikings, An Klondike agus Seachtar...

Sinéad Ní Uallacháin 19.03.2021

Labhraíonn Sinéad Ní Uallacháin le Seán faoi chlár faisnéise den chéad scoth atá déanta aici le Waddell Media agus craolta ar TG4, faoin cháil a bhain Peig Sayers amach mar gheall ar a leabhar Peig, a chaith breis agus scór go leith de bhlianta ar shiollabas na hardteiste. Insíonn Sinéad dúinn faoin aistear a chuaigh sí ar le níos mó a fháil amach faoi bhean a bhí i bPeig í féin, na scéalta nach b...

Jamie Ó Flannúra 19.03.2021

Labhraíonn Jamie Ó Flannúra le Seán faoina chuid oibre le Camara Education Ireland ar TechSpace agus ar TechFéile 2021, atá ar siúl idir Eanáir agus Márta 2021. Insíonn Jamie dúinn faoi na himeachtaí atá beartaithe do dheireadh TechFéile agus an tábhacht a bhaineann le hábhair STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus mata) san oideachas, agus faoina thaithí mar mheantói...

Tadhg 12.03.2021

Labhraíonn Tadhg le Seán faoin méid a bhí ar siúl aige le bliain anuas - seit iontach le Féile na Gealaí ar líne, amhráin agus físeáin úra a chruthú, agus Global Pride lena hamhrán nua Space Love. Insíonn sé do Sheáin faoin gceolchoirm mhór a bheidh ar siúl ag Aerach Aiteach Gaelach beo ar Youtube (Aoine 12 Márta) agus na hamhráin a bheidh aige ann. 

Caroline Seoighe 12.03.2021

Labhraíonn Caroline Seoighe le Seán faoina cuid oibre mar stíleálaí agus mar phearsa fhaisin agus tionchaire ar Instagram. Insíonn sí dúinn faoin seimineár Paisean Don Fhaisean a bheidh ar siúl ar Youtube Áras na nGael (Aoine 12 Márta) do Sheachtain na Gaeilge, le Jessica Diskin, Áine Donnelly, Mollaí agus Anna Campbell.

Seán Seoighe agus Róisín Seoighe 12.03.2021

Labhraíonn Seán Seoighe, Oifigeach Forbartha le Gael-Fhorbairt na Gaillimhe in Áras na nGael, agus Róisín Seoighe le Seán faoin méid atá ar siúl ag Áras na nGael do Sheachtain na Gaeilge 2021 (Instagram takeovers, seimineáir, cainteanna, ceolchoirm agus go leor eile). Insíonn Seán dúinn faoin obair a bhíonn ar siúl i rith na bliana agus na bealaí a bhíonn siad ag freastal ar an bpobal, agus insíon...

Declan Hannon 12.03.2021

Labhraíonn Declan Hannon, ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge le Energia 2021 agus captaen ar fhoireann iománaíochta Luimnigh a bhain Corn Liam Mhic Cárthaigh faoi dhó (2018 agus 2020), le Seán faoina thaithí mar ambasadóir, a haistear féin le Gaeilge, Gaeilge sa Chumann Lúthchleas Gael agus moltaí do fhoghlaimeoirí le cur lena gcuid Gaeilge.

Orlaith Nic Ghearailt 12.03.2021

Labhraíonn Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge, le Seán faoi Sheachtain na Gaeilge le Energia 2021, na himeachtaí agus na hathruithe a bhí i gceist le SnaG a chur ar líne in aimsir Chovid. Insíonn sí dúinn faoi na hambasadóirí iontacha atá acu i mbliana agus a cuimhní is fearr ó Sheachtain na Gaeilge go dtí seo. 

Michaela Ní Labhraí 05.03.2021

Labhraíonn Michaela Ní Labhraí le Seán faoina cuid oibre mar chef taosráin, a leathanach Instagram @mamafoxcakes agus Instagram takeover atá a dhéanamh aici d'Áras na nGael mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Insíonn Michaela dúinn faoi na rudaí is mó a spreag í dul I mbun bácála, faoi bheith ag obair in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha, an tábhacht a bhaineann le páistí a spreagadh...

Máire Eilis Ní Fhlaithearta 05.03.2021

Labhraíonn Máire Eilis Ní Fhlaithearta le Seán faoin méid atá ar siúl i Ros na Rún lena carachtar Caitríona i Sraith 25 agus insíonn sí dúinn faoin bhfíseán iontach a rinne foireann Ros na Rún bunaithe ar Jerusalema. Tugann sí léargas dúinn faoin bhliain eisceachtúil a bhí acu ag taifead an tsraith is déanaí in aimsir Chovid agus insíonn sí dúinn faoi na cuimhní is fearr ón 25 bliain i Ros na Rún...

Marion Ní Loinsigh 05.03.2021

Labhraíonn Marion Ní Loinsigh, léiritheoir sraithe Ros na Rún le Seán faoin éacht atá déanta acu cláir den scoth a chur amach le linn aimsir Chovid. Insíonn sí dúinn faoi na dúshláin, na srianta a cuireadh i bhfeidhm, athruithe a bhí le déanamh agus na bealaigh a chuaigh foireann Ros na Rún i ngleic leis na modhanna taifeadta nua. Tugann sí súil siar ar na scéalta móra ó Shraith 25 go dtí seo agus...

Múinteoir Meg 05.03.2021

Labhraíonn Múinteoir Meg le Seán faoin obair iontach atá a dhéanamh aici ag cur na Gaeilge chun cinn lena Instagram agus lena cuid oibre mar mhúinteoir meánscoile. Insíonn sí dúinn faoina sraith téacsleabhair nua Croí na Gaeilge, foilsithe ag Edco do mhic léinn an teastais shóisearaigh, agus faoin méid atá ar siúl aici le Gaelchultúr, i measc go leor leor eile.

Eoin McEvoy 26.02.2021

Labhraíonn Eoin McEvoy faoin méid atá ar siúl ag na grúpaí Aerach Aiteach Gaelach agus Queercal Comhrá sna míonna amach romhainn, do Sheachtain na Gaeilge agus do Bhród 2021. Insíonn Eoin dúinn faoin scigamhrán a chruthaigh ochtar ón ngrúpa, bunaithe ar dhá rud a bhí go mór sna meáin le déanaí – rabhcán muirí nó sea-shanties agus scéal mór faoi bhriseadh rialacha na dianghlasála ar bhád amach ó ch...

Claire Marie Dunne 26.02.2021

Labhraíonn an Dr. Claire Marie Dunne le Seán faoina lámhleabhar nua Sceitimíní: Gníomhaíochtaí Spraíúla don Seomra Ranga (foilsithe le COGG), a cuid oibre in Institiúid Oideachais Marino, litríocht do pháistí i nGaeilge agus ionadaíocht i leabhair do pháistí. Déantar comhrá faoi straitéisí leis an Ghaeilge a spreagadh sa seomra ranga, na leabhair do pháistí is fearr agus foilseacháin iontacha atá...

Conall Ó Céidigh 26.02.2021

Labhraíonn Conall Ó Céidigh le Seán faoina chuid aisteoireachta – mar Rory i Ros na Rún agus mar Dan sa scannán Arracht – a chuid oibre le Clubforce agus a bhulladóir Collins, atá leathanach Instagram aige @collinsthebulldog. Tugann Conall súil siar ar na buaicphointí óna chuid ama i Ros na Rún go dtí seo agus an méid a bhí ar siúl aige le bliain anuas agus insíonn sé dúinn faoin méid atá ag teach...

Louise Cantillon 26.02.2021

Labhraíonn Louise Cantillon le Seán faoina saothar raidió agus iriseoireachta – na cláir Spin ar Scoil, Spin Now agus Hit 30 na hÉireann ar Spin, agus an colún Louise Loves sa Limerick Leader. Déantar comhrá chomh maith faoi na buaicphointí is mó ag Louise go dtí seo, a cuid taithí mar mhúinteoir meánscoile, na rudaí is mó a thaitníonn léi agus go leor eile. 

J Smith 19.02.2021

Labhraíonn an t-amhránaí, ceoltóir agus cumadóir J Smith liom faoina singil nua I’m Sorry. Déanann sé cur síos ar a stíl nua, curtha i gcomparáid leis an saothar atá déanta aige mar YURN agus mar phríomhamhránaí le Gypsies on the Autobahn. Insíonn sé do Sheán faoina thaithí go dtí seo, na buaicphointí is mó agus scéalta álainn taobh thiar den singil úr agus ealaín an singil.

Róisín Ní Mhaoláin 19.02.2021

Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Seán faoin méid iontach atá ar siúl aici leis na Gaelgals le cúpla mí anuas, podchraoladh ar Raidió Rí-Rá agus ócáid mhór do Sheachtain na Gaeilge san áireamh. Déanann sí cur síos ar mhíreanna atá déanta aici ar StadAir ar RTÉ 2FM le gairid agus comórtas a bhí sí ag reáchtáil ar a leathanach Instagram. Insíonn sí do Sheáin faoina clár An Meangadh Mór ar Raidió na L...

Pól Penrose 19.02.2021

Labhraíonn an t-aisteoir agus léiritheoir Pól Penrose le Seán faoin méid atá ar siúl lena charachtar Colm i Ros na Rún ar TG4 faoi láthair, na hathruithe is mó atá tagtha ar a charachtar ó tháinig sé go Ros na Rún agus an méid atá ar siúl le Mo, Charlie agus go leor carachtair eile faoi láthair. Insíonn sé do Sheáin faoi na scéalta is dúshlánaí atá déanta agus buaicphointí an tsaoil ag aisteoireac...

Megan Nic Fhionnghaile 19.02.2021

Labhraíonn an fidléir Megan Nic Fhionnghaile faoina cuid ceoil, an taithí agus na buaicphointí is mó atá aici go dtí seo agus an tsraith nua Sruth atá le craoladh ar TG4 agus ar BBC Alba thar ceithre eipeasóid, ag tosú oíche Domhnaigh an 21ú Feabhra. Labhraíonn Megan faoin gceiliúradh a dhéanann ar an nasc láidir atá idir an ceol traidisiúnta in Éirinn agus in Albain, agus an taithí a bhí aici ag...

Séamus Ó Flatharta 19.02.2021

Labhraíonn Séamus Ó Flatharta – amhránaí agus damhsóir ar an sean nós a sheinneann an chláirseach, an fheadóg agus an bodhrán chomh maith - le Seán faoin méid atá bainte amach aige i saol an cheoil go dtí seo, na buaicphointí agus na cuimhní is fearr atá aige, faoi bheith ag ceol lena mhuintir agus na rudaí is mó a spreag a ghrá don cheol. Insíonn Séamus do Sheáin faoin gceolchoirm atá ar siúl aig...

Paul McCloskey 12.02.2021

Labhraíonn Paul McCloskey le Seán faoina shaothar leathan aisteoireachta ar Ros na Rún mar Vince De Búrca ó thosaigh sé ansin sa bhliain 2000. Déanann sé cur síos ar na cuimhní is fearr agus na scéalta móra is dúshlánaí atá déanta aige ar an sobalchlár, agus tugann sé léargas dúinn faoi na scéalta móra atá idir lámha aige i láthair na huaire. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid oibre i saol an cheoi...

Oisín Mistéil 12.02.2021

Labhraíonn Oisín Mistéil le Seán faoina shaothar leathan iontach agus an bhliain iontach a bhí aige, le cláir ar nós ‘Ar Thóir na Crown Jewels’ agus ‘Finné’ ar TG4, agus Le Ceangal ar Bloc TG4. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid oibre mar scríbhneoir, stiúrthóir, eagarthóir, láithreoir agus léiritheoir; an taithí iontach a bhí aige ag déanamh ‘Ar Thóir na Crown Jewels’ lena seanmháthair agus na rud...

Ainle Ó Cairalláin 12.02.2021

Labhraíonn Ainle Ó Cairalláin le Seán faoin méid iontach atá ar siúl aige faoi láthair – a hionad aclaíochta Aclaí i gCorcaigh a bhunaigh sé i 2013 (ionad a chuireann béim ar an bpobal agus comhoibriú idir na baill). Insíonn sé do Sheán faoin togra iontach atá ar siúl aige le Aclaí sa Phalaistín le cúpla bliain anuas agus a phodchraoladh iontach Rebel Matters, ar a mbíonn comhráite spreagúla géar...

Listen to the Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.