Seán Ó Dubhchon
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Author
Seán Ó Dubhchon
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 10, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Seanán Mac Aoidh 03.12.2021 32:19
Labhraíonn Seanán Mac Aoidh le Seán faoin obair iontach atá ar siúl aige le Pleanáil Teanga Oileán Thoraigh, agus léir mór imeachtaí spéisiúla ag teacht aníos. Insíonn sé dúinn faoin suim agus bua iontach scéalaíochta atá aige agus a PhD, agus faighimid léargas ar na bealaigh iontacha a chuireann Seanán an scéalaíocht, teanga agus cultúr chun cinn.
Máire Bhreathnach 26.11.2021 29:45
Labhraíonn Máire Bhreathnach le Seán faoin tsraith is déanaí de I Lár An Aonaigh, a théann amach gach oíche Luan ar BBC 2 NI. Insíonn sí dúinn faoin saothar iontach atá déanta aici (An Focal Scoir ar BBC NI, Blas ar BBC Raidió Uladh agus an scannán Rocky Ros Muc), a cuid oibre i gceannas ar Rannóg na Gaeilge le Below The Radar, a gradam do Phearsa Theilifíse na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oir...
Neil Ó Briain 26.11.2021 23:41
Labhraíonn Neil Ó Briain le Seán faoina halbam nua Achar. Chum Neil tromlach na n-amhrán go húr agus insíonn sé dúinn faoi na rudaí a bhí ina thionchar ar na hamhráin. Faighimid amach faoina haistear ceoil, ó thosaigh sé ag ceol os comhair an phobail agus é ina chónaí sa tSeapáin go dtí an lá inniu. Déanann Neil cur síos ar a shraith raidió Ar Thóir an Giotár Gaelaigh agus buaicphointí móra ceoil.
Máirín Nic Con Iomaire 26.11.2021 30:09
Labhraíonn Máirín Nic Con Iomaire le Seán faoin leabhar nua ‘Khalil’, atá aistrithe aici go Gaeilge ón bhFraincis agus atá foilsithe ag Barzaz. Insíonn sí dúinn faoin scéal, aistriúcháin atá scríofa aici do pháistí le Futa Fata agus Cló Iar Chonnacht agus obair atá déanta aici sa chraoltóireacht.
Ciarán Dunbar 19.11.2021 29:26
Labhraíonn Ciarán Dunbar le Seán faoin iriseoireacht agus faoina leabhar nua 'Síolta', a thugann léargas cuimsitheach ar na pobail Ghaeilge atá ag déanamh an teanga agus an chultúr a chur chun cinn ar fud na tíre agus i gcéin.
Richie Conroy 19.11.2021 21:07
Labhraíonn Richie Conroy le Seán faoina úrscéal úr 'Dialann Emily Porter: Thíos Seal, Thuas Seal' atá díreach foilsithe ag LeabharCOMHAR. An dara leabhar sa tsraith, insíonn Richie dúinn faoi na carachtair, difríochtaí ón chéad leabhar agus duais mór a bhain an leabhar ag Comórtas Liteartha an Oireachtais 2020.
Tadhg Óg Mac Dhonnagáin 19.11.2021 25:51
Labhraíonn Tadhg Óg Mac Dhonnagáin le Seán faoina shraith úr 'Istigh Liom Féin'. Seo an chéad sraith atá stiúrtha ag Tadhg agus insíonn sé dúinn faoi theáma na sraithe - meabharshláinte na bhfear - an phróiséas a bhí i gceist agus an tábhacht a bhaineann le labhairt faoin ábhar seo. Sraith le ceithre eagrán atá ann, atá a chraoladh ar BLOC TG4 agus déanann Tadhg cur síos ar na heagráin ar fad, agu...
Diarmuid Lyng 12.11.2021 46:09
Labhraíonn Diarmuid Lyng, iar-chaptaen iománaíochta Loch Garmán agus fear atá an-bhaint aige leis an teanga, faoi Wild Irish Retreats. Bhí Diamuid mar dhuine de na bunaitheoirí agus cuireann siad dísirt ar fáil ar fud na tíre, amuigh san fhiantás, le deis a thabhairt do dhaoine nasc a chruthú leo féin, leis an timpeallacht, lenar gcultúr agus ár n-oidhreacht.
Jack O'Rourke 12.11.2021 28:25
Labhraíonn Jack O'Rourke, amhránaí, ceoltóir agus cumadóir tréitheach le Seán faoina halbam nua 'Wild Place'. Insíonn sé dúinn faoi na rudaí a spreag na hamhráin agus faoin bpróiséas taifeadta. Tugann sé súil siar ar bhuaicphointí móra atá bainte amach aige agus labhraíonn sé faoi na ceolchoirmeacha atá ag teacht aníos aige.
Marina Ní Dhubháin 12.11.2021 14:57
Labhraíonn Marina Ní Dhubháin, aisteoir agus scríbhneoir, le Seán faoin obair atá ar siúl ag an gcompántas drámaíochta Giorria agus an seó - Faoi Scáth, Le Chéile - a bheidh ar siúl i Seanscoil Sailearna in Indreabhán ar an 13-14 Samhain.
Mary Kennedy 05.11.2021 36:35
Labhraíonn Mary Kennedy le Seán faoi na cláir teilifíse iontacha atá a chruthú aici le bliain anuas - Moving West & Guaranteed Irish ar TG4, agus An tSlí ar RTÉ. Insíonn sí dúinn faoin leabhar nua - Journey To The Well: Connecting to Celtic Ways and Wisdom - a scríobh sí lena deirfiúr Deirdre, agus a saothar iriseoireacht, chomh maith le hobair feachtasaíochta atá ar siúl aici do World Osteopo...
Séaghan Ó Súilleabháin agus Eimear Fitzpatrick 05.11.2021 26:38
Labhraíonn Séaghan Ó Súilleabháin agus Eimear Fitzpatrick le Seán faoi Gaeilge 24. Insíonn siad dúinn faoin obair atá a dhéanamh acu mar ghníomhairí do Gaeilge 24 agus tugann siad moltaí den scoth leis an teanga a chothú agus a chleachtadh go laethúil.
Réaltán Ní Leannáin 05.11.2021 28:54
Labhraíonn Réaltán Ní Leannáin le Seán faoina saothar scríbhneoireachta leathan - an cnuasach gearrscéalta 'Bláth na dTulach' a chur sí in eagar, an cnuasach gearrscéalta 'Inní' atá ainmnithe do Ghradam Leabhar na Bliana An Post, Dílis agus Turas Ailse, i measc go leor saothar eile.
Barry Siucrú 05.11.2021 13:03
Labhraíonn Barry Siucrú le Seán faoin méid a bheidh ar siúl ar fud na tíre mar chuid de Gaeilge 24, feachtas mór a bheidh ar siúl i scoileanna ar fud na hÉireann ar an 9ú Samhain. Tá dúshlán mór ann do dhaltaí Gaeilge a labhairt an lá ar fad. Insíonn Barry dúinn faoin méid atá Conradh na Gaeilge ag déanamh le tacú le daltaí agus tugann sé moltaí iontacha le daoine a spreagadh an teanga a úsáid go...
Matt Ó Baoill 29.10.2021 19:59
Labhraíonn Matt Ó Baoill, ceoltóir le Tebi Rex, le Seán faoin albam nua atá eisithe acu - It's Gonna Be Okay. Insíonn Matt do Sheáin faoin bpróiséas scríbhneoireachta agus taifeadta, na singil atá eisithe go dtí seo agus ceolchoirmeacha atá déanta agus ag teacht aníos go luath.
Máire Pheitir Uí Dhroighneáin 29.10.2021 22:27
Labhraíonn Máire Pheitir Uí Dhroighneáin le Seán faoin 25 bliain atá caite aici i Ros na Rún ar TG4. Insíonn Máire do Shéain faoina taithí iontach ar Baile An Droichid ar Raidió na Gaeltachta agus faoin méid iontach atá bainte amach aici le amhránaíocht ar an sean nós agus tionchar iontach aici ar an chéad ghlúin eile d'amhránaithe.
Máire Bríd Ní Chualáin 29.10.2021 27:18
Labhraíonn an craoltóir Máire Bríd Ní Chualáin faoin obair iontach atá a dhéanamh aici le Raidió na Gaeltachta agus a taithí leis an stiaisiún i gCasla le sé bliana anuas. Insíonn sí dúinn faoin duais a bhain sí do Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais anuraidh agus an bhliain atá caite aici ó shin. Faighimid léargas iontach ar shaol Mháire Bríd taobh istigh agus taobh amuigh d...
Maud Keane 29.10.2021 18:17
Labhraíonn an craoltóir Maud Keane le Seán faoin ainmniúchán atá faighte aici do Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais. Insíonn sí do Shéan faoina taithí ag obair le Raidió Rí-Rá agus le Bloc TG4 i mbliana, faoina saol ollscoile agus í ag staidéar in Ollscoil Luimnigh agus seal atá a chaitheamh aici i bPáras ar Erasmus.
Pa Sheehy 15.10.2021 21:45
Labhraíonn Pa Sheehy le Seán faoina hEP nua 'The Art Of Disappearing' a chuaigh díreach isteach i Rogha Dheich na Cairte in Éirinn le cúpla seachtain anuas. Insíonn Pa dúinn faoi na hamhráin úra atá cumtha aige, na rudaí a spreag é agus caide mar a mhothaíonn sé bheith ar ais ag eisiúint ceoil agus ag déanamh ceolchoirmeacha. Tugann sé súil siar ar bhuaicphointí óna chuid ama mar phríomhamhránaí W...
Caoimhe Ní Chathail 15.10.2021 15:05
Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail le Seán faoin tsraith theilifíse iontach Éadaí SOS a bhí ar BBC Thuaisceart Éireann le gairid agus atá a chraoladh ar TG4 faoi láthair. Tugann Caoimhe moltaí iontacha dúinn faoin bhfaisean inbhuanaithe agus na buntaistí a bhaineann le siopadóireacht dhara láimhe. Labhraíonn Caoimhe chomh maith faoi na hainmniúcháin atá faighte aici i mbliana ag Gradaim Chumarsáide an...
Alan Walpole 15.10.2021 19:47
Labhraíonn Alan Walpole le Seán faoina haistear mar fhear óg in Éirinn sna luathochtóidí, a shaol i Sasana agus an cinneadh a rinne sé teacht ar ais go Baile Átha Cliath i 2015. Fuair muid léargas ar scéal Alan sa dráma 'Idir Mise agus Craiceann do Chluaise' a chuir Aerach Aiteach Gaelach i láthair don Dublin Fringe Festival, agus faighimid amach faoin taithí iontach a bhí ag Alan agus é ag obair...
Jamie Ó Flannúra 08.10.2021 27:13
Labhraíonn Jamie Ó Flannúra le Seán faoi na tograí móra atá idir lámha aige faoi láthair. Faighimid amach faoin méid atá a dhéanamh aige le STEAM - eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, ealaín agus mata - a chur chun cinn i scoileanna agus an méid atá pleanáilte do Creative Tech Fest atá ag teacht aníos go luath. Insíonn Jamie dúinn faoina thaithí ar eagrán den tsraith nua 'Moving West' ar T...
Áine Ní Dhonnaile 08.10.2021 16:36
Labhraíonn Áine Ní Dhonnaile le Seán faoin méid iontach a dhéanann sí le Gaeilge agus faisean a chur chun cinn ar líne. Faighimid amach faoin leathanach úr - Dar Leo Féin - atá tosaithe aici ar Instagram ina gcuireann sí agallaimh le ceisteanna fíorshuimiúla ar aoínna speisialta. Insíonn sí dúinn faoin obair atá déanta aici le Gaeltacht X, Bloc TG4 agus coláistí samhraidh i Rann na Feirste, agus f...
Bridget Bhreathnach 08.10.2021 17:28
Labhraíonn Bridget Bhreathnach le Seán faoina pictiúrleabhar is déanaí 'Cluasa Capaill ar an Rí' (maisithe ag Shona Shirley McDonald agus foilsithe ag Futa Fata) - leabhar a bhain Gradam Reics Carló i rith na seachtaine. Insíonn Bridget dom faoi conas mar a mhothaigh sí nuair a fuair síí dea-scéala go raibh sí ainmnithe ar an ngearrliosta. Faighimid amach chomh maith faoi na leabhair eile atá scrí...
Máirín De Buitléir 08.10.2021 16:51
Labhraíonn Máirín De Buitléir le Seán faoin ról atá a dhéanamh aici mar Dee ar Ros na Rún. Insíonn sí do Shéain faoi na scéalta is mó a sheasann amach di agus í ag amharc siar ar a tréimhse sa tsraith ó bhí 2015 ann agus déanaimid comhrá faoin doimhneacht agus an iliomad tréithe a bhaineann le Dee. faighimid amach faoin méid atá ar siúl ag an carachtar faoi láthair agus an méid a bhí ar siúl ag Má...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.