Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Society GA ↓ 1146 episodes

Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie

Author

Seán Ó Dubhchon

Category

Society

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Jul 10, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Sinéad Ní Scolaí 01.10.2021

Labhraíonn Sinéad Ní Scolaí le Seán faoin méid iontach atá ar siúl aici faoi láthair - saothar mar 1/8 de na Gaelgals, podchraoladh na Gaelgals ar Raidió Rí-Rá, láithreoireacht raidió ar Raidió na Life agus saothar a rinne sí do Bhloc TG4, RTÉ 2FM agus go leor eile i mbliana. Faighimid amach faoin ainmniúchán atá faighte aici do Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais. Agus leis...

James Ó Flatharta 01.10.2021

Labhraíonn James Ó Flatharta le Seán faoin obair iontach atá a dhéanamh aige sna meáin - podchraoladh nua 'Na Seansálaithe' a bhí seolta inniu ar na hardáin uilig agus Spórt TG4, lena raibh James ag obair le bliain anuas. Insíonn sé dúinn faoi chéimeanna atá déanta aige sna dána, meáin agus cumarsáid, agus margaíocht agus an chaoi atá tionchar acu ar an obair atá a dhéanamh aige. Faighimid amach f...

Antoine 'Toto' Ó Gríofa 01.10.2021

Labhraíonn Antoine 'Toto' Ó Gríofa le Seán faoin aistear fíorshuimiúil atá déanta aige mar dhornálaí, mar shaighdiúir agus mar imreoir peile. Insíonn Toto dúinn faoin ghrá atá aige don dornálaíocht, na bhabhtaí is dúshlánaí agus is fearr leis, a laochra troda agus go leor eile. Insíonn sé dúinn faoina thaithí san airm, an taisteal atá déanta aige lena phost agus tábhacht an pheil Ghaelaigh do chom...

Dáithí Ó Muirí 01.10.2021

Labhraíonn Dáithí Ó Muirí le Seán faoina shaothar raidió agus theilifíse - na cláir Blas (BBC Raidió Uladh agus BBC Raidió Feabhail) agus I Lár An Aonaigh (BBC2 Thuaisceart Éireann) ach go háirithe - agus an aistear fíor-shuimiúil atá déanta aige sna meáin, ag tosú leis an tsraith Glór Anoir (RTÉ Raidió na Gaeltachta) agus atá ag dul ó neart go neart. Cloisimid faoi na hainmniúcháin atá faighte ag...

Cuán Ó Flatharta 17.09.2021

Labhraíonn Cuán Ó Flatharta le Seán faoina chuid oibre, mar chraoltóir raidió agus teilifíse, agus mar phríomhoide Gaelscoile. Insíonn Cuán dúinn faoina shraith iontach, Splanc ar Newstalk, agus na hainmniúcháin atá faighte ag Splanc ag Gradaim Raidió IMRO agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais. Labhraíonn Cuán faoin tráchtaireacht le Spórt TG4, seal le Fulbright I Meiriceá, an ghaelscolaíocht ag...

Sadhbh Devlin 17.09.2021

Labhraíonn Sadhbh Devlin le Seán faoina saothar – na leabhair Beag Bídeach agus Bí Ag Spraoi Liom, agus a pictiúr leabhar nua Geansaí Otto, atá ainmnithe do Ghradam Chumann Litearthachta na hÉireann I mbliana. Insíonn sí dúinn faoi thograí thar a bheith a suimiúil atá déanta aici – Comhluadar Teo, le Children’s Books Ireland, Writers in Schools, Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, Inis Magazine agus g...

Pól Ó Gríofa 17.09.2021

Labhraíonn Pól Ó Gríofa le Seán faoin méid atá déanta aige i ról Mack Ó Riain sa sobalchlár Ros na Rún ó bhí 1997 ann. Insíonn sé dúinn faoi na scéalta is mó agus is dúshlánaí a bhí aige, na cuimhní is fearr ón seal ar Ros na Rún go dtí seo, agus na scéalta móra atá ar siúl aige faoi láthair. Faighimid amach faoi na rudaí a tharraing i dtreo na haisteoireachta é, róil atá déanta aige ar shiúl ó Ro...

Aedraen Ó Dubhghaill 17.09.2021

Labhraíonn Aedraen Ó Dubhghaill le Seán faoi Choláiste Lurgan agus TG Lurgan, agus an obair iontach atá ar siúl aige ansin. Insíonn sé dúinn faoin bhfeachtas atá a reáchtáil ag Coláiste Lurgan maidir le hathnuachan atá ag teastáil don ionad ina bhfuil siad lonnaithe. Faighimid amach faoi na rudaí a spreag Aedraen sa Ghaeilge, a thaithí ollscoile in Ollscoil Mhá Nuad (ina bhfuair sé céim agus MA),...

Gearóid Ó Cairealláin 10.09.2021

Labhraíonn Gearóid Ó Cairealláin le Seán faoina shaothar saoil - Lá, Preas an Phobail, Raidió Fáilte, Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich, Aisling Ghéar, a sheó stáitse 'The Wheelchair Monologues' agus an sraith raidió 'Elvis: Beo Go Deo' a bhíonn ar Raidió Fáilte gach Aoine ag a 3. 

Méabh Ní Bheaglaoich 10.09.2021

Labhraíonn an ceoltóir agus cumadóir aitheanta Méabh Ní Bheaglaoich le Seán faoina saol sa cheol agus a albam nua 'Mise Le Meas', atá ar fáil ar bandcamp faoi láthair. Scríobh Méabh tromlach na n-amhráin ar 'Mise Le Meas' agus pléann sí na téamaí agus scéalta a thug spreagadh di agus í i mbun cumadóireachta. Insíonn sí dúinn faoin bpróiséas taifeadta agus buaicphointí móra sa cheol. 

Sibéal Davitt 10.09.2021

Labhraíonn an damhsóir aitheanta Sibéal Davitt faoin méid iontach atá bainte amach aici sa rince agus faighimid amach faoin seó nua - Minseach - a bheidh ar siúl mar chuid den Dublin Fringe Festival. Insíonn sí dúinn faoi buaicphointí agus deá-chuimhní rince, an bpróiséas a bhí i gceist le Minseach a chruthú agus na téamaí a bheidh le feiceáil sa seó. 

Tadhg Mac Dhonnagáin 10.09.2021

Labhraíonn Tadhg Mac Dhonnagáin le Seán faoin úrscéal nua 'Madame Lazare' atá foilsithe aige, leabhar atá ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana. Insíonn Tadhg dúinn faoin bpróiséas scríbhneoireachta, na rudaí a bhí ina spreagadh aige agus faoi charachtair agus suíomhanna an leabhair. Labhraíonn Tadhg faoina chuid oibre mar fhoilsitheoir le Futa Fata agus Barzaz chomh maith. 

Áine Ní Ghlinn 03.09.2021

Labhraíonn an file agus scríbhneoir aitheanta Áine Ní Ghlinn le Seán faoin gcnuasach filíochta Rúin Oscailte (foilsithe ag Coiscéim agus ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin 2021). Insíonn Áine dúinn faoin bpróiseas a bhí I gceist leis na dánta agus an leabhar a scríobh, téamaí na ndánta agus na hathruithe atá tagtha ar shaol na scríbhneoireachta mar bhean agus mar Ghaeilgeoir. Déanann Áine cur s...

Eoin McEvoy 03.09.2021

Labhraíonn Eoin McEvoy le Seán faoin dráma fuaime Idir Mise agus Craiceann do Chluaise, atá a chur i láthair ag Aerach Aiteach Gaelach don Dublin Fringe Festival. Tá script don dráma scríofa ag Eoin agus ag Ciara Ní É, bunaithe ar scéal Alan Walpole, le ceol ó Aoife Ní Mhórdha agus le healaín ó Tadhg Ó Ciardha. Beidh an seó ar siúl ón 24-26ú Meán Fómhair i gClub an Chonradh, le tacaíocht ó Oireach...

Tadhg Ó Ciardha 03.09.2021

Labhraíonn Tadhg Ó Ciardha le Seán faoina shaol mar ealaíontóir, scríbhneoir agus ceoltóir. Insíonn sé dúinn faoin MA atá déanta aige sa Bhéaloideas agus Drámaíocht agus saothar fíorshuimiúil atá cruthaithe aige mar pháirt de sin. Faighimid amach faoin ealaín a chruthaíonn sé agus atá a dhíol aige, faoi shraith t-léinte atá deartha aige, agus na rudaí is mó a bhíonn ina thionchar ar a shaothar. In...

Aodán Ó Ceallaigh 27.08.2021

Labhraíonn Aodán Ó Ceallaigh le Seán faoin amhránaíocht ar an sean nós, Corn na bhFear (atá buaite trí uaire aige) agus na lúibíní ag Oireachtas na Samhna. Insíonn sé do Sheáin faoina chéim mháistreachta sa Ghnó agus IT trí Ghaeilge agus an suim atá aige i ngairmeacha éagsúla, a shraith raidió iontach Beatha na Gairme (gur féidir éisteacht siar leis ar SoundCloud anois) agus saothar aisteoireachta...

Pax Ó Faoláin 27.08.2021

Labhraíonn Pax Ó Faoláin le Seán faoina thaithí agus saothar leathan sa cheol traidisiúnta agus faoina bhua iontach mar fhidléir leis an bhuíon cheoil Nuadán. Insíonn sé dúinn faoin albam nua ‘Dén Díobháil’ atá eisithe acu, ról úr atá ag Pax sa cheol traidisiúnta le TG4, físeáin a rinne sé le Cúla 4 ar Scoil agus go leor eile. Faighimid amach faoin obair a rinne Pax ar Fhéile na Leathghealaí anura...

Noel Ó Gallchóir 27.08.2021

Labhraíonn Noel Ó Gallchóir le Seán faoina leabhar úr ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981’ atá ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin, Gradam Foilsitheoireachta de chuid Oireachtas na Gaeilge. Faighimid léargas iontach ar an siúl agus ar an tionchar a bhí ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar an phobal agus ar an amharclannaíocht, go háitiúil agus go náisiúnta ó bunaíodh iad. Insíonn Noel do Sheáin faoin...

Eimear Fitzpatrick - Gaeilge Bheo 20.08.2021

Labhraíonn Eimear Fitzpatrick le Seán faoina leathanach Gaeilge Bheo ar Instagram. Tugann sí moltaí Gaeilge iontacha dóibh siúd a bheidh ag filleadh ar an scoil nó ar an ollscoil go luath. Cloisimid faoin ngrá atá aici don stair agus don Ghaeilge, agus an tábhacht atá acu di. Insíonn Eimear dúinn chomh maith faoin traenáil atá ar siúl aici chomh maith le bheith ina chóitseálaí.

Pauric O'Meara 20.08.2021

Labhraíonn Pauric O’Meara, ceoltóir agus cumadóir tréitheach, le Seán faoina shaothar ceoil. Cloisimid faoin singil nua – Final Say – atá eisithe aige le gairid, chomh maith lena hEP iontach Looking Forward To Hindight, atá ar fáil ar Bandcamp. Insíonn sé do Sheáin faoi na rudaí a bhíonn ina inspioráid ag a chuid amhráin agus a phróiseas scríbhneoireachta. Labhraíonn Pauric faoina chuid ceolchoirm...

Dara Ó Cinnéide 20.08.2021

Labhraíonn Dara Ó Cinnéide le Seán faoi chaid agus a chuid oibre sna meáin chumarsáide. Insíonn sé do Sheáin faoi na laochra móra a bhí aige féin agus buaicphointí móra óna chuid ama ag imirt lena chlub, An Ghaeltacht, agus lena chontae, Ciarraí. Déanann sé cur síos chomh maith ar an ról atá aige mar chathaoirleach le Cumann Caide na Gaeltachta. Tugann Dara súil siar ar an méid iontach atá bainte...

Tristan Rosenstock 13.08.2021

Labhraíonn Tristan Rosenstock le Seán faoina shaothar sa chraoltóireacht, iriseoireacht, ceol agus go leor eile. Faighimid amach faoina shraith raidió An Cúinne Dána (RTÉ Raidió na Gaeltachta), cláir faisnéise a rinne sé ar shaothar Seamus Heaney agus Breandán Ó Beacháin, a chuid oibre mar eagarthóir liteartha Comhar agus buaicphointí móra leis an bhuíon cheoil Téada. Insíonn Tristan dúinn faoi Tr...

Mollaí Nic Eochaidh 13.08.2021

Labhraíonn Mollaí Nic Eochaidh le Seán faoin bpodchraoladh Corpoideachas le Bloc TG4 agus an dráma raidió Cruachás atá le craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (Domhnach 15ú Lúnasa ag 8in), déanta ag Cumann Drámaíochta UCC. Insíonn Mollaí do Sheáin faoin chéim atá a dhéanamh aici i gColáiste na hOllscoile Corcaigh sa Cheol agus Gaeilge. Faighimid amach faoina taithí leathan le ceol agus an leathana...

Rónán Ó Snodaigh 13.08.2021

Labhraíonn Rónán Ó Snodaigh le Seán faoina halbam nua Tá Go Maith, bailiúchán 9 n-amhrán nuachumtha atá ar fáil ar Bandcamp anois. Insíonn Rónán faoin phróiseas taifeadta suimiúil agus na rudaí a spreag na hamhráin. Faighimid amach faoin gcamchuairt ‘Post Lockdown Tour’ atá a dhéanamh ag Kíla i Lúnasa, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair agus an fuaimrian aitheanta a rinne siad don scannán Wolfwalk...

Cormac Mac Caisín 06.08.2021

Labhraíonn Cormac Mac Caisín le Seán faoina leathanach Instagram iontach ‘Tart Go Leor’, a chuireann oideas do mhanglaim agus milseoga ar fáil. Faighimid moltaí iontacha ó Chormac agus faighimid amach faoin mbiachlár a bheadh aige ar Come Dine With Me. Faighimid amach faoin méid iontach a dhéanann Cormac leis an nGaelscolaíocht agus i bpobal na Gaeilge chomh maith.

Listen to the Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.