Seán Ó Dubhchon
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Author
Seán Ó Dubhchon
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 10, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Maitias Ó Gríofa 04.02.2022 14:45
Labhraíonn Maitias Ó Gríofa le Seán faoina shaothar mar aisteoir agus an ról atá a dhéanamh aige mar Rónán i Ros na Rún. Insíonn sé dúinn faoin gcarachtar agus na scéalta móra atá tar éis titim amach tar éis do Rónán filleadh ar Ros na Rún, téamaí ar nós disleicse agus an méid a tharla le Charlie i rith na seachtaine.
Isla Callister 04.02.2022 13:53
Labhraíonn Isla Callister le Seán faoin albam nua 'A Drop for Neptune' atá curtha amach ag a banna TRIP. Cloistear Isla ag labhairt i Manainnis agus Seán ag labhairt i nGaeilge. Insíonn Isla dúinn faoi na rudaí a spreag í mar cheoltóir, na cuimhní is fearr atá aici ó bheith ag seinm, an phróiseas a bhí i gceist le 'A Drop for Neptune' a thaifead agus go leor eile.
Seaghán Mac an tSionnaigh 04.02.2022 29:38
Labhraíonn Seaghán Mac an tSionnaigh le Seán faoina shaothar leathan mar aistritheoir, scríbhneoir, taighdeoir, file agus teagascóir. Insíonn sé dúinn faoina PhD, a thaithí le Gaeilge a theagasc thar lear, a shuim i réimse leathan teangacha, an chomhdháil Manmanra agus go leor eile.
Gearóid Denvir 04.02.2022 47:18
Labhraíonn Gearóid Denvir le Seán faoina shaothar leathan mar léachtóir, scríbhneoir, file agus taighdeoir, agus an méid a spreag a chuid suime san oideachas. Insíonn sé dúinn faoina sheal mar Uachtarán an Oireachtais, a chuimhní ón Oireachtas thar na blianta, an méid atá bainte amach le Coláiste Chamuis, cúrsaí CLG agus neart eile,
Diarmuid Ó Mathúna 28.01.2022 27:43
Labhraíonn Diarmuid Ó Mathúna le Seán faoin gcaifé nua - Pota - atá oscailte aige, an bhéim a chuireann siad ar bhia áitiúil, orgánach agus inmharthana agus na rudaí a thug spreagadh do Pota a bhunú. Faighimid amach faoin méid iontach atá ar siúl aige le mofoodblog.com., NeighbourFoods agus saothar teilifíse agus raidió. Insíonn Diarmuid dúinn chomh maith faoina thaithí i Scoil Chócaireachta Bally...
Frainc Mac Cionnaith 28.01.2022 34:38
Labhraíonn Frainc Mac Cionnaith le Seán faoin obair iontach atá a dhéanamh aige mar bhainisteoir forbartha le Glór na nGael. Faighimid amach faoina ról nua le gnó agus fiontraíocht, chomh maith le Gradaim Gnó na hÉireann atá a reáchtáil ag Glór na nGael i mbliana. Faighimid léargas ar na rudaí a spreag Frainc I dtreo na hoibre le teanga agus cultúr, a ghrá don timpeallacht, agus a bhua don ghriang...
Darach Mac Con Iomaire 28.01.2022 37:38
Labhraíonn Darach Mac Cion Iomaire le Seán faoi Stiúideo Cuan agus na tograí suimiúla atá ar siúl acu ó thosaigh siad i mí na Samhna, sraith raidió nua Cuan an Cheoil ina measc. Faighimid amach faoina chuid oibre mar stiúrthóir ealaíne, an méid a spreag oscailt Stiúideo Cuan agus na bealaí a fhreastalaíonn siad ar ealaíontóirí agus ar an phobal. Tugtar léargas iontach dúinn ar an méid a thug inspi...
Caitríona Ní Shúilleabháin 21.01.2022 24:25
Labhraíonn Caitríona Ní Shúilleabháin le Seán faoina cuid oibre ar Glór Tíre, agus í mar mholtóir ar an tsraith. Insíonn sí dúinn faoin tsraith is déanaí agus faoin méid taitneamh a bhaineann sí as. Faighimid amach faoina cuid ceoil agus cumadóireachta féin agus na hamhráin atá eisithe aici le tamaill anuas. Déanann Caitríona cur síos chomh maith ar shraith théacsleabhair – Mol an Óige – atá scrío...
Peadar Ó Riada 21.01.2022 45:18
Labhraíonn Peadar Ó Riada le Seán faoina chuid ceoil agus a chuid cumadóireachta, Cór Chúil Aodha agus na rudaí atá bainte amach le cór na bhfear agus cór na mban. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid craoltóireachta, a chlár Cuireadh Chun Ceoil, scannánaíocht, Acadamh Fódhla a bunaíodh sa bhliain 2000 agus na rudaí a spreagann é mar cheoltóir agus mar chumadóir.
Eoghan Ó Ceannabháin 21.01.2022 15:37
Labhraíonn Eoghan Ó Ceannabháin le Seán faoina chuid ceoil agus a shaothar aonair, le hUltan O’Brien agus le Skipper’s Alley. Insíonn Eoghan dúinn faoin albam Solas an Lae a bhain gradam d’Albam na Bliana agus na RTÉ Folk Awards. Déanann Eoghan cur síos ar an tábhacht a bhaineann leis an sean nós ina shaol agus insíonn sé dúinn faoi thograí atá idir lámha aige faoi láthair. Faighimid amach chomh m...
Áine Ní Bhreisleáin 14.01.2022 20:55
Labhraíonn Áine Ní Bhreisleáin le Seán faoina sraith theilifíse nua - An Cósta Thiar - atá a chraoladh gach oíche Chéadaoin ar TG4. Insíonn Áine dúinn faoin taithí iontach a bhí aici ag taifead agus na háiteanna gur thug sí cuairt orthu. Faighimid amach faoin méid iontach atá ar siúl aici sa raidió - le Bladhaire agus Beo Ar Éigean - eagrán speisialta de 'Anunn 's Anall' a rinne sí le gairid agus...
Sarah Ghriallais 14.01.2022 26:07
Labhraíonn Sarah Ghriallais le Seán faoina albam nua – Idir Dhá Sháile 2 – a bhí i dtaisce sna cartlanna ó taifeadadh é na 1980í agus atá eisithe faoi dheireadh ag Gael Linn. Insíonn Sarah do Sheáin faoi na hamhránaithe ar an sean nós a spreag í, an tábhacht a bhaineann leis an sean nós don chéad ghlúin eile agus an oíche speisialta a bhí ann nuair a bhuaigh sí Corn Uí Riada i 1984.
Eoin Warner 14.01.2022 19:30
Labhraíonn Eoin Warner le Seán faoina shraith nua – Iontais na bhFarraigí Ceilteacha – comhléiriú idir TG4 agus BBC Cymru Wales, agus atá a chraoladh gach oíche Chéadaoin ar TG4. Faighimid léargas ar an taithí iontach a bhí aige ag obair ar an tsraith agus a shaothar teilifíse leathan, Éire Fhiáin ina measc. Insíonn Eoin do Sheáin faoin ngrá agus suim atá aige don dúlra agus don timpeallacht, a ch...
Emma Ní Chearúil 14.01.2022 23:26
Labhraíonn Emma Ní Chearúil le Seán faoin ócáid speisialta – Aonach Amárach atá ar siúl i gClub an Conradh ar an Satharn 15ú hEanáir. Insíonn Emma do Sheáin faoin smaoineamh taobh thiar de Aonach Amárach agus faoin tábhacht a bhaineann le faisean inbhuanaithe, go háirithe nósanna malartú éadaí a thosú. Tugann Emma dearcadh agus moltaí iontacha agus cur síos a dhéanamh ar fhaisean gasta agus conas...
Donncha Mac Con Iomaire 07.01.2022 28:44
Labhraíonn Donncha Mac Con Iomaire le Seán faoin saothar leathan teilifíse atá déanta aige mar stiúrthóir, léiritheoir agus láithreoir lena chomhlacht féin – Léirithe DMCI. Insíonn sé dúinn faoina chlár is déanaí – Bádóirí: Na Jimmys – agus na rudaí a mhúscail a chuid suime san fharraige agus sa scannánaíocht. Déanann Donncha cur síos ar an tábhacht a bhaineann le cultúr muirí I gConamara agus fai...
Colm Seoighe 07.01.2022 15:42
Labhraíonn Colm Seoighe le Seán faoina chuid amhránaíocht, cumadóireacht agus saothar aisteoireachta. Insíonn sé dúinn faoin cheol ar an sean nós agus na hamhráin a chruthaíonn sé féin, saothar atá cruthaithe aige don leathanach Gaeltacht X agus róil aisteoireachta atá déanta aige, Joe sa scannán Song Of Granite san áireamh.
Celia de Fréine 07.01.2022 27:35
Labhraíonn Celia de Fréine le Seán faoin úrscéal nua - An Dara Rogha - atá scríofa aici agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Tugann Celia súil siar ar na rudaí iontacha atá bainte amach aici thar na blianta mar fhile, drámadóir, scriptscríbhneoir, aistritheoir agus leabhrógaí, agus faighimid amach faoi na rudaí a spreag í mar scríbhneoir. Insíonn Celia dúinn faoi na dúshláin a bhí ann agus atá ans...
Mícheál Ó Meallaigh 17.12.2021 31:04
Labhraíonn Mícheál Ó Meallaigh le Seán faoi 25 bliain de TG4, mar a thosaigh rudaí amach i 1995 agus na héachtaí atá bainte amach ag an stáisiún ó shin. Faighimid amach chomh maith faoi na rudaí a mhúscail an tsuim agus a chothaigh an bua atá ag Seán sa drámaíocht agus sa tionscal teilifíse.
Síomha 17.12.2021 11:58
Labhraíonn an ceoltóir agus cumadóir Síomha le Seán faoina albam nua 'Infinite Space' a bheidh ag teacht amach i 2022, camchuairt a chríochnaigh sí le déanaí agus ceolchoirm a bheidh a dhéanamh aici ag Celtic Connections.
Máire Éilis Ní Fhlatharta 17.12.2021 15:05
Labhraíonn Máire Éilis Ní Fhlatharta le Seán faoi na scéalta is déanaí lena carachtar Caitriona ar Ros na Rún agus faighimid amach faoi na rudaí is fearr le Máire Éilis faoin Nollaig.
Jonathan Ó h-Earcáin 10.12.2021 30:06
Labhraíonn Jonathan Ó h-Earcáin le Seán faoin obair iontach atá ar siúl aige mar chóitseálaí meoin agus spreagadh, meabharshláinte na bhfear, a leabhar 'Solo Run: The Mindset Toolkit', físeán a rinne sé ar Bhloc TG4 mar chuid den tsraith Istigh Liom Féin agus go leor eile.
Ógie Ó Céilleachair 10.12.2021 31:27
Labhraíonn Ógie Ó Céilleachair le Seán faoina leabhar nua 'Árasán' atá foilsithe do dhaoine fásta ag Cló iar Chonnacht. Insíonn Ógie dúinn faoin spreagadh taobh thiar den leabhar, na carachtair agus an phróiséas scríbhneoireachta. Faighimid amach chomh maith faoin bpodchraoladh iontach 'Comhrá le hÓgie', atá trí sraith déanta de go dtí seo.
Marcus Lamb 10.12.2021 29:57
Labhraíonn Marcus Lamb le Seán faoina shaothar leathan aisteoireachta ar an stáitse, ar an teilifís, i scannáin, le guthú agus le hábhair raidió. Insíonn sé do Sheáin faoi chlár nua a bheidh ar RTÉ an bhliain seo chugainn - Treaty - ina ndéanfaidh sé ról Eamon De Valera agus faighimid léargas ar 'The End', dráma stáitse de chuid Samuel Beckett ina raibh Marcus ag aisteoireacht le gairid. Tugann Ma...
Áine Uí Fhoghlú 03.12.2021 33:10
Labhraíonn an scríbhneoir tréitheach Áine Uí Fhoghlú le Seán faoina saothar leathan. Cloisimid faoina leabhar nua, Fóir Orm, foilsithe le gairid ag Cló Iar Chonnacht. Labhraímid faoin duais iontach a bhain sí ag Comórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge, na leabhair go léir atá scríofa aici (filíocht agus ficsean do dhéagóirí, foghlaimeoirí fásta agus daoine fásta) agus Scéalta agus Seanchas, leabh...
Gearóid Ó Ciobháin 03.12.2021 13:45
Labhraíonn Gearóid Ó Ciobháin le Seán faoina haistear drámaíochta suimiúil agus an saothar iontach atá déanta aige go dtí seo. Faighimid léargas ar a charachtar Greg i Ros na Rún agus cloisimid faoina thaithí ar an tsraith i mbliana.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.