Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Society GA ↓ 1146 episodes

Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie

Author

Seán Ó Dubhchon

Category

Society

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Jul 10, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Seán Breathnach 18.03.2022

Labhraíonn an stiúrthóir agus scríbhneoir Seán Breathnach le Seán faoina scannán nua Foscadh atá sna pictiúrlanna faoi láthair agus aitheantas iontach faighte aige. Faighimid amach faoin scannán agus an aistear scannánaíochta atá déanta ag Seán go dtí seo.

Máire Eilis Uí Fhlatharta 18.03.2022

Labhraíonn Máire Eilis Uí Fhlatharta le Seán faoin dianchúrsa nua atá a chur ar fáil ag Acadamh Atlantach agus TG4, le deis a thabhairt do dhaoine a bheith ag obair san earnáil scannánaíochta. Faighimid amach faoin gcúrsa agus an méid iontach atá ag tarlú sa scannánaíocht in iarthar na tíre.

Maggie Hannon 18.03.2022

Labhraíonn Maggie Hannon le Seán faoina saothar ar an stáitse agus ar an teilifís. Faighimid amach faoina aistear drámaíochta agus an traenáil a rinne sí i bPrague, na drámaí ar an stáitse atá scríofa agus curtha i láthair aici (Sister Black agus Heart Shaped) agus a ról nua mar sadie ar Ros na Rún.

Máirín De Brún 11.03.2022

Labhraíonn Máirín De Brún le Seán faoin méid iontach atá bainte amach aici ina saol agus ina cuid oibre, mar mhúinteoir agus le heagraíochtaí ar nós Coiste Ghairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath, Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí, Coiste Náisiúnta an Oireachtais, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus go leor eile. Insíonn Máirín dúinn faoin meid atá déanta aici le hOireachtas na Gaeilge ó bhí 2003 an...

Cian Ó Maolchiaráin 11.03.2022

Labhraíonn Cian Ó Maolchiaráin le Seán faoi thiomsaitheoir airgid iontach atá a dhéanamh aige agus a chara Liam do Pieta House - Blue or Bald for Pieta House - ag deireadh na míosa seo. Insíonn Cian dúinn faoin gofundme atá a dhéanamh acu, leathanach Instagram atá bunaithe acu agus imeacht atá le bheith ar siúl acu ar an 31ú Márta i gClub Áras na nGael. Déanann Cian cur síos ar an tábhacht a bhain...

Mairéad Ní Mhaonaigh 11.03.2022

Labhraíonn Mairéad Ní Mhaonaigh le Seán faoin ról úr atá aici mar ealaíontóir cónaithe le GTeic Gaoth Dobhair. Faighimid amach faoi ceolchoirmeacha a bheidh ag teacht aníos aici le hAltan agus leis na SíFiddlers in Éirinn agus thar lear i mbliana. Insíonn sí dúinn faoi Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, ceol agus cultúr i dTír Chonaill agus an tábhacht a bhaineann le ceol traidisiúnta don chéad ghlú...

Paula Melvin 11.03.2022

Labhraíonn Paula Melvin le Seán faoin méid iontach atá déanta aici agus ar siúl aici le teanga agus pobal na Gaeilge a chur chun cinn. Insíonn sí dúinn faoin ról úr atá aici mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus tugann sí súil siar ar bhuaicphointí móra ina saol go dtí seo.

Karl James 04.03.2022

Labhraíonn an ceoltóir agus cumadóir Karl James le Seán faoina chuid ceoil agus cumadóireachta, a shingil nua iontach - Lockdown - ach go háirithe. 

Gráinne Ní Mhuilneoir 04.03.2022

Labhraíonn Gráinne Ní Mhuilneoir le Seán faoina cuid oibre le litríocht agus léitheoireacht na Gaeilge, an méid a dhéanann sí mar bhainsteoir sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair agus Lá Domhanda na Leabhar. 

Séaghan Ó Súilleabháin 04.03.2022

Labhraíonn Séaghan Ó Súilleabháin le Seán faoina ról mar ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge, an méid a dhéanann sé le Gaeilge a chur chun cinn ar líne agus sraith nua teilifíse atá a thaifead aige faoi láthair. 

Cormac Ó hEadhra 04.03.2022

Labhraíonn Cormac Ó hEadhra le Seán faoin méid atá bainte amach agus ar siúl aige sa chraoltóireacht, a shaothar le RnaG agus RTÉ Raidió 1 agus a ról mar ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge 2022.

Éadaoin Fitzmaurice 25.02.2022

Labhraíonn Éadaoin Fitzmaurice le Seán faoina comhlacht nua FIA Digital agus a cuid oibre le hiriseoireacht dhigiteach a chur chun cinn. Insíonn sí dúinn faoin ról atá ag na meáin shóisialta agus an t-idirlíon san iriseoireacht agus i ndul chun cinn na Gaeilge agus tugann sí súil siar ar an méid iontach atá déanta aici go dtí seo. 

Ciabhán Ó Murchú 25.02.2022

Labhraíonn Ciabhán Ó Murchú le Seán faoina shaol mar phíolóta agus é lonnaithe i Sevilla sa Spáinn. Insíonn sé dúinn faoi na rudaí a spreag é le bheith ina phíolóta, caide mar a mhothaigh a chéad eitilt agus an t-eitilt ar fad atá déanta aige go dtí seo. Tugann Ciabhán súil siar ar a shaothar aisteoireachta chomh maith. 

Inni-K 25.02.2022

Labhraíonn Inni-K le Seán faoin albam nua Iníon atá díreach eisithe aici, chomh maith le camchuairt a bheidh a dhéanamh aici, ag tosú i mí Márta. Insíonn sí dúinn faoin chumadóireacht, amhránaíocht ar an sean nós agus go leor eile.

Seán Seoighe 25.02.2022

Labhraionn Seán Seoighe le Seán faoi na himeachtaí ar fad atá eagraithe ag Áras na nGael do Sheachtain na Gaeilge: Ceolchoirm ar an 5ú Márta, Oíche na mBanríon ar an 11ú Márta, Guerilla Gaeilge ar an 12ú Márta agus Cóisir Lá Fhéile Phádraig ar an 17ú Márta. Insíonn sé dúinn faoin méid iontach a bhí ar siúl ag Áras na nGael le cúpla mí anuas. 

Orlaith Nic Ghearailt 25.02.2022

Labhraíonn Orlaith Nic Ghearailt le Seán faoi Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl ón 1-17ú Márta i mbliana. Insíonn sí dúinn faoin seoladh oifigiúil, na hambasadóirí agus an méid iontach a bheidh ar siúl i scoileanna agus i bpobail i rith SnaG. Breis eolais faoi SnaG ag snag.ie

Conor Ó Domhnaill 25.02.2022

Labhraíonn Conor Ó Domhnaill le Seán faoina bhanna ceoil The Restricted, a chuid cumadóireachta, a singil nua 'Working On A Dream' agus ceolchoirm a bheidh a dhéanamh ag The Restricted le hÁras na nGael, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. 

Donatella 25.02.2022

Labhraíonn an taibheoir drag Donatella le Seán faoi Oíche na mBanríon, a bheidh a reáchtáil ag Áras na nGael i nGaillimh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, 

Conall Ó Máirtín 18.02.2022

Labhraíonn Conall Ó Máirtín le Séan faoina shaothar leathan sa raidió agus sa teilifís le BBC agus TG4. Insíonn sé dúinn faoin tsraith Blas ar BBC Raidió Uladh ar a mbíonn sé le cloisteáil gach seachtain, na sraitheanna Blas na nIriseoirí, Snámh Fiáin, agus Woofáil, chomh maith lena chuid oibre sa tráchtaireacht spóirt. Faighimid léargas ar na rudaí a spreag Conall le tosú ag obair sa chraoltóirea...

Éamonn Ó Dónaill 18.02.2022

Labhraíonn Éamonn Ó Dónaill le Seán faoina shaothar leathan: obair léachtóireachta agus teagaisc, cláir teilifíse (Turas Teanga agus Now You’re Talking), eagarthóireacht agus iriseoireacht (Beo.ie), leabhair ( Gramadach Gan Stró!, Essential Irish Grammar agus Gaeilge Gan Stró! ), Gaelchultúr a bhunú agus na hoícheanta iontach Sult, rudaí atá déanta aige le Gaeilge a spreagadh agus a neartú ar bhea...

Pádraic Breathnach 18.02.2022

Labhraíonn Pádraic Breathnach le Seán faoin oiread iontach atá déanta aige agus ar siúl aige sa drámaíocht. Faighimid amach faoina róil mar Sonny i Ros na Rún, Jacksie i Killnaskully agus Benny I Breakfast On Pluto. Insíonn Pádraic dúinn faoin méid iontach atá bainte amach aige le Macnas agus leis an Galway Arts Centre, agus go leor eile.

Siobhán Ní Ghadhra 18.02.2022

Labhraíonn Siobhán Ní Ghadhra le Seán faoina comhlacht nua Acadamh an Atlantaigh, cúrsa nua a bheidh ar fáil d’éinne le suim acu bheith ag obair san earnáil scannánaíochta agus stiúideonna nua (Atlantic Studios) atá a fhorbairt i nGaillimh. Faighimid amach faoina cuid oibre le Danú Media, a thaithí sa scannánaíocht agus go leor eile.

Róisín Chambers 11.02.2022

Labhraíonn Róisín Chambers le Seán faoin bhféile cheoil Féile Nasc a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine - féile ceoil traidisiúnta agus ceol tíre do gach aoisghrúpa i bPáirc Marlay i mBaile Átha Cliath. Faighimid amach faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl, an bhéim a chuirtear in inbhuanaitheacht agus an spreagadh taobh thiar den fhéile. Insíonn Róisín dúinn chomh maith faoina cuid ceoil féin agus an...

Julie Anne De Brún 11.02.2022

Labhraíonn Julie Anne De Brún le Seán faoin bhfeachtas Leabhra Feabhra, a dhéanann ceiliúradh ar na leabhair iontacha atá ar fáil i nGaeilge do pháistí agus do dhaoine fásta. Insíonn Julie Anne dúinn faoin méid a bheidh ar siúl ar líne, amhrán iontach atá scríofa agus comórtais atá ag teacht aníos. Faighimid moltaí ó Julie Anne maidir le cá háit leabhair Ghaeilge a cheannach agus conas an léitheoi...

Aedín Ní Thiarnaigh 11.02.2022

Labhraíonn Aedín Ní Thiarnaigh le Seán faoina sraith nua 'Faoi Bhláth' a bheidh a chraoladh ar RTÉ gach oíche Luan. Insíonn sí dúinn faoin taithí a bhí aici ag déanamh an tsraith agus faoin ghrá atá aici do bhláthanna, béaloideas agus eitneolaíocht. Cloisimid faoin mháistreacht a rinne Aedín agus an méid atá ar siúl aici le Bláthanna Fiáine - leathanach ar Instagram agus mionshraith ar Cúla 4 ar S...

Listen to the Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.