Seán Ó Dubhchon
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Author
Seán Ó Dubhchon
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 10, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Alex Hijmans 19.08.2022 33:56
Labhraíonn Alex Hijmans le Seán faoina shaothar iriseoireachta le Tuairisc.ie agus Comhar, na leabhair atá scríofa aige, a haistear le Gaeilge agus a shaol sa Bhraisíl.
Máirtín Ó Cathasaigh 19.08.2022 18:33
Labhraíonn Máirtín Ó Cathasaigh le Seán faoina chuid ceoil, amhránaíocht, drámaíocht agus rince. Faighimid léargas ar a ról mar Chruthaitheoir Óg le Siamsa Tíre agus na seónna atá a dhéanamh aige d'Fhéile Rós Thrá Lí - an ceoldráma 'Madagascar' agus 'Fadó Fadó'.
Antóin Ó Trinlúin 12.08.2022 24:05
Labhraíonn Antóin Ó Trinlúin le Seán faoina mháistreacht agus suim sa pholaitíocht, a thaithí in Ollscoil Chorcaí, scríbhneoireacht agus iriseoireacht, Iris Breac agus cuairt a thug sé le labhairt os comhair Thithe an Oireachtais i mbliana, agus an méid a bheidh ar siúl aige i Toronto le hICUF.
Cillian Ó Gairbhí 12.08.2022 16:34
Labhraíonn Cillian Ó Gairbhí le Seán faoina chuid aisteoireachta agus insíonn sé dúinn faoi na róil atá aige faoi láthair, ar an stáitse sa dráma 'The Steward of Christendom' atá ar siúl sa Gate, sna scannáin 'Róise agus Frank' agus 'Tarrac' a bheidh sna pictiúrlanna go luath, agus sa scannán 'Foscadh', ról a fuair ainmniúchán IFTA do i mbliana.
Cormac 'Buzz' Ó Briain 12.08.2022 32:54
Labhraíonn Cormac 'Buzz' Ó Briain le Seán faoi phíobaireacht, cúrsaí ceoil, amhránaíocht agus scéalaíocht, a shaothar raidió le 'Scancáil sa Chathair' ar Raidió Fáilte, agus ranganna a chuireann sé ar fáil d'fhoghlaimeoirí ar líne ag nagaeilabuzz.com.
Antain Mac Lochlainn 05.08.2022 28:04
Labhraíonn Antain Mac Lochlainn le Seán faoina leabhar nua Tóraíocht na Dea-Bheatha. Insíonn sé dúinn chomh maith faoina shaothar aistriúcháin agus eagarthóireachta, na suíomhanna ceimaraghaidh.ie agus aistear.ie, na leabhair atá scríofa aige agus go leor eile.
Aimée Ní Chonaing 05.08.2022 24:18
Labhraíonn Aimée Ní Chonaing le Seán faoina cuid filíochta agus scríbhneoireachta, an grúpa Ó Bhéal na mBan, píosa a scríobh sí don tsraith 'Aistí Ón Aer', an saol ollscoile, múinteoireacht, obair sna meáin agus go leor eile.
Doimnic Mac Giolla Bhríde 05.08.2022 26:47
Labhraíonn Doimnic Mac Giolla Bhríde faoi chúrsaí ceoil agus cumadóireachta, Corn Uí Riada, albaim atá scríofa agus taifeadta aige, na leabhair 'Ící Pící' agus 'Polcaphonc', taighde ar amhránaíocht ar an sean nós agus go leor eile.
Niall Comer 29.07.2022 42:47
Labhraíonn Niall Comer le Seán faoin seal a chaith sé mar Uachtarán le Conradh na Gaeilge, feachtais teanga, Iontaobhas Ultach agus an tUltach, a chuid oibre le hOllscoil Uladh, an teanga atá déanta aige ar logainmneacha agus cearta teanga, agus go leor eile.
Johnny Óg Connolly 29.07.2022 21:34
Labhraíonn Johnny Óg Connolly le Seán faoina shaothar ceoil agus cumadóireachta, buaicphointí ceoil, camchuairteanna móra ar fud an domhain, na halbaim atá cumtha agus taifeadta aige, An Cosán Draíochta agus an méid atá le teacht i mbliana.
Séamus Ó Fionnagáin 29.07.2022 22:25
Labhraíonn Séamus Ó Fionnagáin le Seán faoin leathanach agus suíomh Gaelgory a thosaigh sé le mic léinn meánscoile a spreagadh le sult a bhaint as an nGaeilge, an scéim téacsleabhair Gaeilge Abú a scríobh sé, an carachtar T-Rex Ó Saurus, a chuid oibre le coláistí samhraidh agus go leor eile.
Séaghan Ó Súilleabháin 27.07.2022 8:01
Labhraíonn Séaghan Ó Súilleabháin le Seán faoi Féile Lughnasadh a bheidh ar siúl i mBaile an Mhuilinn i gCiarraí idir amárach (Déardaoin 28 Iúil) agus an Domhnach (31 Iúil).
Aodhán Ó Baoill 22.07.2022 26:23
Labhraíonn Aodhán Ó Baoill le Seán faoina shraith raidió - Turais - ar BBC Raidió Uladh / BBC Sounds, a chuid oibre leis an gcomhlacht Clean Slate, an taisteal atá déanta aige, a leabhar The Inner Beauty of a Pilgrim's Soul agus go leor eile.
Breandán De Gallaí 22.07.2022 22:23
Labhraíonn Breandán De Gallaí le Seán faoina chuid oibre leis an gcompántas damhsa Ériu agus an grúpa Na Mic Ua gCorra, an seó 'The Village' atá a chur ar an stáitse aige agus a haistear iontach le damhsa agus le léann.
Réamonn Ó Ciaráin 22.07.2022 42:17
Labhraíonn Réamonn Ó Ciaráin le Seán faoina ról nua mar Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, a shaothar le Gael Linn go dtí seo, Aonach Mhacha, Iontabhas Ultach, a chuid oibre leis an gCumann Lúthchleas Gael agus go leor eile.
Brídanna Ní Bhaoill 22.07.2022 40:41
Labhraíonn Brídanna Ní Bhaoill le Seán faoi Sheanchas Sheáin Néill, na tograí atá déanta aici le saothar Mhicí Sheáin Néill a chomóradh (an leabhar 'Scéal Cú Chulainn', an dlúthdhiosca 'Seanchas Sheáin Néill' agus ceolchoirm speisialta a cuireadh ar siúl anuraidh) agus a saothar iontach féin mar scéalaí. Tugann sí súil siar ar bhauicphointí agus cuimhní móra, an bua a bhí aici ag Fleadh Ceoil na h...
Dónal O'Connor 22.07.2022 14:41
Labhraíonn Dónal O'Connor faoi Belfast TradFest, a bheidh ar siúl ón 23-29 Iúil.
Marcas Mac an Tuairneir 15.07.2022 43:41
Labhraíonn Marcas Mac an Tuairneir le Seán faoina halbam nua Speactram atá a éisiúint aige le Watercolour Music, agus a chnuasach filíochta nua Polaris, atá foilsithe ag Leamington Books.
Emma Ní Chearúil 15.07.2022 27:06
Labhraíonn Emma Ní Chearúil le Seán faoin tsraith raidió Brisim Achan Raidió ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a cuid oibre mar léiritheoir ar Splanc ar Newstalk, saothar le hOireachtas na Gaeilge, a cuid scríbhneoireachta do Tuairisc agus blag nua atá a scríobh aici.
Kern Morgan 15.07.2022 26:49
Labhraíonn Kern Morgan le Seán faoin méid atá bainte amach aige agus ar siúl aige leis an seandálaíocht, staidéar atá déanta aige ar sheandálaíocht an Dál Riada ach go háirithe. Insíonn sé faoina shuim sa litríocht Bhéarla agus a ghrá don Ghaeilge, chomh maith leis an bua iontach atá aige mar chlárscátálaí, agus na mílte cleasa ar a dtoil aige agus roinnte aige ar YouTube.
An Dr. Gearóidín McEvoy 15.07.2022 23:31
Labhraíonn an Dr. Gearoídín McEvoy le Seán faoina cuid oibre sa dlí, a PhD agus togra atá idir lámha aici faoi láthair ar chearta dlí do theanga chomharthaíochta. Insíonn sí do Sheáin faoina cuid fuáil, cniotáil agus ceardaíocht chomh maith, saothar atá le feiceáil ar an leathanach fuálainn ar Instagram.
Ríona Sally Hartman 17.06.2022 20:18
Labhraíonn Ríona Sally Hartman le Seán faoin ngrúpa nua Luí Lom, atá tosaithe aici féin le Cian Mac Cárthaigh, Ross Whyte agus Alasdair Whyte. Insíonn sí do Sheáin faoina céad albam, saothar atá a chumadh agus a eisiúint aici faoi láthair, amhráin le hIMLÉ agus go leor eile.
Seán Seoighe 17.06.2022 9:49
Labhraíonn Seán Seoighe faoi na himeachtaí ar fad a bheidh ar siúl in Áras na nGael i rith an tsamhraidh, ina measc an fhéile Ar Imeall, Sesh an tSamhraidh agus Cóisir Lá Bróid.
Martha Fitzgerald 17.06.2022 13:29
Labhraíonn Martha Fitzgerald ón gcompántas drámaíochta Fizz and Chips Productions faoi na tograí ar fad atá ar siúl acu faoi láthair. Insíonn sí dúinn faoin scannán Faitíos a rinne siad anuraidh, a gcéad dráma Dragon agus seó nua – A Natural Science – atá ar siúl i Ros Comáin ar an 23 Meitheamh.
Pádraig Ó Cuinneagáin 17.06.2022 17:39
Labhraíonn Pádraig Ó Cuinneagáin le Seán faoina chuid filíochta, scríbhneoireacht agus cúrsaí craoltóireachta. Insíonn sé dúinn faoin tsraith raidió Meabhartháinte agus a thaithí le hÉigse Éireann Ceannlínte, scannánaíocht agus go leor eile.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.