Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Society GA ↓ 1146 episodes

Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie

Author

Seán Ó Dubhchon

Category

Society

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Jul 10, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Bríd Ní Ghallchóir 17.06.2022

Labhraíonn Bríd Ní Ghallchóir ó Aisling Ghéar le Séan faoi 25 bliain den chompántas, buaicphointí móra thar na blianta, chomh maith le hachainí agus feachtas a bhí ar siúl acu le gairid.

Louisa Ní Éideáin 10.06.2022

Labhraíonn Louisa Ní Éideáin le Seán faoina saothar iontach mar fhuirseoir, gigeanna atá déanta aici, oícheanta le Gaelgáirí, cúrsaí ceoil agus ióga.

Clíodhna Ní Chorráin 10.06.2022

Labhraíonn Clíodhna Ní Chorráin le Seán faoi na sraitheanna ‘Le Chéile’ agus ‘Buachaillí Ón Éirne’ atá déanta ag Macha Media, a cuid oibre san earnáil teilifíse agus ag feachtasaíocht leis an Dream Dearg.

Elaine Scahill 10.06.2022

Labhraíonn Elaine Scahill le Seán faoina cuid oibre le Cuisle, clár de chuid Ealaín na Gaeltachta, agus Cruinniú na nÓg a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo.

Linda Keating 10.06.2022

Labhraíonn Linda Keating le Seán faoi cheardlann a bheidh a thabhairt aici le GTeic Gaoth Dobhair. Insíonn sí dúinn faoina cuid oibre le teicneolaíocht agus forbairt gréasáin, agus faoina cluiche Foclach.

Gavin Ó Fearraigh 03.06.2022

Labhraíonn Gavin Ó Fearraigh le Seán faoi na rudaí ar fad atá bainte amach aige go dtí seo mar aisteoir, láithreoir, mainicín agus rinceoir. Insíonn Gavin dúinn faoina shaol i Meiriceá agus an méid iontach atá ar siúl aige le Encore Dance. Is é Gavin an 300ú aoi ar Seal le Seán. 

Lisa Nic An Bhreitheamh 03.06.2022

Labhraíonn Lisa Nic An Bhreitheamh le Seán faoin obair ar fad atá déanta aici bainteach leis an Eoraip agus le cearta LADT. Insíonn Lisa dúinn faoin méid atá ar siúl ag Shout Out agus Equality for Children, agus tugann sí súil siar ar an méid a baineadh amach le TáComhionnanas. Déanann Lisa cur síos chomh maith ar Fada is Fairsing, a sraith iontach ar Raidió na Life. 

Pól Penrose 03.06.2022

Labhraíonn Pól Penrose le Seán faoi Bród na Gaeltachta, féile bróid a bheidh ar siúl i gCloich Cheann Fhaola i dTír Chonaill an mhí seo chugainn. Insíonn Pól dúinn chomh maith faoi fhéile stairiúil eile - Bród Inis Eoghain - a bheidh ar siúl thar an deireadh seachtaine i nDún na nGall. 

Gearóid Ó Cleircín 03.06.2022

Labhraíonn Gearóid Ó Cleircín le Seán faoi Gradam an Uachtaráin i DCU a bhí bronnta air le gairid agus insíonn sé dúinn faoina chuid oibre le tearmaíocht na Gaeilge. Faighimid léargas ar Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU, Gaois, Téarma, LEX agus go leor eile. 

Francis Mezza 27.05.2022

Labhraíonn Francis Mezza faoina shaothar aisteoireachta, conas canúintí a chleachtadh, a thraenáil aisteoireachta agus róil mhóra a bhí aige le drámaí de chuid Aisling Ghéar agus a ról ar Derry Girls.

Derek Hollingsworth 27.05.2022

Labhraíonn Derek Hollingsworth le Seán faoina haistear le Gaeilge, Pobal Gaeilge 15 agus a bhlag Irish Language Matters. 

Martha Dalton 27.05.2022

Labhraíonn Martha Dalton le Seán faoin veigeánachas, a leathanach @marthathevegan agus dea-nósanna veigeánacha. 

Annamaria Nic Dhonnchadha 27.05.2022

Labhraíonn Annamaria Nic Dhonnchadha le Seán faoi Ros na Rún, a cuid ceol tíre agus ceolchoirm mór 50 bliain Raidió na Gaeltachta. 

Liam Ó Maonlaí 20.05.2022

Labhraíonn Liam Ó Maonlaí le Seán faoi Altitude, albam leis an mbanna ALT (Andy Liam Tim) a tháinig amach ar dtús i 1995 agus atá atheisithe ar vinyl le déanaí. Faighimid amach faoin dóigh a tháinig an banna le chéile agus insíonn Liam dúinn chomh maith faoi chamchuairt Eorpach a rinne sé le déanaí, a shraith raidió Cuan an Cheoil agus ceolchoirmeacha atá ag teacht aníos leis na Hothouse Flowers.

Séamas Mac Eochaidh 20.05.2022

Labhraíonn Séamas Mac Eochaidh le Seán faoina leabhar nua ‘Mo Shaol go dtí Seo’ atá foilsithe ag An Cat Sásta. Insíonn Séamas dúinn faoina haistear scríbhneoireachta agus faighimid léargas cuimsitheach ar na carachtair agus an smaoineamh taobh thiar den leabhar.

Thom Breathnach 20.05.2022

Labhraíonn Thom Breathnach le Seán faoina thaithí ag taisteal ar fud na cruinne agus an tábhacht a bhaineann le turasóireacht mhall agus meas na timpeallachta agus an dúlra dóibh siúd a bhíonn ag taisteal. Faighimid amach faoina shaothar iriseoireachta agus an méid atá bainte amach aige go dtí seo.

Colm Seoighe 20.05.2022

Labhraíonn Colm Seoighe le Seán faoin singil nua Leath Bhróigín atá eisithe aige féin agus an banna Colm Seoighe agus na hEasógaí. Insíonn Colm dúinn faoin mbanna agus an dóigh a tháinig siad le chéile.

Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin 20.05.2022

Labhraíonn Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin le Seán faoina ról nua mar Oifigeach Forbartha le Glór na nGael, agus í lonnaithe i mBéal Feirste leis an ról. Insíonn Ceithleann dúinn faoin méid iontach atá déanta aici sa Ghaeilge le leithéidí UCD agus le Gael Linn.

Cúán Mac Conghail 13.05.2022

Labhraíonn Cúán Mac Conghail le Seán faoin tsraith nua - Keep It Up - atá léirithe ag Macalla agus a chraoladh ar RTÉ, le spreagadh a thabhairt do chailíní coimeád leis an spórt. 

Cormac Ó Beaglaoich 13.05.2022

Labhraíonn Cormac Ó Beaglaoich le Seán faoina halbam nua 'B' atá eisithe inniu, ceolchoirmeacha a bheidh ar siúl aige i mbliana, Slí na mBeaglaoich agus go leor eile. 

Neil Farren 13.05.2022

Labhraíonn Neil Farren le Seán faoi Chomórtas Eurofíse na bliana seo agus a chuid saothar iontach mar thuairisceoir ag an gcomórtas. 

Colm Bairéad 13.05.2022

Labhraíonn Colm Bairéad le Seán faoin scannán nua - An Cáilín Ciúin - atá sna pictiúrlanna anois. Faighimid léargas ar thaithí agus ar shaothar iontach Choilm. 

IMLÉ 13.05.2022

Labhraíonn Cian Mac Cárthaigh agus Pádraig Ó Conghaile le Seán faoin cheirnín nua - Fáilte Isteach - atá eisithe acu. 

Caoimhe Ní Chathail 06.05.2022

Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail le Seán faoin tsraith nua – Croí na Ceiste le Caoimhe – a bheidh a chraoladh ar BBC2 NI gach oíche Luan ag a 10. Insíonn Caoimhe dúinn chomh maith faoina saothar raidió ar Sin Ráite (Raidió Fáilte) agus Blas (BBC Raidió Uladh), agus faoi Fhéile na Gealaí a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn.

Seán Óg Ó Duinnín 06.05.2022

Labhraíonn Seán Óg Ó Duinnín le Seán faoin bhfeasacht agus forbairt atá déanta aige, faoina chuid oibre mar oide saoil agus príomhoide iar-bhunscoile, a phodchraoladh agus blag ‘Spreagadh Saoil’ agus dráma nua – Shame the Devil – a bheidh a dhéanamh aige go luath.

Listen to the Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.