Seán Ó Dubhchon
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Author
Seán Ó Dubhchon
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 10, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Fionnuala Ní Fhlatharta 30.09.2022 16:20
Labhraíonn Fionnuala Ní Fhlatharta le Seán faoi na scéalta móra atá ag titim amach le Berni ar Ros na Rún.
Éilis Neary 30.09.2022 14:37
Labhraíonn Éilis Neary le Seán faoina ról nua le hAontas na Scríbhneoirí Gaeilge, a PhD le Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU agus a leabhar nua do pháistí - Dóchas Pócas - atá ag teacht amach go luath.
Loretta Ní Ghabháin 23.09.2022 29:02
Labhraíonn Loretta Ní Ghabháin le Seán faoin méid atá bainte amach agus ar siúl aici sna meáin agus faoina comhlacht féin Lorg Media.
Feilimí O'Connor 23.09.2022 25:44
Labhraíonn Feilimí O'Connor le Seán faoin tsraith nua 'Ceol Ón Chlann', na cláir 'An Cósta Thiar', 'RnaG ag 50' agus 'Seán Ó Riada: Mo Sheanathair', agus an méid atá ar siúl aige agus bainte amach aige le Táin Media.
Maitiú Ó Coimín 23.09.2022 29:20
Labhraíonn Maitiú Ó Coimín le Seán faoi eachtra a thit amach le gairid, inar gortaíodh é agus inar ghabh na Gardaí a rothar. Insíonn sé dúinn faoin rothaíocht i mBaile Átha Cliath, an ceart atá ann plé leis an státseirbhís trí Ghaeilge, an chailíocht ata bainte amach aige san oideachas allamuigh agus go leor eile.
Darach Ó Scolaí 23.09.2022 19:41
Labhraíonn Darach Ó Scolaí le Seán faoina leabhar nua Súil an Daill, foilsitheoireacht agus scríbhneoireacht, Leabhar Breac agus go leor eile.
Jack Warnock 16.09.2022 25:37
Labhraíonn Jack Warnock le Seán faoina halbam nua 'Le Solas Faoithine' agus faighimid léargas iontach ar an t-aistear atá déanta ag Jack lena chuid ceoil.
Rachael Moriarty 16.09.2022 22:27
Labhraíonn Rachael Moriarty, duine de scríbhneoirí agus stiúrthóirí an scannáin 'Róise agus Frank' le Seán, agus tugann sí súil siar ar an méid atá bainte amach aici go dtí seo sa scannánaíocht.
Rebecca Ní Dhonaille 16.09.2022 12:05
Labhraíonn Rebecca Ní Dhonaille le Seán faoina ról nua mar láithreoir Blas ar an Déardaoin, ar BBC Raidió Uladh. Insíonn sí do Sheáin faoina cuid craoltóireachta.
Naoise Ó Cairealláin 16.09.2022 10:10
Labhraíonn Naoise Ó Cairealláin le Seán faoina dhráma nua 'Minimal Human Contact' a scríobh sé, agus atá a léiriú ag Aisling Ghéar, le Seán T. Ó Meallaigh sa phríomhról. Beidh Minimal Human Contact a chur i láthair ag an Dublin Fringe Festival agus sa Chultúrlann i mBéal Feirste.
Julie Jay 09.09.2022 23:54
Labhraíonn Julie Jay le Seán faoin seó nua 'Oops! This Is Toxic', na podchraolta 'Up to 90' agus 'Crimeland', a cuid fuirseoireachta agus neart eile.
Máirín Nic Dhonnchadha 09.09.2022 30:18
Labhraíonn Máirín Nic Dhonnchadha le Seán faoina ról nua mar Cheannasaí Oireachtas na Gaeilge, breis agus scór bliain go dtí seo le hOireachtas na Gaeilge, Oireachtas na Samhna 2022 agus go leor eile.
Colm Mac Con Iomaire 09.09.2022 28:03
Labhraíonn Colm Mac Con Iomaire le Seán faoina shaothar leathan ceoil agus cumadóireachta, ceolchoirmeacha agus cuimhní móra, an trí fadcheirnín atá eisithe aige agus na tograí atá idir lámha aige faoi láthair.
Ré Ó Laighléis 09.09.2022 27:59
Labhraíonn Ré Ó Laighléis le Seán faoina shaothar leathan scríbhneoireachta, a chuid oibre le Móinín agus an Scríobhlann, agus go leor eile.
Chris McCaffrey 02.09.2022 22:43
Labhraíonn Chris McCaffrey le Seán faoin méid atá ar siúl aige sa pholaitíocht, a chuid oibre mar chomhairleoir áitiúil i bhFear Manach Éirne Thiar, a aistear le Sinn Féin, a chuid oibre sna meáin agus mar mhúinteoir meánscoile.
Clíona Ní Ghallachóir 02.09.2022 27:03
Labhraíonn Clíona Ní Ghallachóir le Seán faoin amhránaíocht ar an sean nós, Craobh na hÉireann a bhaint ag Fleadh Ceoil na hÉireann, na coirn atá bainte aici le gairid, cúrsaí aistriúcháin, aisteoireacht agus go leor eile.
Colm Mac Gearailt 02.09.2022 16:37
Labhraíonn Colm Mac Gearailt le Seán faoina charachtar Briain ar Ros na Rún agus an séasúr nua ar tuí tosú. Insíonn sé dúinn faoi na scéalta móra, a shaothar filíochta agus an méid a bhí ar siúl aige i mbliana sa Dísirt.
Seán Begley 02.09.2022 22:48
Labhraíonn Seán Begley le Seán faoina chuid fuirseoireachta, na seónna ‘Tragic’ agus ‘Faux Pa’, na fuirseoirí is mó a bhí ina thionchar air, agus na gigeanna atá déanta aige agus atá ag teacht aníos.
Sam Ó Fearraigh, Seanán Mac Aoidh agus Máirín De Buitléir 26.08.2022 16:21
Labhraíonn Sam Ó Fearraigh, Seanán Mac Aoidh agus Máirín De Buitléir le Seán faoin bhfeachtas tithíochta atá a reáchtáil acu le díriú ar na dúshláin tithíochta sa Ghaeltacht.
MacDara Ó Conaola 26.08.2022 27:40
Labhraíonn MacDara Ó Conaola le Seán faoina chuid ceoil agus amhránaíochta, an togra 'Péigín s' Peadar', 'An Teanga Uaine', a ról úr mar Oifigeach Pleanála Teanga in Inis i gContae an Chláir agus go leor eile.
Eoin Mac Donncha 26.08.2022 20:32
Labhraíonn Eoin Mac Donncha le Seán faoina shaol agus a shaothar mar rinceoir, buaicphointí móra, a chuid oibre le compántas rince Frenak agus go leor eile.
Colette Ní Ghallchóir 26.08.2022 9:55
Labhraíonn Colette Ní Ghallchóir le Seán faoina cuid filíochta, cónaitheacht Cill Rialaig, a saol mar mhúinteoir agus go leor eile.
Dáithí Ó Sé 19.08.2022 17:10
Labhraíonn Dáithí Ó Sé faoin bhféile 'Rose of Tralee' a bheidh ar siúl an Luan agus an Mháirt seo chugainn (22-23 Lúnasa), sraith nua de 'Seal le Dáithí', 'The Today Show', togra tógála atá ar siúl aige, buaicphointí agus cuimhní móra teilifíse agus go leor eile.
Seán Mac Corraidh 19.08.2022 16:41
Labhraíonn Seán Mac Corraidh le Seán faoina chuid ceoil le Clann Mhic Corraidh agus na Hot Whiskeys, tiomsaitheoir airgid a rinne a theaghlach d'Ospís Bhéal Feirste, ceolchoirmeacha móra, cúrsaí CLG le clubanna Naomh Póil agus Laochra Loch Lao, agus a chuid oibre mar mhúinteoir bunscoile.
Cuisle Nic Liam 19.08.2022 28:35
Labhraíonn Cuisle Nic Liam le Seán faoina cuid oibre mar Chomhordaitheoir Cearta Teanga le Conradh na Gaeilge agus leis an Dream Dearg, buaicphointí móra agus spriocanna an Dream Dearg, chomh maith le suíomh nua agus lámhleabhar a seoladh le gairid.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.