Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Society GA ↓ 1146 episodes

Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie

Author

Seán Ó Dubhchon

Category

Society

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Jul 10, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Cathal Ó Curráin 11.11.2022

Labhraíonn Cathal Ó Curráin le Seán faoi Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, a halbam 'Cosán Ceoil', an corn a bhain sé san amhránaíocht faoi-35 ag Oireachtas na Samhna, na hainmniúcháin atá faighte aige ag Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Raidió a hAon, saothar le The High Seas agus go leor eile. 

Róise Ní Bhaoill 11.11.2022

Labhraíonn Róise Ní Bhaoill faoina cnuasach gearrscéalta nua 'Imram agus Scéalta Eile' atá foilsithe ag Éabhlóid, agus tugann sí súil siar ar an méid atá bainte amach aici le hIontaobhas Ultach agus ina cuid taighde agus scríbhneoireachta. 

Kathryn Ní Mhaoláin 11.11.2022

Labhraíonn Kathryn Ní Mhaoláin le Seán faoina podchraoladh nua 'Sílim That...', a EP 'Glas', a saol i gCarn Tóchair, Machaire Rabhartaigh agus Béal Feirste, agus an méid atá idir lámha aici i mBarcelona, saothar le Sunrise Social ina measc. 

Sinéad Ní Uallacháin 04.11.2022

Labhraíonn Sinéad Ní Uallacháin le Seán faoin bhfeachtas ‘Creidim Ionat’ le Foras na Gaeilge agus Lorg Media, an méid atá ar siúl aici le Beo Ar Éigean, agus an séasúr nua de Réalta agus Gaolta.

Dave Duggan 04.11.2022

Labhraíonn Dave Duggan le Seán faoina húrscéal nua Ór agus Mil, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, agus a shaothar leathan scríbhneoireachta.

Dairena Ní Chinnéide 04.11.2022

Labhraíonn Dairena Ní Chinnéide le Seán faoina cnuasach nua ‘Cinnlínte: Breaking Verse’, buaicphointí móra agus a cuid filíochta. www.dairenanichinneide.com

Maitiú Charleton 04.11.2022

Labhraíonn Maitiú Charleton le Seán faoin dráma nua – Dís – atá scríofa aige bunaithe ar ghearrscéal Siobhán Ní Shúilleabháin, agus faoin méid atá á dhéanamh aige le CC:Zine, CC:Live agus go leor eile.

Cairbre Ó Cairealláin 28.10.2022

Labhraíonn Cairbre Ó Cairealláin le Seán faoina chuid oibre le foirne CLG Luimnigh agus Thiobraid Árainn, a ghairm mar chóitseálaí nirt agus aclú, a haistear le spórt agus buaicphointí móra go dtí seo. Insíonn sé dúinn faoina thaithí ag tabhairt Corn Liam Mhic Cárthaigh abhaile go Béal Feirste leis le déanaí, agus faoi cad é mar a mhothaigh sé Liam a bhuachan i mbliana. 

Cian Mac Cárthaigh 28.10.2022

Labhraíonn Cian Mac Cárthaigh le Seán faoin méid atá ar siúl ag IMLÉ - ceolchoirm sa Cobblestone ar an Satharn 29 Deireadh Fómhair, agus dátaí in Ard Mhaca agus Londain; an t-albam 'Fáilte Isteach' agus ceol nua atá ar an bhealach. Faighimid amach faoin tsraith theilifíse 'Dizzy Deliveries' a rinne Cian a léiriú. 

Máire Bhreathnach 28.10.2022

Labhraíonn Máire Bhreathnach le Seán faoin tsraith is déanaí de 'An Focal Scoir' agus na tograí móra atá idir lámha aici ar an teilifís agus ar an raidió.

Clare Sands 28.10.2022

Labhraíonn Clare Sands le Seán faoina albam nua 'Clare Sands', ceolchoirmeacha móra atá déanta aici agus ag teacht aníos, agus a aistear ceoil. 

Dáithí de Mórdha 21.10.2022

Labhraíonn Dáithí de Mórdha le Seán faoina leabhar nua 'Raidió na Gaeltachta: Cultúr agus Pobal' atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, agus an méid atá bainte amach aige sa chraoltóireacht, a chlár 'Cartlann Bhóthar na Léinsí' san áireamh. 

Brídín 21.10.2022

Labhraíonn Brídín le Seán faoina albam nua 'Brídín', a saol ceoil, na hamhráin is déanaí atá eisithe aici agus na ceolchoirmeacha atá déanta aici i mbliana agus ag teacht aníos. 

Colm Ó Fatharta 21.10.2022

Labhraíonn Colm Ó Fatharta le Seán faoina ról mar Evan ar Ros na Rún, a shaol mar aisteoir agus an méid atá siúl aige san earnáil acmhainní dhaonna i Londain. 

Aodhán Ó Deá 21.10.2022

Labhraíonn Aodhán Ó Deá le Seán faoi Gaeilge24, feachtas atá ag tarlú ar an 15 Samhain, le dúshlán spreagúil a thabhairt do scoileanna Gaeilge a labhairt don lá ar fad. 

Eoghan Mac Giolla Bhríde 14.10.2022

Labhraíonn Eoghan Mac Giolla Bhríde le Seán faoin leabhar Bláth na dTulach, a bhuaigh Gradam Uí Shúillebháin ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, agus a chnuasach is déanaí Cnámh. Faighimid léargas ar shaol na foilsitheoireachta sa teach foilsitheoireachta Éabhlóid agus insíonn Eoghan dúinn faoina thaithí aisteoireachta sa scannán 'The Queen V Patrick O'Donnell'.

Aisling Ní Dhonnabháin 14.10.2022

Labhraíonn Aisling Ní Dhonnabháin le Seán faoina ról nua mar láithreoir ar Eco Loach, sraith nua ar TG4. Faighimid léargas ar a cuid oibre le Conradh na Gaeilge, an taighde aitheanta a rinne sí san ollscoil agus go leor rudaí iontacha eile. 

An Dr Deirdre Ní Chonghaile 14.10.2022

Labhraíonn an Dr Deirdre Ní Chonghaile le Seán faoin taispeántas nua 'Saíocht agus Saoránacht: Tomás Ó Máille', a thugann léargas dúinn ar an lorg atá fagtha ag an chéad Ollamh le Gaeilge riamh in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, agus ceannródaí a rinne na céadta taifid ar amhráin, scéalta, canúintí agus cultúr Ghaeilge an iarthar. 

Fearghas Mac Lochlainn 14.10.2022

Labhraíonn Fearghas Mac Lochlainn le Seán faoina phictiúrleabhar An Slipéar Gloine, a bhuaigh Gradam Réics Carló ag Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais. Insíonn sé dúinn faoina shaothar leathan scríbhneoireachta agus cumadóireachta, idir leabhair, amhráin, lúibíní agus agallaimh bheirte. 

Niamh Ní Chróinín 07.10.2022

Labhraíonn Niamh Ní Chróinín le Seán faoi chaineál nua Cúla 4, an méid atá ar siúl aici mr láithreoir le Cúla 4 agus mar mholtóir le Junior Eurovision, agus go leor eile.

Peadar Mac Fhlannchadha 07.10.2022

Labhraíonn Peadar Mac Fhlannchadha le Seán faoin 40 bliain ata caite aige le Conradh na Gaeilge, cuimhní móra agus na rudaí atá bainte amach le dhá scór bliain anuas.

Conchúr Ó Faoláin 07.10.2022

Labhraíonn Conchúr Ó Faoláin le Seán faoina chuid oibre sa raidió agus a hainmniúchán do Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais.

Katie Ní Loinsigh 07.10.2022

Labhraíonn Katie Ní Loinsigh le Seán faoina cuid oibre le Pleanáil Teanga Chois Fharraige agus Féile Chois Fharraige atá ar siúl an tseachtain seo.

Dónall Mac Ruairí 30.09.2022

Labhraíonn Dónall Mac Ruairí le Seán faoin méid atá bainte amach aige mar láithreoir agus léiritheoir raidió, ar mar cheoltóir agus amhránaí, agus díríonn muid ar shaothar Chlann Mhic Ruairí. 

Evelyn Ní Ghriallais 30.09.2022

Labhraíonn Evelyn Ní Ghriallais le Seán faoina cuid oibre le rásaíocht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4, an bhanaltracht agus a ainmniúchán do Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumsarsáide an Oireachtais. 

Listen to the Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.