Seán Ó Dubhchon
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Author
Seán Ó Dubhchon
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 10, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Barbara Nic Dhonnacha 23.12.2022 23:49
Labhraíonn Barbara nic Dhonnacha le Seán faoina cuid craoltóireachta agus a aistear sa raidió, na cláir atá a dhéanamh aici ar Galway Bay FM, Gradam Chumarsáide a bhaint agus go leor eile.
Mícheál Ó Conghaile 23.12.2022 11:42
Labhraíonn Mícheál Ó Conghaile le Seán faoina leabhar nua Nollaig Oileánach.
Aoife Ní Mhórdha 23.12.2022 12:11
Labhraíonn Aoife Ní Mhórdha le Seán faoina cuid ceoil agus amhránaíochta, a banna We're Not Together, Kickstarter atá ar bun acu agus pleananna le ceol a thaifead sa bhliain úr.
Niall Mac Eachmharcaigh 23.12.2022 12:12
Labhraíonn Niall Mac Eachmharcaigh le Seán faoi na scéalta móra le John Joe ar Ros na Rún.
Eimear Nic Oireachtaigh 17.12.2022 17:47
Labhraíonn Eimear Nic Oireachtaigh faoi Líonra Alumni, a bheidh a sheoladh ar an 19ú Nollaig i mBaile Átha Cliath. Cloisimid faoin méid a bheidh ar siúl acu agus faighimid léargas iontach ar an méid atá ar siúl ag Eimear mar chomordaitheoir tríú leibhéal, an méid atá bainte amach aici le Gaeilge le Eimear agus go leor eile.
Seán Ó Muiris 17.12.2022 12:51
Labhraíonn Seán Ó Muiris le Seán faoin oíche Karaoke na Gaeilge a bheidh a reachtáil i gClub Chonradh na Gaeilge ar an 17ú Nollaig. Insíonn Seán dúinn faoina leathanach Youtube agus na hamhráin ar fad atá ar fáil ansin.
Ailbhe Ní Ghearrbhuigh 09.12.2022 9:27
Labhraíonn Ailbhe Ní Ghearrbhuigh le Seán faoina cnuasach filíochta nua 'Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile'.
Ciarán Mac Fhearghusa 09.12.2022 22:39
Labhraíonn Ciarán Mac Fhearghusa le Seán faoina leabhar nua Diarmuid agus an Mata Yoga Draíochta san Astráil, cártaí a théann leis an leabhar, a ghnó Óga Yoga, gradam Q-Mharc Ghnó a bhain sé ag na Gradaim Gnó agus go leor eile.
Seirce Mhac Chonghail 09.12.2022 18:36
Labhraíonn Seirce Mhac Chongail le Seán faoi Fighting Words agus ceardlanna nua as Gaeilge.
Eoghan Ó Ceannabháin 09.12.2022 18:24
Labhraíonn Eoghan Ó Ceannabháin le Seán faoina halbam nua 'The Deepest Breath', an scannán 'North Circular', agus a shaothar leathan le Skipper's Alley, Eoghan agus Ultan, agus go leor eile.
Colm Mac Séalaigh 09.12.2022 24:29
Labhraíonn Colm Mac Séalaigh le Seán faoina halbam nua '1967'.
John Spillane 02.12.2022 14:22
Labhraíonn John Spillane le Seán faoina halbam nua 'In Another Light', camchuairt nua atá a dhéanamh aige agus buaicphointí mór ina haistear ceoil.
Colm Ó Foghlú 02.12.2022 34:43
Labhraíonn Colm Ó Foghlú le Seán faoina halbam nua 'Returning: Filleadh', buaicphointí móra ina haistear ceoil, ceolchoirmeacha móra agus an méid iontach atá bainte amach agus ar siúl aige sa drámaíocht agus sa cheol.
Fionntán de Brún 02.12.2022 36:52
Labhraíonn Fionntán de Brún le Seán faoina chnuasach gearrscéalta 'Litir Ó Mo Mháthair Altrama agus Scéalta Eile', a chéad úrscéal 'Béal na Peiste', a chuid taighde agus an méid atá ar siúl aige mar Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.
Eoin P. Ó Murchú 25.11.2022 21:58
Labhraíonn Eoin P. Ó Murchú le Seán faoin méid a bhain sé amach leis an seó Tinte na Farraige Duibhe, a stiúir sé mar chuid d’Fhéile IMRAM, agus faoin úrscéal é féin. Insíonn sé dúinn faoi Na Gaeil Óga, imeachtaí atá ag teacht aníos le hAmhránaithe an Club agus GaelGÁIRÍ agus go leor eile.
Aoibhín Ní Dheagha 25.11.2022 21:55
Labhraíonn Aoibhín Ní Dheagha le Seán faoin nGradam Gnó a bronnadh uirthi mar Fhiontraí Óg na Bliana 2022 agus faoin méid atá bainte amach aici lena gnó féin Cácaí Aoibhín.
Síle Uí Chiaráin 25.11.2022 39:17
Labhraíonn Síle Uí Chiaráin le Seán faoina ról nua mar Crystal ar Ros na Rún agus an t-aistear saoil fhíorspéisiúil atá déanta aici, óna taithí mar mhúinteoir bunscoile go dtí an ghairm nua atá bainte amach aici sa chóitseáil saoil agus síciteiripe, rath atá bainte amach aici lena podchraoladh I Meiriceá agus scéal speisialta a mamó.
Ola Majekodunmi 25.11.2022 23:47
Labhraíonn Ola Majekodunmi le Seán faoina scannán nua ‘My Voice, Do Ghuth’, a cónaitheacht le Axis Bhaile Munna, saothar raidió, tograí móra le leithéidí Dublin International Film Festival agus faoi bheith ar pháipéar de chuid na teastas sóisearaigh, i measc go leor eile.
Hector Ó hEochagáin 18.11.2022 26:45
Labhraíonn Hector Ó hEochagáin le Seán faoin tsraith nua 'Hector: Balkans to Baltics', a shaothar theilifíse agus an podchraoladh 'Tommy, Hector and Laurita'.
Sláine Ní Chathalláin 18.11.2022 21:39
Labhraíonn Sláine Ní Chathalláin le Seán faoi Chorn na mBan a bhaint ag Oireachtas na Samhna, saothar raidió agus a cuid iriseoireachta le Nós.
Pádraig Ó Sé 18.11.2022 23:04
Labhraíonn Pádraig Ó Sé le Seán faoina shaothar raidió agus faoi albam nua Pólca 4.
Domhnall Ó Braonáin 18.11.2022 21:15
Labhraíonn Domhnall Ó Braonáin le Seán faoi Chorn na bhFear a bhaint ag Oireachtas na Samhna, faoina chuid iriseoireachta le Nós, aisteoireacht agus go leor eile.
Lillis Ó Laoire 18.11.2022 52:59
Labhraíonn Lillis Ó Laoire le Seán faoin leabhar nua 'Dhá Leagan Déag' - cnuasach d'aistí faoin amhránaíocht ar an sean nós atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.
Eoin McEvoy 17.11.2022 16:57
Labhraíonn Eoin McEvoy le Seán faoi 'Grindr, Saghdar agus Cher', dráma nua a scríobh sé le Ciara Ní É agus Sam Ó Fearrigh, agus atá a chur ar an stáitse mar chuid d'Fhéile IMRAM.
Bríd Ní Mhaoilchiaráin 11.11.2022 16:20
Labhraíonn Bríd Ní Mhaoilchiaráin le Seán faoi Chorn Uí Riada a bhuachaint don tríú huair ag Oireachtas na Samhna na bliana seo, tugann sí súil siar ar bhuanna móra i 2002 agus 2015, agus insíonn sí dúinn faoina chúlra san amhránaíocht agus an méid atá bainte amach aici go dtí seo.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.